Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Report / Study | Foilseachán

Tacú le Líonra na nOifigí Eorpacha um Inniúlachtaí Leathanbhanda in 2024-25

Leagtar amach in Achoimre ar Phlean Oibre Bliantúil 2024-25 Líonra na nOifigí Eorpacha um Inniúlachtaí Leathanbhanda na cuspóirí, na gníomhaíochtaí agus na réimsí fócais do chlár na bliana seo, a bheidh ar siúl ón 5 Aibreán 2024 go dtí an 4 Aibreán 2025.

The European Broadband Competence Offices Network

Gach bliain, tugann Líonra na nOifigí Eorpacha um Inniúlachtaí Leathanbhanda (Líonra BCO) faoi chlár bliantúil fothaithe acmhainneachta agus malartaithe eolais a chuireann Saoráid Tacaíochta thiomnaithe arna bunú ag an gCoimisiún Eorpach ar fáil. Mar a dhéantar achoimre air san Achoimre ar an bPlean Oibre Bliantúil, cuimsíonn an clár seo réimse leathan gníomhaíochtaí, lena n-áirítear imeachtaí ar líne agus ar an láthair, ábhair oiliúna, foilseacháin agus físeáin, atá saincheaptha chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na BCOnna.

In 2024-25, díreoidh an clár ar na príomhthopaicí seo a leanas:

Beartas agus rialáil

  • Státchabhair
  • Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI)
  • Soláthar glas
  • Measúnú tionchair agus meastóireacht
  • An Gníomh um Bonneagar Gigighiotáin
  • An Deacáid Dhigiteach agus sásraí tuairiscithe eile
  • Líonra CBT an Aontais agus nascacht tuaithe lasmuigh de theaghlaigh

Maoiniú agus tionscadail

  • Pleanáil leathanbhanda
  • Bainistiú garspriocanna na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF)
  • Cáblaí fomhuirí
  • Na Réigiúin is Forimeallaí
  • Réigiúin shléibhtiúla agus limistéir iargúlta
  • Dearbháin agus spreagadh ar thaobh an éilimh
  • Uirlis tuairiscithe agus atlas

Teicneolaíocht

  • 5G le haghaidh Soghluaisteacht Uathoibrithe Nasctha agus cásanna úsáide eile
  • Líonra Rochtana Raidió Oscailte (RAN)
  • Imeall-néal
  • Cibearshlándáil
  • Bosca uirlisí cibearshlándála fomhuirí
  • Seirbhísí d’úsáideoirí tuaithe: airgeadas, ríomhshláinte, ríomhriarachán, ríomhoideachas
 

Tuilleadh eolais 

Léigh Achoimre Phlean Oibre Bliantúil 2024-25 agus féach ar an gclár bliantúil roimhe seo i dTuarascáil Gníomhaíochta Líonra BCO 2023-24. Faigh amach faoin gcaoi a gcuidíonn an tAontas agus BCOnna le leathanbhanda a chur in úsáid i do thír agus i do réigiún agus conas a d’fhéadfadh siad a bheith in ann tacú le do thionscadal:

Forbraíodh an Achoimre seo mar chuid d’obair Líonra na nOifigí Eorpacha um Inniúlachtaí Leathanbhanda (BCO)chun feasacht a mhúscailt maidir le tacaíocht an Aontais d’imscaradh leathanbhanda ardluais agus chun dea-chleachtais i dtionscadail leathanbhanda a chomhroinnt. Faigh amach faoi níos mó agallamh i seinnliosta YouTube Líonra BCO agus tuilleadh dea-chleachtas leathanbhanda, nuachta agus acmhainní i Leabharlann Líonra BCO.

Íoslódálacha

BCO Network - Annual Work Plan Summary 2024-25
Íoslódáil 

Contributor

Líonra na nOifigí Eorpacha um Inniúlachtaí Leathanbhanda