Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0313

Cás C-313/23, Inspektorat kam Visshia sadeben savet: Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 22 Bealtaine 2023 – Inspektorat kam Visshia sadeben savet

IO C 304, 28.8.2023, p. 6–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

28.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 304/6


Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 22 Bealtaine 2023 – Inspektorat kam Visshia sadeben savet

(Cás C-313/23, Inspektorat kam Visshia sadeben savet)

(2023/C 304/09)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Inspektorat kam Visshia sadeben savet

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1) [CAE], arna léamh i gcomhar leis an dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi gur sáraítear leis é, ann féin nó faoi choinníollacha áirithe, an oibleagáid atá ar Bhallstáit leigheasanna dlí éifeachtacha chun athbhreithniú breithiúnach neamhspleách a áirithiú i gcás ina gcuirfear síneadh ama neamhtheoranta le feidhmeanna údarás, ar údarás é atá in ann pionóis araíonachta a fhorchur ar bhreithiúna agus ag a bhfuil cumhachtaí chun sonraí a bhailiú maidir lena sócmhainní, tar éis don téarma oifige arna leagan síos sa bhunreacht dul in éag? I gcás go gceadaítear síneadh den sórt sin ar na cumhachtaí sin, cad iad na coinníollacha a bhaineann leis sin?

2.

An gcaithfear Airteagal 2(2)(a) de Rialachán (AE) 2016/679 (1) … (‘An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí’) a léiriú sa chaoi gurb é atá i gceist le nochtadh sonraí a thagann faoin rúndacht bhaincéireachta chun críoch sócmhainní breithiúna agus ionchúisitheoirí poiblí a scrúdú, a chuirfear ar fáil go poiblí níos déanaí, ná gníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais? An mbeadh freagra difriúil air sin dá mbeadh baint ag an ngníomhaíocht sin freisin le nochtadh sonraí de bhaill teaghlaigh na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí sin nuair nach breithiúna nó ionchúisitheoirí poiblí iad féin iad?

3.

I gcás gurb é freagra an dara ceist ná go bhfuil feidhm ag dlí an Aontais, an gcaithfear Airteagal 4(7) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a léiriú sa chaoi go gcinneann údarás breithiúnach, ar údarás é a cheadaíonn d’údarás Stáit eile rochtain ar sonraí maidir leis na hiarmhéideanna bainc atá ag breithiúna agus ionchúisitheoirí poiblí agus ag a mbaill teaghlaigh, críocha agus modhanna na próiseála de sonraí pearsanta agus, dá bhrí sin, gur ‘rialaitheoir’ é maidir le próiseáil sonraí pearsanta?

4.

I gcás gurb é freagra an dara ceist ná go bhfuil feidhm ag dlí an Aontais agus go dtabharfar freagra diúltach ar an tríú ceist, an gcaithfear Airteagal 51 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a léiriú sa chaoi go bhfuil údarás breithiúnach a cheadaíonn d’údarás Stáit eile rochtain ar shonraí maidir leis na hiarmhéideanna bainc atá ag breithiúna agus ionchúisitheoirí poiblí agus ag a mbaill teaghlaigh freagrach as maoirseacht ar [chur i bhfeidhm] an Rialacháin sin agus, dá bhrí sin, nach mór é a aicmiú mar ‘údarás maoirseachta’ i leith na sonraí sin?

5.

I gcás gurb é freagra an dara ceist ná go bhfuil feidhm ag dlí an Aontais agus go dtabharfar freagra dearfach ar an tríú ceist nó ar an gceathrú ceist, an gcaithfear Airteagal 32(1)(b) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus Airteagal 57(1)(a) den Rialachán sin a léiriú sa chaoi go bhfuil oibleagáid ar údarás breithiúnach a cheadaíonn d’údarás Stáit eile rochtain ar shonraí maidir leis na hiarmhéideanna bainc atá ag breithiúna agus ionchúisitheoirí poiblí agus ag a mbaill teaghlaigh, i gcás go bhfuil sonraí ann maidir le sárú ar an gcosaint i leith sonraí pearsanta a rinne an t-údarás dá dtabharfar an rochtain sin cheana, faisnéis a fháil ar na bearta a tógadh chun sonraí a chosaint agus a iomchuí is atá na bearta sin a chur san áireamh ina chinneadh maidir le rochtain a cheadú?

6.

I gcás gurb é freagra an dara ceist ná go bhfuil feidhm ag dlí an Aontais agus beag beann ar na freagraí a thabharfar ar an tríú ceist agus ar an gceathrú ceist, an gcaithfear Airteagal 79(1) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi, i gcás ina bhforáiltear sa dlí náisiúnta nach bhféadfaí catagóirí sonraí áirithe a nochtadh ach má tá cead ó chúirt, go bhfuil ar an gcúirt inniúil ina leith sin, ar a tionscnamh féin, cosaint dlí a thabhairt do na daoine a bhfuil a sonraí le nochtadh, trína ceangal ar an údarás a chur isteach ar rochtain ar na sonraí, agus gur eol go ndearna sé sáruithe ar an gcosaint i Leith sonraí pearsanta san am a chuaigh thart, faisnéis a chur ar fáil maidir leis na bearta a tógadh faoi Airteagal 33(3)(d) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus a gcur i bhfeidhm éifeachtach?


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO 2016 L 119, lch. 1).


Top