Tá gealltanais taistil phearsanta agam lá na trialach, an féidir liom athsceidealú?
Eagraítear trialacha EPSO ar dhátaí agus amanna sonracha chun comhionannas agus cothroime a chinntiú do na hiarrthóirí uile.
De réir Bheartas EPSO maidir le gearáin iarrthóirí a réiteach le haghaidh imeachtaí trialacha, NÍ MHEASTAR gealltanais taistil phearsanta a bheith ina n-imthosca eisceachtúla ná ina n-imthosca nach bhfuil neart ag an iarrthóir orthu.
Dá bhrí sin, ní féidir do thriail a athsceidealú de bharr gealltanais taistil phearsanta.