Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An scéala is déanaí

Logo of Stop Finning EU
  • 17/12/2024
Follow-up to the successful ECI “Stop Finning – Stop the Trade”
Níl an nuacht le fáil i nGaeilge ach féadfar é a aistriú go huathoibríoch ar an leathanach "An nuacht is déanaí".

The European Commission is actively following up to the European Citizens’ Initiative (ECI) 'Stop finning – Stop the trade,' which asked the Commission for action to end international trade of loose shark fins. 

From January 2025, the Commission will step up monitoring of shark product trade thanks to 13 new tariff codes for sharks and their fins. These codes will enable the tracking of the most traded shark species.

The Commission has also completed the consultation stage of its impact assessment on a trade ban on detached fins and a range of alternative policy measures, conducted in response to the ECI. Find out more on the EU sharks’ protection and management page.

IT developments
  • 05/12/2024
Úsáid eID curtha i bhfeidhm ag Ballstát eile den Aontas chun TESanna a shíniú: an Danmhairg

Is féidir le saoránaigh na Danmhairge a eID (‘MitlD’) a úsáid anois chun tacú le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh ar líne. Is í an Danmhairg an 19ú tír den Aontas a bhfuil úsáid chóras náisiúnta eID á chur i bhfeidhm aici chun tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh a shíniú. Féach leat an stádas le haghaidh gach tír den Aontas. 

Logo of Fur Free Europe
  • 26/11/2024
Obair leantach ar an Tionscnamh Eorpach rathúil ó na Saoránaigh ‘Eoraip Saor ó Fhionnadh’

Ó thug an Coimisiún freagra ar an tionscnamh ‘Eoraip Saor ó Fhionnadh’ i mí na Nollag 2023, tá sé ag obair ar roinnt gníomhaíochtaí tionlacain. Tugadh cuairteanna ar fheirmeacha fionnaidh san Fhionlainn agus le déanaí sa Pholainn agus sa Spáinn chun iniúchadh a dhéanamh ar na rialuithe ‘Aon Sláinte Amháin’ atá i bhfeidhm. Cuireadh Suirbhé ar ainmhithe fionnaidh faoi bhráid údaráis na mBallstát, le cuidiú chun eolas fíorasach agus sonraí a bhailiú a chuirfidh le measúnú an Choimisiúin ar ghníomhaíochtaí a luaitear sa Teachtaireacht. Tá athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle á ullmhú ag an gCoimisiún freisin, ceardlann do pháirtithe leasmhara a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair san áireamh.  

 

Save Cruelty Free Cosmetics logo
  • 20/09/2024
Obair leantach ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis dar teideal ‘Sábháiltear cosmaidí neamhchruálacha – Tugtar gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ó thástáil ar ainmhithe’

An 17 Meán Fómhair, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach glao ar fhianaise maidir le tástáil ar ainmhithe i measúnuithe ar shábháilteacht cheimiceach agus treochlár ón gCoimisiún chun deireadh a chur léi de réir a chéile.

Forbairt an treochláir sin, tá sé ar cheann de na gealltanais a thug an Coimisiún Eorpach mar fhreagairt ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Sábháil Cosmaidí Neamhchruálacha – Tabhair Gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ó Thástáil ar Ainmhithe’. Ba cheart garspriocanna agus gníomhaíochtaí sonracha a áireamh sa treochlár chun tástáil ar ainmhithe a laghdú tuilleadh agus, ar deireadh, aistriú chuig córas rialála saor ó ainmhithe faoi phíosaí ábhartha reachtaíochta maidir le ceimiceáin.

Is é is aidhm don ghlao ar fhianaise féachaint le saineolas a fháil maidir le tástáil neamhainmhithe i measúnuithe ar shábháilteacht cheimiceach agus go háirithe aighneachtaí lena ndéantar staid reatha an eolais i réimsí ábhartha a shintéisiú. Ina theannta sin, leantar den fhor-rochtain le páirtithe leasmhara trí shraith ceardlann (i mí na Nollag 2023, i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus i mí na Bealtaine 2025).

New initiative registered
  • 11/09/2024
Dhá thionscnamh Eorpacha nua ó na saoránaigh cláraithe ag an gCoimisiún

An 11 Meán Fómhair chinn an Coimisiún Eorpach dhá thionscnamh Eorpacha ó na saoránaigh a chlárú.

Áirítear an méid seo a leanas i measc aidhmeanna an tionscnaimh dar teideal ‘TES le haghaidh Eoraip atá cliste agus athléimneach ó thaobh uisce de: plean gníomhaíochta le haghaidh uisce; athléimneacht uisce a ardú chuig an leibhéal tosaíochta céanna leis an dícharbónú; aistriú i dtreo tionscal agus talmhaíocht atá tíosach ar uisce; na scileanna cearta a chinntiú do gheilleagar atá cliste ó thaobh uisce de agus an ceart chun uisce glan agus sábháilte agus chun sláintíochta a chinntiú.

Iarrann eagraithe an tionscnaimh dar teideal ‘PsychedeliCare’ ar an gCoimisiún tacú le comhdhearcadh saineolaithe maidir le caighdeáin chúraim shícideileacha agus leathadh amach teiripí sícideileacha. Tathantaíonn an tionscnamh ar an gCoimisiún freisin borradh a chur faoin taighde ar fheidhmeanna teiripeacha drugaí sícideileacha agus ar fhorbairt líonraí taighde.

Is iad na tionscnaimh sin an deichiú agus an t-aonú tionscnamh déag a cláraíodh in 2024. Tá sé mhí ag na heagraithe anois chun bailiúchán na sínithe a oscailt. 

New initiative registered
  • 24/07/2024
Dhá thionscnamh Eorpacha nua ó na saoránaigh cláraithe ag an gCoimisiún

An 24 Iúil chinn an Coimisiún Eorpach dhá thionscnamh Eorpacha ó na saoránaigh a chlárú.

Iarrtar leis an tionscnaimh ‘Stop Cruelty Stop Slaughter’ [Cuirtear deireadh le drochíde, Cuirtear deireadh le marú] dreasachtaí a thabhairt isteach chun próitéiní plandaí a tháirgeadh, bainne plandabhunaithe agus ionadaigh uibheacha, chomh maith le feoil shaothraithe ina measc. Iarrann na heagraithe freisin go laghdófaí líon na n-ainmhithe feirme agus go ndúnfaí gach feirm ainmhithe de réir a chéile.

Leis an tionscnamh ‘Stop Fake Food: Origin on Label’ [Cuirtear deireadh le bia bréige: Cuirtear an tionscnamh ar an lipéad] iarrtar bearta lena gcinnteofar go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí Eorpacha ar eolas trédhearcach faoin mbia a cheannaíonn siad, chomh maith le lipéadú soiléir agus sainráite maidir le tionscnamh gach táirge agus go gcloífear le caighdeáin chomhshaoil, sláinte agus saothair sa mhargadh inmheánach.

Is iad na tionscnaimh sin an t-ochtú agus an naoú tionscnamh a cláraíodh in 2024. Tá sé mhí ag na heagraithe anois chun bailiúchán na sínithe a oscailt. 

IT developments
  • 16/07/2024
Líon íosta nua sínithe bailí in aghaidh an Bhallstáit le haghaidh TESanna a clárófar ón 16 Iúil 2024 nó ina dhiaidh sin

Le tús théarma parlaiminteach Eorpach 2024-2029 an 16 Iúil 2024, tháinig Iarscríbhinn I athbhreithnithe a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh i bhfeidhm. Leagtar amach ann líon íosta nua sínitheoirí in aghaidh an Bhallstáit (‘tairsí’). Tá na tairseacha sin nasctha le líon na bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna). Toisc gur tháinig méadú ar líon na bhFeisirí ó 705 go 720 sa téarma nua, tháinig méadú ar na tairseacha freisin. Chun go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach scrúdú ar TES, ní mór dó milliún síniú bailí ar a laghad a bhailiú agus an líon íosta sínithe bailí sin a fháil i seacht mBallstát ar a laghad. 

feidhm ag na líon íosta nua sin maidir le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh a chláróidh an Coimisiún an 16 Iúil 2024 nó ina dhiaidh sin. Níl feidhm ag an líon íosta nua maidir le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh a cláraíodh roimh an 16 Iúil 2024. Tá feidhm fós ag na tairseacha a bhí ann roimhe i dtaca leis na tionscnaimh sin.

New initiative registered
  • 19/06/2024
Dhá thionscnamh Eorpacha nua ó na saoránaigh cláraithe ag an gCoimisiún

An 19 Meitheamh chinn an Coimisiún Eorpach dhá thionscnamh Eorpacha ó na saoránaigh a chlárú.

Leis an tionscnamh Air-Quotas, iarrtar go mbunófaí sásra cuóta carbóin na saoránach i ngach tír, rud a spreagfadh gnólachtaí chun dícharbónú a dhéanamh trí éileamh na dtomhaltóirí. Measann na heagraithe gur cheart gach ceannachán earraí agus seirbhísí a chumhdach leis an sásra nua sin, ag tosú le hearnáil an aeriompair. 

Iarrtar leis an tionscnamh Stop Destroying Videogames’ [Cuirtear deireadh le físchluichí a scriosadh] go dtabharfaí isteach ceanglas d’fhoilsitheoirí físchluichí san Aontas na cluichí sin a fhágáil i staid fheidhmiúil (so-imeartha), ionas go gcuirfear cosc ar fhíschluichí a dhíchumasú go cianda.

Is iad na tionscnaimh sin an séú agus an seachtú tionscnamh a cláraíodh in 2024. Tá sé mhí ag na heagraithe anois chun bailiúchán na sínithe a oscailt. 

New initiative registered
  • 13/05/2024
Tionscnamh nua cláraithe: ‘An Pláinéad a shábháil trí chánachas a aistriú ó shaothar go hastaíochtaí gás ceaptha teasa’

An 13 Bealtaine chláraigh an Coimisiún Eorpach tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (TES) dar teideal ‘An Pláinéad a shábháil trí chánachas a aistriú ó shaothar go hastaíochtaí gás ceaptha teasa’. Leis an tionscnamh sin, iarrtar ar an gCoimisiún an Pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus córas praghsála carbóin an Aontais a neartú agus cuid shuntasach d’ioncam praghsála carbóin a athdháileadh ar theaghlaigh ar ioncam íseal, Ciste Aeráide Sóisialta an Aontais a neartú agus bunú ‘Club Aeráide’ a chur chun cinn do thíortha ar mian leo praghsáil carbóin níos láidre a ghlacadh.

Is é seo an cúigiú tionscnamh a cláraíodh in 2024. Tá sé mhí ag na heagraithe chun bailiúchán na sínithe a oscailt. 

New initiative registered
  • 10/04/2024
Cláraíodh tionscnamh nua lena n-iarrtar tacaíocht airgeadais ar an Aontas Eorpach maidir le ginmhilleadh sábháilte inrochtana

An 10 Aibreán chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana’. Iarrtar leis an tionscnamh ar an gCoimisiún togra a chur faoi bhráid na mBallstát le haghaidh tacaíocht airgeadais chun foirceannadh sábháilte toircheas a chur ar fáil d’aon duine san Eoraip nach bhfuil rochtain aici ar ghinmhilleadh sábháilte dleathach.

Is é seo an ceathrú tionscnamh a cláraíodh in 2024. Tá sé mhí ag na heagraithe chun bailiúchán na sínithe a oscailt. 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?