Eoraip níos láidre sa domhanAn cheannaireacht fhreagrach atá againn sa domhan a threisiú Eolas Tacaíonn an Coimisiún Eorpach go mór leis an iltaobhachas agus le hord domhanda atá bunaithe ar rialacha trí ról níos gníomhaí agus guth níos láidre a thabhairt don Aontas Eorpach ar an leibhéal domhanda.Clár oibre atá láidir, cothrom agus oscailte, sin rud a dhéanann áit tharraingteach den Eoraip le haghaidh gnólachtaí. Tá sé ríthábhachtach sin a dhéanamh chun ról an Aontais mar cheannaire domhanda a neartú, agus caighdeáin arda cosanta aeráide, comhshaoil agus saothair a chinntiú san am céanna. Rud eile atá i gceist leis an gceannaireacht Eorpach ná a bheith ag obair go dlúth le tíortha comharsanachta: cuir i gcás an straitéis chuimsitheach don Afraic a tugadh isteach agus athdhearbhú na peirspictíochta Eorpaí atá ag tíortha na mBalcán Thiar.Féachann an Coimisiún le cur chuige comhordaithe a chur i bhfeidhm maidir leis an ngníomh seachtrach (ón gcabhair um fhorbairt go dtí an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála), rud a chinnteoidh go mbeidh guth níos láidre agus níos aontaithe ar son na hEorpa sa domhan. Príomhphointe An chéad Chomhaontú Trádála Digití tugtha i gcrích ag an Aontas agus Singeapór25 Iúil 2024 - Tá an chaibidlíocht tugtha i gcrích ag an Aontas agus Singeapór maidir le Comhaontuithe Trádála Digití, an chéad chomhaontú den chineál sin de chuid an Aontais. Léirítear leis an gcomhaontú sin mian an Aontais a bheith ina bhunaitheoir caighdeán domhanda le haghaidh rialacha trádála digití agus sreafaí sonraí trasteorann. Cuirfidh sé borradh faoin gcaidreamh trádála idir an tAontas agus Singeapór trí thrádáil earraí agus seirbhísí atá cumasaithe go digiteach a éascú; sreafaí sonraí trasteorann atá saor ó bhacainní gan údar a chinntiú; muinín sa trádáil dhigiteach a fheabhsú, trí rialacha láidre maidir le turscar san áireamh. Leis an gComhaontú, comhlánaítear Comhaontú Saorthrádála 2019 idir an tAontas agus Singeapór.Tuilleadh eolais Gníomhaíocht dhomhanda i bhfigiúirí €300 billiúndon Tairseach Dhomhanda go dtí 20271.8 billiúndáileog vacsaíní in aghaidh COVID-19 curtha chuig 165 thírbeagnach €124 bhilliúntacaíocht fhoriomlán an Aontais don Úcráin ó thosaigh cogadh foghach na Rúise An méid atá ar bun againn faoi láthair Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an ÚcráinGníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh chun tacú le ceannasacht agus le hiomláine chríochach na hÚcráineAn ghéarchéim sa MheánoirthearFreagairt an Aontais tar éis ionsaithe sceimhlitheoireachta Hamas i gcoinne Iosrael, agus tacaíocht an Aontais do mhuintir na PalaistíneSlándáil biaBearta a dhéanamh lena chinntiú go ndéanfar slándáil dhomhanda bia a athbhunú tríd an gcomhar idirnáisiúntaGlobal GatewayStraitéis an Choimisiúin chun comhpháirtíochtaí nascachta a thógáil ar fud an domhain agus borradh a chur faoin trádáil agus faoin infheistíochtTacaíocht do mhuintir na Tuirce agus na SiriaComhdháil Deontóirí arb é is aidhm di cistí a thiomsú agus an fhreagairt téarnaimh agus fóirithinte a chomhordú tar éis na gcreathanna talún tubaisteachaRannpháirtíocht fheabhsaithe an Aontais leis na Balcáin ThiarDeis dlús a chur le próisis athchóirithe sna Balcáin ThiarAn Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit AontaitheAn t-aistriú digiteach a bhrú chun cinn agus comhoibriú ar theicneolaíochtaí nua bunaithe ar chomhluachanna daonlathachaAn fhreagairt dhomhanda ar an gcoróinvíreasGníomhaíocht dhomhanda an Aontais maidir le rochtain uilíoch ar vacsaíní agus cóireáil in aghaidh an choróinvírisClár oibre nua don Mheánmhuir Rathúnas, cobhsaíocht agus slándáil Chomharsanacht an Deiscirt a neartúAn Ionstraim Frith-ChomhéiginUirlis nua chun cur i gcoinne tríú tíortha a bheith ag úsáid an chomhéigin eacnamaíoch Amlíne 4 Iúil 2024D’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithchúitimh sealadacha ar fheithiclí ceallra-leictreacha Síneacha3 Iúil 2024Chuaigh Ceanada isteach sa chlár Fís Eorpach25 Meitheamh 2024Chuir an tAontas tús le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin agus leis an Moldóiv24 Meitheamh 2024Ghlac an tAontas an 14ú pacáiste de smachtbhannaí in aghaidh na Rúise11 Meitheamh 2024Shínigh an tAontas Eorpach comhaontuithe ráthaíochta agus deontais nua dar luach €1.4 billiún chun tacú le téarnamh agus le hatógáil na hÚcráine28 Bealtaine 2024Shínigh an tAontas Eorpach agus an Astráil comhpháirtíocht maidir le mianraí inbhuanaithe criticiúla agus straitéiseacha27 Bealtaine 2024Gheall an tAontas €2.12 billiún chun tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin, le linn Chomhdháil na Bruiséile1 Bealtaine 2024Tháinig an comhaontú trádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn i bhfeidhm1 Bealtaine 2024Rinne an tAontas 20 bliain ó mhéadú 2004 a cheiliúradh26 Aibreán 2024Chuir an tAontas dlús leis an gcúnamh daonnúil do Phalaistínigh15 Aibreán 2024Gheall an tAontas €896 mhilliún de chistiú daonnúil agus forbartha don tSúdáin4 Aibreán 2024Comhaontú Polaitiúil i dtaca leis an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar ar fiú €6 bhilliún í22 Márta 2024Bás Alexei Navalny: Chuir an tAontas smachtbhannaí ar 33 dhuine aonair agus ar dhá eintiteas faoina Chóras Domhanda Smachtbhannaí i ndáil le Cearta an Duine21 Márta 2024Chinn déanta an Chomhairle Eorpach tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin20 Márta 2024Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir le hathchóirithe réamh-mhéadaithe agus athbhreithnithe beartais, chun an tAontas Eorpach a ullmhú do mhéaduithe amach anseo17 Márta 2024Sheol an tAontas Eorpach Comhpháirtíocht Straitéiseach Chuimsitheach nua leis an Éigipt15 Márta 2024 Leithdháil an Coimisiún €500 milliún chun dlús a chur le táirgeadh armlóin, as €2 bhilliún san iomlán chun tionscal cosanta an Aontais a neartú12 Márta 2024Mhol an Coimisiún tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Aontas leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin23 Feabhra 2024Ghlac an tAontas an 13ú pacáiste smachtbhannaí in aghaidh na Rúise19 Feabhra 2024Sheol an tAontas EUNAVFOR ASPIDES, oibríocht slándála muirí chun saoirse loingseoireachta sa Mhuir Rua agus sa Mhurascaill a athbhunú agus a chosaint6 Feabhra 2024Thángthas ar chomhaontú maidir leis an tSaoráid don Úcráin18 Nollaig 2023Ghlac an tAontas an 12ú pacáiste de smachtbhannaí in aghaidh na Rúise14 Nollaig 2023Chuir ceannairí an Aontais tús le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin agus leis an Moldóiv13 Nollaig 2023Shínigh an tAontas agus an tSile comhaontuithe trádála agus polaitiúla atá nua-aimseartha uaillmhianach8 Nollaig 2023D’fhógair an tAontas €125 mhilliún do 2024 le haghaidh cabhair dhaonnúil tosaigh do mhuintir na Palaistíne7 Nollaig 2023An 24ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSín30 Samhain 2023Shínigh an tAontas agus an Ghraonlainn comhpháirtíocht straitéiseach maidir le slabhraí luacha amhábhar inbhuanaithe23 Samhain 2023An 19ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus Ceanada15 Samhain 2023Shínigh an tAontas agus na Ballstáit Comhaontú Comhpháirtíochta nua le Comhaltaí na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin8 Samhain 2023Ghlac an Coimisiún Pacáiste um Méadú 20238 Samhain 2023Chuir an Coimisiún i láthair Plean nua Fáis do na Balcáin Thiar16 Deireadh Fómhair 2023Sheol an tAontas oibríocht Aerdhroichid Dhaonnúil chun cabhair a thabhairt do Gaza 15 Meán Fómhair 2023Toscaireacht an Aontais ag an 78ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe chun gníomhaíocht dhomhanda a shlógadh agus chun an dlúthpháirtíocht a athbhunú18 Iúil 2023Cruinniú Mullaigh 2023 idir an tAontas Eorpach agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh13 Iúil 2023An 29ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin28 Meitheamh 2023Glacadh Teachtaireacht Chomhpháirteach inar leagadh amach an chaoi a dtabharfaidh an tAontas aghaidh ar an tionchar méadaitheach atá ag an athrú aeráide agus ag díghrádú an chomhshaoil i réimsí na síochána, na slándála agus na cosanta23 Meitheamh 2023Ghlac an tAontas an 11ú pacáiste smachtbhannaí in aghaidh na Rúise15 Meitheamh 2023Ag an 7ú Comhdháil sa Bhruiséil maidir le ‘Tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin’, shlóg an comhphobal idirnáisiúnta €5.6 billiún7 Meitheamh 2023Cuireadh i láthair an Clár Oibre Nua chun neartú a dhéanamh ar chomhpháirtíocht an Aontais le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib23 Bealtaine 2023Tháinig an Danmhairg isteach i gcomhar cosanta agus slándála an Aontais22 Bealtaine 2023Tionóladh an 10ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré i Súl22 Bealtaine 2023Neartaigh an tAontas a mhisin shibhialtacha chun freagairt níos fearr a thabhairt ar ghéarchéimeanna ar fud an domhain4 Bealtaine 2023Ghlac an Coimisiún an Gníomh um Thacaíocht do Tháirgeadh Armlón (ASAP) chun armlón agus diúracáin a sheachadadh go práinneach chuig an Úcráin3 Bealtaine 2023Chuir an Coimisiún i láthair sraith tograí chun an t-éilliú a chomhrac san Aontas agus ar fud an domhain.28 Aibreán 2023An tSúdáin: Leithdháil an tAontas cabhair dhaonnúil éigeandála27 Aibreán 2023Global Gateway: D’fhógair an Coimisiún agus BEI cistí €18 mbilliún chun borradh a chur faoi infheistíochtaí sa ghníomhaíocht ar son na haeráide agus i ngeilleagair inbhuanaithe24 Aibreán 2023An Mholdóiv: Chuir an tAontas misean sibhialtach ar bun chun athléimneacht earnáil na slándála a neartú20 Aibreán 2023Tháinig an Úcráin isteach i Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta20 Márta 2023 Gheall an tAontas agus an pobal idirnáisiúnta €7 mbilliún ag Comhdháil Idirnáisiúnta na nDeontóirí ‘Le chéile ar son mhuintir na Tuirce agus na Siria’16 Márta 2023Seoladh an Tascfhórsa idir an tAontas agus ECAT: Ár n-athléimneacht agus cosaint an bhonneagair chriticiúil a neartú14 Márta 2023Global Gateway: Sheol an tAontas agus comhpháirtithe Mheiriceá Laidineach agus Mhuir Chairib an Chomhghuaillíocht Dhigiteach idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib10 Márta 2023Straitéis Spáis Eorpach um Shlándáil agus Cosaint curtha i láthair ag an gCoimisiún agus ag an Ardionadaí10 Márta 2023Rinne an tAontas nuashonrú ar an Straitéis chun an réimse muirí a chosaint i gcoinne bagairtí nua28 Feabhra 2023Global Gateway: Shínigh BEI agus an Coimisiún Eorpach comhaontú chun borradh a chur faoi infheistíochtaí na hearnála príobháidí i dtíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin25 Feabhra 2023Chomhaontaigh an tAontas an 10ú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise20 Feabhra 2023Sheol an tAontas misean sibhialtach san Airméin chun cur leis an gcobhsaíocht i limistéir teorann8 Feabhra 2023Ghlac an Coimisiún Moladh agus Teachtaireacht d’fhonn spriocanna comhchoiteanna a leagan síos chun athléimneacht ó thubaistí a threisiú i réimsí na cosanta sibhialta4 Feabhra 2023An Úcráin: Chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus comhpháirtithe G7 caidhp phraghais ar tháirgí peitriliam na Rúise3 Feabhra 2023 Tionóladh an Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Úcráin i gCív2 Feabhra 2023 Thaistil Coláiste na gCoimisinéirí go Cív chun borradh a chur faoi tacaíocht agus faoi chomhar earnálach an Aontais leis an Úcráin10 Eanáir 2023Shínigh an tAontas agus ECAT dearbhú comhpháirteach nua maidir le comhar16 Nollaig 2022Ghlac an tAontas an 9ú pacáiste smachtbhannaí in aghaidh na Rúise14 Nollaig 2022Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus ASEAN9 Nollaig 2022Thug an tAontas agus an tSile an chaibidlíocht maidir leis an gCreat-Chomhaontú Ardleibhéil idir an tAontas agus an tSile chun críche3 Samhain 2022Cruinniú Mullaigh Phróiseas Bheirlín: Pacáiste tacaíochta fuinnimh €1 bhilliún do na Balcáin Thiar30 Samhain 2022Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais12 Deireadh Fómhair 2022Pacáiste um Méadú 20226 Deireadh Fómhair 2022Ghlac an tAontas an 8ú pacáiste smachtbhannaí in aghaidh na Rúise4 Deireadh Fómhair 2022Plean Gníomhaíochta don Óige i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2022-202719 Iúil 2022Chuir an tAontas Eorpach tús leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh30 Meitheamh 2022Tugadh i gcrích an chaibidlíocht maidir le comhaontú cuimsitheach trádála idir an tAontas agus an Nua-Shéalainn24 Meitheamh 2022Teachtaireacht maidir le rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan23 Meitheamh 2022Thug ceannairí an Aontais stádas iarrthóra don Úcráin agus don Mholdóiv. D’aithin siad peirspictíocht Eorpach na Seoirsia chomh maith23 Meitheamh 2022Tháinig Ceannairí an Aontais agus na mBalcán Thiar le chéile sa Bhruiséil3 Meitheamh 2022Ghlac an tAontas an 6ú pacáiste smachtbhannaí in aghaidh na Rúise18 Bealtaine 2022Rannpháirtíocht fuinnimh sheachtraigh an Aontais i ndomhan atá ag athrú18 Bealtaine 2022Comhpháirtíocht Straitéiseach leis an Murascaill12 Bealtaine 2022Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin9-10 Bealtaine 2022An 6ú Comhdháil sa Bhruiséil maidir le ‘Tacaíocht a thabhairt le todhchaí na Siria agus an réigiúin’25 Aibreán 2022Chomhaontaigh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus Príomh-Aire na hIndia, Narendra Modi, Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus an India a sheoladh9 Aibreán 2022Imeacht gealltanais ‘Seasaimis ar son na hÚcráine’8 Aibreán 2022Ghlac an tAontas an 5ú pacáiste smachtbhannaí in aghaidh na Rúise1 Aibreán 2022An 23ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSín15 Márta 2022Ghlac an tAontas an 4ú pacáiste smachtbhannaí in aghaidh na Rúise2 Márta 2022Chomhaontaigh an tAontas príomhbhainc na Rúise a eisiamh ó chóras SWIFT25 Feabhra 2022Ghlac an tAontas an chéad phacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise tar éis a hionradh ar an Úcráin21 Nollaig 2021Beartas nua de chuid an Aontais chun tacú le Dí-armáil, Díshlógadh agus Athimeascadh iar-chomhraiceoirí8 Nollaig 2021Neartaigh an tAontas an chosaint i gcoinne an chomhéignithe eacnamaíoch1 Nollaig 2021Global Gateway: Straitéis an Aontais chun borradh a chur faoi naisc inbhuanaithe ar fud an domhain26 Samhain 2021Cruinniú Mullaigh ASEM19 Deireadh Fómhair 2021Pacáiste um Méadú 202113 Deireadh Fómhair 2021Rannpháirtíocht níos láidre ón Aontas le haghaidh Artach atá níos glaise, níos síochánta agus níos rathúla12 Deireadh Fómhair 2021Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Úcráin16 Meán Fómhair 2021Straitéis an Aontais um chomhar san Aigéan Ciúin15 Iúil 2021Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe sa Bhruiséil16 Meitheamh 2021Caidreamh idir an tAontas agus an Rúis: an bealach chun cinn á mholadh ag an gCoimisiún agus ag an Ardionadaí15 Meitheamh 2021Sheol an tAontas agus na Stáit Aontaithe Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta chun an t-aistriú digiteach domhanda atá bunaithe ar luachanna a threorú21 Bealtaine 2021Cruinniú Mullaigh Sláinte Domhanda18 Bealtaine 2021Teachtaireacht maidir leis an gcur chuige domhanda i leith an taighde agus na nuálaíochta – Straitéis na hEorpa um chomhar idirnáisiúnta i ndomhan atá ag athrú8 Bealtaine 2021Cruinniú idir ceannairí an Aontais agus ceannairí na hIndia15 Aibreán 2021Caibidlíocht iar-Cotonou maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta nua idir an tAontas agus an Aifric, Muir Chairib agus an tAigéan Ciúin tugtha chun críche18 Feabhra 2021Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Cuimsitheach17 Feabhra 2021Straitéis nua chun rannchuidiú an Aontais le hiltaobhachas bunaithe ar rialacha a neartú9 Feabhra 2021Comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt – Clár Oibre nua don Mheánmhuir24 Nollaig 2020An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe2 Nollaig 2020An tAontas agus na Stáit Aontaithe: Clár oibre trasatlantach nua don athrú domhanda25 Samhain 2020Plean Gníomhaíochta Inscne an Aontais – clár oibre uaillmhianach don chomhionannas inscne agus do cumhachtú na mban i ngníomhaíochtaí seachtracha an Aontais6 Deireadh Fómhair 2020An Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar15 Iúil 2020Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an India30 Meitheamh 2020Poblacht na Cóiré – Cruinniú físchomhdhála cheannairí an Aontais22 Meitheamh 2020An 22ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSín18 Meitheamh 2020Físchomhdháil idir ceannairí an Aontais agus ceannairí Chomhpháirtíocht an Oirthir26 Bealtaine 2020Cruinniú idir ceannairí na Seapáine agus ceannairí an Aontais6 Bealtaine 2020Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin i Ságrab9 Márta 2020I dtreo straitéis chuimsitheach leis an Afraic18 Márta 2020Beartas Chomhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020: An Athléimneacht a Neartú – Comhpháirtíocht an Oirthir a dhéanfaidh beart do cháchTaispeáin 113 de ní eile5 Feabhra 2020Modheolaíocht nua i dtaca le caibidlíocht aontachais an Aontais Faoi thrácht The College of European Commissioners first visit to UkraineThe College of European Commissioners first visit to UkraineGlobal Gateway StrategyGlobal Gateway StrategyDún An scéala is déanaí 19 Samhain 2024Joint Statement by the European Commission and the High Representative on the occasion of World Children's Day4 Samhain 2024Joint Statement by the European Commission and High Representative Josep Borrell on the second round of Presidential Elections in Moldova1 Samhain 2024Joint statement by High Representative Josep Borrell and Vice-President Věra Jourová on the International Day to End Impunity for Crimes against Journalists27 Deireadh Fómhair 2024Statement by the European Commission and the High Representative Josep Borrell on the Parliamentary elections in GeorgiaFéach na Lean an dul chun cinn is déanaí agus bí páirteach annAn tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)Cosaint Shibhialta agus Cabhair Dhaonnúil an AontaisCosaint Shibhialta agus Cabhair Dhaonnúil an AontaisEU NEARComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta an AontaisComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta an AontaisSeirbhís an Aontais um Ionstraimí Beartais EachtraighLíonraí sóisialta eile Réimsí beartaisBeartas forbartha an AontaisComhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a thógáil chun athrú domhanda inbhuanaithe a bhaint amachComhpháirtíocht idir an tAontas agus an AfraicComhar a threisiú idir an tAontas agus an Afraic trí chomhpháirtíochtaí i gcúig phríomhréimseComharsanacht na hEorpaRathúnas, cobhsaíocht, slándáil agus comhar ar fud an réigiúin a neartúMéadú an Aontais EorpaighInfheistíocht a dhéanamh sa tsíocháin, sa tslándáil agus sa chobhsaíocht san EoraipCabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialtaCúnamh do thíortha agus do dhaonraí atá buailte i gcás tubaistí nó éigeandálaí daonnúlaAn tAontas Eorpach agus an comhar idirnáisiúnta riailbhunaitheTosaíochtaí agus luachanna an Aontais a shainiú agus a chosaint ar an leibhéal domhanda sa chóras iltaobhachAn tslándáil agus an chosaintAontas níos láidre i réimse na slándála agus na cosantaBeartas trádálaCuidíonn an tAontas le gnólachtaí an leas is fearr is féidir a bhaint as deiseanna domhanda chun rathúnas, iomaíocht chothrom agus infheistíocht a chinntiúCaidreamh le comhpháirtithe ar fud an domhainCaidreamh an Aontais le tríú tíortha agus le réigiúin Doiciméid General publications16 Meán Fómhair 2021Documents - Stronger Europe in the worldA list of key documents in relation to a stronger Europe in the world
Tacaíonn an Coimisiún Eorpach go mór leis an iltaobhachas agus le hord domhanda atá bunaithe ar rialacha trí ról níos gníomhaí agus guth níos láidre a thabhairt don Aontas Eorpach ar an leibhéal domhanda.Clár oibre atá láidir, cothrom agus oscailte, sin rud a dhéanann áit tharraingteach den Eoraip le haghaidh gnólachtaí. Tá sé ríthábhachtach sin a dhéanamh chun ról an Aontais mar cheannaire domhanda a neartú, agus caighdeáin arda cosanta aeráide, comhshaoil agus saothair a chinntiú san am céanna. Rud eile atá i gceist leis an gceannaireacht Eorpach ná a bheith ag obair go dlúth le tíortha comharsanachta: cuir i gcás an straitéis chuimsitheach don Afraic a tugadh isteach agus athdhearbhú na peirspictíochta Eorpaí atá ag tíortha na mBalcán Thiar.Féachann an Coimisiún le cur chuige comhordaithe a chur i bhfeidhm maidir leis an ngníomh seachtrach (ón gcabhair um fhorbairt go dtí an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála), rud a chinnteoidh go mbeidh guth níos láidre agus níos aontaithe ar son na hEorpa sa domhan.
An chéad Chomhaontú Trádála Digití tugtha i gcrích ag an Aontas agus Singeapór25 Iúil 2024 - Tá an chaibidlíocht tugtha i gcrích ag an Aontas agus Singeapór maidir le Comhaontuithe Trádála Digití, an chéad chomhaontú den chineál sin de chuid an Aontais. Léirítear leis an gcomhaontú sin mian an Aontais a bheith ina bhunaitheoir caighdeán domhanda le haghaidh rialacha trádála digití agus sreafaí sonraí trasteorann. Cuirfidh sé borradh faoin gcaidreamh trádála idir an tAontas agus Singeapór trí thrádáil earraí agus seirbhísí atá cumasaithe go digiteach a éascú; sreafaí sonraí trasteorann atá saor ó bhacainní gan údar a chinntiú; muinín sa trádáil dhigiteach a fheabhsú, trí rialacha láidre maidir le turscar san áireamh. Leis an gComhaontú, comhlánaítear Comhaontú Saorthrádála 2019 idir an tAontas agus Singeapór.Tuilleadh eolais
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an ÚcráinGníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh chun tacú le ceannasacht agus le hiomláine chríochach na hÚcráine
An ghéarchéim sa MheánoirthearFreagairt an Aontais tar éis ionsaithe sceimhlitheoireachta Hamas i gcoinne Iosrael, agus tacaíocht an Aontais do mhuintir na Palaistíne
Slándáil biaBearta a dhéanamh lena chinntiú go ndéanfar slándáil dhomhanda bia a athbhunú tríd an gcomhar idirnáisiúnta
Global GatewayStraitéis an Choimisiúin chun comhpháirtíochtaí nascachta a thógáil ar fud an domhain agus borradh a chur faoin trádáil agus faoin infheistíocht
Tacaíocht do mhuintir na Tuirce agus na SiriaComhdháil Deontóirí arb é is aidhm di cistí a thiomsú agus an fhreagairt téarnaimh agus fóirithinte a chomhordú tar éis na gcreathanna talún tubaisteacha
Rannpháirtíocht fheabhsaithe an Aontais leis na Balcáin ThiarDeis dlús a chur le próisis athchóirithe sna Balcáin Thiar
An Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit AontaitheAn t-aistriú digiteach a bhrú chun cinn agus comhoibriú ar theicneolaíochtaí nua bunaithe ar chomhluachanna daonlathacha
An fhreagairt dhomhanda ar an gcoróinvíreasGníomhaíocht dhomhanda an Aontais maidir le rochtain uilíoch ar vacsaíní agus cóireáil in aghaidh an choróinvíris
Clár oibre nua don Mheánmhuir Rathúnas, cobhsaíocht agus slándáil Chomharsanacht an Deiscirt a neartú
An Ionstraim Frith-ChomhéiginUirlis nua chun cur i gcoinne tríú tíortha a bheith ag úsáid an chomhéigin eacnamaíoch
19 Samhain 2024Joint Statement by the European Commission and the High Representative on the occasion of World Children's Day
4 Samhain 2024Joint Statement by the European Commission and High Representative Josep Borrell on the second round of Presidential Elections in Moldova
1 Samhain 2024Joint statement by High Representative Josep Borrell and Vice-President Věra Jourová on the International Day to End Impunity for Crimes against Journalists
27 Deireadh Fómhair 2024Statement by the European Commission and the High Representative Josep Borrell on the Parliamentary elections in Georgia
Beartas forbartha an AontaisComhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a thógáil chun athrú domhanda inbhuanaithe a bhaint amach
Comhpháirtíocht idir an tAontas agus an AfraicComhar a threisiú idir an tAontas agus an Afraic trí chomhpháirtíochtaí i gcúig phríomhréimse
Méadú an Aontais EorpaighInfheistíocht a dhéanamh sa tsíocháin, sa tslándáil agus sa chobhsaíocht san Eoraip
Cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialtaCúnamh do thíortha agus do dhaonraí atá buailte i gcás tubaistí nó éigeandálaí daonnúla
An tAontas Eorpach agus an comhar idirnáisiúnta riailbhunaitheTosaíochtaí agus luachanna an Aontais a shainiú agus a chosaint ar an leibhéal domhanda sa chóras iltaobhach
Beartas trádálaCuidíonn an tAontas le gnólachtaí an leas is fearr is féidir a bhaint as deiseanna domhanda chun rathúnas, iomaíocht chothrom agus infheistíocht a chinntiú
General publications16 Meán Fómhair 2021Documents - Stronger Europe in the worldA list of key documents in relation to a stronger Europe in the world