Cén fáth nach féidir liom mo ríomhaire corparáideach a úsáid le haghaidh trialacha roghnúcháin ar líne EPSO?
Baineann go leor daoine úsáid as ríomhairí corparáideacha le haghaidh cúraimí nach mbaineann leis an obair, cuir i gcás féachaint ar chuntais ríomhphoist phearsanta, ticéid eitleáin a chur in áirithe, coinní pearsanta a dhéanamh, an t-idirlíon a bhrabhsáil, etc. Ar an dóigh chéanna, d’fhéadfadh go leor iarrthóirí a bheith den bharúil go bhféadfaidís a ríomhairí corparáideacha a úsáid chun trialacha roghnúcháin ar líne EPSO a dhéanamh [1].
Ní mór do thríú páirtí – conraitheoir seachtrach – a bheith in ann do ríomhaire a rialú agus tú ag déanamh na trialach. I measc nithe eile, cuireann sé sin cosc ar iarrthóirí brabhsáil ar an idirlíon nó feidhmchláir eile a úsáid atá lasmuigh de shainchúram na dtrialacha.
I dtimpeallacht dhigiteach chliaint institiúideacha EPSO, tá iliomad sraitheanna slándála TF curtha i bhfeidhm ar ríomhairí corparáideacha, ríomhairí glúine san áireamh. Ar na srianta sin tá an méid seo a leanas, go príomha: ballaí dóiteáin gréasáin agus cineálacha eile srianta rochtana.
Chun go mbeifí in ann trialacha roghnúcháin ar líne a dhéanamh ar ríomhaire corparáideach – ina measc sin na ríomhairí a chuirtear ar fáil do bhaill foirne chliaint institiúideacha EPSO (e.g. an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus eile) – bheadh ar riarthóir údaraithe an iliomad rialuithe slándála a dhíchumasú, a mhaolú nó a athrú.
Ina measc sin, d’fhéadfadh sé gurbh éigean rialacha balla dóiteáin a athrú nó ceadanna logánta a athrú ar do ríomhaire corparáideach agus ar shocruithe chlárlann Windows ann.
D’fhéadfadh rioscaí aitheanta agus anaithnide do pháirtithe leasmhara corparáideacha a bheith i gceist leis na hathruithe sin go léir, agus d’fhéadfadh cuid acu a bheith tromchúiseach.
Ar ndóigh, ní mór do chliaint institiúideacha EPSO agus páirtithe leasmhara corparáideacha eile a chinntiú go laghdófar oiread is féidir na rioscaí a bhaineann lena dtimpeallacht dhigiteach.
Ní mór dóibh deimhin a dhéanamh de shlándáil, rúndacht, infhaighteacht agus sláine a gcóras TF agus na sonraí a iompraíonn siad, mar a léirítear sa phirimid thíos.
Aon chinneadh lena dtabharfaí cead d’iarrthóirí trialacha EPSO ar líne a dhéanamh ar a ríomhairí corparáideacha, is ar chliaint institiúideacha EPSO, nó ar pháirtithe leasmhara corparáideacha eile, a bheadh sé cinneadh den sórt sin a dhéanamh. Ní féidir le EPSO an cinneadh sin a dhéanamh thar a gceann.
Tuigimid go bhféadfadh sé sin míchaoithiúlacht a dhéanamh do roinnt iarrthóirí ar mhaith leo a ríomhairí corparáideacha a úsáid chun trialacha roghnúcháin EPSO ar líne a dhéanamh.
Bíonn formhór na n-iarrthóirí in ann teacht ar réitigh leormhaithe (mar shampla, úsáid a bhaint as gléas dá gcuid féin nó ceann a fháil ar iasacht ó dhuine eile).
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi EPSO agus faoinár gcomórtais, téigh chuig ár suíomh gréasáin, go háirithe leathanach na gCeisteanna Coitianta:
Ceisteanna Coitianta | EU Careers (europa.eu)
For-rochtain agus Caidreamh Seachtrach, an 5 Meán Fómhair 2023
[1] Is duine daonna nó córas uathoibríoch a reáchtálann na trialacha ar líne agus a dhéanann monatóireacht orthu. I gcomhthéacs thrialacha EPSO, cinntítear le maoirseacht agus monatóireacht ar na hiarrthóirí go gcomhlíonann siad riachtanais slándála na dtrialacha agus nach n-úsáideann siad aon mhodh fealltach chun pas a fháil sa triail.