Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Ardáin ar líne agus ríomhthráchtáil

Is mian leis an Aontas a chinntiú gur féidir le gnólachtaí agus saoránaigh ardáin ar líne agus seirbhísí ríomhthráchtála a úsáid is cuma cá bhfuil siad san Aontas.

Má d’úsáid tú inneall cuardaigh chun faisnéis a aimsiú, chun siopadóireacht a dhéanamh ar mhargadh ar líne, nó chun cumarsáid a dhéanamh trí na meáin shóisialta, d’úsáid tú ardán ar líne. 

Is cuid lárnach den domhan ar líne iad ardáin ar líne. Díolann os cionn 1 mhilliún gnólacht san Aontas earraí nó seirbhísí digiteacha trí ardáin ar líne. Agus, mar shaoránaigh Eorpacha, bainimid úsáid astu ar bhonn laethúil. 

Tá rialacha nua tugtha isteach ag an Aontas chun a chinntiú go gcothóidh na suíomhanna gréasáin sin timpeallacht ina mbeidh rath ar ghnólachtaí an Aontais agus ina gcaithfear go cothrom le húsáideoirí. Is mian linn a chinntiú gur féidir le gach duine ardáin ar líne a úsáid gan eagla roimh algartaim ionramhála nó earraí agus ábhar neamhdhleathach.   

Is féidir cur chuige an Aontais a shainiú le 3 réimse gníomhaíochta:   

  1. deireadh a chur le bacainní ar líne, rud a fhágfaidh go mbeidh rochtain iomlán ar earraí agus ar sheirbhísí ar fud an Aontais; 
  2. deireadh a chur le bacainní trasteorann nach bhfuil údar leo; 
  3. é a dhéanamh níos éasca agus níos sábháilte siopadóireacht a dhéanamh ar líne is cuma cá bhfuil tú san Aontas. 

Chun an méid sin a bhaint amach, ghlac an tAontas an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) agus an Gníomh um Margaí Digiteacha (DMA).  Is é is aidhm do na gníomhartha sin a chinntiú gur féidir le saoránaigh na hEorpa a bheith muiníneach as a sábháilteacht ar líne agus go mbeidh rath ar ghnólachtaí sa saol digiteach. Tá sé ag cinntiú freisin go bhfanfaidh rialacha ríomhthráchtála cothrom le dáta sa Deacáid Dhigiteach. 

An Nuacht is Déanaí

Ábhar Gaolmhar

Léargas níos doimhne

  • Bhris an Coimisiún Eorpach síos na bacainní ar líne ionas go mbeadh rochtain iomlán ag daoine ar na hearraí agus na seirbhísí uile a chuireann gnólachtaí ar fáil ar líne san Aontas.

  • Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún Eorpach timpeallacht a chothú ina mbíonn rath ar ardáin ar líne, ina gcaitear go cothrom le húsáideoirí agus ina ndéantar beart chun teorainn a chur le scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh.

  • Is é is aidhm don Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus don Ghníomh um Margaí Digiteacha spás digiteach níos sábháilte a chruthú ina gcosnófar cearta bunúsacha úsáideoirí agus cothrom iomaíochta a bhunú do ghnólachtaí.