Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0550

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE ar an Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide

COM/2024/550 final

An Bhruiséil,11.9.2024

COM(2024) 550 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

ar an Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide

{SWD(2024) 200 final}


1. Meastóireacht ar Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide: an cúlra a thabhairt

Glacadh an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide (an ‘Rialachán maidir le Rialachais’, dá ngairtear ‘an Rialachán’ anseo feasta) i mí na Nollag 2018 1 . Ba é an aidhm sásra láidir rialachais a chruthú chun é a chur ar a chumas don Aontas a chuspóirí fuinnimh agus aeráide a bhaint amach agus na spriocanna a leagtar síos i gComhaontú Pháras 2015 a bhaint amach, agus oibleagáidí faoi reachtaíocht fuinnimh agus aeráide an Aontais á gcomhtháthú agus á simpliú ag an am céanna. Cumhdaítear leis an Rialachán na cúig ghné den Aontas Fuinnimh: slándáil fuinnimh, an margadh inmheánach fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh, dícharbónú, chomh maith le taighde, nuálaíocht agus iomaíochas.

Leis an Rialachán, neartaítear pleanáil chomhtháite náisiúnta maidir leis an mbeartas fuinnimh agus aeráide trí chreat comhleanúnach, éifeachtúil agus trédhearcach a chruthú lena ndéantar liosta fada d’oibleagáidí faireacháin atá scaipthe agus a fhorluíonn a chéile go pointe a chuíchóiriú, a chumasc agus a shimpliú. 2  Ar an gcéad dul síos, tacaíonn sé le pleanáil straitéiseach mheántéarmach agus fhadtéarmach maidir le fuinneamh agus leis an aeráid trí phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFAnna) agus trí straitéisí náisiúnta fadtéarmacha. Ar an dara dul síos, cuirtear creat ar fáil do na Ballstáit chun tuairisciú ar an dul chun cinn atá déanta acu maidir le cuspóirí agus spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 agus cuspóirí agus spriocanna fadtéarmacha fuinnimh agus aeráide a bhaint amach 3 , don Choimisiún agus do Rúnaíocht Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) araon. Ar an tríú dul síos, cuireann sé ar a chumas don Choimisiún measúnú agus faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas agus ag na Ballstáit, agus bearta a dhéanamh nuair nach leor leibhéal na huaillmhéine agus/nó an dul chun cinn.

Is é is aidhm don Rialachán an t‑ualach riaracháin a laghdú, comharthaí soiléire infheistíochta a chur ar fáil d’infheisteoirí, agus trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú trí rochtain níos éasca a thabhairt don phobal ar fhaisnéis faoi bheartas fuinnimh agus aeráide. Cruthaíodh leis sásra nua comhair idir na Ballstáit agus an tAontas. Chuir sé de cheangal ar na Ballstáit freisin idirphlé il-leibhéil a chur ar bun le geallsealbhóirí ina mbeadh údaráis áitiúla agus réigiúnacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, an pobal gnó, infheisteoirí, geallsealbhóirí eile agus an pobal i gcoitinne rannpháirteach.

Déantar meastóireacht sa tuarascáil seo ar an gcaoi ar fheidhmigh an Rialachán agus ar an gcaoi ar cuireadh chun feidhme é ó tháinig sé i bhfeidhm in 2018 agus tá doiciméad inmheánach oibre ag gabháil leis mar bhonn taca leis 4 . Déantar an mheastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 45 den Rialachán 5 . Déantar measúnú sa tuarascáil ar rannchuidiú an Rialacháin le rialachas an Aontais Fuinnimh, le spriocanna fadtéarmacha Chomhaontú Pháras, leis an dul chun cinn maidir le cuspóirí fuinnimh 2030, le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050, chomh maith le cuspóirí eile an Aontais Fuinnimh. Déantar meastóireacht sa tuarascáil freisin ar a mhéid a chomhtháthaítear an Rialachán agus ar a mhéid atá sé comhleanúnach le hoibleagáidí ábhartha pleanála, tuairiscithe agus faireacháin an Aontais agus go hidirnáisiúnta.

Tá sé in am measúnú a dhéanamh ar chreat rialachais fuinnimh agus aeráide an Aontais agus tá gá leis an measúnú sin. Tá tábhacht pholaitiúil ag baint leis i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ag teacht chun cinn agus na ndúshlán práinneach aeráide, eacnamaíoch, iomaíochais, sóisialta agus comhshaoil. Is bonn úsáideach í an mheastóireacht chun cabhrú le beartais fuinnimh agus aeráide an Aontais amach anseo a mhúnlú agus a chur chun feidhme, go háirithe i bhfianaise na nuaillmhianta ar mian linn a bhaint amach faoi 2040 agus faoi 2050 6 .

Sainaithnítear sa tuarascáil seo freisin réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu, lena náirítear an fhéidearthacht oibleagáidí tuairiscithe a shimpliú agus a chuíchóiriú, i gcomhréir le gealltanas foriomlán an Choimisiúin laghdú 25 % ar líon na noibleagáidí sin a bhaint amach 7 .

Baintear leas sa mheastóireacht as raon leathan foinsí agus bhí meastóireacht sheachtrach a rinne sainchomhairleoirí mar bhonn taca léi 8 . Tá na torthaí bunaithe i bpáirt ar chomhairliúcháin leis na húdaráis náisiúnta, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, leis an tionscal 9 , ar imeacht do gheallsealbhóirí, ar thuairimí an phobail a fuarthas trí ghlao ar fhianaise 10 , ar thaighde deisce, ar mheasúnuithe an Choimisiúin ar PNFAnna 11 agus ar thuairisciú ar dhul chun cinn PNFAnna 12 , ar scagadh ar oibleagáidí pleanála, tuairiscithe agus faireacháin faoi dhlí fuinnimh agus aeráide an Aontais, agus ar chás-staidéir i mBallstáit éagsúla.

2. Rialachas Fuinnimh agus Aeráide an Aontais i gcomhthéacs beartais agus i gcomhthéacs geopholaitiúil atá ag athrú

Tá athrú nach beag tagtha ar thimpeallacht fuinnimh agus aeráide na hEorpa agus go hidirnáisiúnta ó glacadh an Rialachán. Ar thaobh amháin, is toradh é sin ar thionchair mhéadaitheacha an athraithe aeráide a spreag freagairtí móra beartais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n‑áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip, an Dlí Aeráide Eorpach, an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, beartas an Aontais maidir le rioscaí aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, chomh maith le dul chun cinn maidir le Comhaontú Pháras a chur chun feidhme. Is é an Comhaontú Glas don Eoraip straitéis nua fáis an Aontais anois freisin, lena ndéantar fás eacnamaíoch a dhíchúpláil ó úsáid acmhainní. Ar an taobh eile, tá forbairt déanta ar bheartais fuinnimh agus aeráide an Aontais mar fhreagairt ar na géarchéimeanna nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a tharla mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Bhí tionchar mór ag forbairtí reachtacha an Aontais ar an Rialachán. Glacadh an Dlí Aeráide Eorpach in 2021 agus rinneadh leasuithe spriocdhírithe ar an Rialachán leis chun cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a ionchorprú. Leis na hathruithe reachtacha a rinneadh leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, tugadh isteach oibleagáidí nua pleanála agus tuairiscithe freisin, agus tá cuid acu sin fós le hionchorprú go hiomlán sa Rialachán. Leis an treoraíocht ón gCoimisiún in 2022 maidir le PNFAnna a nuashonrú 13 , spreagadh na Ballstáit chun cur le huaillmhian a bpleananna i gcomhréir leis an Dlí Aeráide, leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus leis an tionscnamh REPowerEU 14 .

Ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm, tharla mórfhorbairtí beartais ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin. Áirítear orthu sin cinntí maidir le conas Comhaontú Pháras a chur chun feidhme, amhail trí ‘chreat trédhearcachta feabhsaithe’. Ag COP 28, thug na páirtithe i gComhaontú Pháras faoin gcéad ‘athbhreithniú domhanda’. Tháinig siad ar an gconclúid, cé go bhfuil beartais aeráide atá ag éirí níos éifeachtaí á gcur i bhfeidhm acu, go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach bhreise. Chomhaontaigh na Páirtithe freisin acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite dhomhanda a mhéadú faoi thrí agus ráta na bhfeabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhúbailt faoi 2030, chomh maith le haistriú ó bhreoslaí iontaise i gcórais fuinnimh. Ina theannta sin, chruthaigh siad Creat don Athléimneacht Dhomhanda in aghaidh an Athraithe Aeráide agus sheol siad clár oibre Belém chun táscairí oiriúnaithe aeráide a bhunú. Gheall siad freisin dlús a chur le gníomhaíocht chun deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais neamhéifeachtúla do bhreoslaí iontaise nach dtéann i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh agus nach dtugann cúnamh do ghrúpaí leochaileacha 15 .

Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, cruthaíodh ionstraim cheannródaíoch Eorpach maidir le téarnamh eacnamaíoch, rud a thug deis freisin dlús a chur le haistriú glas an Aontais. Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA),atá i gcroílár na hionstraime NextGenerationEU (NGEU) agus atá freagrach as suas le EUR 800 billiún, ceanglaítear ar na Ballstáit 37 % ar a laghad de chistiú a bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (RRP) a leithdháileadh ar bhearta a rannchuidíonn le cuspóirí aeráide 16 . Leasaíodh Rialachán STA in 2022 chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit caibidlí de chuid REPowerEU a chur lena RRPanna agus rochtain a fháil ar chistiú breise chun cabhrú le deireadh a chur leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise roimh 2030. Le REPowerEU agus tionscnaimh reachtacha éigeandála, maolaíodh éifeachtaí na géarchéime fuinnimh ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí ar bhealach comhordaithe.

Leis an méadú ar an gcistiú mar aon le huaillmhian fheabhsaithe, cuireadh dlús le cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart fuinnimh agus aeráide a chuir na Ballstáit i láthair ina PNFAnna bunaidh a glacadh in 2020. Ní mór gníomhaíochtaí ábhartha a dtacaítear leo le STA a léiriú anois sna PNFAnna nuashonraithe críochnaitheacha a bhí le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2024. Tá a mhalairt fíor chomh maith: Bhí ról tábhachtach ag PNFAnna atá ann cheana maidir le réimsí le haghaidh athchóirithe a shainaithint chomh maith le cistiú le haghaidh infheistíochta faoin STA.

Bhí tástáil ghéar ar athléimneacht an Aontais mar thoradh ar an gcogaíocht a bheith á briseadh amach arís ar theorainneacha an Aontais agus as ar eascair an ghéarchéim fuinnimh is mó a bhí ann ó na 1970idí i leith. Tharraing na himeachtaí sin aird ar thábhacht na slándála fuinnimh, ar an ngá atá le rochtain éagsúlaithe ar sholáthairtí fuinnimh agus ar an ngá atá le fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn. Leag siad béim freisin ar ról na slándála fuinnimh i gcomhthéacs níos leithne na hathléimneachta eacnamaíche, ar iomaíocht dhomhanda mhéadaithe agus ar an ngá atá le rochtain iomaíoch ar amhábhair agus ar chomhpháirteanna a áirithiú chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Léiríodh gur creat sofhreagrúil é sásra rialachais an Rialacháin chun freagairt do na himeachtaí sin. Chuir sé ar a gcumas do na Ballstáit, mar shampla, na cúinsí athraitheacha beartais agus geopholaitiúla a léiriú agus a PNFAnna don tréimhse 2021-2030 á nuashonrú acu. Sa mheasúnú ar dhréacht-PNFAnna nuashonraithe 17 , tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i gcomparáid leis na PNFAnna bunaidh, gur chuir na dréachtphleananna nuashonraithe go mór le leibhéal uaillmhéine na spriocanna fuinnimh agus aeráide do 2030.

Mar sin féin, i bhfianaise an chreata rialála nuashonraithe, léiríodh sa mheasúnú freisin bearna uaillmhéine sna gníomhaíochtaí atá beartaithe chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus borradh a chur faoin bhfuinneamh in-athnuaite agus faoin éifeachtúlacht fuinnimh. Chun an bhearna sin a dhúnadh – agus chun dul i ngleic le heasnaimh eile sna dréachtphleananna – d’eisigh an Coimisiún moltaí do gach Ballstát 18 a bhí le cur san áireamh agus na PNFAnna nuashonraithe á dtabhairt chun críche. Dá bhrí sin, leanfar leis an Rialachán do phleanáil fuinnimh agus aeráide a stiúradh ag pointe cinniúnach.

3. Tionchar an Rialacháin maidir le Rialachais

Éifeachtacht: torthaí a bhaint amach ar an talamh.

Leis an Rialachán, tá feabhas tagtha ar an bpleanáil straitéiseach, a bhfuil gá léi chun spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach agus chun an bealach a réiteach chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Leis an Rialachán, rinneadh pleananna gníomhaíochta earnálacha náisiúnta iomadúla a chumasc in aon PNFA comhleanúnach amháin lena gcumhdaítear príomhearnálacha an gheilleagair agus faoi threoir spriocanna soiléire meántéarmacha. Ar an gcaoi sin, rannchuidigh sé le feabhas a chur ar an bpleanáil laistigh de na Ballstáit - á cheangal ar aireachtaí dlús a chur le comhordú beartais trasearnála - agus idir na Ballstáit, trí chomhar réigiúnach trasteorann a mhéadú, lena n‑áirítear maidir le tionscadail bhonneagair.

Mar sin féin, tá difríochtaí nach beag fós ann maidir le raon feidhme agus cáilíocht phleananna agus straitéisí na mBallstát. Tá tacaíocht pholaitiúil mhíchothrom ann ar fud na mBallstát do thimthriall PNFA an Rialacháin. Baineann sé sin go páirteach le húsáid a bheith á baint as creataí pleanála náisiúnta éagsúla fós, rud a mbíonn nósanna imeachta pleanála comhthreomhara mar thoradh uirthi uaireanta. D’áitigh roinnt geallsealbhóirí go bhfuil mí-ailíniú sa seicheamhú maidir le straitéisí fadtéarmacha agus PNFAnna a chur isteach agus thug siad dá n‑aire nach bhfuil na ceanglais maidir le straitéisí fadtéarmacha a nuashonrú tar éis a nglactha chomh forordaitheach céanna leis na ceanglais maidir le PNFAnna.

Chuidigh pleanáil níos fearr agus creat beartais níos comhleanúnaí le timpeallacht níos intuartha a chruthú d’infheisteoirí, ach tá saincheisteanna fós ann. Ag an am céanna, tugtar faoi deara i measúnuithe ón gCoimisiún ar na dréacht-PNFAnna (2019), PNFAnna críochnaitheacha (2020) agus dréacht-PNFAnna nuashonraithe (2023) gur gá do na PNFAnna faisnéis agus anailís níos mionsonraithe a sholáthar maidir le riachtanais infheistíochta agus foinsí cistiúcháin. Ar an gcaoi chéanna, go dtí seo níl meastacháin láidre ag go leor PNFAnna ar thionchair mhaicreacnamaíocha na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe. Thairis sin, i bhfianaise timthriallta infheistíochta fadtéarmaí áirithe (e.g. san earnáil tionsclaíochta) d’fhéadfadh creat ama 10 mbliana PNFAnna a bheith róghearr; leagann sé sin béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh peirspictíocht 30 bliain ag baint leis na straitéisí fadtéarmacha. D’fhéadfadh faisnéis níos mionsonraithe a bheith ag teastáil ó infheisteoirí freisin (e.g. ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil).

Chuidigh an Rialachán le beartais nua aeráide agus fuinnimh a thabhairt isteach. Ó glacadh na chéad PNFAnna in 2020, tá líon mór beartas agus beart nua tuairiscithe ag na Ballstáit. Mar shampla, i dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn 2023, bearta nua ab ea 29 % de na bearta uile. Léiríonn sé sin go bhfuil gníomhaíocht leanúnach déanta ag na Ballstáit chun cuspóirí aeráide agus fuinnimh 2030 a bhaint amach. Cé gur tugadh isteach roinnt beartas agus beart mar fhreagairt dhíreach ar an Rialachán, tá go leor eile nasctha leis ar bhealach níos indírí, rud a léiríonn ‘cineál creata’ an Rialacháin lena gcomhtháthaítear oibleagáidí ó phíosaí eile de reachtaíocht fuinnimh agus aeráide an Aontais (Fíor 1). Ag an am céanna, agus mar a tugadh faoi deara thuas, fuarthas amach sa mheasúnú uile-Aontais a rinne an Coimisiún i mí na Nollag 2023 ar na dréacht-PNFAnna nuashonraithe gur gá dlús a chur le cur chun feidhme na mbeartas fuinnimh agus aeráide chun spriocanna 2030 (atá níos uaillmhianaí anois) a bhaint amach. Ní mór sna PNFAnna freisin aird níos mó a thabhairt ar an oiriúnú don athrú aeráide.

Fíor 1. Sciar na mbeartas agus na mbeart arna dtuairisciú ag na Ballstáit ina dtuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn atá nasctha le beartais agus reachtaíocht an Aontais

Tabhair faoi deara: Is iad na beartais agus na bearta nua na beartais agus na bearta sin a cuireadh i bhfeidhm ó bhí na PNFAnna bunaidh ann. Foinse: Measúnú ar an dul chun cinn i dtreo chuspóirí an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, SWD (2023) 646 final.

Leis an Rialachán, tá feabhas curtha, go pointe áirithe, ar cháilíocht na faisnéise a thuairiscíonn na Ballstáit. Rud atá tábhachtach, chuidigh sé le cáilíocht shonraí agus réamh-mheastacháin an Aontais maidir le fardail gás ceaptha teasa a fheabhsú. Chuidigh próiseas na tuarascála comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn le hiomláine na faisnéise a fheabhsú. Mar sin féin, tá bearnaí agus neamhréireachtaí fós san fhaisnéis a thuairiscítear sna tuarascálacha ar dhul chun cinn. Tá feidhm aige sin freisin maidir le raon feidhme agus cáilíocht na faisnéise a thuairiscítear maidir le bearta oiriúnúcháin don athrú aeráide (Airteagal 19(1)).

Tá feabhas tagtha freisin ar rochtain phoiblí ar shonraí, mar shampla trí cheanglais chun sonraí maidir le saincheisteanna nua a bhailiú agus a thuairisciú agus chun faisnéis a fhoilsiú agus a chomhdhlúthú ar ríomhardán 19 arna bhunú leis an Rialachán. Mar sin féin, cé go bhfuil na sonraí seo ar fáil go poiblí, cuirtear i láthair iad uaireanta ar bhealach casta nach dtuigtear go héasca i gcónaí.

Is céim thábhachtach é an Rialachán i dtreo comhairliúchán poiblí níos éifeachtaí agus rialachas il-leibhéil beartais fuinnimh agus aeráide toisc go bhfuil ceanglais dhlíthiúla shonracha ann lena gcumhdaítear an dá ghné (Airteagal 10 agus Airteagal 11). D’eagraigh formhór na mBallstát comhairliúcháin phoiblí maidir lena ndréacht-PNFAnna nuashonraithe agus thuairiscigh siad roinnt tionscnamh chun páirt a ghlacadh in idirphlé il-leibhéil náisiúnta maidir leis an aeráid agus fuinneamh le húdaráis fhonáisiúnta agus le geallsealbhóirí eile. Mar sin féin, níor chuir na Ballstáit comhairliúcháin phoiblí a bhí cuimsitheach go leor ná a tharla luath go leor ar bun, mar a cheanglaítear leis an Rialachán, ná idirphlé il-leibhéil ar cháilíocht leordhóthanach. D’fhéadfadh cuid den chúis a bheith leis sin nach bhfuil forálacha an Rialacháin beacht ná forordaitheach go leor. D’fhéadfadh sé nach mbeadh na naisc leis na ceanglais maidir le rannpháirtíocht an phobail faoi Choinbhinsiún Aarhus nó faoin Treoir maidir le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC) 20 soiléir go leor ach oiread. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh ról a bheith ag easpa taithí ar an leibhéal náisiúnta, ag fadhbanna a bhaineann le struchtúir agus acmhainneacht riaracháin agus/nó ag easpa tacaíochta polaitiúla.

Bhí éifeacht mheasctha ag an Rialachán maidir le tráthúlacht na faisnéise tuairiscithe a fheabhsú, agus is minic na pleananna agus an fhaisnéis is gá a bheith á gcur isteach ag na Ballstáit tar éis an spriocdháta dhlíthiúil. 21 Is cosúil gurb é is cúis i bpáirt le moilleanna an gá atá le níos mó ama chun dul in oiriúint don phróiseas nó spriocdhátaí atá róghearr nó róghar dá chéile (e.g. spriocdháta tuairiscithe i mí an Mhárta 2023 agus spriocdháta i mí an Mheithimh 2023 ina dhiaidh sin chun dréacht-PNFAnna nuashonraithe a chur isteach). I gcásanna áirithe, bhí moilleanna ann freisin mar thoradh ar phróisis nó timthriallta pleanála náisiúnta nó réigiúnacha éagsúla, chomh maith le hathruithe ar an rialtas. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh ról a bheith ag srianta acmhainní daonna freisin. Tá baol ag baint le moilleanna do chúram an Choimisiúin forléargas cuimsitheach agus tráthúil a áirithiú chun uaillmhian agus dul chun cinn a stiúradh i dtreo cuspóirí fuinnimh agus aeráide. Ní dhearna ach ceithre Bhallstát a PNFAnna nuashonraithe críochnaitheacha a chur isteach faoin 30 Meitheamh 2024. Mar fhreagairt air sin, sheol an Coimisiún tionscadail phíolótacha de chuid an Aontais chuig na Ballstáit sin nár chuir isteach PNFAnna críochnaitheacha a tugadh cothrom le dáta.

Tá sásra um chomhlíontacht an Rialacháin bunaithe den chuid is mó ar mholtaí agus ar shásraí neamhcheangailteacha eile. Cé nach mór do na Ballstáit moltaí a chur san áireamh, níl siad ceangailteach. In athbhreithniú seachtrach ar mheasúnuithe ón gCoimisiún ar na PNFAnna críochnaitheacha in 2020, thángthas ar an gconclúid nár tugadh aghaidh ach go páirteach (53 %, nó 304) ar thromlach (66 %, nó 378) na moltaí do na Ballstáit nó nár tugadh aghaidh orthu ar chor ar bith (13 %, nó 74). 22  Chuir roinnt geallsealbhóirí an gearán in iúl, sa chás ab fhearr de, go dtionscnaítear nósanna imeachta um shárú mar fhreagairt ar Bhallstát a sháraíonn oibleagáidí nós imeachta (e.g. PNFAnna a chur isteach go déanach), ní mar gheall ar mhainneachtain na spriocanna a leagtar síos i reachtaíocht earnáilsonrach a bhaint amach. Ba cheart a mheabhrú, áfach, go náirítear i roinnt píosaí de reachtaíocht fuinnimh agus aeráide an Aontais a sásraí féin chun dul i ngleic le cur chun feidhme neamhleor 23 .

Ós rud é go bhfuil sé fós luath sa tréimhse cur chun feidhme, is beag úsáid a baineadh as príomhionstraimí dlí an Rialacháin chun aon bhearna san uaillmhian nó sa soláthar a dhúnadh (Airteagal 31 agus Airteagal 32). Cheistigh roinnt geallsealbhóirí cumas an Choimisiúin gníomhú mura néiríonn leis na Ballstáit maidir le huaillmhian nó soláthar a bhaint amach. Mar sin féin, sa mheasúnú uile-Aontais a rinne an Coimisiún ar na PNFAnna críochnaitheacha le linn thimthriall 2019-2020, sainaithníodh bearna uaillmhéine maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Chun an bhearna sin a dhúnadh, rinneadh athbhreithniú ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh 24 agus ar an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (EPBD) 25 mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Sa phróiseas leanúnach chun na PNFAnna a nuashonrú, tá obair leantach á déanamh go dícheallach ag an gCoimisiún ar an riosca go mbeidh bearnaí uaillmhéine ann. Maidir le soláthar, mar gheall ar an am is gá chun sonraí fuinnimh agus aeráide a chomhdhlúthú, ní bheidh aon bhearnaí substaintiúla le feiceáil ach amháin i measúnuithe ar dhul chun cinn sa tréimhse cur chun feidhme.

Leis an Rialachán, spreagadh comhar réigiúnach idir na Ballstáit go pointe áirithe. Sna measúnuithe uile-Aontais a rinne an Coimisiún ar na dréacht-PNFAnna(2019), ar na PNFAnna críochnaitheacha (2020) agus ar na dréacht-PNFAnna nuashonraithe (2023), fuarthas amach go ginearálta gur shainaithin na Ballstáit go cuí an gá atá le comhar réigiúnach, agus úsáid á baint ag cuid acu as fóraim réigiúnacha amhail na grúpaí ardleibhéil arna mbunú ag an gCoimisiún 26 Ag an am céanna, léiríodh sna measúnuithe go raibh úsáid mhíchothrom á baint as comhairliúchán réigiúnach agus na PNFAnna á nullmhú agus go raibh leibhéil éagsúla sonraí ann maidir leis na bearta atá beartaithe ag na Ballstáit a chur chun feidhme in éineacht le Ballstáit eile. Sampla sonrach amháin den chomhar idir na Ballstáit is ea an chaoi ar bhain an Fhionlainn agus Lucsamburg úsáid as an Sásra Maoiniúcháin don Fhuinneamh In-Athnuaite (REFM) mar shásra seachadta chun bearna i sciar Lucsamburg d’fhuinneamh in-athnuaite a sheachaint. Tá REFM fós ag céim luath dá chur chun feidhme agus tá acmhainneacht neamhshaothraithe ann. Léiríonn tairiscint/tairiscintí atá beartaithe amach anseo go bhféadfadh méadú teacht ar úsáid an tsásra sin.

Éifeachtúlacht: simpliú agus cuíchóiriú

Trí na hoibleagáidí maidir le beartas fuinnimh agus aeráide a chuíchóiriú, a chumasc agus a shimpliú, is céim thábhachtach é an Rialachán i dtreo costais a laghdú agus comhleanúnachas beartais a fheabhsú. Rinneadh cuíchóiriú i bhfoirm pleananna comhtháite (PNFAnna), straitéisí (Straitéisí fadtéarmacha) agus tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, oibleagáidí gaolmhara AE agus idirnáisiúnta a chumasc in aon Rialachán amháin 27 agus cinn eile a scriosadh go hiomlán. Sa mheasúnú tionchair atá mar bhonn agus mar thaca ag an togra reachtach tosaigh ón gCoimisiún, measadh go mbeadh laghdú bliantúil 5 % ar chostais tuairiscithe dhírigh faoi gach píosa de reachtaíocht fuinnimh an Aontais i gcomparáid leis an mbunlíne mar thoradh ar an gcuíchóiriú beartais sin 28 .

Ag an am céanna, trí raon leathan oibleagáidí pleanála agus tuairiscithe a chumasc in aon rialachán amháin, déantar costais ó phíosaí eile reachtaíochta a chomhchruinniú. Ar bhonn na faisnéise a bhailigh an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta don staidéar tacaíochta 29 , meastar go mbeidh na costais aonuaire a eascróidh as na hoibleagáidí sin idir EUR 7,8 milliún agus 10,5 milliún do na 27 mBallstát le chéile, agus EUR 1,1 milliún don Aontas (an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA)). Meastar go mbeidh na costais athfhillteacha bhliantúla idir EUR 13,9 milliún agus EUR 19,5 milliún do na 27 mBallstát le chéile agus EUR 3,8 milliún don Aontas. Cé nach féidir meastachán cainníochtúil a thabhairt ar an gcoigilteas díreach a baineadh amach leis an Rialachán, bhain an cuíchóiriú roinnt coigilteas amach, mar a beartaíodh sa mheasúnú tionchair bunaidh.

Tá tairbhí éifeachtúlachta ag baint leis an Rialachán freisin nach féidir a chainníochtú. Tríd an iliomad doiciméad pleanála straitéisí a chumasc in aon PNFA amháin le próiseas cuíchóirithe agus le teimpléid fhorordaithe, ba cheart go gcuideofaí, le himeacht ama cibé ar bith, leis an ualach riaracháin a laghdú. Leis an gcur chuige comhtháite maidir le tuairisciú ar dhul chun cinn sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, cuirtear feabhas freisin ar éifeachtúlacht agus ar cháilíocht an phróisis tuairiscithe. Tá luach substaintiúil ag baint leis na buntáistí sin, cé gur deacair iad a chainníochtú, go háirithe a mhéid a dhéanann sonraí níos fearr agus pleanáil níos comhleanúnaí ceapadh beartas a fheabhsú san fhadtéarma.

Trí ghnéithe substainteacha agus próisis a chuíchóiriú tuilleadh is féidir níos mó a dhéanamh fós chun an t‑ualach riaracháin a bhaineann le pleanáil agus tuairisciú beartais fuinnimh agus aeráide a laghdú. D’ainneoin na dtairbhí éifeachtúlachta a bhaineann leis an Rialachán, mheas go leor de na húdaráis náisiúnta a ndeachthas i gcomhairle leo go raibh gá le méadú ar acmhainní airgeadais agus daonna chun an Rialachán a chur chun feidhme. Seachas an gá atá le tuilleadh comhordú tras-seirbhíse agus tiomsú sonraí, d’fhéadfadh sé sin eascairt as pleanáil beartais náisiúnta nach bhfuil ailínithe go hiomlán leis an Rialachán, rud a fhágann go mbíonn próisis chomhthreomhara ann. Mar sin féin, d’aithin geallsealbhóirí (go háirithe údaráis náisiúnta) go bhfuil cuar foghlama ann agus go mbítear ag súil leis go laghdófar an t‑ualach riaracháin le himeacht ama de réir mar a dhéantar ionchais aschuir, uirlisí agus teimpléid a mhionchoigeartú.

D’fhéadfadh tosca áirithe tionchar a imirt ar na tionchair a mheastar a bheidh ag an Rialachán ar chostais riaracháin. Mar shampla, ó glacadh an Rialachán, cuireadh go mór le beartais fuinnimh agus aeráide ó thaobh raon feidhme, uaillmhéine, castachta agus suntasachta polaitiúla de, agus tá éifeachtaí iarmhartacha aige sin ar cheanglais phleanála agus tuairiscithe. Léiríonn timthriall reatha na dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn cuid de na hathruithe beartais sin, trí leasuithe dlíthiúla nó i bhfoirm ábhair treorach 30 .

Leis an Rialachán freisin, tá tuairisciú níos éifeachtúla ann trí dhigitiú méadaithe, go háirithe agus EUR 5 mhilliún á infheistiú ag an Aontas chun ríomhardán tiomnaithe a chruthú . Chuir úsáid teimpléad digiteach agus nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta digiteacha go mór le hinchomparáideacht na sonraí tuairiscithe agus le hathúsáid sonraí a éascú. Dé réir a chéile freisin tá an ríomhardán á úsáid chun oibleagáidí lasmuigh den Rialachán a chomhtháthú, a bhfuil coigilteas costais agus sineirgí nach beag mar thoradh air. Leis an ardán, laghdaíodh go mór an t‑ualach ar an gCoimisiún tréimhsí tuairiscithe a bhainistiú, anailís a dhéanamh ar shonraí tuairiscithe agus sonraí a chur ar fáil lena n‑athúsáid.

Cé gur léir gur céim chun tosaigh é sin, d’fhéadfaí an t‑ardán a dhéanamh níos soláimhsithe agus níos neamhchasta. Mheas na húdaráis náisiúnta sin a raibh baint acu leis an bpróiseas tuairiscithe go raibh cúnamh teicniúil agus ranganna teagaisc a chuir an Coimisiún agus EEA ar fáil an-úsáideach. Mar sin féin, tá cáineadh déanta ag roinnt údarás náisiúnta agus geallsealbhóirí ar dhá ardán tuairiscithe éagsúla (ReportNET3 agus ReportENER) a bheith ann ag an am céanna.

D’aithin na geallsealbhóirí gur próiseas leanúnach é an cuíchóiriú agus mhol siad féachaint ar an gcaoi ar féidir cothromaíocht níos fearr a aimsiú idir méid agus leibhéal na mionsonraí is gá sna hoibleagáidí pleanála, tuairiscithe agus faireacháin ar thaobh amháin, agus an fhaisnéis bhunriachtanach is gá chun go gcomhlíonfaidh an tAontas a spriocanna ar an taobh eile.

Tá an Coimisiún ag gníomhú cheana féin chun dul i ngleic leis an ualach riaracháin. Gheall sé an tualach riaracháin a bhaineann le hoibleagáidí tuairiscithe faoi dhlí an Aontais a laghdú 25 % gan an bonn a bhaint de phríomhchuspóirí beartais 31 .

Rinne an Coimisiún dianscagadh le cúnamh intleachta saorga ar oibleagáidí pleanála, tuairiscithe agus faireacháin faoi dhlí fuinnimh agus aeráide an Aontais, agus aird á tabhairt freisin ar naisc idir na hoibleagáidí sin agus oibleagáidí tuairiscithe a bhaineann le hinbhuanaitheacht i réimsí beartais eile. San iomlán, rinne sé scagadh ar bhreis agus 700 oibleagáid 32 , a dtagann 41 díobh faoi raon feidhme an Rialacháin (Fíor 2).

Fíor 2. Oibleagáidí pleanála, tuairiscithe agus faireacháin i ndlí fuinnimh agus aeráide an Aontais agus i réimsí beartais gaolmhara – de réir an réimse reachtaigh agus de réir an eintitis fhreagraigh

Bunaithe ar an bpróiseas scagtha sin, shainaithin an Coimisiún roinnt príomhghníomhaíochtaí sna pleananna cuíchóirithe chun bearta nua a shainaithint chun ualaí tuairiscithe a laghdú, lena náirítear oibleagáidí tuairiscithe ar stoic ola aisghairm 33 , athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le slándáil an tsoláthair gáis, 34 agus reachtaíocht threasach faoin reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach gáis agus leictreachais agus faoin Rialachán maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh 35 . Déantar é sin a chomhlánú le roinnt beart tacaíochta chun an tualach comhlíontachta a laghdú. Tugadh faoi deara sna pleananna cuíchóirithe freisin go bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán mar bhealach chun éifeachtúlacht a fheabhsú tuilleadh.

Beartais fuinnimh agus aeráide atá comhleanúnach agus comhsheasmhach

Is creat aontaithe comhleanúnach go hinmheánach é an Rialachán lena dtugtar le chéile an iliomad oibleagáidí pleanála, tuairiscithe agus faireacháin a bhí scaipthe roimhe seo ar fud roinnt píosaí reachtaíochta de chuid an Aontais. Mar sin féin, tá roinnt neamhréireachtaí fós ann, go príomha mar gheall ar a chasta atá sé oibleagáidí iomadúla a chumasc i gcreat aonair. Is minic a bhíonn réimsí ina bhfuil saineolas seanbhunaithe ar phleanáil agus ar thuairisciú (amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa, fuinneamh in-athnuaite, agus éifeachtúlacht fuinnimh) níos forbartha ná réimsí beartais níos nuaí agus níos trasearnálaí amhail bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh nó an bhochtaineacht fuinnimh. Leis an Rialachán agus an dearadh atriallach atá ann, táthar ag súil – le tacaíocht ó rialacháin cur chun feidhme, treoraíocht ón gCoimisiún maidir le timthriall nuashonraithe PNFA agus cruinnithe saineolaithe – foghlaim trí ghníomhaíocht a chur chun cinn. Ba cheart cóineasú agus comhtháthú níos fearr a bhaint amach le pleananna agus tuarascálacha ina dhiaidh sin.

Leis an Rialachán, tá feabhas curtha freisin ar chomhleanúnachas idir reachtaíocht fuinnimh agus aeráide an Aontais agus píosaí gaolmhara eile de dhlí an Aontais, agus le comhaontuithe idirnáisiúnta. Áirítear sa Rialachán rialacha comhchoiteanna maidir le pleanáil, tuairisciú agus faireachán a dhéanamh ar chomhaontuithe idirnáisiúnta a chuidíonn, i measc nithe eile, leis na Ballstáit a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras. Mar sin féin, tá gá le roinnt nuashonruithe ar an Rialachán chun ailíniú iomlán a áirithiú le rialacha agus próisis idirnáisiúnta a comhaontaíodh le déanaí.

Níl an Rialachán go hiomlán comhleanúnach le reachtaíocht fuinnimh agus aeráide nua nó nuashonraithe an Aontais go fóill. Go suntasach, ní léirítear go hiomlán ann go fóill oibleagáidí tuairiscithe nua nó athbhreithnithe gaolmhara a eascraíonn as an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Mar shampla, níor comhtháthaíodh go fóill an próiseas a bunaíodh faoi Airteagal 4(5) den athmhúnlú ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh chun an rannchuidiú náisiúnta le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh ná an sásra líonta bearnaí atriallach gaolmhar faoi Airteagal 4(6) a shocrú.

Is fiú aird a thabhairt freisin ar chomhleanúnachas idir PNFAnna agus pleananna faoi chláir chistiúcháin an Aontais. Mar shampla, sna nuashonruithe críochnaitheacha ar a PNFAnna, ba cheart do na Ballstáit níos mó mionsonraí a sholáthar maidir le sineirgí lena bpleananna straitéiseacha náisiúnta maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus maidir le bearta agus athchóirithe ábhartha ina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta agus ina gcaibidlí de chuid REPowerEU. Ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar neamhréireachtaí idir na gealltanais a tugadh sna dréacht-PNFAnna nuashonraithe agus na gealltanais réigiúnacha eatramhacha maidir le deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise a rinneadh sna pleananna críochacha um aistriú cóir a glacadh.

Tá deis ann freisin feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ar shineirgí le réimsí beartais eile, lena n‑áirítear maidir leis an gcomhshaol (e.g. cáilíocht an aeir, an geilleagar ciorclach, uisce agus bithéagsúlacht), talmhaíocht, iompar, tionscal agus beartas maicreacnamaíoch.

Ábharthacht agus breisluach d’Aontas Fuinnimh agus Aeráide

Leis an Rialachán, cuireadh breisluach AE ar fáil trí fheabhas a chur ar chomhsheasmhacht agus comhordú bheartais fuinnimh agus aeráide na mBallstát. Cuireadh sé breisluach AE ar fáil leis trí chreat agus sásraí a leagan amach chun tacú le beartais náisiúnta fuinnimh agus aeráide atá níos comhsheasmhaí agus níos comhordaithe agus chun comharthaí níos soiléire a thabhairt d’infheisteoirí, riachtanais riachtanacha chun cuspóirí agus spriocanna comhchoiteanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus ina dhiaidh sin a bhaint amach.

Trí fhoilsiú sonraí agus tuarascálacha breise a iarraidh, cuireadh faisnéis ar fáil leis an Rialachán ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta nach mbeadh ar fáil murach sin. Méadaíodh leis intuarthacht agus trédhearcacht bheartais fuinnimh agus aeráide na mBallstát trí chreat rialachais cuimsitheach comhtháite a chruthú. Tá próisis agus spriocdhátaí caighdeánaithe pleanála, tuairiscithe agus faireacháin, comhordú níos fearr, agus rochtain phoiblí ar fhaisnéis mar bhonn taca leis sin.

Leis an Rialachán, cuireadh feabhas ar chuntasacht go pointe áirithe trí oibleagáidí pleanála agus tuairiscithe a leathnú chuig réimsí breise, trí inrochtaineacht phoiblí ar shonraí a fheabhsú, agus trí phróiseas atriallach a chruthú a chuireann ar a chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar cháilíocht agus ar uaillmhian phleananna na mBallstát.

Cháin roinnt geallsealbhóirí an Rialachán toisc nach bhfuil rochtain shoiléir chomhchuibhithe éifeachtach acu ar chearta ceartais chun agóid a dhéanamh in aghaidh PNFAnna agus straitéisí fadtéarmacha os comhair cúirteanna náisiúnta mura gcomhlíonann siad ceanglais rannpháirtíochta nó má sháraíonn siad reachtaíocht chomhshaoil. Áitíonn siad go gcuireann sé sin le cur i bhfeidhm neamhréireach ar fud an Aontais agus go mbaineann sé an bonn de chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus, lenar féidir grinnscrúdú poiblí níos fearr a dhéanamh ar ghníomhartha a dhéanann difear don chomhshaol. Cé go luaitear go soiléir sa Rialachán gur cheart na comhairliúcháin a dhéantar ar na pleananna a bheith, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha Threoir MSC, d’áitigh roinnt geallsealbhóirí go bhfuil soiléireacht bhreise inmhianaithe chun rochtain ar chearta ceartais a áirithiú i ngach Ballstát.

Níos mó ná 5 bliana tar éis ghlacadh an Rialacháin, tá príomhchuspóirí an Rialacháin fós an-ábhartha agus is dóigh go n‑éireoidh siad níos ábhartha fós. Mar thoradh ar na dúshláin shocheacnamaíocha, chomhshaoil agus gheopholaitiúla a bhí ann le blianta beaga anuas, mar aon leis an bpráinn mhéadaitheach atá ann dul i ngleic leis an athrú aeráide agus cur lenár n‑athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, tá athmhúnlú á dhéanamh ar thosaíochtaí beartais. Léiríodh leis na dúshláin sin gur gá dlús a chur leis an gcomhordú idir na Ballstáit agus san Aontas chun cuspóirí aeráide agus fuinnimh atá ag éirí níos uaillmhianaí agus níos dúshlánaí a bhaint amach, chun dul i ngleic le hábhair imní maidir le slándáil fuinnimh, inacmhainneacht agus aistriú cóir, chun taighde agus nuálaíocht a chothú trí infheistíocht a mhealladh agus fíor-Aontas Fuinnimh a bhaint amach. Leanfaidh creat rialachais láidir, simplithe agus sofhreagrúil de bheith ina phríomhuirlis chun é a chur ar a chumas don Aontas na cuspóirí sin a bhaint amach.

4. Conclúidí agus ceachtanna a foghlaimíodh

Ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm i mí na Nollag 2018, tá pleanáil agus tuairisciú fuinnimh agus aeráide níos comhleanúnaí, níos comhtháite agus níos simplí dá bharr. Tá a bhreisluach cruthaithe aige i gcomhthéacs atá ag athrú go tapa, lena n‑áirítear beartais agus reachtaíocht fuinnimh agus aeráide atá ag éirí níos uaillmhianaí agus níos trasearnálaí, paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim fuinnimh a tharla mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Bhí ról tábhachtach ag an Rialachán maidir leis an Aontas a chur ar an mbóthar ceart chun a chuspóirí agus spriocanna fuinnimh agus aeráide do 2030 agus ina dhiaidh sin a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtúla. Beidh na PNFAnna nuashonraithe críochnaitheacha ina bpríomhuirlis chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

Cé gur lean an creat beartais foriomlán a cruthaíodh leis an Rialachán de thorthaí a bhaint amach fiú faoi imthosca athraitheacha, cuirtear i dtábhacht sa mheastóireacht seo go bhfuil réimsí ann a bhféadfaí tuilleadh feabhais a chur orthu. Cuireann sé léargais ar fáil a chuirfear san áireamh i gcur chun feidhme leanúnach an Rialacháin agus leis an athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh air.

Leis an Rialachán, ní mór cabhrú leis an Aontas sraith cuspóirí fuinnimh agus aeráide atá ag méadú agus ag éirí níos uaillmhianaí a bhaint amach, a bhfuil níos mó i gceist leo ná a spriocanna do 2030 a bhaint amach. Agus cobhsaíocht rialála á háirithiú agus ár nuaillmhianta do 2030 á gcoinneáil, atá bunriachtanach chun go dtiocfaidh infheistíochtaí san aistriú glan chun cinn, ba cheart bonn a chur ar fáil leis an Rialachán chun beartais fuinnimh agus aeráide a mhúnlú agus a chur chun feidhme i gcomhréir lenár nuaillmhianta do 2040 agus 2050. Le sásra rialachais an Rialacháin, ní mór cuidiú le dlús a chur leis an aistriú chuig an aeráidneodracht. Ina theannta sin, ní mór freisin an tiomaíochas, an tslándáil fuinnimh agus an athléimneacht fuinnimh a chur san áireamh, dul i ngleic le dúshláin ar fud an tslabhra soláthair do theicneolaíochtaí glana agus teicneolaíochtaí glan-nialasacha, céimniú amach breoslaí iontaise agus fóirdheontas do bhreoslaí iontaise a dhreasú, dul i ngleic le hábhair imní maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh agus leis an aistriú cóir, gnéithe scileanna agus post a chur san áireamh, agus béim níos mó a chur ar bhreithnithe maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide, agus an Measúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide a bhí ann le déanaí á chur san áireamh 36 . Chuige sin, ní mór rialachas fuinnimh agus aeráide an Aontais a neartú a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar an ilroinnt, ar na bearnaí agus ar na cineálacha cur chuige náisiúnta neamh-chomhordaithe atá fós ann.

I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin an tualach riaracháin ó oibleagáidí tuairiscithe a laghdú 25 %, tá roghanna ann chun an Rialachán a shimpliú agus a chuíchóiriú tuilleadh, lena náirítear trí dhigitiú. Áirítear ar na roghanna cuíchóiriú breise a dhéanamh ar PNFAnna agus na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, leanúint den tuairisciú a ailíniú le ceanglais faoi Chomhaontú Pháras agus faoina chreat trédhearcachta feabhsaithe, deireadh a chur leis an tuairisciú ar stoic ola 37 chomh maith le feidhmiúlacht an ríomhardáin a leathnú agus a fheabhsú, mar shampla chun athúsáid sonraí níos éifeachtaí a chumasú. Is fiú measúnú a dhéanamh ar roghanna eile freisin, amhail féachaint ar an raon feidhme chun sineirgí agus comhleanúnachas a fheabhsú le réimsí eile de reachtaíocht an Aontais agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, agus iad a chomhtháthú, chun gnóthachain éifeachtúlachta bhreise a bhaint amach. B’fhiú machnamh cúramach a dhéanamh ar a mhéid a chuideodh leathnú raon feidhme an Rialacháin chun réimsí beartais lasmuigh den fhuinneamh agus den aeráid a chumhdach le gnóthachain éifeachtúlachta bhreise a bhaint amach.

Chun a áirithiú gur fíorphleananna infheistíochta um aistriú glas iad na PFNAnna a bheidh ann amach anseo, tá gá le cinnteacht níos fearr faoin Rialachán le haghaidh infheistíocht phoiblí agus, go háirithe, infheistíocht phríobháideach ar gach leibhéal. Leis na príomhionstraimí pleanála faoin Rialachán, ní mór riachtanais infheistíochta agus foinsí cistiúcháin a shainaithint ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, comharthaí níos láidre a thabhairt agus sonraí níos fearr a chur ar fáil d’infheisteoirí, agus béim a leagan ar dheiseanna eacnamaíocha agus ar impleachtaí na n‑aistrithe fuinnimh agus aeráide. Ag tosú leis na pleananna nuashonraithe críochnaitheacha a bhí le glacadh ag na Ballstáit faoin 30 Meitheamh 2024, ba cheart na PNFAnna a bheith ina dtreoirphlean chun a áirithiú go mbainfidh an tAontas a uaillmhianta agus a chuspóirí amach do 2030 agus ina dhiaidh sin.

Dá bhfeabhsófaí comhlíonadh, chuideofaí le cuspóirí an Rialacháin a chomhlíonadh. Leis an Dlí Aeráide Eorpach agus leis an reachtaíocht earnáilsonrach, leagadh síos uaillmhian, cuspóirí agus spriocanna foriomlána an Aontais. Mar sin féin, tá dúshláin fós ann maidir le pleananna a chur isteach go tráthúil, tuarascálacha ar cháilíocht leordhóthanach, agus cur chun feidhme éifeachtach. Is fiú tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar conas is féidir comhlíonadh a fheabhsú go nithiúil.

Tá roinnt réimsí ann ina bhféadfaí feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht. Áirítear orthu sin an gaol idir straitéisí fadtéarmacha agus PNFAnna agus, i gcomhthéacs chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, idir PNFAnna agus buiséid náisiúnta. Chomh maith leis sin, cé gurb é an Rialachán an phríomhionstraim le haghaidh thuairisciú na mBallstát ar ghníomhú i ndáil le hoiriúnú don athrú aeráide, níl táscairí ann chun dul chun cinn sa réimse sin a rianú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé nach léireofaí go leordhóthanach sa Rialachán gnéithe earnáilsonracha (e.g. riachtanais dícharbónaithe sa tionscal, san iompar agus i bhfoirgnimh) chun an ghníomhaíocht is gá a spreagadh.

Chun cuspóirí fuinnimh agus aeráide meántéarmacha agus fadtéarmacha an Aontais a bhaint amach, tá gá le rannpháirtíocht mhéadaithe ó na Ballstáit, ó údaráis réigiúnacha agus áitiúla, ón tionsclaíocht, ón earnáil airgeadais, ó na comhpháirtithe sóisialta agus ón tsochaí shibhialta chomh maith le comhar méadaithe leis na dreamanna sin go léir agus eatarthu. Is gá cur chuige fíor-chomhoibríoch a ghlacadh bunaithe ar chomhairliúchán, ar chomhroinnt faisnéise, ar mhalartú dea-chleachtas, ar chúnamh teicniúil agus ar chomhordú. D’fhéadfadh cur chuige níos polaitiúla agus níos cuíchóirithe maidir le comhar réigiúnach feabhas a chur ar obair chomhpháirteach ar thionscadail trasteorann, lena náirítear tionscadail chun an bonneagar is gá le haghaidh an aistrithe fuinnimh chuig glan-nialasacht 38 , agus chun speisialtóireacht chliste a spreagadh i measc na mBallstát.

(1)       Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, Rialachán - 2018/1999 - GA - EUR-Lex (europa.eu) .
(2)

     San iomlán, rinne an togra ón gCoimisiún le haghaidh an Rialacháin breis agus 50 oibleagáid aonair pleanála, tuairiscithe agus faireacháin a chomhtháthú, a chuíchóiriú nó a aisghairm faoi acquis fuinnimh agus aeráide an Aontais (lena ndéantar 31 a chomhtháthú agus 23 a scriosadh) - féach COM(2016) 759 final/2 2016/0375(COD), féach: EUR-Lex - 52016PC0759R(01) - GA - EUR-Lex (europa.eu) .

(3)    Rud atá tábhachtach, níl oibleagáidí tuairiscithe ar chuideachtaí áirithe faoin Rialachán.
(4)      Doiciméad Inmheánach Oibre(2024) 200
(5)

     Rinneadh an mheastóireacht fhoriomlán i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr agus tá sí bunaithe ar chúig chritéar mheastóireachta chaighdeánacha: éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas, breisluach AE agus ábharthacht.

(6)

 Le Rialachán (AE) 2021/1119 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’), leagtar amach cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht san Aontas faoi 2050 agus, d’fhonn é sin a bhaint amach, is gá sprioc aeráide uile-Aontais a leagan síos do 2040 ( Rialachán– 2021/1119 – GA – EUR-Lex (europa.eu) ). Chuige sin, i mí Feabhra 2024 mhol an Coimisiún glanastaíochtaí GCT an Aontais a laghdú 90 % faoi 2040 i gcomparáid le 1990 ( EUR-Lex– 52024DC0063 – GA – EUR-Lex (europa.eu)).

(7)

 Beart a dhéanamh inniu agus an bealach a réiteach don lá amárach: Clár oibre 2024 an Choimisiúin, https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_23_4965 .

(8)    Staidéar tacaíochta maidir leis an meastóireacht ar Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide – tuarascáil chríochnaitheach (le foilsiú)
(9)

 Féach: https://energy.ec.europa.eu/events/workshop-evaluation-governance-energy-union-and-climate-action-regulation-2024-01-11_ga .

(10) Féach: https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13799-Energy-Union-and-climate-action-Review-report-on-the-Governance-Regulation_ga .
(11) Measúnú uile-Aontais 2019 ón gCoimisiún ar dhréacht-PNFAnna 2019 (COM/2019/285), https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?qid=1565713062913&uri=CELEX:52019DC0285 ; Measúnú uile-Aontais 2020 ón gCoimisiún ar PNFAnna deiridh 2020 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?qid=1600339518571&uri=COM%3A2020%3A564%3AFIN ; Measúnú uile-Aontais 2020 ón gCoimisiún ar PNFAnna deiridh 2020 (COM(2020) 564 final), https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?qid=1600339518571&uri=COM%3A2020%3A564%3AFIN ; Measúnú uile-Aontais 2023 ón gCoimisiún ar dhréacht-PNFAnna nuashonraithe 2023 (COM/2023/796 final), https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=COM% 3A2023% 3A796%3AFIN .
(12)    Measúnú ar an dul chun cinn i dtreo chuspóirí an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, SWD (2023) 646 final, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/RO/TXT/?uri=CELEX:52023SC0646 .
(13)    Fógra ón gCoimisiún maidir le Treoir do na Ballstáit i ndáil le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide 2021-2030 a nuashonrú 2022/C 495/02, Treoraíocht do na Ballstáit maidir le PNFAnna nuashonraithe 2021-2030 - An Coimisiún Eorpach (europa.eu) .
(14)    Is é REPowerEU freagairt an Aontais ar an gcruatan agus ar an suaitheadh sa mhargadh fuinnimh domhanda a tharla mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Is é is aidhm dó soláthairtí fuinnimh an Aontais a éagsúlú, fuinneamh a chaomhnú agus fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn a thuilleadh agus astaíochtaí a laghdú ag an am céanna, féach COM/2022/230 final ( https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=COM%3A2022%3A230%3AFIN&qid=1653033742483 ).
(15)    Cinneadh ó Chomhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras -1/CMA.5
(16)      Maidir le NGEU agus le creat airgeadais ilbhliantúil an Aontais 2021-2027, ní mór dóibh, i dteannta a chéile, 30 % ar a laghad dá leithdháileadh comhcheangailte a chaitheamh ar ghníomhú ar son na haeráide (thart ar EUR 600 billiún).
(17)       Measúnú uile-Aontais 2023 ón gCoimisiún ar dhréacht-PNFAnna nuashonraithe 2023 (COM/2023/796 final), https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=COM% 3A2023% 3A796%3AFIN .
(18)    Féach: Pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (europa.eu) .
(19) Is ardán ar líne é an ríomhardán (comhdhéanta de dhá chóras: Reportnet arna bhainistiú ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus ReportENER arna bhainistiú ag AS ENER) chun cumarsáid idir an Coimisiún agus na Ballstáit a éascú, comhar idir na Ballstáit a chur chun cinn agus rochtain phoiblí ar fhaisnéis a éascú. Tugann an ríomhardán tacaíocht do gach Ballstát atá ag tuairisciú faoin Rialachán seo.
(20)

 Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú ( https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/ALL/?uri=celex%3A32001L0042 ).

(21)    Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach an Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis seo.
(22)

     Staidéar tacaíochta maidir leis an meastóireacht ar Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide – tuarascáil chríochnaitheach (le foilsiú)

(23)

 Mar shampla, leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill agus Rialachán LULUCF, ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú bliantúil a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo na spriocanna náisiúnta a leagtar síos faoi na rialacháin sin agus ceanglaítear ar na Ballstáit plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh i gcás dul chun cinn neamhleor (cé go bhféadfadh na sásraí sin a bheith ag brath ar phróisis tuairiscithe agus athbhreithnithe sonraí arna mbunú leis an Rialachán maidir le Rialachas).

(24) Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ%3AJOL_2023_231_R_0001 .
(25) Treoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú), Treoir - AE - 2024/1275 - GA - EUR-Lex (europa.eu)
(26)

     Tá ceithre ghrúpa ardleibhéil curtha ar bun ag an gCoimisiún chun treoir straitéiseach stiúrtha agus beartais a sholáthar maidir le forbairt rialála agus bonneagair agus chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le tionscadail leasa choitinn i réigiúin tosaíochta: Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh (NSEC), Idirnaisc d’Iardheisceart na hEorpa, an Plean Idirnaisc don Mhargadh Fuinnimh Baltach (BEMIP), agus Nascacht Fuinnimh Lár agus Oirdheisceart na hEorpa (CESEC).

(27) Níor laghdaigh sé sin go díreach ualach riaracháin na noibleagáidí tuairiscithe sin (gan athrú den chuid is mó), ach laghdaigh sé an chastacht reachtach trí na hoibleagáidí a thabhairt faoi aon ionstraim amháin.
(28) Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin, measúnú tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh. Féach https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=SWD:2016:394:FIN .
(29)

 Féach Roinn 4.1.10 agus Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann leis an doiciméad inmheánach oibre.

(30) Fógra ón gCoimisiún maidir le Treoir do na Ballstáit i ndáil le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide 2021-2030 a nuashonrú (2022/C 495/02), EUR-Lex - 52022XC1229(02) - GA - EUR-Lex (europa.eu) .
(31) COM(2024) 163 final, The Clean Transition Dialogues - stocktaking a strong European industry for a sustainable Europe [Na hIdirphléití maidir leis an Aistriú Glan - athbhreithniú Tionscal láidir Eorpach le haghaidh Eoraip inbhuanaithe],  edc7b551-6b25-42ab-b36c-d9af7d4654e9_en (europa.eu) .
(32) Is éard is ‘ceanglas tuairiscithe’ ann ceanglas a thagann as reachtaíocht an Aontais lena gcuirtear d’oibleagáid ar údaráis na mBallstát, eagraíochtaí príobháideacha agus/nó eagraíochtaí poiblí sonraí struchtúrtha nó neamhstruchtúrtha (cáilíochtúla nó cainníochtúla) a chur ar fáil d’údaráis inniúla ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta.
(33)      Faoi Airteagal 6(2) agus Airteagal 9(4) de Threoir 2009/119/CE ón gComhairle ( Treoir- 2009/119 - GA - EUR-Lex (europa.eu) ) & Airteagal 26(1)a) de Rialachán (AE) 2018/1999 ( Rialachán- 2018/1999 - GA - EUR-Lex (europa.eu)
(34)      Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 ( Rialachán - 2017/1938 - GA - EUR-Lex (europa.eu) ).
(35) Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE ( http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1227/oj ).
(36)

     EEA Report 01/2024, European Climate Risk Assessment [Tuarascáil EEA 01/2024, Measúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide] ( European Climate Risk Assessment — European Environment Agency (europa.eu) ).

(37)    Airteagal 26(1)(c) den Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide.
(38) Féach Enrico Letta, Much More than a Market: Speed, Security, Solidarity [I bhfad níos mó ná Margadh: Luas, Slándáil, Dlúthpháirtíocht]. Ar fáil anseo: much-more-than-a-market-report-by-enrico-letta.pdf (europa.eu) .
Top