Forléargas
I do cháil mar eagraí tionscnaimh, is é an chéad chéim a bheidh le déanamh agat an tionscnamh atá beartaithe agat a bheith cláraithe ag an gCoimisiún.
Ní féidir tionscnamh a chlárú ach amháin má shásaíonn sé na ceithre choinníoll seo a leanas:
- An grúpa eagraithe a bheith curtha le chéile, agus ionadaí amháin agus ionadaí malartach amháin san áireamh;
- Gur follasach nach bhfuil an tionscnamh beartaithe lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra le haghaidh gníomh reachtach de chuid an Aontais a thíolacadh d’fhonn na Conarthaí a chur chun feidhme;
- Nach bhfuil an tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh, go follasach, míchuí, suaibhreosach ná cráiteach;
- Nach bhfuil an tionscnamh atá beartaithe ag teacht salach, go follasach, ar luachanna an Aontais Eorpaigh atá leagtha amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, mar atá meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, chomh maith leis an iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Aaron Green, dlíodóir a oibríonn don tseirbhís ‘Comhairle a Lorg’ ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, Emma Psaila, oifigeach beartais ag Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh, agus Stephanie Poppe, eagraí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh dar teideal ‘Fáilte dhíniteach roimh imircigh chun na hEorpa’, agus iad ag míniú an dóigh le tionscnamh a dhréachtú agus a chur isteach.
Treoraíocht
Léigh tuilleadh faoi conas tionscnamh a dhréachtú agus a chur isteach inár dtreoirnóta thíos:
An bhfuil ceist agat maidir le conas tionscnamh a dhréachtú agus a chur isteach lena chlárú? Seol do cheist chuig ár saineolaithe!
Foghlaim ó TESanna ar éirigh leo
Foghlaim ó eagraithe ar éirigh leo 1 mhilliún síniú a bhailiú. Léigh na Scéalta Ratha.
Seimineáir ghréasáin ghaolmhara
Tá tuilleadh eolais le fáil ó eagraithe eile agus ó shaineolaithe maidir le conas tionscnamh a dhréachtú agus a chur isteach ach féachaint ar na seimineáir ghréasáin thíos.
- Dúnta
- Na catagóirí