Chuir an Painéal Saoránach Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a mholtaí faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh
Ag deireadh sheisiún deiridh an Phainéil, chuir na saoránaigh a moltaí faoi bhráid Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um an gComhaontú Glas don Eoraip.
Le linn trí dheireadh seachtaine, tháinig 150 saoránach a roghnaíodh go randamach ó na 27 mBallstát uile le chéile chun plé a dhéanamh ar na dúshláin agus na buntáistí is ábhartha dóibh a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh.
I dteannta a chéile, tá liosta moltaí nithiúla curtha ar aghaidh acu a chuideoidh le dlíthe an Aontais amach anseo a mhúnlú agus a chuirfidh le tionscnaimh de chuid an Choimisiúin atá le teacht. Orthu sin tá an togra atá beartaithe ag an gCoimisiún le haghaidh Moladh maidir le ‘Céadphrionsabal na hÉifeachtúlachta Fuinnimh’.
Cén chaoi ar féidir leis an Aontas Eorpach tairbhe na héifeachtúlachta fuinnimh a chur ar fáil do shaoránaigh, d’údaráis phoiblí agus d’fhiontair?
Thug an Painéal Saoránach Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh 150 saoránach Eorpach le chéile chun plé a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáidtear fuinneamh san Aontas agus ar an gcaoi a bhféadfadh athrú teacht ar an gan córas fuinnimh amach anseo. Ba thráthúil an méid sin i bhfianaise na géarchéime fuinnimh le déanaí a dheimhnigh an gá atá le córas fuinnimh de chuid an Aontais atá níos glaine agus níos sláine.
Dhírigh na rannpháirtithe ar ghnéithe éagsúla den éifeachtúlacht fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith romhainn sa bhaile, inár bpobail nó san ionad oibre. I measc na n-ábhar a bhí á bplé bhí ceisteanna ann a bhain leis an gcaoi a dtéitear ár bhfoirgnimh, na cineálacha fearas tí a cheannaímid, agus an cineál iompair a úsáidimid.
Torthaí an Phainéil agus obair leantach
Bunaithe ar an obair a rinne an Coimisiún Eorpach roimhe seo agus atá ar siúl faoi láthair, chuir an Painéal liosta moltaí le chéile chun cur le tionscnaimh de chuid an Aontais atá ar na bacáin, cuir i gcás an prionsabal ‘Tús áite don Éifeachtúlacht Fuinnimh’ chun an méid seo a leanas a chinntiú:
- Ní dhéanaimid ach an fuinneamh atá ag teastáil i ndáiríre a tháirgeadh
- Déanaimid infheistíocht i dtionscadail inmharthana
- Bainimid úsáid as níos lú fuinnimh agus déanaimid é a bhainistiú ar bhealach costéifeachtach
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach a chéad togra le haghaidh Moladh maidir leis an bprionsabal ‘Tús áite don Éifeachtúlacht Fuinnimh’ a fhoilsiú níos déanaí in 2024.
Chun trédhearcacht agus cuntasacht a chinntiú, tionólfar Imeacht Aiseolais tráth níos déanaí. Ag an imeacht sin, tabharfaidh lucht déanta beartas an Choimisiúin tuairisc maidir leis an gcaoi ar cuireadh moltaí na saoránach san áireamh.
Amlíne
Bhí an Painéal Saoránach Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh ar siúl thar thrí dheireadh seachtaine idir Feabhra agus Aibreán 2024
- 23-25 FeabhraSeisiún 1 – an Bhruiséil
- Na chéad smaointe is mó a bhfuil, dar leis na rannpháirtithe, gealladh fúthu don chleachtadh seo a mhalartú
- Réamhrá maidir le ‘héifeachtúlacht fuinnimh’: an méid atá i gceist leis agus an méid atá ar siúl cheana féin chun feabhas a chur uirthi, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon.
- Tionchar agus éifeacht na héifeachtúlachta fuinnimh ar ár saol laethúil a aithint, agus bealaí chun tairbhe iomlán a bhaint aisti.
Taifeadtaí 23 Feabhra 2024 | 25 Feabhra 2024
- 15-17 MártaSeisiún 2 – ar líne
- Athbhreithniú ar Sheisiún 1 agus forbairt smaointe de réir téama agus ábhair.
- An chéad chéim maidir le moltaí a fhorbairt.
Taifeadtaí 15 Márta 2024 | 17 Márta 2024
- 12-14 AibreánSeisiún clabhsúir – an Bhruiséil
- Teacht ar chonclúidí na ndíospóireachtaí agus na moltaí don Choimisiún Eorpach.
- Míniú ar na chéad chéimeanna eile - an tionchar ar cheapadh beartas agus tráth aiseolais.
Taifeadtaí 12 Aibreán 2024 | 14 Aibreán 2024