Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An Straitéis Eorpach maidir le Sonraí

Eiseamláir a dhéanamh den Aontas sa tsochaí a chumhachtófar le sonraí

alt=""

Is é is aidhm don straitéis Eorpach maidir le sonraí go mbeidh an tAontas ina cheannaire i sochaí atá bunaithe ar shonraí. Trí mhargadh aonair le haghaidh sonraí a chruthú is féidir le sonraí sreabhadh gan bhac laistigh den Aontas agus ó earnáil go chéile ar mhaithe le gnólachtaí, taighdeoirí agus lucht riaracháin phoiblí.

Rialachas sonraí

Margadh aonair le haghaidh sonraí

Tá margadh aonair le haghaidh sonraí á chruthú ag an Aontas

  • ina mbeidh sreabhadh sonraí laistigh den Aontas Eorpach agus ó earnáil go chéile ar mhaithe le cách
  • ina n-urramófar go hiomlán na rialacha Eorpacha, go háirithe maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí, agus dlí na hiomaíochta chomh maith
  • ina mbeidh na rialacha maidir le rochtain agus úsáid sonraí cothrom, praiticiúil agus soiléir

Beidh an tAontas Eorpach ina gheilleagar sonraí a bheidh tarraingteach slán dinimiciúil tríd an méid seo a leanas a dhéanamh

  • rialacha soiléire cothroma maidir le rochtain ar shonraí agus athúsáid sonraí a leagan síos
  • infheistíocht a dhéanamh in uirlisí agus in infreastruchtúir den chéad ghlúin eile chun sonraí a stóráil agus a phróiseáil
  • oibriú i gcomhar le chéile ar néalacmhainn na hEorpa
  • sonraí Eorpacha i bpríomhearnálacha a chomhthiomsú le spásanna coiteanna sonraí idir-inoibritheacha
  • cearta, uirlisí agus scileanna a thabhairt d’úsáideoirí ionas go mbeidh siad in ann smacht iomlán a choinneáil ar a sonraí féin

An Gníomh Eorpach um Shonraí

Leis an nGníomh Eorpach um Shonraí, a tháinig i bhfeidhm i mí Eanáir 2024, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún tuilleadh sonraí a chur ar fáil lena n-úsáid trí rialacha nua maidir le cé aige a mbeidh an cead sonraí a úsáid agus a rochtain, agus maidir leis na cuspóirí lena bhféadfar na sonraí sin a úsáid ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha uile san Aontas Eorpach. Meastar go gcruthóidh na rialacha nua €270 billiún de OTI breise do Bhallstáit an Aontais faoi 2028 trí aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna dlíthiúla, eacnamaíocha agus teicniúla arb iad is cúis le tearcúsáid sonraí.

Gineann tomhaltóirí agus gnólachtaí sonraí trí tháirgí agus seirbhísí a úsáid. Leis an nGníomh um Shonraí, bainfidh siad leas as an méid seo a leanas:

  • praghsanna níos ísle do sheirbhísí iarmhargaidh agus cúiteamh dá gcuid oibiachtaí nasctha
  • deiseanna nua chun seirbhísí a úsáid a bhraitheann ar rochtain ar na sonraí sin
  • rochtain níos fearr ar shonraí arna mbailiú nó arna dtáirgeadh ag gléas
  • coimircí nua i gcoinne aistrithe neamhdhleathacha sonraí
  • costais laghduithe nuair a aistreofar sonraí chuig soláthraí néalríomhaireachta eile
  • Farmer

    Agus níos mó eolais acu, beidh tomhaltóirí amhail feirmeoirí, aerlínte nó cuideachtaí tógála in ann cinntí níos fearr a dhéanamh, cuir i gcás táirgí agus seirbhísí ar chaighdeán níos airde nó níos inbhuanaithe a cheannach, rud a chuirfidh, mar shampla, le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais dá réir.

Samplaí d’úsáid sonraí tionsclaíocha agus tráchtála

  • Is féidir le scairdinnill ina bhfuil na mílte braiteoir sonraí a bhailiú agus iad a tharchur ar ais chun oibriú éifeachtúil na n-inneall a áirithiú.
  • Baineann feirmeacha gaoithe úsáid as sonraí tionsclaíocha chun an tionchar ar an tsúil a laghdú agus an chumhacht ghaoithe a bharrfheabhsú.
  • D’fhéadfaí suas le 730 milliún uair an chloig a shábháil le faisnéis tráchta fíor-ama lena bhféadfaí brú tráchta a sheachaint. Tá suas le €20 billiún i gceist leis sin i gcostais saothair.
  • D’fhéadfaí 27 milliún uair oibre a shábháil le fógraí fíor-ama maidir le traenacha a bhfuil moill orthu. Is ionann sin agus €740 milliún i gcostais saothair.
  • D’fhéadfaí suas le €5 bhilliún i gcostais cúraim sláinte ar fud an domhain a shábháil le leithdháileadh níos fearr ar acmhainní chun an mhaláire a chomhrac.

Na figiúirí atá tuartha le haghaidh 2025

  • factsheet1.png
    530%

    méadú ar mhéid na sonraí domhanda

    ó 33 zeitibheart in 2018 go 175 zeitibheart

  • factsheet2.png
    €829 mbilliún

    an luach atá ar an ngeilleagar sonraí in AE27

    ó €301 bhilliún (2.4% de OTI an Aontais) in 2018

  • factsheet3.png
    10.9 milliún

    gairmithe sonraí in AE27

    ó 5.7 milliún in 2018

  • Basic digital skills icon
    65 %

    An céatadán de dhaonra an Aontais a bhfuil bunscileanna digiteacha acu

    ó 57% in 2018

Doiciméid

 

  • 13 NOLLAIG 2023
Regulation on harmonised rules on fair access to and use of data (Data Act)

 

  • 23 FEABHRA 2022
Factsheet: Data Act

 

  • 23 FEABHRA 2022
Overview of the common European data spaces

 

  • 19 FEABHRA 2020
Communication: A European strategy for data

 

  • 19 FEABHRA 2020
Factsheet: the European data strategy

 

  • 7 IÚIL 2020
Data governance and data policies at the European Commission