Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh Cén chúirt?I gcás a bhfuil níos mó ná Ballstát amháin ag baint leis, ní mór do dhaoine fios a bheith acu cé acu cúirt ar cheart di éisteacht lena gcás, agus conas is féidir breithiúnas a aithint agus a fhorghníomhú i dtír eile den Aontas.I Rialachán An Bhruiséil I, is é an riail atá ann gur cheart do chúirteanna thír chónaithe an chosantóra an cás a éisteacht. Tá feidhm ag eisceachtaí i roinnt cásanna sonracha, amhailsárú conartha: cúirteanna na háite inar chóir an oibleagáid atá i gceist a chomhlíonadh, ba cheart dóibh an cás a éisteachtábhair neamhchonarthacha: cúirteanna na háite inar tharla an teagmhas díobhálach, is iad atá inniúil. Mar shampla, dá ngortófaí duine mar thoradh ar fhaillí duine éigin, dhéanfaí an cás a éisteacht sa tír den Aontas inar tharla an timpiste.Tá feidhm ag an Rialachán maidir le gach cás sibhialta agus tráchtála, bíodh an t-éileamh á chonspóid nó ná bíodh, agus gan beann ar luach an éilimh. 8 MÁRTA 2018Regulation on jurisdiction and the recognition and enforcement of judgments in civil and commercial matters Breithiúnas a aithint agus a fhorfheidhmiú i dtír eile den Aontas EorpachChun breithiúnas a fhorfheidhmiú i mBallstát eile, is féidir leis an iarratasóir dul díreach chuig na húdaráis forfheidhmithe i dtíortha eile den Aontas. Mar shampla, is í an tír ina bhfuil sócmhainní ag féichiúnaí a bheadh i gceist.An féichiúnaí a bhfuil an forghníomhú ina choinne á lorg agat, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh ar an gcúirt go ndiúltófaí an forghníomhú.Naisc ghaolmharaan tAontas EorpachAn Líonra Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus thráchtálaAn tAtlas Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialtaAn Eoraip AgatsaLíonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí (ECC)Bunachar sonraí maidir le dlínse, aitheantas agus forghníomhú (JURE)SOLVITAn Tairseach don ríomh-CheartasInstitiúidí eileComhairle na hEorpaBunachar sonraí ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais EorpaighEagraíochtaí idirnáisiúntaComhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach Ard-StiúrthóireachtaíJustice and Consumers