Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02018R1092-20180807

Consolidated text: Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1092/2018-08-07

02018R1092 — GA — 07.08.2018 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2018/1092 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2018

lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais

(IO L 200 7.8.2018, lch. 30)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 284, 12.11.2018, lch.  45 (2018/1092)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2018/1092 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2018

lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais



Airteagal 1

Ábhar

▼C1

Bunaítear leis an Rialachán seo Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (an “Clár”) i ndáil le gníomhaíocht an Aontais lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2020.

▼B

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn “córas fréamhshamhaltaithe” múnla de tháirge nó de theicneolaíocht lenar féidir feidhmíocht a léiriú i dtimpeallacht oibríochtúil;

(2) ciallaíonn “cáilíocht” an próiseas iomlán lena léirítear go gcomhlíonann dearadh táirge cosanta, comhpháirte nó teicneolaíochta inláimhsithe nó doláimhsithe na ceanglais a shonraítear, agus fianaise oibiachtúil á soláthar trína léirítear gur comhlíonadh na ceanglais áirithe i dtaca leis an dearadh;

(3) ciallaíonn “deimhniú” an próiseas trína ndeimhníonn údarás náisiúnta go gcomhlíonann an táirge cosanta, an chomhpháirt nó an teicneolaíocht inláimhsithe nó dholáimhsithe na rialacháin is infheidhme;

(4) ciallaíonn “gnóthas” eintiteas, beag beann ar a stádas dlíthiúil agus ar an gcaoi a maoinítear é, a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, agus atá bunaithe sa Bhallstát ina bhfuil sé ionchorpraithe, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin;

(5) ciallaíonn “struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin” comhlacht aon ghnóthais, a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus, i gcás inarb infheidhme, a thugann tuarascáil don phríomhoifigeach feidhmiúcháin, a bhfuil an chumhacht aici straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an ghnóthais a bhunú, agus a dhéanann maoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht na bainistíochta;

(6) ciallaíonn “eintiteas tríú tír” eintiteas dlíthiúil atá bunaithe i dtríú tír nó i gcás ina bhfuil sé bunaithe san Aontas, a bhfuil a struchtúir bhainistíochta feidhmiúcháin lonnaithe i dtríú tír;

(7) ciallaíonn “rialú” an cumas tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar ghnóthas go díreach, nó go hindíreach, trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó;

(8) ciallaíonn “fiontair bheaga agus mheánmhéide” nó “FBManna” fiontair bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún ( 1 );

(9) ciallaíonn “cuideacht meánchaipitlithe” fiontar nach FBM é agus a bhfuil suas le 3 000 fostaí acu nuair a ríomhtar líon na foirne i gcomhréir le hAirteagal 3 go hAirteagal 6 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

(10) ciallaíonn “cuibhreannas” grúpáil chomhoibríoch de ghnóthais a chruthaítear chun ►C1  gníomhaíocht ◄ a dhéanamh faoin gClár seo.

Airteagal 3

Cuspóirí

Beidh na cuspóirí seo a leanas ag an gClár:

(a) cumas iomaíochais, éifeachtúlacht agus nuálaíochta an tionscail cosanta a chothú ar fud an Aontais, rud a rannchuideoidh le huathriail straitéiseach an Aontais Eorpaigh trí thacú le ►C1  gníomhaíochtaí ◄ le linn a gcéime forbartha;

(b) tacú le comhoibriú agus é a ghiaráil, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann, idir gnóthais, lena n-áirítear FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe, ar fud an Aontais, chomh maith le comhar idir Ballstáit, i bhforbairt táirgí nó teicneolaíochtaí cosanta, agus gastacht slabhraí soláthair agus slabhraí luacha na cosanta á neartú agus á bhfeabhsú, agus caighdeánú agus idir-inoibritheacht na gcóras cosanta á gcothú.

Déanfar comhar den sórt sin i gcomhréir leis na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta arna gcomhaontú ag na Ballstáit faoi chuimsiú an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála agus go háirithe i gcomhthéacs an Phlean Forbartha Cumas.

Sa chomhthéacs sin, féadfar tosaíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a chur san áireamh i gcás inarb iomchuí, nuair a bheidh siad ag freastal ar leasanna slándála agus cosanta an Aontais, mar a chinntear faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála iad, agus é á chur san áireamh gur gá dúbailt neamhriachtanach a sheachaint, agus i gcás inarb infheidhme, nuair nach gcuireann siad bac ar aon Bhallstát a bheith rannpháirteach;

(c) saothrú níos fearr a chothú maidir le torthaí an taighde sa chosaint agus rannchuidiú leis an bhforbairt tar éis na céime taighde agus, dá bhrí sin, tacú le hiomaíochas thionscal cosanta na hEorpa i ndáil leis an margadh inmheánach agus le margadh an domhain mhóir, lena n-áirítear trí chomhdhlúthú i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 4

Buiséad

Is é EUR 500 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 5

Forálacha ginearálta maoinithe

1.  Féadfar cúnamh airgeadais an Aontais a chur ar fáil trí na cineálacha maoiniúcháin a bheartaítear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, go háirithe deontais agus, i gcásanna eisceachtúla, soláthar poiblí.

2.  Na cineálacha maoinithe dá dtagraítear i mír 1 agus na modhanna cur chun feidhme, déanfar iad a roghnú ar bhonn a gcumais cuspóirí sonracha na ►C1  ngníomhaíochtaí ◄ a chomhlíonadh agus torthaí a bhaint amach, agus costais rialaithe, an t-ualach riaracháin, agus an baol gurb ann do choinbhleachtaí leasa, go háirithe, á gcur san áireamh.

3.  Déanfaidh an Coimisiún cúnamh airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, a chur chun feidhme go díreach nó go hindíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a chur ar iontaoibh na n-eintiteas a liostaítear i bpointe (c) d'Airteagal 58(1) den Rialachán sin.

4.  Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, bainisteoir tionscadail a cheapadh. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mbainisteoir tionscadail maidir leis an dul chun cinn i ndáil leis an ►C1  ngníomhaíocht ◄ sula ndéanfaidh sé an íocaíocht leis na tairbhithe incháilithe.

Airteagal 6

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   ►C1  Leis an gClár, cuirfear tacaíocht ar fáil do ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag tairbhithe sa chéim forbartha, lena gcumhdaítear táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta nua agus uasghrádú táirgí agus teicneolaíochtaí atá ann cheana, ar choinníoll nach bhfuil úsáid na faisnéise a bhí ann roimhe agus is gá chun an ghníomhaíocht don uasghrádú a dhéanamh faoi réir srianadh ó thríú tír nó ó eintiteas tríú tír, go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó. ◄

Beidh ceann amháin nó níos mó de na ►C1  gníomhaíochtaí ◄ seo a leanas i gceist le ►C1  gníomhaíocht ◄ incháilithe:

(a) staidéir, amhail staidéir féidearthachta, agus ►C1  gníomhaíochtaí ◄ eile a ghabhann leo;

(b) táirge cosanta, comhpháirt nó teicneolaíocht inláimhsithe nó dholáimhsithe a dhearadh mar aon leis na sonraíochtaí teicniúla ar a ndearnadh dearadh den chineál sin a fhorbairt, lena n-áirítear tástálacha páirteacha le riosca a laghdú i dtimpeallacht thionsclaíoch nó ionadaíoch;

(c) córas fréamhshamhaltaithe táirge cosanta, comhpháirte nó teicneolaíochta inláimhsithe nó doláimhsithe;

(d) táirge cosanta, comhpháirt nó teicneolaíocht inláimhsithe nó dholáimhsithe a thástáil;

(e) táirge cosanta, comhpháirt nó teicneolaíocht inláimhsithe nó dholáimhsithe a cháiliú;

(f) táirge cosanta, comhpháirt nó teicneolaíocht inláimhsithe nó dholáimhsithe a dheimhniú;

(g) forbairt na dteicneolaíochtaí nó na sócmhainní lena méadaítear éifeachtúlacht feadh shaolré na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí cosanta.

▼C1

2.  Is gnóthais a bheidh ag comhoibriú laistigh de chuibhreannas ina mbeidh trí eintiteas incháilithe, ar a laghad, atá bunaithe i dtrí Bhallstát éagsúil ar a laghad a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1. I gcás trí cinn, ar a laghad, de na heintitis incháilithe sin a bheidh bunaithe in dhá Bhallstát éagsúla, ar a laghad, ní bheidh siad á rialú, go díreach nó go hindíreach, ag an eintiteas céanna, ná ní rialóidh siad a chéile.

▼B

3.  Tabharfaidh cuibhreannais dá dtagraítear i mír 2 cruthúnas ar a n-inmharthanacht trína léiriú go gcumhdófar costais na ►C1  gníomhaíochta ◄ nach gcumhdaítear leis an tacaíocht ón Aontas trí bhíthin bealaí maoiniúcháin eile, amhail ranníocaíochtaí ó na Ballstáit.

4.  Maidir le ►C1  gníomhaíochtaí ◄ dá dtagraítear i bpointí (c) go (g) de mhír 1, soláthróidh na cuibhreannais cruthúnas i leith an rannchuidiú a dhéanann siad le hiomaíochas an tionscail cosanta Eorpaigh trína léiriú go bhfuil sé de rún ag dhá Bhallstát ar a laghad an táirge a cheannach nó an teicneolaíocht deiridh a úsáid, ar bhealach comhordaithe, lena n-áirítear trí mheán soláthar comhpháirteach i gcás inarb infheidhme.

5.   ►C1  Gníomhaíochtaí ◄ dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, beidh siad bunaithe ar na ceanglais choiteanna arna gcomhaontú go comhpháirteach ag dhá Bhallstát ar a laghad. ►C1  Gníomhaíochtaí ◄ dá dtagraítear i bpointe (c) go pointe (g) de mhír 1, beidh siad bunaithe ar shonraíochtaí comhchoiteanna teicniúla arna gcomhaontú go comhpháirteach ag na Ballstáit a chomhmhaoineoidh an táirge nó a mbeidh de rún acu an táirge a cheannach trí mheán soláthar comhpháirteach nó an teicneolaíocht deiridh a úsáid go comhpháirteach, mar a thagraítear dó i mír 3 agus i mír 4, ionas gur fearr de caighdeánú agus idir-inoibritheacht na gcóras.

6.   ►C1  Gníomhaíochtaí ◄ chun táirgí agus teicneolaíochtaí a fhorbairt, a bhfuil a n-úsáid, a bhforbairt nó a dtáirgeadh faoi thoirmeasc faoin dlí idirnáisiúnta, ní bheidh siad incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár.

▼C1

Airteagal 7

Eintitis incháilithe

▼B

1.  Gnóthais phoiblí nó gnóthais phríobháideacha atá bunaithe san Aontas a bheidh sna tairbhithe agus sna fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an ►C1  ngníomhaíocht ◄ .

2.  Bonneagar, áiseanna, sócmhainní agus acmhainní na dtairbhithe agus na bhfochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an ►C1  ngníomhaíocht ◄ arna n-úsáid chun críocha na ►C1  ngníomhaíochtaí ◄ a chistítear faoin gClár, beidh siad lonnaithe ar chríoch an Aontais ar feadh thréimhse iomlán na ►C1  gníomhaíochta ◄ , agus beidh a struchtúir bhainistíochta feidhmiúcháin bunaithe laistigh den Aontas.

3.  Chun críocha na ►C1  ngníomhaíochtaí ◄ a chistítear faoin gClár, ní bheidh na tairbhithe agus na fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an ►C1  ngníomhaíocht ◄ faoi réir rialú tríú tír ná eintiteas tríú tír.

4.   ►C1  De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, agus faoi réir Airteagal 15(2), ní bheidh gnóthas atá bunaithe san Aontas agus atá á rialú ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír incháilithe mar thairbhí nó mar fhochonraitheoir a bhfuil baint acu leis an ngníomhaíocht, ach amháin más rud é go gcuirtear ar fáil don Choimisiún ráthaíochtaí arna bhformheas ag an mBallstát ina bhfuil sé bunaithe, i gcomhréir lena chuid nósanna imeachta náisiúnta. Féadfar tagairt a dhéanamh sna ráthaíochtaí sin do struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin an ghnóthais atá bunaithe san Aontas. Más iomchuí leis an mBallstát ina bhfuil an gnóthas bunaithe, féadfar tagairt a dhéanamh sna ráthaíochtaí sin freisin do chearta sonracha rialtasacha i rialú an ghnóthais. ◄

Soláthrófar sna ráthaíochtaí sin na dearbhuithe nach sárófar rannpháirtíocht i ►C1  ngníomhaíocht ◄ de ghnóthas den sórt sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstáit mar a bhunaítear i gcreat an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála de bhun Teideal V de CFAE, ná cuspóirí an Chláir ach oiread mar a leagtar amach in Airteagal 3 iad. Comhlíonfaidh na ráthaíochtaí le forálacha Airteagal 12 freisin. Tabharfaidh na ráthaíochtaí go háirithe bunús go bhfuil ►C1  gníomhaíochtaí ◄ i bhfeidhm, chun críche na ►C1  gníomhaíochta ◄ , lena áirithiú:

(a) nach feidhmeofar rialú an ghnóthais ar bhealach lena gcuirfí srian nó teorainn lena chumas an ►C1  ghníomhaíocht ◄ a chur i ngníomh agus torthaí a bhaint amach, lena gcuirfí teorainn lena bhonneagar, saoráidí, sócmhainní, acmhainní, maoin intleachtúil nó saineolas is gá chun críche na ►C1  gníomhaíochta ◄ , nó lena mbainfí dá chumais agus na caighdeáin is gá chun an ►C1  ghníomhaíocht ◄ a chur i ngníomh;

(b) go bhfuil cosc ar rochtain a bheith ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír ar fhaisnéis íogair a bhaineann leis an ►C1  ngníomhaíocht ◄ agus go bhfuil imréiteach náisiúnta slándála ag na fostaithe nó ag daoine eile a bhfuil baint acu leis an ►C1  ngníomhaíocht ◄ i gcás inarb iomchuí;

(c) go bhfanann úinéireacht na maoine intleachtúla a thiocfaidh ón ►C1  ngníomhaíocht ◄ , agus torthaí na ►C1  gníomhaíochta ◄ , laistigh den tairbhí le linn na ►C1  gníomhaíochta ◄ agus tar éis don ►C1  ghníomhaíocht ◄ a bheith curtha i gcrích agus ní bheidh siad faoi réir rialú nó srianadh tríú tír nó eintiteas tríú tír, agus ní fhéadfar iad a onnmhairiú lasmuigh den Aontas agus ní dheonófar rochtain don mhaoin intleachtúil sin nó na torthaí ón taobh amuigh den Aontas gan cead an Bhallstáit ina bhfuil an gnóthas bunaithe agus i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

Má mheasfar gurb iomchuí é leis an mBallstát ina bhfuil an gnóthas bunaithe, féadfar ráthaíochtaí breise a chur ar fáil.

Cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 13 ar an eolas faoi aon ghnóthas eile a mheasfar a bheith incháilithe i gcomhréir leis an mír seo.

5.  I gcás nach bhfuil ionadaithe iomaíocha ar fáil go héasca san Aontas, is féidir le tairbhithe agus fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an ►C1  ngníomhaíocht ◄ úsáid a bhaint as a sócmhainní, a mbonneagar, a n-áiseanna agus a n-acmhainní atá lonnaithe nó coinnithe lasmuigh de chríoch na mBallstát ar choinníoll nach sárófaí leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstáit leis an úsáid sin, go bhfuil sé sin comhsheasmhach le cuspóirí an Chláir agus go mbeidh sé i gcomhréir go hiomlán le hAirteagal 12.

Ní bheidh costais na ►C1  ngníomhaíochtaí ◄ sin incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár.

6.  Tráth a mbeidh ►C1  gníomhaíocht ◄ incháilithe á cur i ngníomh acu, féadfaidh tairbhithe agus fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an ►C1  ngníomhaíocht ◄ comhoibriú freisin le gnóthais atá bunaithe lasmuigh de chríoch na mBallstát nó atá á rialú ag tríú tíortha nó ag eintitis tríú tír, lena n-áirítear trína gcuid sócmhainní, bonneagair, áiseanna agus acmhainní do na gnóthais sin a úsáid, ar choinníoll nach sáródh a leithéid leasanna slándála agus cosanta an Aontais a Bhallstát. Beidh comhar den sórt sin comhsheasmhach leis na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 3 agus beidh sé i gcomhréir go hiomlán le hAirteagal 12.

Ní bheidh aon rochtain neamhúdaraithe ag tríú tír nó eintiteas eile tríú tír ar fhaisnéis rúnaicmithe a bhaineann le cur i ngníomh na ►C1  gníomhaíochta ◄ agus seachnófar éifeachtaí diúltacha a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le slándáil sholáthar na n-ionchur atá riachtanach don ►C1  ghníomhaíocht ◄ .

Ní bheidh costais na ►C1  ngníomhaíochtaí ◄ sin incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár.

7.  Cuirfidh na tairbhithe an fhaisnéis riachtanach uile ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar na critéir incháilitheachta. I gcás ina dtarlódh athrú le linn don ►C1  ghníomhaíocht ◄ a bheith á ►C1  déanamh ◄ lena bhféadfaí amhras a chaitheamh ar na critéir incháilitheachta a bheith á gcomhlíonadh, cuirfidh an gnóthas an Coimisiún ar an eolas agus measúnóidh an Coimisiún an leantar de na critéir incháilitheachta a chomhlíonadh agus féachfaidh sé an bhféadfadh sé sin aon tionchar a imirt ar chistiú ►C1  na ◄ ►C1  gníomhaíochta ◄ .

8.  Chun críocha an Airteagail seo, le fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an ►C1  ngníomhaíocht ◄ , tagraítear d'fhochonraitheoirí a bhfuil gaol conarthach díreach acu le tairbhí eile, fochonraitheoirí eile dá bhfuil ar a laghad 10 % de chostas iomlán incháilithe na ►C1  gníomhaíochta ◄ á shannadh, agus fochonraitheoirí a bhféadfadh sé go dteastódh rochtain uathu ar fhaisnéis rúnaicmithe d'fhonn an conradh a chur i gcrích.

Airteagal 8

Dearbhú arna dhéanamh ag na gnóthais

Gach gnóthas laistigh de chuibhreannas ar mian leis a bheith rannpháirteach i ►C1  ngníomhaíocht ◄ , dearbhóidh sé, le ráiteas scríofa, go bhfuil sé eolach go hiomlán ar an dlí náisiúnta agus ar dhlí an Aontais maidir le gníomhaíochtaí i réimse na cosanta agus go bhfuil sé i gcomhréir leo.

Airteagal 9

Cuibhreannas

▼C1

1.  I gcás ina gcuirfear cúnamh airgeadais an Aontais ar fáil trí bhíthin deontas, déanfaidh comhaltaí aon chuibhreannais ar mian leis bheith rannpháirteach i ngníomhaíocht comhalta dá chomhaltaí a cheapadh chun gníomhú mar chomhordaitheoir. Déanfar an comhordaitheoir a aithint sa chomhaontú deontais. Beidh an comhordaitheoir ina phríomhtheagmhálaí le comhaltaí an chuibhreannais maidir le caidreamh leis an gCoimisiún agus leis an gcomhlacht cistiúcháin ábhartha, mura sonraítear a mhalairt sa chomhaontú deontais nó i gcás nach gcomhlíonfar a oibleagáidí faoin gcomhaontú deontais.

▼B

2.  Comhaltaí cuibhreannais atá rannpháirteach i ►C1  ngníomhaíocht ◄ , tabharfaidh siad comhaontú inmheánach i gcrích lena mbunófar a gcearta agus a n-oibleagáidí maidir leis an ►C1  ngníomhaíocht ◄ a dhéanamh (i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais), ach amháin i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus ina bhforáiltear dóibh sa chlár oibre nó sa ghlao ar thograí. Leis an gcomhaontú inmheánach, áireofar freisin socruithe maidir le ceart maoine intleachtúla a bhaineann leis na táirgí agus na teicneolaíochtaí arna bhforbairt.

Airteagal 10

Critéir dhámhachtana

Déanfar meastóireacht ar ►C1  ghníomhaíochtaí ◄ a bhfuil sé i gceist iad a chistiú faoin gClár ar bhonn gach ceann de na critéir seo a leanas:

(a) an rannchuidiú leis an sármhaitheas, go háirithe trína léiriú go bhfuil buntáistí suntasacha ag baint leis an ►C1  ngníomhaíocht ◄ atá á moladh thar táirgí nó teicneolaíochtaí cosanta atá ann cheana;

(b) an rannchuidiú leis an nuálaíocht, go háirithe trína léiriú go ndéanfar coincheapa nó cuir chuige ceannródaíocha nó nuálacha, feabhsúcháin theicneolaíocha nua, a bhfuil gealadh fúthu, don todhchaí nó feidhmiú teicneolaíochtaí nó coincheap nár feidhmíodh cheana san earnáil cosanta a áireamh ar an ►C1  ngníomhaíocht ◄ atá á moladh;

(c) an rannchuidiú le hiomaíochas agus fás na ngnóthas cosanta ar fud an Aontais, go háirithe trí dheiseanna nua margaidh a chruthú;

(d) an rannchuidiú le neamhspleáchas tionsclaíoch an tionscail cosanta Eorpaigh agus le leasanna slándála agus cosanta an Aontais trí fheabhas a chur ar tháirgí nó ar theicneolaíochtaí cosanta i gcomhréir le tosaíochtaí na gcumas cosanta arna gcomhaontú ag na Ballstáit faoi chuimsiú an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála, go háirithe i gcomhthéacs an Phlean Forbartha Cumas, agus, i gcás inarb iomchuí, tosaíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, ar choinníoll go mbeidh siad ag freastal ar leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus nach ndéanann siad féidearthacht rannpháirtíochta aon Bhallstáit a eisiamh;

(e) an chuid de bhuiséad iomlán na ►C1  gníomhaíochta ◄ atá le sannadh do rannpháirtíocht FBManna atá bunaithe san Aontas agus lena gcothaítear breisluach tionsclaíoch nó teicneolaíoch, agus iad mar chomhaltaí den chuibhreannas, mar fhochonraitheoirí nó mar ghnóthais eile sa slabhra soláthair, agus go háirithe an chuid de bhuiséad iomlán na ►C1  gníomhaíochta ◄ atá le sannadh do FBManna atá bunaithe i mBallstáit seachas na Ballstáit sin ina bhfuil na gnóthais sa chuibhreannas nach FBManna iad bunaithe;

(f) maidir le ►C1  gníomhaíochtaí ◄ dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d'Airteagal 6(1), an rannchuidiú le comhtháthú breise an tionscail cosanta Eorpaigh tríd an léiriú ó na tairbhithe go bhfuil de rún ag na Ballstáit an táirge nó an teicneolaíocht deiridh a úsáid, a cheannach nó a choinneáil.

I gcás inarb ábhartha, cuirfear san áireamh an rannchuidiú le méadú na héifeachtúlachta feadh shaolré na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí cosanta, lena n-áirítear costéifeachtacht agus an acmhainneacht do shineirgí sa phróiseas soláthair agus cothabhála maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad mhír.

Airteagal 11

Rátaí cistiúcháin

▼C1

1.  Ní rachaidh cúnamh airgeadais an Aontais a chuirtear ar fáil faoin gClár thar 20 % de chostas incháilithe gníomhaíochta dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 6(1). I ngach cás eile, féadfar suas le costas incháilithe iomlán an bhirt a chumhdach leis an gcúnamh.

▼B

2.  Féadfaidh ►C1  gníomhaíocht ◄ dá dtagraítear in Airteagal 6(1), a dhéantar a fhorbairt i gcomhthéacs an Bhuanchomhair Struchtúrtha, tairbhe a bhaint as ráta cistiúcháin arna mhéadú le 10 bpointe céatadáin breise.

3.  Féadfaidh ►C1  gníomhaíocht ◄ dá dtagraítear in Airteagal 6(1), tairbhe a bhaint as ráta cistiúcháin méadaithe, dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír den mhír seo, i gcás ina mbíonn ar a laghad 10 % de chostas iomlán incháilithe na ►C1  gníomhaíochta ◄ á shannadh do FBManna atá bunaithe san Aontas.

▼C1

Féadfar an ráta cistiúcháin a mhéadú de phointí céatadáin atá coibhéiseach le céatadán chostas incháilithe iomlán ghníomhaíocht atá sannta do FBManna atá bunaithe i mBallstáit ina bhfuil na gnóthais sa chuibhreannas nach FBManna iad bunaithe, suas le 5 phointe céatadáin breise.

▼B

Féadfar an ráta cistiúcháin a mhéadú de phointí céatadáin atá coibhéiseach le dhá oiread chéatadán chostas incháilithe iomlán ►C1  gníomhaíocht ◄ atá sannta do FBManna atá bunaithe i mBallstáit seachas iad siúd dá dtagraítear sa dara fomhír.

4.  Féadfaidh ►C1  gníomhaíocht ◄ dá dtagraítear in Airteagal 6(1), tairbhe a bhaint as ráta cistiúcháin méadaithe de 10 bpointe céatadáin i gcás ina mbíonn ar a laghad 15 % de chostas iomlán incháilithe na ►C1  gníomhaíochta ◄ á shannadh do chuideachtaí meánchaipitlithe atá bunaithe san Aontas.

5.  Cinnfear na costais incháilithe indíreacha trí ráta comhréidh a fheidhmiú de 25 % de na costais incháilithe dhíreacha iomlána, seachas na costais incháilithe dhíreacha le haghaidh fochonraitheoireachta.

6.   ►C1  Ní mó ná 35 phointe céatadáin a bheidh an méadú foriomlán ar ráta cistiúcháin gníomhaíochta tar éis míreanna 2, 3 agus 4 a chur i bhfeidhm. ◄

7.  An cúnamh airgeadais a chuireann an tAontas ar fáil faoin gClár, lena n-áirítear méadú ar rátaí cistiúcháin, ní chuimseofar leis an gcúnamh sin níos mó ná 100 % de chostas incháilithe na ►C1  gníomhaíochta ◄ .

Airteagal 12

Úinéireacht agus Cearta Maoine Intleachtúla

1.  Ní bheidh na táirgí nó na teicneolaíochtaí a thiocfaidh as an ►C1  ngníomhaíocht ◄ faoi úinéireacht an Aontais agus ní bheidh éileamh aige i dtaca le cearta maoine intleachtúla a bhaineann leis an ►C1  ngníomhaíocht ◄ .

2.  Na ►C1  gníomhaíochtaí ◄ a fhaigheann cistiú faoin gClár, ní bheidh a dtorthaí faoi réir rialú nó srianadh ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír, go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó, lena n-áirítear i dtéarmaí aistriú teicneolaíochta.

3.  Ní dhéanfar difear leis an Rialachán seo do lánrogha na mBallstát i ndáil leis an mbeartas maidir le honnmhairiú na dtáirgí a bhaineann leis an gcosaint.

4.  Maidir le torthaí arna nginiúint ag tairbhithe a fuair cistiú faoin gClár agus gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, cuirfear in iúl don Choimisiún aon aistriú úinéireachta chuig tríú tír nó chuig eintiteas tríú tír. Má dhéanann aistriú úinéireachta den sórt sin na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a shárú, aisíocfar an cistiú arna chur ar fáil faoin gClár.

5.  Más mar sholáthar poiblí maidir le staidéar a dhéanamh a chuireann an tAontas cúnamh ar fáil, beidh an ceart ag gach Ballstát ceadúnas neamheisiach a fháil, in aisce, lena mbeidh siad in ann an staidéar sin a úsáid, ach sin a iarraidh i scríbhinn.

Airteagal 13

Nós imeachta Coiste

1.   ►C1  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Tabharfar cuireadh don Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint a barúlacha agus a saineolas a chur ar fáil don choiste mar bhreathnóir. Tabharfar cuireadh freisin don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí cúnamh a thabhairt. ◄

Tiocfaidh an coiste le chéile freisin i bhfoirmíochtaí speisialta, lena n-áirítear chun plé a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le cúrsaí cosanta.

2.  I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 14

Clár oibre

1.  Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, clár oibre dhá bhliain. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2). Beidh an clár oibre i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

2.  Sa chlár oibre, leagfar amach go mionsonrach na catagóirí tionscadail a chisteofar faoin gClár. Beidh na catagóirí sin i gcomhréir leis na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 3.

Cumhdóidh na catagóirí sin cumais i ndáil le táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta nuálacha sna réimsí seo a leanas:

(a) ullmhúchán, cosaint, úsáid agus inbhuanaitheacht;

(b) bainistiú, barrfheabhas agus ceannas faisnéise, rialú, cumarsáid, ríomhairí, faisnéis, faireachas agus taiscéalaíocht, (C4ISR) an chibearchosaint agus an chibearshlándáil; agus

(c) gleic agus éifeachtóirí.

Áireofar sa chlár oibre freisin catagóir tionscadal atá tiomanta go sonrach do FBManna.

3.  Áiritheofar leis an gclár oibre go rachaidh ar a laghad 10 % den bhuiséad iomlán chun tairbhe rannpháirtíocht FBManna trasteorann.

Airteagal 15

Nós imeachta meastóireachta agus dámhachtana

1.   ►C1  Agus an Clár á chur chun feidhme, déanfar cistiú ón Aontas a dheonú tar éis glaonna iomaíocha arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012. ◄ In imthosca eisceachtúla a bhfuil bonn cirt cuí leo, féadfar cistiú ón Aontas a dheonú freisin i gcomhréir le hAirteagal 190 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012.

2.  Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na tograí a thíolacfar tar éis an ghlao ar thograí, ar bhonn na gcritéar incháilitheachta agus dámhachtana a leagtar amach in Airteagail 6, 7, 8 agus 10.

►C1  Cabhróidh saineolaithe neamhspleácha, a bhfuil a ndintiúir slándála bailíochtaithe ag na Ballstáit, leis an gCoimisiún i gcomhthéacs an nós imeachta dámhachtana. ◄ Náisiúnaigh de cuid an Aontais a bheidh sna saineolaithe sin, ón raon Ballstát is leithne is féidir, agus iad roghnaithe ar bhonn glaonna ar iarratais, d'fhonn bunachar sonraí iarratasóirí a bhunú.

An Coiste dá dtagraítear in Airteagal 13, cuirfear ar an eolas go bliantúil é maidir leis an liosta saineolaithe sa bhunachar sonraí, ar mhaithe le trédhearcacht dhintiúir na saineolaithe. Áiritheoidh an Coimisiún freisin nach ndéanfaidh saineolaithe meastóireacht, comhairleoireacht nó cabhrú i ndáil le hábhair ina bhfuil coinbhleacht leasa acu ina leith.

3.  Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an cistiú a dhámhachtain ar na ►C1  gníomhaíochtaí ◄ a roghnófar tar éis gach glao nó tar éis Airteagal 190 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 a fheidhmiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

Airteagal 16

Tráthchodanna bliantúla

Féadfaidh an Coimisiún gealltanais bhuiséadacha a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla.

Article 17

Faireachán agus tuairisciú

1.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar chur chun feidhme an chláir agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil isteach maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 38(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún na socruithe faireacháin is gá.

2.   ►C1  Chun tacú le héifeachtúlacht agus éifeachtacht ghníomhaíochtaí beartais an Aontais a fheabhsú sa todhchaí, déanfaidh an Coimisiún, tuarascáil mheastóireachta shiarghabhálach a tharraingt suas agus cuirfidh sé í chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Déanfaidh an tuarascáil cur le comhairliúcháin ábhartha leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí tábhachtacha, agus déanfaidh sí measúnú go háirithe ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3. Déanfar anailís sa tuarascáil freisin ar rannpháirtíocht trasteorann, lena n-áirítear rannpháirtíocht FBManna, agus cuideachtaí meánchaipitlithe, i ngníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin gClár ◄ chomh maith le comhtháthú FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe sa slabhra luacha domhanda. Beidh faisnéis sa tuarascáil freisin maidir le tíortha tionscnaimh na dtairbhithe agus, i gcás inar féidir, dáileadh na gceart maoine intleachtúla arna nginiúint.

Airteagal 18

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   ►C1  Nuair a chuirfear chun feidhme gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí iomchuí lena áirithiú go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí ghníomhaíochtaí coisctheacha a chur i bhfeidhm ◄ i gcoinne calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha chomhréireacha athchomhairleacha riaracháin agus airgeadais a ghearradh.

2.  Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchadh a dhéanamh, nó i gcás eagraíochtaí idirnáisiúnta, an chumhacht fíorú a dhéanamh i gcomhréir le comhaontuithe ar thángthas orthu leo, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a gheobhaidh cistí de chuid an Aontais faoin gClár.

3.  Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ( 3 ) ón gComhairle, ►C1  d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a chistítear faoin gClár. ◄

4.  Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus sna cinntí deontais a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena gcumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus fiosrúcháin den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Tá an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE MAOINIÚ AN CHLÁIR EORPAIGH FORBARTHA TIONSCAL I RÉIMSE NA COSANTA

Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, ag comhaontú go ndéanfar an maoiniú ar Chláir Eorpacha Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta a chumhdach sna blianta 2019-2020 mar a leanas:

 EUR 200 milliún ón gcorrlach gan leithdháileadh;

 EUR 116,1 milliún ó CEF;

 EUR 3,9 milliún ó Egnos;

 EUR 104,1 milliún ó Galileo;

 EUR 12 mhilliún ó Copernicus;

 EUR 63,9 milliún ó ITER.



( 1 ) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

( 2 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

( 3 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

Top