Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Fiafraí de shaineolaí

Cuirimid comhairle shaincheaptha agus neamhspleách ar fáil d’eagraithe (ionchasacha) na dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais laistigh d’ocht lá oibre ar a mhéad, comhairle dlí, mar shampla, nó comhairle maidir le feachtasaíocht, tiomsú airgid nó aon ábhar ábhartha eile.

Introduction to the Seek Advice service of the Forum

D’fhéadfadh measúnú ar an méid a leanas a bheith san áireamh le comhairle dlí:

  • cibé an bhfuil reachtaíocht ann cheana ón Aontas maidir le hábhar an dréacht-tionscnaimh;
  • cibé an féidir leis an dréacht-tionscnamh na critéir chlárúcháin a chomhlíonadh, lena n-áirítear cibé an léir nach dtagann sé go follasach faoi chuimsiú chumhachtaí an Choimisiúin agus, mura bhfuil, cad í an fhoráil nó cad iad na forálacha sa Chonradh lena dtugtar an chumhacht sin don Choimisiún;
  • cibé ar iarr eagraithe eile go ndéanfaí tionscnaimh chomhionanna nó tionscnaimh atá beagnach comhionann a chlárú roimhe seo agus cibé an raibh rath orthu.

Is féidir measúnú a dhéanamh ar an méid a leanas de bhun na comhairle ar fheachtasaíocht nó ar thiomsú airgid:

  • na líonraí atá i bhfeidhm agat;
  • an bonn saorálaithe atá agat;
  • acmhainní daonna agus airgeadais;
  • straitéisí cumarsáide;
  • rochtain ar chistí, srl.

Tabhair do d'aire nach ndéanaimid tionscnaimh a dhréachtú d’eagraithe ná tacaíocht a thabhairt dóibh a gcuid feachtas a chur i gcrích ná cistí a thiomsú.

Mura bhfuil uait ach eolas faoi phróiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh i gcoitinne, iarraimid ort féachaint ar an rannán ‘An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh – Buneolas den suíomh gréasáin seo agus/nó ar shuíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Comhairle a lorg

Má tá comhairle uait, cuir do chuid ceisteanna chugainn tríd an bhfoirm thíos. Iarrfar ort ceistneoir gearr a líonadh. Go raibh maith agat.

Chun comhairle a lorg uainn, ní mór duit tú féin a fhíordheimhniúa chlárú.