Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024AP0085

P9_TA(2024)0085 — Iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí-úsáideach — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Feabhra 2024 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí-úsáideach (Imeachtaí sibhialta straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí) (COM(2022)0177 – C9-0161/2022 – 2022/0117(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

IO C, C/2024/6754, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6754/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6754/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6754

26.11.2024

P9_TA(2024)0085

Iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí-úsáideach

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Feabhra 2024 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí-úsáideach (‘Imeachtaí sibhialta straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí’) (COM(2022)0177 – C9-0161/2022 – 2022/0117(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2024/6754)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0177),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 81(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0161/2022),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Seanad na Fraince, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 26 Deireadh Fómhair 2022  (1),

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Nollaig 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0223/2023),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (2);

2.

á mholadh go ndéanfaí tagairt don ghníomh mar ‘Threoir Wölken-Bolaños García maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí-úsáideach (“Imeachtaí sibhialta straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí”)’ (3);

3.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)   IO C 75, 28.2.2023, lch. 143.

(2)  Cuirtear an seasamh seo in ionad na leasuithe a glacadh an11 Iúil 2023 (Téacsanna a glacadh, P9_TA(2023)0264).

(3)  Bhí Tiemo Wölken agus Félix Bolaños García i gceannas ar an gcaibidlíocht maidir leis an ngníomh thar ceann na Parlaiminte agus na Comhairle faoi seach.


P9_TC1-COD(2022)0117

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Feabhra 2024 chun go nglacfaí Treoir(AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine a bhíonn ag gabháil do rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha (‘Cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí’)

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/1069.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6754/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top