This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0757
Case C-757/22, Meta Platforms Ireland: Request for a preliminary ruling from the Bundesgerichtshof (Germany) lodged on 15 December 2022 — Meta Platforms Ireland Limited v Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände — Verbraucherzentrale Bundesverband e.V.
Cás C-757/22, Meta Platforms Ireland: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Nollaig 2022 – Meta Platforms Ireland Limited v Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V.
Cás C-757/22, Meta Platforms Ireland: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Nollaig 2022 – Meta Platforms Ireland Limited v Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V.
IO C 104, 20.3.2023, p. 15–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/15 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Nollaig 2022 – Meta Platforms Ireland Limited v Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V.
(Cás C-757/22, Meta Platforms Ireland)
(2023/C 104/19)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: Meta Platforms Ireland Limited
Freagróir ar an achomharc: Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V.
An cheist a tharchuirtear
An líomhnaítear go bhfuil ann do shárú ar chearta “mar thoradh ar an bpróiseáil” de réir bhrí Airteagal 80(2) de Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán maidir le Cosaint Sonraí) (1) i gcás ina mbunaíonn comhlachas cosanta tomhaltóirí a chaingean ar shárú ar chearta an ábhair sonraí ar an bhforas nár comhlíonadh na hoibleagáidí faisnéise a leagtar síos sa chéad abairt d’Airteagal 12(1) de Rialachán 2016/679, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13(1)(c) agus (e) de, maidir le críoch na próiseála sonraí agus faighteoir na sonraí pearsanta?
(1) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).