Ghlac an Coimisiún Eorpach straitéis nua um Acmhainní Daonna. Cuireann sé fís i láthair le haghaidh eagraíocht nua-aimseartha sholúbtha atá bunaithe ar luachanna agus a chinntíonn go dtugann an fhoireann torthaí iontacha do dhaoine ar fud an Aontais. Tugtar aghaidh sa straitéis ar an ngá atá ag an gCoimisiún le feidhmiú ar an leibhéal is airde ar mhaithe le muintir na hEorpa ar fad, agus ar an ngá atá le hionad oibre nua-aimseartha agus gairmréimeanna sásúla a chur ar fáil a mheallfaidh lucht na sárbhuanna ó na Ballstáit go léir. Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh Gníomhaíochtaí Ionad oibre tarraingteach Cuirfidh an Coimisiún borradh faoi na hiarrachtaí atá á ndéanamh faoi láthair chun timpeallacht oibre a chruthú a bheidh cuimsitheach, inbhuanaithe agus solúbtha agus lena mbainfidh peirspictíochtaí forbartha gairmiúla agus dálaí oibre a thacaíonn le teaghlaigh. Bearta sonracha san áireamh chun an Comhaontú Glas don Eoraip a urramú agus chun rannchuidiú leis. Roghnú agus earcú níos tapúla agus níos sofhreagrúla Tabharfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne, próisis roghnúcháin agus earcaíochta isteach atá nua-aimseartha, níos tapúla agus níos solúbtha. Is é is aidhm leis sin na daoine is tréithí agus is oiriúnaí a roghnú, cothrom na Féinne a chinntiú d’iarratasóirí ó chúlraí éagsúla, agus tallann inmheánach a choinneáil. Gairmréim sholúbtha fhiúntach do gach ball foirne Neartóidh an Coimisiún peirspictíochtaí gairme na foirne tríd an tsoghluaisteacht inmheánach agus sheachtrach a chur chun cinn. Déanfar gairmthreoir, cóitseáil agus spriocearcú inmheánach a neartú. Feabhsófar an tairiscint oiliúna trí phacáistí foghlama a fhorbairt do ghairmeacha éagsúla. Seirbhísí acmhainní daonna cuíchóirithe Tacóidh gníomhaíocht thrasearnálach leis na trí cinn eile, trí nósanna imeachta a shimpliú agus a bhrostú i gcás inar féidir. Déanfar seirbhísí a dhearadh i bhfianaise an úsáideora deiridh agus beidh siad cliste agus soláimhsithe. Beifear in ann é sin a dhéanamh le huirlisí éifeachtacha TF acmhainní daonna, a shásóidh ionchais na mball foirne agus riachtanais ghnó. Na príomhscéalta An Coimisiún a ghlasúAg obair sa ChoimisiúnÉagsúlacht agus cuimsiú Doiciméid 5 AIBREÁN 2022Communication to the Commission - A new Human Resources Strategy for the CommissionTeangacha eile (2)Deutsch(1.08 MB - PDF)Íoslódáilfrançais(1.17 MB - PDF)Íoslódáil 5 AIBREÁN 2022Annex to the Communication to the Commission - A new Human Resources Strategy for the CommissionTeangacha eile (2)Deutsch(562.35 KB - PDF)Íoslódáilfrançais(544.21 KB - PDF)Íoslódáil 5 AIBREÁN 2022Communication to the Commission - Greening the CommissionTeangacha eile (2)Deutsch(1.25 MB - PDF)Íoslódáilfrançais(781.6 KB - PDF)Íoslódáil 5 AIBREÁN 2022Annexes to the Communication to the Commission - Greening the CommissionTeangacha eile (2)Deutsch(1.12 MB - PDF)Íoslódáilfrançais(972.85 KB - PDF)Íoslódáil 5 AIBREÁN 2022Factsheet: A new human resources strategy for the Commission 5 AIBREÁN 2022Factsheet: Greening the Commission
Ghlac an Coimisiún Eorpach straitéis nua um Acmhainní Daonna. Cuireann sé fís i láthair le haghaidh eagraíocht nua-aimseartha sholúbtha atá bunaithe ar luachanna agus a chinntíonn go dtugann an fhoireann torthaí iontacha do dhaoine ar fud an Aontais. Tugtar aghaidh sa straitéis ar an ngá atá ag an gCoimisiún le feidhmiú ar an leibhéal is airde ar mhaithe le muintir na hEorpa ar fad, agus ar an ngá atá le hionad oibre nua-aimseartha agus gairmréimeanna sásúla a chur ar fáil a mheallfaidh lucht na sárbhuanna ó na Ballstáit go léir.