Seo mar a labhair Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen:
“Ní mór dúinn ár ndaonlathais a chosaint ar chur isteach eachtrach de chineál ar bith. Nuair a bhíonn amhras orainn faoi chur isteach den sórt sin, go háirithe le linn toghchán, ní mór dúinn gníomhú go tapa agus go daingean. Tar éis comharthaí tromchúiseacha gur chuir gníomhaithe eachtracha isteach ar thoghcháin uachtaránachta na Rómáine trí úsáid a bhaint as TikTok, táimid anois ag fiosrú go críochnúil ar sháraigh TikTok an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha trí mhainneachtain dul i ngleic leis na rioscaí sin. Ba cheart é a bheith ríshoiléir nach mór gach ardán ar líne, lena n-áirítear TikTok, a thabhairt chun cuntais san Aontas.’
Díreoidh na himeachtaí ar bhainistiú rioscaí do thoghcháin nó don dioscúrsa sibhialta, a bhaineann leis na réimsí seo a leanas:
- Córais mholtóra TikTok, go háirithe na rioscaí a bhaineann le hionramháil neamhbharántúil chomhordaithe nó le huathshaothrú na seirbhíse.
- Beartais TikTok maidir le fógraí polaitiúla agus ábhar polaitiúil a n-íoctar as.
Maidir leis an dá ghné, ceann de na hamhrais a bheidh ar an gCoimisiún a fhiosrú is ea ar mhaolaigh TikTok go dícheallach na rioscaí a bhaineann le gnéithe sonracha réigiúnacha agus teanga de thoghcháin náisiúnta.
Léigh an phreaseisiúint iomlán.
Faigh tuilleadh eolais faoi: