Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

2. Cineálacha gearán

Tá dhá chatagóir ar leith ann d’aiseolas ó iarrthóirí a aithníonn EPSO agus a dtugann sé aghaidh orthu: Gearáin theicniúla agus gearáin a bhaineann go sonrach le mír (ISC).


2.1.1. Gearáin theicniúla

Baineann gearáin theicniúla le haon fhadhb a bhí ag iarrthóirí nó le haon bhac a bhí orthu le linn an tseisiúin trialach ar líne. Féadfar an méid seo a leanas a bheith san áireamh, ach gan bheith teoranta dó:

  • Mífheidhm ardáin nó earráidí córais, amhail gan bheith ábalta rochtain a fháil ar chomhéadan an scrúdaithe nó nascleanúint a dhéanamh tríd;
  • Fabhtanna bogearraí, amhail comhéadan na trialach a bheith ag reo nó mífheidhmiú uirlisí laistigh den timpeallacht trialach;
  • Fadhbanna nascachta, amhail dícheangal tobann le linn an tseisiúin trialach nó cliseadh ar chomhaid trialach a shioncrónú agus/nó a uaslódáil go dtí an freastalaí;
  • Fadhbanna teicniúla eile a chuireann bac mór ar chumas an iarrthóra na trialacha a chur i gcrích.


Ní mheastar gur foras le gearán teicniúil é fadhbanna crua-earraí a bheith ag iarrthóirí. Tá na ceanglais maidir le crua-earraí liostaithe sna treoracha a thugtar d’iarrthóirí agus is iad na hiarrthóirí amháin atá freagrach as comhlíonadh na gceanglas sin.


2.1.2. Gearáin a bhaineann go sonrach le míreanna

Iarrthóirí a mheasann go bhfuil údar inchosanta acu chun a chreidiúint gur chuir earráid i gceann amháin nó níos mó de na ceisteanna sa triail ceisteanna ilrogha isteach ar a gcumas freagra a thabhairt, féadfaidh siad athbhreithniú a iarraidh ar an gceist/na ceisteanna lena mbaineann. Le gearáin a bhaineann go sonrach le míreanna, tugtar aghaidh ar ábhair imní a chuireann na hiarrthóirí in iúl faoi ábhar ar leith sa triail, cuir i gcás ceisteanna agus íomhánna gaolmhara, seachas fadhbanna teicniúla.
D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith ar na cúiseanna atá le gearáin a bhaineann go sonrach le míreanna:

  • Earráidí teanga, amhail botúin ghramadaí nó teanga dhoiléir sa cheist;
  • Ábhar míchruinn nó débhríoch sa cheist a chuireann mearbhall ar iarrthóirí nó a mbaineann siad míbhrí as;
  • Fadhbanna le híomhánna, ina measc sin íomhánna míchearta nó íomhánna nach bhfuil ag teacht leis an gceist.


Tabhair do d’aire nach féidir le EPSO anailís a dhéanamh ar iarrataí nach bhfuil bunús leo ná ar iarrataí nach bhfuil sonrach, cuir i gcás iarrataí ina n-iarrtar athbhreithniú a dhéanamh ar gach mír nó ina líomhnaítear go bhfuil drochaistriúchán ann.