Leis an nGníomh Eorpach um Shliseanna, cuirfear le hiomaíochas agus athléimneacht na hEorpa i dteicneolaíochtaí leathsheoltóirí agus sna feidhmeanna a bhaineann leo, agus cabhrófar chun an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas araon a bhaint amach. Déanfar sin trí cheannaireacht theicneolaíoch na hEorpa a neartú sa réimse. Tar éis don Pharlaimint agus don Chomhairle é a fhormheas, tháinig an rialachán i bhfeidhm an 21 Meán Fómhair 2023. Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh An gá le gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh Sócmhainní straitéiseacha le haghaidh slabhraí luacha tionsclaíocha ríthábhachtacha is ea na sliseanna. Leis an gclaochlú digiteach, tá margaí nua ag teacht chun cinn do thionscal na sliseanna, cuir i gcás gluaisteáin ard-uathoibrithe, an néal, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, an nascacht, an spás, an chosaint agus sár-ríomhairí. 1 trilliúnLíon na micrishliseanna a monaraíodh ar fud an domhain in 202010%Sciar an Aontais de mhargadh domhanda na micrishliseanna Mar gheall ar an nganntanas leathsheoltóirí a bhí ann ar fud an domhain le déanaí, b’éigean do mhonarchana i réimse earnálacha dúnadh, earnáil na gcarranna agus earnáil na ngléasanna cúraim sláinte ina measc. Is léir ón méid sin go bhfuil slabhra luacha na leathsheoltóirí ar fud na cruinne ag brath go mór ar líon an-teoranta gníomhaithe i gcomhthéacs casta geopholaitiúil. Torthaí an tSuirbhé maidir le Sliseanna a sheol an Coimisiún Eorpach, chuir siad i dtábhacht go bhfuil an tionscal ag súil go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar an éileamh ar shliseanna faoi 2030. Is léiriú é sin ar thábhacht mhéadaitheach leathsheoltóirí do thionscal agus do shochaí na hEorpa. Beidh dúshláin ann chun freastal ar an éileamh méadaitheach sin, go háirithe i bhfianaise na géarchéime soláthair leathsheoltóra atá ann faoi láthair. Ina haitheasc ar Staid an Aontais in 2021, leag Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, an fhís amach do straitéis na hEorpa maidir le sliseanna chun éiceachóras sliseanna Eorpach úrscothach a chruthú le chéile. Áireofar leis sin táirgeadh, chomh maith leis na hacmhainní taighde, deartha agus tástála den chéad scoth atá ag an Aontas Eorpach a nascadh le chéile. Agus ina haitheasc ar Staid an Aontais in 2022, chuir an tUachtarán von der Leyen i dtábhacht go gcuirfear tús le tógáil na chéad ghigea-mhonarchan le haghaidh sliseanna san Eoraip sna míonna amach romhainn. Ceannaireacht theicneolaíoch na hEorpa a neartú Leis an nGníomh Eorpach um Shliseanna, tabharfaidh an tAontas aghaidh ar an nganntanas leathsheoltóirí agus neartóidh sé ceannaireacht theicneolaíoch na hEorpa. Cuirfidh sé breis agus €43 bhilliún d’infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha ar fáil agus leagfar síos bearta leis chun ullmhú d’aon suaitheadh a bheidh sa slabhra soláthair amach anseo, an suaitheadh sin a thuar agus freagairt air go gasta, agus an méid sin a dhéanamh in éineacht leis na Ballstáit agus lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta. Bainfear é sin amach bunaithe ar thrí cholún gníomhaíochta: Tacóidh an Tionscnamh 'Sliseanna don Eoraip’ le fothú acmhainneachta agus le nuálaíocht ar mhórscála i réimse na teicneolaíochta Le creat chun infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i saoráidí monaraíochta a spreagadh, cinnteofar slándáil an tsoláthair agus athléimneacht earnáil leathsheoltóirí an Aontais Beidh sásra comhordúcháin, a chuirfear ar fáil tríd an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, ina phríomhardán don chomhordú idir an Coimisiún, na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara Is iad na nithe seo a leanas is aidhm don tionscnamh: Taighde agus ceannaireacht teicneolaíochta na hEorpa a neartú i dtreo sliseanna níos lú agus níos tapúlaCreat a chur i bhfeidhm chun an acmhainneacht táirgeachta a mhéadú go 20% den mhargadh domhanda faoi 2030Cumas nuálaíochta i ndearadh, monarú agus pacáistiú na n-ardsliseanna a fhorbairt agus a threisiúTuiscint dhomhain a fhorbairt ar shlabhraí soláthair domhanda leathsheoltóiríAghaidh a thabhairt ar an nganntanas scileanna, daoine cumasacha nua a mhealladh agus tacú le teacht chun cinn lucht saothair oilte Infheistíochtaí chun tacú leis an nGníomh um Shliseanna Ba cheart go mbeadh breis is €15 bhilliún d’infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha mar thoradh ar an nGníomh um Shliseanna ann féin. Comhlánóidh na hinfheistíochtaí sin: cláir agus gníomhaíochtaí atá ann cheana maidir le taighde agus nuálaíocht i leathsheoltóirí amhail Fís Eorpach agus an Clár don Eoraip Dhigiteach an tacaíocht a d’fhógair na Ballstáit San iomlán, le breis agus €43 bhilliún d’infheistíocht atá dírithe ar bheartas, tacófar leis an Ionstraim um Shliseanna go dtí 2030, agus tiocfaidh méid atá cothrom leis sin, a bheag nó a mhór, ó infheistíocht phríobháideach fhadtéarmach. Is é a leanas a mholtar san Ionstraim um Shliseanna: Infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí den chéad ghlúin eile Rochtain a sholáthar ar fud na hEorpa ar uirlisí deartha agus línte píolótacha chun sliseanna ceannródaíocha a fhréamhshamhaltú, a thástáil agus a thriail Próisis deimhniúcháin le haghaidh sliseanna atá fuinneamhéifeachtúil iontaofa chun cáilíocht agus slándáil a chinntiú le haghaidh feidhmeanna criticiúla Creat níos fabhraí d’infheisteoirí chun saoráidí monaraíochta a bhunú san Eoraip Tacaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghnólachtaí atá i mbun fáis agus do FBManna chun rochtain a fháil ar mhaoiniú cothromais Scileanna, tallann agus an nuálaíocht sa mhicrileictreonaic a chothú Uirlisí chun ganntanas agus géarchéimeanna leathsheoltóirí a thuar agus chun freagairt orthu chun cinnteacht an tsoláthair a chinntiú Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta leathsheoltóirí a thógáil le tíortha atá ar aon intinn Físeán gearr ina gcuirtear i láthair an Gníomh Eorpach um Shliseanna Naisc ghaolmhara Téacs an rialacháinCeisteanna agus freagraí maidir leis an nGníomh Eorpach um ShliseannaBreis eolais faoin nGníomh Eorpach um Shliseanna