Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TN0362

Cás T-362/23: Caingean arna tabhairt an 5 Iúil 2023 – Väderstad v EUIPO (Suíomh teaglaim de ghnéithe cur i láthair)

IO C 304, 28.8.2023, p. 24–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

28.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 304/24


Caingean arna tabhairt an 5 Iúil 2023 – Väderstad v EUIPO (Suíomh teaglaim de ghnéithe cur i láthair)

(Cás T-362/23)

(2023/C 304/29)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Väderstad Holding AB (Väderstad, an tSualainn) (ionadaí: A. Rasmussen, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh lena léirítear suíomh teaglaim de ghnéithe cur i láthair – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 131 026

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 13 Aibreán 2023 i gcás R 59/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

mar éileamh táinisteach, an cinneadh atá faoi chonspóid i ndáil leis na hearraí in aicme 7 a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


Top