Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Seasann an tAontas le chéile leis an Úcráin

Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский

Tá an tAontas Eorpach agus a chomhpháirtithe idirnáisiúnta aontaithe agus ionsaí Putin ar an Úcráin á cháineadh acu. Cuirfimid tacaíocht ar fáil dóibh siúd atá ag lorg dídine agus cabhróimid leo siúd atá ag lorg slí shábháilte abhaile. Leanfaidh an tAontas de chúnamh láidir polaitiúil, airgeadais agus daonnúil a chur ar fáil don Úcráin agus de smachtbhannaí a chur ar an Rúis agus orthu siúd atá comhpháirteach sa chogadh.

Ag seasamh leis an Úcráin, feadh an bhealaigh

Sa spotsolas

Gníomhaíochtaí an Aontais

Amlíne

  1. 16 Nollaig 2024

    Ghlac an tAontas Eorpach an 15ú pacáiste smachtbhannaí in aghaidh na Rúise

  2. 20 Meán Fómhair 2024

    Iasacht cúnaimh macrairgeadais dar luach suas le €35 bhilliún molta ag an gCoimisiún le haghaidh na hUcráine. Is é an iasacht sin rannchuidiú an Aontais le pacáiste cúnamh airgeadais foriomlán dar luach suas le €45 bhilliún idir an tAontas Eorpach agus an G7, agus déanfar í a mhaoiniú trí shárbhrabúis ó shócmhainní blocáilte de chuid na Rúise a ghiaráil

  3. 19 Meán Fómhair 2024
  4. 13 Lúnasa 2024

    D’eisíoc an Coimisiún beagnach €4.2 billiún leis an Úcráin faoin gcéad cholún den tSaoráid don Úcráin. Fágann sé sin gur fiú €12.2 billiún an maoiniú iomlán ón Aontas a eisíocadh le rialtas na hÚcráine faoin tSaoráid go dtí seo

  5. 26 Iúil 2024

    Chuir an tAontas Eorpach an chéad íocaíocht €1.5 billiún ar fáil don Úcráin, airgead a gineadh ó shócmhainní blocáilte de chuid na Rúise

  6. 17 Iúil 2024

    Thug an Coimisiún measúnú dearfach uaidh maidir leis an gcéad íocaíocht rialta dar luach beagnach €4.2 billiún faoin tSaoráid don Úcráin

  7. 10 Iúil 2024

    Cuireadh síneadh leis an gcomhaontú deonach idir 22 oibreoir teileachumarsáide Eorpacha agus seacht n-oibreoir teileachumarsáide de chuid na hÚcráine chun a chinntiú gur féidir le dídeanaithe ón Úcráin fanacht nasctha thar theorainneacha

Doiciméid