Intleacht shaorga iontaofa D’fhéadfadh go leor buntáistí a bheith leis an intleacht shaorga iontaofa, amhail:cúram sláinte níos fearriompar níos sábháilte agus níos glainemonaraíocht níos éifeachtúlafuinneamh níos saoire agus níos inbhuanaitheLeis an gcur chuige atá ag an Aontas Eorpach i leith na hintleachta saorga, cuirfidh sé le muinín na saoránach na teicneolaíochtaí sin a ghlacadh chucu féin agus spreagfar gnólachtaí chun iad a fhorbairt freisin. Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh Buntáistí na hintleachta saorgaTá de phoitéinseal ag an Aontas Eorpach a bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh na hintleachta saorga sábháilte de. Is féidir leis an Aontas córas intleachta saorga a fhorbairt a rachaidh chun tairbhe do dhaoine, do ghnólachtaí agus do rialtais, ach creat rialála láidir a fhorbairt atá bunaithe ar chearta an duine agus ar luachanna bunúsacha. SaoránaighCúram sláinte níos fearr, iompar níos sábháilte agus níos glaine agus seirbhísí poiblí feabhsaitheGnólachtaíTáirgí agus seirbhísí nuálacha, mar shampla sna hearnálacha fuinnimh, slándála agus cúram sláinte; táirgiúlacht níos airde agus monaraíocht níos éifeachtaíRialtaisSeirbhísí níos saoire agus níos inbhuanaithe, mar shampla cúrsaí iompair, fuinnimh agus bainistithe dramhaíola An tAontas Eorpach agus an intleacht shaorga Is féidir leis an intleacht shaorga cuidiú chun réitigh a fháil ar roinnt mhaith d’fhadhbanna na sochaí. Is amhlaidh is féidir é sin a bhaint amach más teicneolaíocht ardcháilíochta í, agus má dhéantar í a fhorbairt agus a úsáid ar bhealaí a fhágfaidh go mbeidh iontaoibh ag daoine aisti. Dá bhrí sin, le creat straitéiseach atá bunaithe ar luachanna an Aontais beidh sé de mhuinín ag na saoránaigh glacadh le réitigh ina n-úsáidtear an intleacht shaorga, agus spreagfar gnólachtaí chun na réitigh sin a fhorbairt agus a chur chun úsáide.Is é sin an fáth a bhfuil tacar gníomhaíochtaí molta ag an gCoimisiún Eorpach chun dlús a chur leis an mbarr feabhais san intleacht shaorga, chomh maith le rialacha lena chinntiú go bhfuil an teicneolaíocht iontaofa. Mhol an Coimisiún an Gníomh um an Intleacht Shaorga i mí Aibreáin 2021 agus chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mí na Nollag 2023 é, agus leis an nGníomh sin tabharfar aghaidh ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha na saoránach, agus tacófar le forbairt na hintleachta saorga nuálaí freagraí san Aontas ag an am céanna. In éineacht leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, táthar ag cinntiú leis an nuashonrú a rinneadh ar an bPlean Comhordaithe um an Intleacht Shaorga sábháilteacht agus cearta bunúsacha daoine agus gnólachtaí, agus tá infheistíocht agus nuálaíocht ar fud na mBallstát á neartú ag an am céanna.Tá an Coimisiún tar éis pacáiste nuálaíochta um an intleacht shaorga a sheoladh freisin chun tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna Eorpacha maidir le hintleacht shaorga iontaofa a fhorbairt a chloíonn le luachanna agus rialacha an Aontais. Iontaoibh a chothú tríd an gcéad chreat dlíthiúil riamh maidir leis an Intleacht Shaorga Is é Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga an chéad chreat dlíthiúil cuimsitheach maidir leis an intleacht shaorga ar fud an domhain. Cinnteoidh sé go mbeidh na córais intleachta saorga a úsáidtear san Aontas sábháilte, trédhearcach, eiticiúil, neamhchlaonta agus faoi rialú an duine. Dá bhrí sin, déantar iad a rangú de réir riosca, mar seo a leanas: Riosca do-ghlacthaRud ar bith a mheastar a bhfuil bagairt shoiléir do shaoránaigh an Aontais ag baint leis, déanfar é a chosc: ó scóráil shóisialta a dhéanann rialtais go bréagáin a úsáideann cúnamh gutha agus a spreagann iompraíocht chontúirteach i measc páistí.Riosca ardBonneagair chriticiúla (e.g. iompar) a d’fhéadfadh beatha agus sláinte na saoránach a chur i mbaolOideachas nó gairmoiliúint a d’fhéadfadh rochtain ar oideachas agus treo gairme duine a chinneadh (e.g. scrúduithe a mharcáil)Comhábhar sábháilteachta táirgí (e.g. intleacht shaorga a chur i bhfeidhm in obráidí leighis róbatchuidithe)Fostaíocht, bainistiú fostaithe agus rochtain ar an bhféinfhostaíocht (e.g. bogearraí lena ndéantar CVanna a scagadh i gcás nósanna imeachta earcaíochta)Seirbhísí príobháideacha agus poiblí fíor-riachtanacha (e.g. scóráil creidmheasa lena ndícháilítear saoránaigh ó iasacht a fháil)Forfheidhmiú an dlí a d’fhéadfadh cur isteach ar chearta bunúsacha an duine (e.g. meastóireacht ar iontaofacht fianaise)Bainistiú imirce, tearmainn agus rialaithe teorann (e.g. scrúdú uathoibrithe ar iarratais ar víosaí)Riaradh an cheartais agus na bpróiseas daonlathach (e.g. réitigh intleachta saorga chun rialuithe cúirte a lorg)Déanfar measúnú cúramach ar na córais intleachta saorga a bhfuil riosca ard ag baint leo sula gcuirfear ar an margadh iad agus ar feadh a saolré.Riosca teorantaTá córais intleachta saorga, amhail botaí comhrá, faoi réir ceanglais íosta trédhearcachta mar gurb éard atá i gceist leo na daoine a dhéanann idirghníomhú leis an ábhar a chumasú chun cinntí eolasacha a dhéanamh. Is féidir leis an úsáideoir ansin an cinneadh a dhéanamh leanúint den aip a úsáid nó gan é a úsáid a thuilleadh.Riosca íostaÚsáid saor in aisce aipeanna, cuir i gcás físchluichí nó scagairí turscair atá cumasaithe don intleacht shaorga. Is faoin gcatagóir sin a thagann mórchuid na gcóras intleachta saorga atá in úsáid san Aontas faoi láthair, mar nach bhfuil feidhm ag na rialacha nua ó tharla nach mbaineann ach riosca íosta leis na córais do chearta nó sábháilteacht na saoránach, sin nó go bhfuil siad gan riosca ar bith. Rialacha do sholáthraithe córas intleachta saorga a bhfuil riosca ard ag baint leo Céim 1Déantar córas intleachta saorga a bhfuil riosca ard ag baint leis a fhorbairtCéim 2Is gá measúnú comhréireachta a dhéanamh air agus is gá ceanglais intleachta saorga a chomhlíonadh. I gcás cuid de na córais, tá baint ag comhlacht a dtugtar fógra dó leo.Céim 3Cláraítear córais neamhspleácha intleachta saorga i mbunachar sonraí de chuid an AontaisCéim 4Is gá dearbhú comhréireachta a shíniú agus ba cheart marcáil comhréireachta CE a bheith ag gabháil leis an gcóras intleachta saorga. Is féidir an córas a chur ar an margadh Má dhéantar athruithe suntasacha le linn shaolré an chóras IS, téigh siar go dtí Céim 2.A luaithe a bheidh an córas intleachta saorga ar an margadh, is iad na húdaráis a bheidh freagrach as an bhfaireachas margaidh, is iad na húsáideoirí a dhéanfaidh maoirseacht agus monatóireacht dhaonna a chinntiú, agus is ag na soláthraithe a bheidh córas monatóireachta iar-mhargaidh i bhfeidhm. Déanfaidh soláthraithe agus úsáideoirí teagmhais thromchúiseacha agus cásanna mífheidhme a thuairisciú. Dlús a chur le barr feabhais san intleacht shaorga Tógadh an chéad chéim in 2018 nuair a chuaigh an Coimisiún agus na Ballstáit i mbun oibre i gcomhar le chéile ar Phlean Comhordaithe um an Intleacht Shaorga lenar cuidíodh chun an bunús a leagan síos le haghaidh straitéisí náisiúnta agus forbairtí beartais.In 2021 rinneadh nuashonrú ar an bPlean Comhordaithe um an Intleacht Shaorga, nuashonrú lena gcuirtear an straitéis i bhfeidhm agus a ailíniú le tosaíocht dhigiteach agus tosaíocht ghlas an Choimisiúin, chomh maith le freagairt na hEorpa ar ghéarchéim an choróinvíris. Trí bharr feabhais na hintleachta saorga a chothú ón tsaotharlann chuig an margadh, is éard a chuirtear chun cinn leis an bPlean Comhordaithe fís maidir le dlús a chur le hinfheistíochtaí san intleacht shaorga, gníomhú ar straitéisí intleachta saorga d’fhonn iad a chur i bhfeidhm go pras agus beartais intleachta saorga a ailíniú ar fud an Aontais. Tá ceithre phríomhchuspóir beartais leagtha amach sa phlean:Coinníollacha cumasúcháin a shocrú le haghaidh forbairt agus glacadh intleachta saorgaCeannaireacht straitéiseach a fhorbairt in earnálacha ard-tionchairAn áit cheart ina mbeidh rath ar an intleacht shaorga a dhéanamh den AontasDeimhin a dhéanamh de go n-oibríonn teicneolaíochtaí intleachta saorga ar son na ndaoine Mar chuid de na hiarrachtaí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na rudaí seo a leanas a chur ar bun:Comhpháirtíocht Phoiblí Phríobháideach maidir leis an Intleacht Shaorga, Sonraí agus Róbataic chun clár comhchoiteann straitéiseach taighde, nuálaíochta agus intleachta saorga don Eoraip a shainiú, a chur chun feidhme agus infheistíocht a dhéanamh annLíonraí breise Lárionad Intleachta Saorga chun malartú eolais agus saineolais a chothú, comhar a fhorbairt le lucht tionscail, mar aon leis an éagsúlacht agus an cuimsiú a chothúSaoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta chun triail a bhaint as teicneolaíocht úrscothach agus í a thástáil i bhfíor-thimpeallachtaíMoil Nuálaíochta Digití, ionaid ilfhreastail chun rochtain a chur ar fáil ar shaineolas teicniúil agus ar thurgnamhaíocht theicniúil chun go mbeidh cuideachtaí in ann rudaí a thástáil sula ndéanann siad infheistíocht iontuArdán um Intleacht Shaorga ar éileamh a bheidh ina lárthacar uirlisí Eorpach d'acmhainní intleachta saorga (e.g. saineolas, algartaim, creataí bogearraí, uirlisí forbartha) atá ag teastáil lena n-úsáid ag lucht tionscail agus san earnáil phoiblí Tionscadail intleachta saorga a fuair maoiniú ón Aontas Tá maoiniú curtha ar fáil ag an Aontas Eorpach cheana féin le haghaidh réimse tionscadal intleachta saorga i ngach earnáil den tsochaí, cuir i gcás an talmhaíocht, an cúram sláinte, an mhonaraíocht agus an t-iompar.An tsláinte, an comhshaol agus an comhrac i gcoinne na bréagaisnéise, sin trí shampla de réimsí inar bhain tairbhe nach beag le húsáid teicneolaíochtaí intleachta saorga. Néar-athshlánú lena gcabhraítear le téarnamh othar dianchúraim COVID-19Chuir tionscadal CDAC le teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt agus a bhailíochtú go cliniciúil, ar teicneolaíochtaí iad ar baineadh úsáid astu cheana féin in athshlánú os cionn 3,000 othar stróic ar fud na hEorpa.Níos mó tionscadal i réimse na sláinte a fuair maoiniú ón AontasBraiteoirí cliste a chabhróidh chun daonra méadaitheach an domhain a chothúTá teicneolaíochtaí braite cliste agus teicneolaíochtaí mórshonraí á bhforbairt ag an tionscadal ANTARES, ar teicneolaíochtaí iad a d’fhéadfadh cuidiú le feirmeoirí níos mó bia a tháirgeadh ar bhealach atá inbhuanaithe don tsochaí, d’ioncaim feirmeacha agus don chomhshaol.Níos mó tionscadal sa réimse sin a fuair maoiniú ón AontasUirlisí ar líne chun fíricí a sheiceáil agus a bhréagnúIs éard a chuirtear ar fáil le WeVerify córais fíorúcháin lena gcuidítear le seiceálaithe fíricí, le hiriseoirí, le gníomhaithe ar son chearta an duine agus le saoránaigh físeáin agus íomhánna ar líne a bhréagnú agus seiceáil fíricí a dhéanamh orthu.Níos mó tionscadal a fuair maoiniú ón Aontas i gcomhthéacs an chomhraic i gcoinne na bréagaisnéise An Intleacht Shaorga agus an tAontas Eorpach – na figiúirí €1 bhilliúnTá sé beartaithe ag an gCoimisiún €1 bhilliún in aghaidh na bliana a infheistiú san intleacht shaorga ón gclár don Eoraip Dhigiteach agus ón gclár Fís Eorpach.€20 billiúnTáthar ag iarraidh níos mó ná €20 billiún d’infheistíocht iomlán san intleacht shaorga a mhealladh in aghaidh na bliana san Aontas le linn na deacáide seo. Cuideoidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le dlús a chur le hinfheistíochtaí agus an aidhm sin a shárú.> 25%An céatadán de róbait le haghaidh seirbhísí tionsclaíocha agus pearsanta a dhéantar san Eoraip. Faigh an t-eolas is déanaí agus glac páirt.#DigitalEULíonraí sóisialta eile Doiciméid 21 AIBREÁN 2021Communication on Fostering a European approach to Artificial Intelligence 21 AIBREÁN 2021Proposal for a Regulation laying down harmonised rules on artificial intelligence 21 AIBREÁN 2021Coordinated Plan on Artificial Intelligence - 2021 Review 21 AIBREÁN 2021Proposal for a Regulation on machinery products 19 FEABHRA 2020White Paper on Artificial Intelligence: a European approach to excellence and trustTeangacha eile (22)български(1021.05 KB - PDF)Íoslódáilespañol(624.09 KB - PDF)Íoslódáilčeština(914.12 KB - PDF)Íoslódáildansk(612.69 KB - PDF)ÍoslódáilDeutsch(950.78 KB - PDF)Íoslódáileesti(608.96 KB - PDF)Íoslódáilελληνικά(1 MB - PDF)Íoslódáilfrançais(967.75 KB - PDF)Íoslódáilhrvatski(894.22 KB - PDF)Íoslódáilitaliano(615.37 KB - PDF)Íoslódáillatviešu(891.22 KB - PDF)Íoslódáillietuvių(889.35 KB - PDF)Íoslódáilmagyar(927.56 KB - PDF)ÍoslódáilMalti(959.94 KB - PDF)ÍoslódáilNederlands(899.06 KB - PDF)Íoslódáilpolski(946.13 KB - PDF)Íoslódáilportuguês(628.77 KB - PDF)Íoslódáilromână(989.92 KB - PDF)Íoslódáilslovenčina(861.2 KB - PDF)Íoslódáilslovenščina(897.96 KB - PDF)Íoslódáilsuomi(785.75 KB - PDF)Íoslódáilsvenska(798.15 KB - PDF)Íoslódáil 19 FEABHRA 2020Factsheet: Excellence and Trust in Artificial Intelligence 19 FEABHRA 2020Commission Report on safety and liability implications of AI, the Internet of Things and RoboticsTeangacha eile (22)български(290.63 KB - HTML)Íoslódáilespañol(243.57 KB - HTML)Íoslódáilčeština(231.99 KB - HTML)Íoslódáildansk(230.99 KB - HTML)ÍoslódáilDeutsch(238.18 KB - HTML)Íoslódáileesti(225.52 KB - HTML)Íoslódáilελληνικά(297.09 KB - HTML)Íoslódáilfrançais(243.2 KB - HTML)Íoslódáilhrvatski(227.25 KB - HTML)Íoslódáilitaliano(236.36 KB - HTML)Íoslódáillatviešu(231.14 KB - HTML)Íoslódáillietuvių(232.62 KB - HTML)Íoslódáilmagyar(239.11 KB - HTML)ÍoslódáilMalti(235.52 KB - HTML)ÍoslódáilNederlands(228.24 KB - HTML)Íoslódáilpolski(238.27 KB - HTML)Íoslódáilportuguês(239.87 KB - HTML)Íoslódáilromână(242.98 KB - HTML)Íoslódáilslovenčina(232.35 KB - HTML)Íoslódáilslovenščina(227.27 KB - HTML)Íoslódáilsuomi(232.37 KB - HTML)Íoslódáilsvenska(228.72 KB - HTML)Íoslódáil Naisc ghaolmhara Cur chuige Eorpach i leith na hintleachta saorgaMonatóireacht a dhéanamh ar an intleacht shaorga san EoraipOifig Eorpach na hintleachta saorga
D’fhéadfadh go leor buntáistí a bheith leis an intleacht shaorga iontaofa, amhail:cúram sláinte níos fearriompar níos sábháilte agus níos glainemonaraíocht níos éifeachtúlafuinneamh níos saoire agus níos inbhuanaitheLeis an gcur chuige atá ag an Aontas Eorpach i leith na hintleachta saorga, cuirfidh sé le muinín na saoránach na teicneolaíochtaí sin a ghlacadh chucu féin agus spreagfar gnólachtaí chun iad a fhorbairt freisin.
Is féidir leis an intleacht shaorga cuidiú chun réitigh a fháil ar roinnt mhaith d’fhadhbanna na sochaí. Is amhlaidh is féidir é sin a bhaint amach más teicneolaíocht ardcháilíochta í, agus má dhéantar í a fhorbairt agus a úsáid ar bhealaí a fhágfaidh go mbeidh iontaoibh ag daoine aisti. Dá bhrí sin, le creat straitéiseach atá bunaithe ar luachanna an Aontais beidh sé de mhuinín ag na saoránaigh glacadh le réitigh ina n-úsáidtear an intleacht shaorga, agus spreagfar gnólachtaí chun na réitigh sin a fhorbairt agus a chur chun úsáide.Is é sin an fáth a bhfuil tacar gníomhaíochtaí molta ag an gCoimisiún Eorpach chun dlús a chur leis an mbarr feabhais san intleacht shaorga, chomh maith le rialacha lena chinntiú go bhfuil an teicneolaíocht iontaofa.
Tá ceithre phríomhchuspóir beartais leagtha amach sa phlean:Coinníollacha cumasúcháin a shocrú le haghaidh forbairt agus glacadh intleachta saorgaCeannaireacht straitéiseach a fhorbairt in earnálacha ard-tionchairAn áit cheart ina mbeidh rath ar an intleacht shaorga a dhéanamh den AontasDeimhin a dhéanamh de go n-oibríonn teicneolaíochtaí intleachta saorga ar son na ndaoine