This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CN0671
Case C-671/23, Lietuvos bankas: Request for a preliminary ruling from the Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (Lithuania) lodged on 13 November 2023 — M v Lietuvos bankas
Cás C-671/23, Lietuvos bankas: Iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 13 Samhain 2023 – M v Lietuvos bankas
Cás C-671/23, Lietuvos bankas: Iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 13 Samhain 2023 – M v Lietuvos bankas
IO C, C/2024/632, 15.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/632/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/632 |
15.1.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 13 Samhain 2023 – M v Lietuvos bankas
(Cás C-671/23, Lietuvos bankas)
(C/2024/632)
Teanga an cháis: an Liotuáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: M
Cosantóir: Lietuvos bankas
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1. |
An bhfuil Airteagal 59 de Threoir 2015/849 (1) le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta faoina mheastar, má chinneann an t-údarás náisiúnta inniúil go bhfuil roinnt sáruithe ann ar thacair dhifriúla ceanglas faoi Airteagal 59(1)(a) go (d) de Threoir 2015/849 i rith iniúchta amháin, gur sárú córasach ar leith é gach ceann de na sáruithe sin agus go bhfuil gach ceann de na sáruithe sin faoi réir fíneála ar leith leis an uasfhíneáil a leagtar síos sa dlí náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2015/849 á chur san áireamh? |
2. |
An bhfuil Airteagal 59 de Threoir 2015/849 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta faoina mheastar, má chinneann an t-údarás náisiúnta inniúil go bhfuil roinnt sáruithe ann ar thacair chéanna ceanglas faoi Airteagal 59(1)(a) go (d) de Threoir 2015/849 i rith iniúchta amháin, gur sárú córasach ar leith é gach ceann de na sáruithe sin agus go bhfuil gach ceann de na sáruithe sin faoi réir fineála ar leith leis an uasfhíneáil a leagtar síos sa dlí náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Treoir (AE) 2015/849 á chur san áireamh? |
3. |
Más freagra dearfach a thabharfar ar, ar a laghad, ceann amháin de na ceisteanna thuas, cad iad na critéir nach mór a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil sárú faoi Airteagal 59 de Theoir 2015/849 córasach? |
(1) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO 2015 L 141, lch. 73).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/632/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)