This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024CN0199
Case C-199/24, Garrapatica: Request for a preliminary ruling from the Attunda tingsrätt (Sweden) lodged on 13 March 2024 – ND v Garrapatica AB
Cás C-199/24, Garrapatica: Iarraidh ar réamhrialú ó Attunda tingsrätt (an tSualainn) a taisceadh an 13 Márta 2024 – ND v Garrapatica AB
Cás C-199/24, Garrapatica: Iarraidh ar réamhrialú ó Attunda tingsrätt (an tSualainn) a taisceadh an 13 Márta 2024 – ND v Garrapatica AB
IO C, C/2024/3161, 21.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3161/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/3161 |
21.5.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Attunda tingsrätt (an tSualainn) a taisceadh an 13 Márta 2024 – ND v Garrapatica AB
(Cás C-199/24, Garrapatica)
(C/2024/3161)
Teanga an cháis: an tSualainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Attunda tingsrätt
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: ND
Cosantóir: Garrapatica AB
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An gcéadaítear le hAirteagal 85(1) de RGCS (1) do na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh de bhreis orthu sin nach mór dóibh a ghlacadh faoi Airteagal 85(2) den Rialachán a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha seachas críocha iriseoireachta nó chun críocha léirithe acadúla, ealaíonta nó liteartha? |
2. |
I gcás freagra dearfach ar an gceist roimhe seo: Maidir le hAirteagal 85(1) de RGCS, an féidir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint de bhun an rialacháin sin a thabhairt chun réitigh leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, rud a chiallaíonn gurb é an t-aon leigheas dlí atá ar fáil do dhuine a ndéantar a shonraí pearsanta a phróiseáil trí chiontuithe coiriúla a bhaineann leis an duine sin a chur ar fáil don phobal ar an idirlíon mar chúiteamh ar íocaíocht ná imeachtaí coiriúla a thionscnamh mar gheall ar chlúmhilleadh nó damáistí a éileamh mar gheall ar chlúmhilleadh? |
3. |
I gcás freagra diúltach ar an gcéad cheist nó ar an dara ceist: An féidir gurb ionann gníomhaíocht arb é atá inti doiciméid phoiblí i bhfoirm ciontuithe coiriúla a chur ar fáil don phobal ar an idirlíon ar íocaíocht, gan aon phróiseáil nó eagarthóireacht a dhéanamh orthu, agus próiseáil sonraí pearsanta chun na gcríoch atá leagtha amach in Airteagal 85(2) de RGCS? |
(1) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3161/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)