Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2417

Cinneadh (AE) 2022/2417 ón gComhairle an 5 Nollaig 2022 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le hiompar lasta de bhóthar

ST/11052/2022/INIT

IO L 318, 12.12.2022, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 12/12/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2417/oj

Related international agreement

12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 318/1


CINNEADH (AE) 2022/2417 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Iúil 2022

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le hiompar lasta de bhóthar

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1).

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/1165 (2) ón gComhairle síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le hiompar lasta de bhóthar (“an Comhaontú”) an 29 Meitheamh 2022, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(2)

I bhfianaise na míshocrachtaí in earnáil iompair na hÚcráine arb é an cogadh foghach a thug an Rúis faoin tír sin is cúis leo, is gá bealaí malartacha idirthurais de bhóthar tríd an Aontas Eorpach a aimsiú d’oibreoirí ó Phoblacht na Moldóive agus margaí nua a aimsiú chun a n-earraí a onnmhairiú.

(3)

Ós rud é nach gceadaítear faoi cheadúnais arna dtabhairt faoi chuimsiú chóras cuótaí iltaobhach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair laistigh den Fhóram Iompair Idirnáisiúnta ná faoi chomhaontuithe déthaobhacha reatha le Poblacht na Moldóive, nach gceadaítear an tsolúbthacht is gá d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar ó Phoblacht na Moldóive chun a n-oibríochtaí tríd an Aontas agus leis an Aontas a phleanáil roimh ré agus a mhéadú, tá sé ríthábhachtach iompar lasta de bhóthar a léirscaoileadh le haghaidh oibríochtaí déthaobhacha agus idirthurais.

(4)

I bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla agus uathúla a thugann gur gá an Comhaontú a shíniú, a chur i bhfeidhm go sealadach agus a thabhairt i gcrích, agus i gcomhréir leis na Conarthaí, is iomchuí don Aontas an inniúlacht roinnte ábhartha atá tugtha dó sna Conarthaí a fheidhmiú go sealadach. Ba cheart aon éifeacht de chuid an Chinnidh seo ar roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit a bheith teoranta go docht ó thaobh ama de. Níor cheart, dá bhrí sin, an inniúlacht arna feidhmiú ag an Aontas ar bhonn an Chinnidh seo agus an Chomhaontaithe a fheidhmiú ach amháin le linn thréimhse chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Dá réir sin, scoirfidh an inniúlacht roinnte a fheidhmítear ar an gcaoi sin de bheith á feidhmiú ag an Aontas a luaithe a scoirfidh an Comhaontú d’fheidhm a bheith aige. Gan dochar do bhearta eile de chuid an Aontais, agus faoi réir chomhlíonadh bhearta sin an Aontais, déanfaidh na Ballstáit an inniúlacht sin a fheidhmiú arís, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Chomhaontú ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i ndiaidh an dáta sin. Thairis sin, meabhraítear, mar a leagtar amach i bPrótacal Uimh. 25 maidir le hinniúlacht roinnte, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, nach gcumhdaítear le raon feidhme fheidhmiú inniúlacht an Aontais sa Chinneadh seo ach na heilimintí a rialaítear leis an gCinneadh seo agus leis an gComhaontú agus nach gcumhdaítear an réimse go léir leis. Ní dochar feidhmiú inniúlacht an Aontais leis an gCinneadh seo d’inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i ndáil le haon chaibidlíocht atá ar siúl nó a dhéanfar amach anseo maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú nó a thabhairt i gcrích le haon tríú tír eile sa réimse sin.

(5)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, formheastar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le hiompar lasta de bhóthar thar ceann an Aontais Eorpaigh (3).

Airteagal 2

1.   Beidh feidhmiú inniúlacht an Aontais de bhun an Chinnidh seo agus an Chomhaontaithe teoranta do thréimhse cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Gan dochar do bhearta eile de chuid an Aontais agus faoi réir chomhlíonadh bhearta an Aontais sin, tar éis dheireadh na tréimhse cur i bhfeidhm sin, scoirfidh an tAontas den inniúlacht sin a fheidhmiú agus déanfaidh na Ballstáit a n-inniúlacht a fheidhmiú arís i gcomhréir le hAirteagal 2(2) CFAE.

2.   Beidh feidhmiú inniúlacht an Aontais de bhun an Chinnidh seo agus an Chomhaontaithe gan dochar d’inniúlacht na mBallstát in aon chaibidlíocht, síniú nó tabhairt i gcrích atá ar siúl faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le hiompar earraí de bhóthar le haon tríú tír eile, agus le Poblacht na Moldóive i leith na tréimhse ar dá héis a scoirfidh an Comhaontú d’fheidhm a bheith aige.

3.   Ní chumhdaítear le feidhmiú inniúlacht an Aontais dá dtagraítear i mír 1 ach na heilimintí a rialaítear leis an gCinneadh seo agus leis an gComhaontú.

4.   Ní dochar an Cinneadh seo agus an Comhaontú d’inniúlachtaí na mBallstát agus an Aontais faoi seach i réimse an iompair earraí de bhóthar maidir leis na heilimintí seachas na heilimintí sin a rialaítear leis an gCinneadh seo agus leis an gComhaontú.

Airteagal 3

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 12 den Chomhaontú.

Airteagal 4

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach, le cúnamh ó ionadaithe na mBallstát mar bhreathnóirí, ionadaíocht thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh de bhun Airteagal 6 den Chomhaontú.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. KUPKA


(1)  Toiliú an 10 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2022/1165 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive (IO L 181, 7.7.2022, lch. 1).

(3)  Tá téacs an Chomhaontaithe foilsithe in IO L 181, 7.7.2022, lch. 4.


Top