Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CN0468

Cás C-468/24, Netz Niederösterreich: Iarraidh ar réamhrialú ó Landesgericht St. Pölten (an Ostair) a taisceadh an 3 Iúil 2024 – SR v Netz Niederösterreich GmbH

IO C, C/2024/5406, 16.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5406/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5406/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5406

16.9.2024

Iarraidh ar réamhrialú ó Landesgericht St. Pölten (an Ostair) a taisceadh an 3 Iúil 2024 – SR v Netz Niederösterreich GmbH

(Cás C-468/24, Netz Niederösterreich)

(C/2024/5406)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landesgericht St. Pölten

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SR

An t-údarás is cosantóir: Netz Niederösterreich GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An bhfuil Airteagal 22 de Threoir (AE) 2019/944 (1), i gcomhar le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, le léiriú sa chaoi nach mór d’oibreoir líonra [a chur san áireamh] mian an úsáideora deiridh gan méadar cliste a fháil agus, sa chás sin, go bhfuil sé de dhualgas air gnáthmhéadar a sholáthar don úsáideoir deiridh in ionad córas méadraithe cliste?

2.

An bhfuil Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2014/32 (2), lena sainmhínítear ‘gaireas tomhais’ níos sonraí de réir bhrí Iarscríbhinní ionstraim-shonracha III go XII (Elektrizitätszähler für Wirkverbrauch [MI-003]), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 20(b)(c) agus Airteagal 23(3) de Threoir 2019/944, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar fhoráil den dlí náisiúnta (Mír 7(1)(31) den Elektrizitätswirtschafts- und organisationsgesetz (3), ‘ElWOG’), nach bhforchuireann aon cheanglais shonracha ar shlándáil sonraí ionstraimí tomhais?

3.

Agus Airteagal 20(b) agus (c), Airteagal 21(1)(a), Airteagal 23(3) de Threoir 2019/944 á léiriú, ar cheart Airteagal 6(1) de Threoir 85/374/CEE (4) arna leasú ag Treoir 1999/34/CE (5) a chur san áireamh freisin?

4.

An bhfuil Airteagal 5(3) de Threoir 2002/58/CE (6) le léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm ag an téarma ‘líonra cumarsáide leictreonaí’ freisin maidir le líonra leictreachais trína n-úsáidtear sonraí (sonraí tomhaltais, meiteashonraí, aitheantais phearsanta) chun críocha d’Airteagal 20(b) agus (c), Airteagal 21(1)(a) agus Airteagal 23(3) de Threoir 2019/944?

5.

An bhfuil Airteagail 5(1)(f), 13, 32(2) de Rialachán (AE) 2016/679 (7) agus Airteagal 7, Airteagal 8(1) agus (2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (8) (‘an Chairt’) le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta (Mír 1(6) den Intelligente Messgeräte-Einführungsverordnung (9)), dá réir nach mór ach cumraíocht an eatraimh léitheoireachta faoi seach a bheith le feiceáil ag an tomhaltóir deiridh, ach ní ar dá réir a chaithfidh sé a bheith le feiceáil cé acu ar aithin an t-oibreoir líonra ‘cás aonair a bhfuil údar cuí leis’ (Mír 84a(1) de ElWOG) agus agus ina ndearna sé sonraí an úsáideora deiridh a aisghabháil roimh an eatramh sonraithe?

6.

I bhfianaise Airteagal 52(3) den Chairt, aithris 5 di agus na mínithe ar Airteagal 7 den Chairt, an bhfuil cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine maidir le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine le chur in áireamh le haghaidh an léirithe ar Airteagail 20(b) agus (c), 21(1)(a) agus 23(3) de Threoir 2019/944?


(1)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO 2019 L 158, lch. 125).

(2)  Treoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí tomhais a chur ar fáil ar an margadh (IO 2014 L 96, lch. 149).

(3)  Dlí um Thionscal agus Eagraíocht Leictreachais na hOstaire 2010 sa leagan BGBl I Uimh. 17/2021.

(4)  Treoir 85/374/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú fhorálacha dlí, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO 1985 L 210, lch. 29).

(5)  Treoir 1999/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 1999 lena leasaítear Treoir 85/374/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú fhorálacha dlí, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO 1999 L 141, lch. 20).

(6)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37).

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).

(8)  An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (IO 2016 C 202, lch. 389).

(9)  Ordú Forfheidhmithe Gléasanna Méadraithe Cliste na hOstaire, BGBl II Uimh. 138/2012 sa leagan BGBl II Uimh. 9/2022 an 13 Eanáir 2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5406/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top