02023D1532 — GA — 14.10.2024 — 006.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

▼M3

CINNEADH (CBES) 2023/1532 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2023

bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua

▼B

(IO L 186 25.7.2023, lch. 20)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

 M1

CINNEADH (CBES) 2023/2686 ÓN gCOMHAIRLE  an 27 Samhain 2023

  L 2686

1

28.11.2023

►M2

CINNEADH (CBES) 2023/2792 ÓN gCOMHAIRLE  an 11 Nollaig 2023

  L 2792

1

11.12.2023

►M3

CINNEADH (CBES) 2024/1336 ÓN gCOMHAIRLE  an 14 Bealtaine 2024

  L 1336

1

15.5.2024

►M4

CINNEADH (CBES) 2024/1605 ÓN gCOMHAIRLE  an 31 Bealtaine 2024

  L 1605

1

31.5.2024

►M5

CINNEADH (CBES) 2024/1791 ÓN gCOMHAIRLE  an 24 Meitheamh 2024

  L 1791

1

24.6.2024

►M6

CINNEADH (CBES) 2024/1970 ÓN gCOMHAIRLE  an 15 Iúil 2024

  L 1970

1

16.7.2024

►M7

CINNEADH (CBES) 2024/2698 ÓN gCOMHAIRLE  an 14 Deireadh Fómhair 2024

  L 2698

1

14.10.2024


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 90410, 11.7.2024, lch.  1 (2024/1605)




▼B

▼M3

CINNEADH (CBES) 2023/1532 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2023

bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua

▼B



Airteagal 1

1.  
Earraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh cur le cumas na hIaráine Aerárthaí Gan Foireann (UAVanna) a mhonarú, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, beidh toirmeasc ar a ndíol, a soláthar, ar a n-aistriú agus ar a n-onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, le heintiteas nó le comhlacht sa Iaráin nó lena n-úsáid san Iaráin.
2.  

Toirmeascfar an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus le soláthar, monaraíocht agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht san Iaráin nó lena n-úsáid san Iaráin;

(b) 

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht san Iaráin nó lena n-úsáid san Iaráin.

(c) 

cearta maoine intleachtúla nó rúin trádála a dhíol, a cheadúnú nó a aistriú ar bhealach ar bith eile agus cearta rochtana nó athúsáide a thabhairt d’aon ábhar nó faisnéis a chosnaítear trí bhíthin cearta maoine intleachtúla nó ar rúin trádála iad a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht san Iaráin nó lena n-úsáid san Iaráin.

3.  
Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.

Airteagal 2

▼M3

1.  

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó chun idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine nádúrtha seo a leanas:

(a) 

atá freagrach as clár aerárthaí gan foireann nó diúracán na hIaráine, a thugann tacaíocht dó nó atá bainteach leis;

(b) 

a sholáthraíonn nó a dhíolann aerárthaí gan foireann nó diúracáin na hIaráine nó teicneolaíochtaí gaolmhara, nó atá bainteach ar shlí eile lena n-aistriú:

(i) 

chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine;

(ii) 

chuig grúpaí armtha agus eintitis armtha a bhfuil dochar á dhéanamh acu don tsíocháin agus don tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua;

(iii) 

chuig daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag gníomhú de shárú ar Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; nó,

(c) 

a bhfuil baint acu le daoine nádúrtha dá dtagraítear i bpointí (a) nó pointe (b), nó le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear de bhun Airteagal 3(1);

mar a liostaítear san Iarscríbhinn.

▼B

2.  
Le mír 1, ní chuirfear d’oibleagáid ar Bhallstát cead isteach ar a chríoch féin a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.
3.  

I gcás ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, beidh mír 1 gan dochar don chás sin, eadhon:

(a) 

mar thír óstála d’eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta;

(b) 

mar thír óstála do chomhdháil idirnáisiúnta arna tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce;

(c) 

faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó

(d) 

faoi Chonradh Idir-Réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil.

4.  
Beidh feidhm freisin ag mír 3 i gcásanna ina bhfuil an Ballstát ina thír óstála de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).
5.  
Cuirfear an Chomhairle ar an eolas go cuí faoi gach cás ina dtabharfaidh Ballstát díolúine de bhun mhíreanna 3 nó 4.
6.  
Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó na bearta a fhorchuirtear faoi mhír 1 a dheonú i gcás ina bhfuil údar cuí le taisteal ar fhorais riachtanais dhaonnachtúil phráinnigh nó ar fhorais go bhfuiltear ag freastal ar chruinnithe idir-rialtasacha nó ar chruinnithe atá á gcur chun cinn ag an Aontas nó á n-óstáil aige, nó atá á n-óstáil ag Ballstát a bhfuil Cathaoirleacht aige ar oifig ESCE, i gcás ina reáchtáiltear idirphlé polaitiúil a chuireann cuspóirí beartais na mbeart sriantach chun cinn go díreach, lena n-áirítear tacaíocht do smacht reachta, daonlathas, cobhsaíocht agus slándáil Phoblacht na hÚcráine.
7.  
Tabharfaidh aon Bhallstát ar mian leis díolúine a dheonú de bhun mhír 6 fógra i scríbhinn don Chomhairle ina leith. Measfar an díolúine sin a bheith deonaithe mura ndéanfaidh comhalta amháin nó níos mó den Chomhairle agóid i scríbhinn laistigh de 2 lá oibre tar éis an fógra a fháil faoin díolúine atá beartaithe. Má dhéanann comhalta amháin nó níos mó den Chomhairle agóid, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh an díolúine atá beartaithe a dheonú.
8.  
I gcás, de bhun mhíreanna 3, 4, 6 nó 7, ina n-údaraíonn Ballstát teacht isteach ina gcríoch, nó idirthuras trína gcríoch do dhuine a liostaítear san Iarscríbhinn, beidh an t-údarú teoranta don chuspóir ar chuige sin a thugtar é don duine lena mbaineann.

Airteagal 3

▼M3

1.  

Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí iad, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin:

(a) 

atá freagrach as clár aerárthaí gan foireann nó diúracán na hIaráine, a thugann tacaíocht dó nó atá bainteach leis;

(b) 

a sholáthraíonn nó a dhíolann aerárthaí gan foireann nó diúracáin na hIaráine nó teicneolaíochtaí gaolmhara, nó atá bainteach ar shlí eile lena n-aistriú:

(i) 

chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine;

(ii) 

chuig grúpaí armtha agus eintitis armtha a bhfuil dochar á dhéanamh acu don tsíocháin agus don tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua;

(iii) 

chuig daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag gníomhú de shárú ar Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; nó,

(c) 

a bhfuil baint acu le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) nó pointe (b);

mar a liostaítear san Iarscríbhinn iad, déanfar iad a reo.

▼B

2.  
Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis ná do chomhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn, ná ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, chun sochair dóibh.
3.  

De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údarás inniúil Bhallstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dó cinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a) 

go bhfuil gá leo chun bunriachtanais na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as earraí bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais agus muirir fóntais phoiblí;

(b) 

gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc agus costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c) 

gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d) 

go bhfuil gá leo le haghaidh costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, dhá sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

(e) 

go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas nó as cuntas misin taidhleoireachta, post consalach nó eagraíochta idirnáisiúnta ag a bhfuil díolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó an phoist chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú sin.

4.  

De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstáit údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 a liostú san Iarscríbhinn, nó go bhfuil sé faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b) 

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c) 

ní chun sochair duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn é an cinneadh; agus

(d) 

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú sin.

5.  
Ní chuirfear de chosc le mír 1 ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ar eintiteas nó ar chomhlacht a liostaítear san Iarscríbhinn, íocaíocht a dhéanamh atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a rinneadh, nó faoi oibleagáid a tháinig chun cinn, roimh an dáta a liostaíodh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin san Iarscríbhinn sin, ar choinníoll gur chinn an Ballstát lena mbaineann nach bhfaighidh duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht, go díreach nó go hindíreach.
6.  

Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis an méid seo a leanas a chur le cuntais reoite:

(a) 

ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

(b) 

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta ar tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbearta dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2; nó

(c) 

íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh san Aontas nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann;

ar choinníoll gur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i mír 1 fós atá aon ús den sórt sin, agus tuillimh agus íocaíochtaí eile.

7.  
Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i mír 2 maidir le heagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a ndéanann an tAontas measúnú colúin orthu agus lenar shínigh an tAontas comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais ar comhaontú é ar ar a bhonn a ghníomhaíonn na heagraíochtaí agus na gníomhaireachtaí mar chomhpháirtithe daonnúla de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil gá le soláthar na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha sin go heisiach chun críoch daonnúil san Iaráin.
8.  
I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 7, agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstáit, faoi cibé coinníollacha ginearálta agus sonracha is iomchuí leo, údaruithe sonracha nó ginearálta a dheonú chun go scaoilfear cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe nó chun go gcuirfear cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe ar fáil, ar choinníoll go mbeidh gá le soláthar na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha sin go heiseach chun críoch daonnúil san Iaráin.

▼M6

9.  
Mura ndéanann an t-údarás inniúil cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 8, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin.

▼M6

10.  
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna ndeonú faoi mhíreanna 8 agus 9 laistigh de 2 seachtaine ón údarú sin.
11.  
Ní bheidh feidhm ag na toirmisc in Airteagal 3 (1) agus (2) go dtí 27 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hoibleagáidí a eascraíonn as conradh arna thabhairt i gcrích roimh 26 Iúil 2023, nó as conarthaí coimhdeacha is gá chun an conradh sin a chur i gcrích.

▼B

Airteagal 4

1.  
Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ó Bhallstát nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an ‘tArdionadaí’), an liosta san Iarscríbhinn a bhunú agus a leasú.
2.  
Déanfaidh an Chomhairle cinneadh de bhun mhír 1, lena n-áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, trína dtabharfar deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a chur isteach.
3.  
I gcás ina gcuirfear barúlacha isteach nó ina gcuirfear fianaise nua shubstaintiúil isteach, athbhreithneoidh an Chomhairle an cinneadh lena mbaineann agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 5

1.  
Beidh san Iarscríbhinn na forais atá leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 a liostú ann.
2.  
Beidh san Iarscríbhinn chomh maith, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht, uimhreacha pas agus cárta aitheantais, inscne, seoladh, más eol, agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha; áit chlárúcháin agus dáta clárúcháin; uimhir chlárúcháin; agus áit ghnó.

Airteagal 6

1.  

Próiseálfaidh an Chomhairle agus an tArdionadaí sonraí pearsanta chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a chur i gcrích, go háirithe:

(a) 

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh;

(b) 

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú.

2.  
Maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe agus le ciontuithe coiriúla nó bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin, ní fhéadfaidh an Chomhairle ná an tArdionadaí iad a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun an Iarscríbhinn a ullmhú.
3.  
Chun críocha an Chinnidh seo, ainmnítear an Chomhairle agus an tArdionadaí mar ‘rialaitheoir’ de réir bhrí phointe (8) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1725 ( 1 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán sin.

Airteagal 7

Ní chomhlíonfar aon éileamh i ndáil le haon chonradh nó idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

(a) 

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú, a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b) 

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

Airteagal 8

Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na toirmisc a leagtar amach sa Chinneadh seo.

Airteagal 9

Chun tionchar na mbeart a leagtar amach sa Chinneadh seo a uasmhéadú, spreagfaidh an tAontas tríú Stáit chun bearta sriantacha a ghlacadh cosúil leis na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo.

▼M6

Airteagal 10

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 27 Iúil 2025 agus coinneofar faoi athbhreithniú leanúnach é. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.

Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(7), (8) agus (9) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 3(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus, ar a laghad, gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.

▼B

Airteagal 11

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.




IARSCRÍBHINN

Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3

▼M2

A. 

Daoine nádúrtha



 

Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

▼M6

1.

Hadi ZAHOURIAN

هادی ظهوریان

(Litriú Fairsise)

Post/poist: Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Shakad Sanat Asmari

Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Pas uimhir: 0055312047 (Uimhir aitheantais náisiúnta)

Eintitis chomhlachaithe: Shakad Sanat Asmari

Is é Hadi Zahourian príomhoifigeach Feidhmiúcháin Shakad Sanat Asmari.

Is cuideachta de chuid na hIaráine é Shakad Sanat Asmari a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed.

Ina cháil mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari, tá Hadi Zahourian, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann.

11.12.2023

2.

Mohammad Shahab KHANIAN

محمد شهاب خانیان

(Litriú Fairsise)

Post/poist: Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Shakad Sanat Asmari

Áit bhreithe: Mashhad, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Pas uimhir: 0930588411 (National ID)

Eintitis chomhlachaithe: Shakad Sanat Asmari

Is é Mohammad Shahab Khanian Leas-Phríomhoifigeach feidhmiúcháin Shakad Sanat Asmari.

Is cuideachta de chuid na hIaráine é Shakad Sanat Asmari a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed.

Ina cháil mar Leas-phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari, tá Mohammad Shahab Khanian, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann.

11.12.2023

3.

Ehsan Rahat VARNOSFADRANI

احسان راحت وارنوسفدرانی

(Litriú Fairsise)

Post/poist: Príomheolaí Shakad Sanat Asmari

Dáta breithe: 1983

Áit bhreithe: Bahman, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Eintitis chomhlachaithe: Shakad Sanat Asmari

Is é Ehsan Rahat Varnosfadrani Príomheolaí agus iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari.

Is cuideachta de chuid na hIaráine é Shakad Sanat Asmari a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed.

Ina cháil mar Phríomheolaí agus iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari, tá Ehsan Rahat Varnosfadrani, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann.

11.12.2023

▼M2

4.

Rahmatollah HEIDARI

ar a dtugtar freisin Rehmatollah HEIDARI

رحمت الله حیدری

(Litriú Fairsise)

Post/poist: Stiúrthóir Bainistíochta agus comhalta de bhord stiúrthóirí Baharestan Kish Company atá lonnaithe san Iaráin

Dáta breithe: 22.9.1985

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Eintitis chomhlachaithe: Baharestan Kish Company; Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC)

Is é Rahmatollah Heidari an Stiúrthóir Bainistíochta ar Baharestan Kish Company agus is comhalta de bhord stiúrthóirí an chuideachta sin é freisin.

Monaraíonn Baharestan Kish Company comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) do Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC).

Ina cháil mar Stiúrthóir Bainistíochta agus mar chomhalta de bhord stiúrthóirí Baharestan Kish Company, tá Rahmatollah Heidari, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann.

11.12.2023

5.

Nader Khoon SIAVASH

نادر خون سیاوش

(Litriú Fairsise)

Post/poist: Stiúrthóir ar Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO)

Dáta breithe: 30.4.1963

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Pasuimhir: 0028892753 (Aitheantas Náisiúnta)

Eintitis chomhlachaithe: Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO); Eagraíocht na dTionscal Cosanta (DIO); Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC)

Is é Nader Khoon Siavash an Stiúrthóir ar Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO).

Is eagraíocht í AIO a thuairiscíonn d’Aireacht Cosanta na hIaráine agus do Lóistíocht na bhFórsaí Armtha agus atá gníomhach i gclár aerárthach gan foireann (UAVanna) na hIaráine.

Ina cháil mar stiúrthóir ar AIO, tá Nader Khoon Siavash, ag tacú dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann.

11.12.2023

▼M6

6.

Ehsan IMANINEJAD

Ar a dtugtar freisin Ehsan IMANIJAD

احسان ایمانی نژاد

(Litriú Fairsise)

Post/poist: Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Saad Sazeh Faraz Sharif

Dáta breithe: 1982

Áit bhreithe: Shahrivar, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Eintitis chomhlachaithe: Saad Sazeh Faraz Sharif

Is é Ehsan Imaninejad Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Saad Sazeh Faraz Sharif.

Is cuideachta de chuid na hIaráine é Saad Sazeh Faraz Sharif (ar a dtugtar freisin Daria Fanavar Borhan Sharif) a thairgeann seirbhísí innealtóireachta aeraspáis agus a mhonaraíonn codanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed.

Ina cháil mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Saad Sazeh Faraz Sharif, tá Ehsan Imaninejad, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann.

11.12.2023

▼M4

7.

Mohammad-Reza Gharaei ASHTIANI

►C1  
image  ◄
(Litriú Fairsise)

Post/poist: Aire Cosanta Phoblacht Ioslamach na hIaráine

Dáta breithe: 1960

Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL)

Is é Mohammad-Reza Gharaei Ashtiani Aire Cosanta Phoblacht Ioslamach na hIaráine ó mhí Lúnasa 2021 i leith agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as an Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fórsaí Armtha (MODAFL) atá liostaithe ag an Aontas.

Tá MODAFL freagrach as pleanáil, lóistíocht agus cistiú Fhórsaí Armtha na hIaráine. Is príomhghníomhaí é freisin i dtionscal cosanta na hIaráine le hilchuideachtaí agus fo-ilchuideachtaí atá gníomhach i dtaighde agus i bhforbairt, i gcothabháil agus i monarú trealaimh mhíleata, lena n-áirítear monarú aerárthaí gan foireann.

Tá baint ag MODAFL freisin le gléasra comhpháirteach a chur ar bun chun aerárthaí gan foireann a tháirgeadh agus chun aerárthaí gan foireann a dhíol leis an Rúis agus é beartaithe iad a úsáid i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Mar Aire Cosanta, tá baint dhíreach ag Ashtiani le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine agus tá baint aige le haerárthaí gan foireann na hIaráine a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

31.5.2024

8.

Gholam Ali RASHID

ar a dtugtar freisin Gholamali RASHID

►C1  
image  ◄
(Litriú Fairsise)

Post/poist: Ceannasaí IRGC ar Khatam al-Anbiya Central Headquarters (KCHG)

Dáta breithe: 1953

Áit bhreithe: Dezful, Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Khatam al-Anbiya Central Headquarters (KCHG)

Tá Gholam Ali Rashid ina cheannasaí ar Khatam al-Anbiya Central Headquarters (KCHG) atá liostaithe ag an Aontas ó mhí an Mheithimh 2016 i leith.

Is é KCHG an t-eintiteas lárnach i slabhra ceannais fhórsaí armtha na hIaráine a dhéanann cinntí míleata oibríochtúla, agus a dhéanann comhordú idir gnáth-arm na hIaráine (Artesh) agus an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC), a fhaigheann agus a imscarann aerárthaí gan foireann araon.

Is é an misean atá ag KCHG maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí ionsaitheacha agus cosanta, lena n-áirítear trína cheanncheathrú réigiúnach agus téamach, mar shampla, na cinn atá i Murascaill na Peirse nó i Murascaill Oman, a thuairiscíonn don phríomh-cheanncheathrú. Tá sé freagrach freisin as comhoibríochtaí míleata a phleanáil agus a chomhordú, lena n-áirítear druileanna.

Rinne Gholam Ali Rashid maoirseacht ar imscaradh aerárthaí gan foireann agus ar ullmhacht láthair chatha aerárthaí gan foireann i ndruileanna agus i bhfreachnaimh.

Roimh IRGC agus Artesh sa slabhra ceannais, agus ar an gcaoi sin, ag déanamh maoirseacht ar fhórsaí armtha agus faisnéis uile na hIaráine agus ar Cheanncheathrú Foirgníochta Khatam al-Anbiya atá liostaithe ag an Aontas, tá Khatam al-Anbiya Central Headquarters i gcroílár fhórsaí míleata na hIaráine agus, dá bhrí sin, tá baint aige le haerárthaí gan foireann a aistriú chuig an Rúis agus le grúpaí armtha sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

Dá bhrí sin, tá Gholam Ali Rashid rannpháirteach i gclár aerárthaí gan foireann na hIaráine agus le haerárthaí gan foireann a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, agus chuig grúpaí agus eintitis armtha a bhaineann an bonn den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

31.5.2024

9.

Hossein Hatefi ARDAKANI

ar a dtugtar freisin

Hasan HASHEM; Hossein Hatafi ARDAKANI Hossein Hatfi ARDAKANI

►C1  
image  ◄
(Litriú Fairsise)

Post/poist: cathaoirleach bhord stiúrthóirí Kavan Electronics Behrad LLC; gníomhaire soláthair do IRGC,

Dáta breithe: 21.9.1985

Áit bhreithe: Ardakan, Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Pas uimhir: U34290111 (an Iaráin);

4449916581 (an Iaráin)

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organisation (IRGC SSJO); Kavan Electroncis Behrad LLC

Daoine aonair comhlachaithe: Mehdi Dehghani MOHAMMADABADI

Is é Hossein Hatefi Ardakani cathaoirleach an bhoird stiúrthóirí, agus is scairshealbhóir de Kavan Electroncis Behrad LLC atá lonnaithe san Iaráin agus liostaithe ag an Aontas.

Agus úsáid á baint as líonra casta cuideachtaí caocha agus cuideachtaí eachtracha, lena n-áirítear Kavan Electroncis Behrad LLC atá liostaithe ag an Aontas, tacaíonn Ardakani le hiarrachtaí IRGC SSJO earraí ríthábhachtacha a fháil do tháirgeadh aerárthaí gan foireann.

In cháil mar chathaoirleach ar bhord Kavan Electronics Behrad LLC, tá sé freagrach as bord na cuideachta a stiúradh, a cuspóirí straitéiseacha a shainiú agus maoirseacht a dhéanamh ar a gnó, agus dá bhrí sin tá baint aige le haerárthaí gan foireann na hIaráine a aistriú chuig an Rúis.

Dá bhrí sin, tá Hossein Hatefi Ardakani bainteach le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine. Tá baint aige freisin le haerárthaí na hIaráine a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh i gcoinne na hÚcráine.

31.5.2024

10.

Mehdi Dehghani MOHAMMADABADI

►C1  
image  ◄
(Litriú Fairsise)

Post/poist: POF ar Kavan Electronics Behrad LLC

Dáta breithe: 23.9.1982

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Pasuimhir: 4433172081 (an Iaráin)

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organisation (IRGC SSJO); Kavan Electroncis Behrad LLC

Daoine aonair comhlachaithe: Hossein Hatefi ARDAKANI

Feidhmíonn Mehdi Dehghani Mohammadabadi mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin, mar chomhalta den bhord stiúrthóirí, agus mar scairshealbhóir de Kavan Electroncis Behrad LLC atá lonnaithe san Iaráin agus atá liostaithe ag an Aontas.

Is cuideachta í Kavan Electroncis Behrad LLC a bhfuil baint aici le soláthar earraí aerárthaí gan foireann don Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organization (IRGC SSJO) atá liostaithe ag an Aontas.

Ina cháil mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin, tá sé freagrach as an gcuideachta a bhainistiú agus a stiúradh. Mar chomhalta den bhord, tá baint aige le gach cinneadh suntasach a dhéanann an chuideachta. Dá bhrí sin, tá baint aige le haerárthaí gan foireann na hIaráine a aistriú go dtí an Rúis.

Tá baint ag Mehdi Dehghani Mohammadabadi, dá bhrí sin, le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine. Tá baint aige freisin le haerárthaí gan foireann na hIaráine a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

31.5.2024

11.

Ismail QAANI

ar a dtugtar freisin Esma’il QANI; Esmaeil GHA’ANI; Esmaeil GHAANI; Esmail QA’ANI; Ismail Akbar QAANI

►C1  
image  ◄
(Litriú Fairsise)

Post/poist: Ceannasaí IRGC Qods Force

Dáta breithe: 8.8.1957

Áit bhreithe: Mashad, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Grád: Briogáidire-Ghinearál

Pasuimhir: D9003033; D9008347

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC); IRGC-Qods Force

Is é Ismail Qaani Ceannasaí an Islamic Revolutionary Guard Corps Qods Force (IRGC-QF) atá liostaithe ag an Aontas.

Tá IRGC-QF freagrach as líonra mílístí réigiúnacha a eagrú arb iad is cúis le dianmhéadú a bheith tagtha ar thionchar míleata na hIaráine ar fud an domhain Arabaigh le blianta beaga anuas.

Faoi cheannas Qaani, éascaíonn agus tacaíonn IRGC-QF le hionsaithe aerárthach gan foireann agus diúracán trí airm Iaránacha a aistriú chuig mílístí sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

Faoi orduithe ó Qaani, cumasaíonn agus tacaíonn IRGC-QF i.a. leis na hionsaithe dróin agus diúracán a dhéanann Houthis.

Dá bhrí sin, ina cháil mar cheannaire ar IRGC-QF, tá baint ag Ismail Qaani le diúracáin agus aerárthaigh gan foireann na hIaráine a aistriú chuig grúpaí agus eintitis armtha a bhaineann an bonn den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

31.5.2024

12.

Afshin Khaji FARD

►C1  
image  ◄
(Litriú Fairsise)

Post/poist: Ceann Iranian Aviations Industries Organisation (IAIO)

Áit bhreithe: Abadan, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Uimhir aitheantais náisiúnta: 1819457850

Eintitis chomhlachaithe: Iranian Aviations Industries Organisation (IAIO); Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL)

Is é Afshin Khaji Fard ceann Iranian Aviations Industries Organisation (IAIO), atá liostaithe ag an Aontas, cuideachta atá faoi úinéireacht stáit faoi údarás na hAireachta Cosanta agus Lóistíochta Fórsaí Armtha (MODAFL) atá liostaithe ag an Aontas chomh maith.

Tá IAIO freagrach as tionscal eitlíochta míleata na hIaráine a phleanáil agus a bhainistiú, lena n-áirítear aerárthaí gan foireann a fhorbairt.

Ina cháil mar cheann ar IAIO, tá tionscal aerárthaigh gan foireann na hIaráine curtha chun cinn go poiblí ag Fard agus is minic a luaigh sé go bhfuil baint ghníomhach ag IAIO le nuáil a dhéanamh ar aerárthaigh gan foireann na hIaráine.

Dá bhrí sin, tá Afshin Khaji Fard ag tacú le clár aerárthaigh gan foireann na hIaráine agus tá sé rannpháirteach ann.

31.5.2024

▼M7

13.

Behnam SHAHRIYARI

بهنام شهریاری

(Litriú Fairsise)

Post/poist: oifigeach in Aonad 190 d’Fhórsa Quds Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC)

Dáta breithe: 1968

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Pasuimhir: D10007350; K47248790

Is oifigeach tábhachtach in Aonad 190 d’Fhórsa Quds Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) é Behnam Shahriyari, a bhfuil baint aige leis na gnéithe lóistíochta d’aistriú arm, lena n-áirítear roicéid agus diúracáin, chuig grúpaí armtha sa tSiria, sa Liobáin, san Iaráic agus sna Críocha Palaistíneacha faoi fhorghabháil atá ailínithe leis an Iaráin.

Dá bhrí sin, tá baint ag Behnam Shahriyari le haistrithe diúracán chuig grúpaí agus eintitis armtha a bhfuil an bonn á bhaint acu den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

14.10.2024

14.

Ali SHADMANI

علی شادمانی

(Litriú Fairsise)

Post/poist: leas-chomhordaitheoir Cheanncheathrú Lárnach Khatam al-Anbiya (KCHG)

Áit bhreithe: Hamedan, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Ceanncheathrú Lárnach Khatam al-Anbiya (KCHG)

Is é Ali Shadmani leas-chomhordaitheoir Ceanncheathrú Lárnach Khatam al-Anbiya (KCHG) Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) atá liostaithe ag an Aontas agus, dá bhrí sin, tá baint aige le heintiteas atá liostaithe ag an Aontas.

Is é KCHG an t-eintiteas lárnach i slabhra ceannais fhórsaí armtha na hIaráine, a dhéanann cinntí míleata oibríochtúla agus a dhéanann comhordú idir gnáth-arm na hIaráine (Artesh) agus IRGC, a fhaigheann agus a imscarann araon aerárthaí gan foireann. Is é an misean atá ag KCHG maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí ionsaitheacha agus cosanta, lena n-áirítear trína cheanncheathrú réigiúnach agus téamach, mar shampla, na cinn atá i Murascaill na Peirse agus i Murascaill Óman, a thuairiscíonn don phríomh-cheanncheathrú. Tá sé freagrach freisin as comhoibríochtaí míleata a phleanáil agus a chomhordú, lena n-áirítear druileanna. Roimh IRGC agus Artesh sa slabhra ceannais, agus ar an gcaoi sin, ag déanamh maoirseacht ar fhórsaí armtha agus faisnéis uile na hIaráine agus ar Cheanncheathrú Foirgníochta Khatam al-Anbiya atá liostaithe ag an Aontas, tá KCHG i gcroílár fhórsaí míleata na hIaráine agus tá baint aige le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine a fhorbairt.

Mar leas-chomhordaitheoir KCHG, tá cumais chosanta na hIaráine, lena n-áirítear ladrainn agus diúracáin, á gcur chun cinn go gníomhach arís agus arís eile ag Shadmani, lena n-áirítear sa Rúis, le blianta beaga anuas.

Dá bhrí sin, tá baint ag Ali Shadmani le heintiteas atá liostaithe ag an Aontas a bhfuil baint aige le clár aerárthaí gan foireann agus diúracán na hIaráine agus tá baint aige le haerárthaí gan foireann a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

14.10.2024

15.

Ali JAFARABADI

علی جعفرآبادی

(Litriú Fairsise)

Post/poist: ceannasaí Rannán Spáis Fhórsa Aeraspáis Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC)

Dáta breithe: 1975

Áit bhreithe: an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Is é Ali Jafarabadi ceannasaí Rannán Spáis Fhórsa Aeraspáis Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC).

Tá rialú oibríochtúil ag Rannán Spáis Fhórsa Aeraspáis IRGC ar roinnt córas diúracán de chuid na hIaráine agus tá baint aige le hiompróirí satailíte a fhorbairt agus a sheoladh amach anseo, ar iompróirí iad atá riachtanach chun córais diúracán balaistíoch fadraoin a fhorbairt, córais atá á bhforbairt i gcónaí ag an Iaráin.

Dá bhrí sin, tá Ali Jafarabadi rannpháirteach i bhforbairt chlár diúracán na hIaráine.

14.10.2024

16.

Mehdi GOGERDCHIAN

مهدی گوگردچیان

(Litriú Fairsise)

Post/poist: stiúrthóir bainistíochta Iran Aircraft Manufacturing Industries (HESA)

Dáta breithe: 14.8.1975

Áit bhreithe: an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Pasuimhir: 1286966558 (an Iaráin)

Is é Mehdi Gogerdchian stiúrthóir bainistíochta Iran Aircraft Manufacturing Industries (HESA) atá liostaithe ag an Aontas. Tá an chuideachta faoi rialú Eagraíocht na dTionscal Eitlíochta san Iaráin (IAIO) atá liostaithe ag an Aontas, ar fochuideachta í d’Aireacht Chosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL) atá liostaithe ag an Aontas, atá freagrach as tionscal eitlíochta míleata na hIaráine a phleanáil agus a bhainistiú.

Tá HESA speisialaithe i bhforbairt agus monarú aerárthaí gan foireann, go háirithe ladrainn Shahed, atá á n-úsáid ag an Rúis ina cogadh i gcoinne na hÚcráine.

Tá baint ag Mehdi Gogerdchian, dá bhrí sin, le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine.

14.10.2024

17.

Seyed Hamzeh GHALANDARI

سید حمزه قلندری

(Litriú Fairsise)

Post/poist: leas-aire cosanta na hIaráine

Dáta breithe: 16.7.1984

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Pasuimhir: D10009455 (an Iaráin)

Is é Seyed Hamzeh Ghalandari leas-aire cosanta na hIaráine, le béim ar ghnóthaí idirnáisiúnta laistigh den aireacht.

Tá Aireacht Chosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL) atá liostaithe ag an Aontas freagrach as tionscal arm na hIaráine, lena n-áirítear aerárthaí gan foireann agus diúracáin bhalaistíocha.

I bhfianaise a róil ardleibhéil mar leas-aire cosanta, tá Seyed Hamzeh Ghalandari rannpháirteach i bhforbairt chláir aerárthaí gan foireann agus diúracán na hIaráine.

14.10.2024

18.

Reza Khosravi MOGHADDAM

رضا خسروي مقدم

(Litriú Fairsise)

Post/poist: ataisé míleata na hIaráine sa Rúis

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Is é Reza Khosravi Moghaddam ataisé míleata ambasáid na hIaráine sa Rúis, a dhéanann ionadaíocht do thionscal cosanta a thíre agus a chuireann chun cinn é. Tá sé freagrach as an gcaidreamh déthaobhach sa réimse seo.

Ina fheidhm, is síneadh ar Aireacht Chosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL) atá liostaithe ag an Aontas é Moghaddam. Tá MODAFL freagrach as tionscal arm na hIaráine, lena n-áirítear forbairt agus táirgeadh arm míleata, mar shampla aerárthaí gan foireann agus diúracáin bhalaistíocha.

Ina ról, cuireann Moghaddam tionscal cosanta na hIaráine chun cinn go gníomhach, go háirithe an trádáil arm idir an Iaráin agus an Rúis, agus ar an gcaoi sin cuireann sé cláir aerárthaí gan foireann agus diúracán na hIaráine chun cinn.

Tá aerárthaí gan foireann agus diúracáin bhalaistíocha atá á n-imscaradh ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine á soláthar ag an Iaráin don Rúis.

Dá bhrí sin, tá Reza Khosravi Moghaddam rannpháirteach i gclár aerárthaí gan foireann agus diúracán na hIaráine.

14.10.2024

19.

Seid Mir Ahmad NOOSHIN

سید میراحمد نوشین

(Litriú Fairsise)

Post/poist: stiúrthóir Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO)

Dáta breithe: 11.1.1966

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Pasuimhir: G9311208

Is é Seid Mir Ahmad Nooshin stiúrthóir Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO) atá liostaithe ag an Aontas Eorpach. Is eagraíocht é AIO a thuairiscíonn d’Aireacht Chosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL) atá liostaithe ag an Aontas agus tá príomhról aige i gcláir aerárthaí gan foireann agus diúracán balaistíoch na hIaráine. Déanann AIO maoirseacht ar tháirgeadh diúracán na hIaráine, lena n-áirítear trí na heintitis atá liostaithe ag an Aontas Shahid Hemmat Industries Group (SHIG) agus Shahid Baheri Industrial Group (SBIG).

Dá bhrí sin, tá Seid Mir Ahmad Nooshin rannpháirteach i gclár diúracán na hIaráine.

14.10.2024

▼M2

B. 

Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí



 

Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

▼M6

1.

Shakad Sanat Asmari

شکاد صنعت آسماری

(Litriú Fairsise)

Seoladh: Cearnóg Haft-e Tir, 378 Sráid Moftah Shomali, an tríú hurlár, Tehran, an Iaráin, cód poist 1588944546

An cineál eintitis: Cuideachta faoi dhliteanas teoranta

Áit chláraithe: Tehran, an Iaráin

Dáta clárúcháin: 24.10.2016

Príomhionad gnó: an Iaráin

Is cuideachta de chuid na hIaráine é Shakad Sanat Asmari a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed.

Tá sí, dá bhrí sin, ag tacú le clár UAV na hIaráine agus tá sí rannpháirteach ann.

11.12.2023

 

 

 

Cárta aitheantais náisiúnta: 14006189580

Cláruimhir: 498744

Daoine aonair comhlachaithe: Hadi Zahourian (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin); Mohammad Shahab Khanian (Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin); Ehsan Rahat Varnosfadrani (Príomheolaí agus Iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin)

 

 

▼M2

2.

Baharestan Kish Company

شرکت بهارستان کیش

(Litriú Fairsise)

Seoladh uimh. 1: Unit 17, Fifth Floor, Yas Building, Number 116, Sheikh Fazlollah Highway, Teimuri Blvd, before Sharif University Metro Station, Tehran, an Iaráin;

Seoladh uimh. 2: Unit 18, Fifth Floor, Yas Building, Number 116, Sheikh Fazlollah Highway, Teimuri Blvd, before Sharif University Metro Station, Tehran, an Iaráin;

Seoladh uimh. 3: Unit 19, Fifth Floor, Yas Building, Number 116, Sheikh Fazlollah Highway, Teimuri Blvd, before Sharif University Metro Station, Tehran 1459994450, an Iaráin;

Seoladh uimh. 4: No. 47, East 18th Street, Farhang Boulevard, Sa’adat Abad, Tehran 1997857976, an Iaráin;

Seoladh uimh. 5: Unit 2, First Floor, EX35, Number 2, Exhibition Industrial Town, Kish Island 7941659854, an Iaráin;

Áit chlárúcháin: An Iaráin

Dáta clárúcháin: 2002

Daoine aonair comhlachaithe: Rahmatollah Heidari (Stiúrthóir Bainistíochta agus comhalta den bhord stiúrthóirí)

Monaraíonn Baharestan Kish Company comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) do Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC).

D’oibrigh an chuideachta freisin ar chomhpháirteanna d’UAV Shahed; onnmhairíodh na comhpháirteanna sin go dtí an Rúis.

Tá Baharestan Kish Company tar éis maoirseacht a dhéanamh ar thionscadail éagsúla a bhaineann le cosaint, lena n-áirítear monarú UAVanna.

Tá sí, dá bhrí sin, ag tacú le clár UAV na hIaráine agus tá sí rannpháirteach ann.

11.12.2023

3.

Saad Sazeh Faraz Sharif

ar a dtugtar freisin

Daria Fanavar Borhan Sharif; Sadid Sazeh Parvaz Sharif

سدید سازه پرواز شریف/داریا فن آور برهان شریف/شرکت سعد سازه فراز شریف

(Litriú Fairsise)

Seoladh: Tehran Province - Tehran City - Central Sector - Tehran City - Shahrak Ansar Neighbourhood - Tehran Karaj Highway - Chogan Street 9 - Plate 0 - Ground Floor

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chláraithe: Tehran, an Iaráin

Dáta clárúcháin: 2017

Uimhir chlárúcháin: 534295

Príomhionad gnó: An Iaráin

Daoine aonair comhlachaithe: Ehsan

Imaninejad (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin)

Is cuideachta de chuid na hIaráine é Saad Sazeh Faraz Sharif, a thairgeann seirbhísí innealtóireachta aeraspáis agus a mhonaraíonn codanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed.

Tá sí ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann.

11.12.2023

▼M6

4.

Sarmad Electronic Sepahan Company

ar a dtugtar freisin

Sarmad Electronics; Sarmad Electronic Sepahan; Sarmad Electronics Co.

سرمد الکترونیک سپاهان

(Litriú Fairsise)

Seoladh: An dara hurlár, Uimh. 309, Cúlsráid 28, Sráid South Abou Na’im, Sráid Jaber Ansari, Isfahan, an Iaráin

Áit chláraithe: an Iaráin

Dáta clárúcháin: 2014

Príomhionad gnó: an Iaráin

Is cuideachta de chuid na hIaráine é Sarmad Electronic Sepahan Company, a tháirgeann na comhpháirteanna sonracha a úsáidtear in aerárthaigh gan foireann (UAVanna) na hIaráine.

Tá na UAVanna sin á n-imscaradh ag an Rúis ina cogadh foghach ar an Úcráin. Fuarthas seirbheamhótair agus flowmotors i UAV scoite de chuid na hIaráine ar láthair an chatha san Úcráin; bhíothas in ann iad a rianú siar díreach go dtí Sarmad Electronic Sepahan Company.

Tugann an chuideachta féin le fios ina cuid poiblíochta go bhfuil sí gníomhach i dtionscail mhóra íogaire san Iaráin, lena n-áirítear i dtionscail na UAVanna.

Tá sí, dá bhrí sin, ag tacú le clár UAV na hIaráine agus tá sí rannpháirteach ann.

11.12.2023

▼M2

5.

Kimia Part Sivan Company (KIPAS)

ar a dtugtar freisin

Kimiar Parts Sibon

شرکت کیمیا پارت سیوان (کیپس)

(Litriú Fairsise)

Seoladh: 1st Street, 6th Side Street, No. 81, Jey Industrial Park, Isfahan 8376100000, Iran;

Áit chlárúcháin: An Iaráin

Uimhir chlárúcháin: 10320661315 nó 414950 nó 47779,

Is cuideachta atá lonnaithe san Iaráin é Kimia Part Sivan Company (KIPAS) a d’oibrigh le Islamic Revolutionary Guard Corps Quds Force (IRGC-QF) chun feabhas a chur ar chlár an fhórsa maidir le haerárthaigh gan foireann (UAVanna).

Rinne oifigigh KIPAS tástálacha eitilte UAVanna do IRGC-QF agus thug siad cúnamh teicniúil d’UAVanna IRGC-QF a aistríodh chuig an Iaráic lena n-úsáid in oibríochtaí IRGC-QF. Chuir KIPAS comhpháirteanna luachmhara UAV ar fáil freisin lena n-úsáid ag IRGC.

Tá sí, dá bhrí sin, ag tacú le clár UAV na hIaráine agus tá sí rannpháirteach ann.

11.12.2023

▼M4

6.

Khatam al-Anbiya Central Headquarters (KCHG)

ar a dtugtar freisin Khatam al-Anbiye Central Headquarters; KACHQ

►C1  
image  ◄
(Litriú Fairsise)

An cineál eintitis: eintiteas rialtais

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Daoine aonair comhlachaithe: Gholam Ali RASHID (ceannasaí KCHG)

Is é Khatam al-Anbiya Central Headquarters (KCHG) an t-eintiteas lárnach i slabhra ceannais fhórsaí armtha na hIaráine a dhéanann cinntí míleata oibríochtúla, agus a dhéanann comhordú idir gnáth-arm na hIaráine (Artesh) agus an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC), a fhaigheann agus a imscarann aerárthaí gan foireann araon.

Is é an misean atá ag KCHG maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí ionsaitheacha agus cosanta, lena n-áirítear trína cheanncheathrú réigiúnach agus téamach, mar shampla, na cinn atá i Murascaill na Peirse nó i Murascaill Óman, a thuairiscíonn don phríomh-cheanncheathrú. Tá sé freagrach freisin as comhoibríochtaí míleata a phleanáil agus a chomhordú, lena n-áirítear druileanna.

Is é ceannasaí IRCG, Gholam Ali Rashid, atá liostaithe ag an Aontas, atá i gceannas ar KCHG, agus rinne sé maoirseacht ar imscaradh aerárthaí gan foireann agus ar ullmhacht láthair chatha aerárthaí gan foireann i ndruileanna agus i gcleachtaí.

Roimh IRGC agus Artesh sa slabhra ceannais, agus ar an gcaoi sin, ag déanamh maoirseacht ar fhórsaí armtha agus faisnéis uile na hIaráine agus ar Khatam al-Anbiya Construction Headquarters, atá liostaithe ag an Aontas, tá Khatam al-Anbiya Central Headquarters i gcroílár fhórsaí míleata na hIaráine agus, dá bhrí sin, tá baint aige le haerárthaí gan foireann a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus le grúpaí agus eintitis armtha a bhaineann an bonn den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua. Thairis sin, tá KCHG bainteach le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine.

31.5.2024

7.

Kavan Electronics Behrad LLC

ar a dtugtar freisin Kavan Electronics;

Kavan Electronic co. LTD;

Kavan Electronic Company;

Kavan Electronic Sadr Aria Engineering Limited Liability Company

►C1  
image  ◄
(Litriú Fairsise)

Seoladh: No. 63, Unit 4, Shahrara, Patrice Lumumba St., Abshori Sharghi St., Tehran 144593491, Iran

An cineál eintitis: cuideachta faoi dhliteanas teoranta (LLC)

Áit chlárúcháin: An Iaráin

Dáta clárúcháin: 13.7.2016

Cláruimhir: 495080 (an Iaráin)

Uimhir aitheantais náisiúnta: 14005997725 (an Iaráin)

Príomhionad gnó: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organisation (IRGC SSJO)

Daoine aonair comhlachaithe:

Hossein Hatefi ARDAKANI (Cathaoirleach an Bhoird Stiúrthóirí); Mehdi Dehghani MOHAMMADABADI (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin)

Is cuideachta atá lonnaithe san Iaráin é Kavan Electronics Behrad LLC a sholáthraíonn agus a dhíolann seirbheamhótair agus comhpháirteanna eile atá ábhartha chun aerárthaí gan foireann a mhonarú don Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organisation (IRGC SSJO) atá liostaithe ag an Aontas.

Is é Hossein Hatefi Ardakani, Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí na cuideachta, atá liostaithe ag an Aontas, a dhéanann maoirseacht ar líonra soláthair trasnáisiúnta a chuimsíonn an Meánoirthear agus an Áise Thoir agus a fhreastalaíonn ar tháirgeadh aerárthaí gan foireann a ndéanann IRGC SSJO maoirseacht orthu.

Dá bhrí sin, tá Kavan Eletronics Behrad LLC bainteach le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine.Tá baint aige freisin le haerárthaí gan foireann na hIaráine a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

31.5.2024

8.

Islamic Revolutionary Guard Corps Navy (IRGCN)

ar a dtugtar freisin

Nirooy-e Daryaei-e Sepah;

NEDSA

►C1  
image  ◄
(Litriú Fairsise)

An cineál eintitis: eintiteas rialtais

Áit chlárúcháin: Bandar Abbas, an Iaráin

Dáta clárúcháin: 1981

Príomhionad gnó: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Is cuid de IRGC é an Islamic Revolutionary Guard Corps Navy (IRGCN), agus áirítear leis rannán aerárthaí gan foireann agus rannán diúracán.

Tá aerárthaí gan foireann agus diúracáin de chuid na hIaráine ag Cabhlach IRGC agus úsáideann sé modhanna neamhshiméadracha cogaíochta.

Tá Acadamh Cabhlaigh ag cabhlach IRGC ina gcuireann sé oiliúint ar fáil maidir le diúracáin frithlong a scaoileadh agus aerárthaí gan foireann a oibriú. Cuirtear oiliúint ar mhílístí agus seach-ionadaithe a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin san Acadamh Cabhlaigh.

Tá baint ag Cabhlach IRGC le hiompar arm na hIaráine a éascú, lena n-áirítear aerárthaí gan foireann agus diúracáin de chuid na hIaráine. Imscarann grúpaí armtha lena n-áirítear na Houthis agus Hezbollah na diúracáin agus na haerárthaí gan foireann sin chun an bonn a bhaint den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

Dá bhrí sin, tá baint ag Cabhlach IRGC le cláir árthaí gan foireann agus diúracán na hIaráine, agus tá baint aige le diúracáin na hIaráine a aistriú chuig grúpaí agus eintitis armtha a bhaineann an bonn den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

31.5.2024

▼M5

9.

Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organization (IRGC SSJO)

سازمان تحقیقات و جهادخودکفایی سپاه پاسداران

(Litriú Fairsise)

An cineál eintitis: eintiteas rialtais

Áit chlárúcháin: an Iaráin

Príomhionad gnó: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe: Kavan Electroncis Behrad LLC

Is aonad taighde agus forbartha é Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organization (IRGC SSJO) a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn radar treáite talún, córais chumarsáide, armra, feithiclí comhraic agus trealamh leictreonach cibearchogaíochta.

Mar chuid de Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí, bhí IRGC SSJO rannpháirteach i ngníomhaíochtaí taighde, forbartha agus soláthair a bhaineann le forbairt aerárthaí gan foireann agus diúracáin Iaránacha.

Dá bhrí sin, tá baint ag IRGC SSJO le cláir aerárthaí gan foireann agus diúracán na hIaráine agus leis na haerárthaí gan foireann arna n-aistriú ag an Iaráin chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

24.6.2024

▼M7

10.

Saha Airlines

هواپیمایی ساها

(Litriú Fairsise)

Seoladh: Sráid Ayat Saeedi, 65 méadar ó Fatah, Tehran, an Iaráin

An cineál eintitis: eintiteas rialtais

Áit chlárúcháin: Tehran, an Iaráin

Is aerlíne stáit Iaránach é Saha Airlines, atá faoi úinéireacht iomlán Aerfhórsa Phoblacht Ioslamach na hIaráine. Baineadh úsáid as arís agus arís eile chun aerárthaí gan foireann de dhéantús na hIaráine agus teicneolaíochtaí gaolmhara a aistriú chuig an Rúis, a úsáideadh i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Tá baint, dá bhrí sin, ag Saha Airlines le haerárthaí gan foireann de dhéantús na hIaráine agus teicneolaíochtaí gaolmhara a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

14.10.2024

11.

Mahan Air

ماهان ایر

(Litriú Fairsise)

Seoladh: No 21 Mahan Air Tower – Azadegan Street, Karaj Highway, Tehran, an Iaráin

Bosca poist 1481655761

Áit chláraithe: Tehran, an Iaráin

Is aerlíne phríobháideach de chuid na hIaráine é Mahan Air atá lonnaithe in Tehran.

Baineadh úsáid as arís agus arís eile chun aerárthaí gan foireann de dhéantús na hIaráine agus teicneolaíochtaí gaolmhara a aistriú chuig an Rúis, a úsáideadh i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Tá baint, dá bhrí sin, ag Mahan Air le haerárthaí gan foireann de dhéantús na hIaráine agus teicneolaíochtaí gaolmhara a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

14.10.2024

12.

Iran Air

(ar a dtugtar freisin Airline of the Islamic Republic of Iran; Homa; Iran Air Cargo; Iran Air Ground Services; Iran Air Catering)

ایران ایر

(Litriú Fairsise)

Seoladh: Central Offices, Airport Boulevard, Tehran, an Iaráin

An cineál eintitis: eintiteas rialtais

Áit chlárúcháin: Tehran, an Iaráin

Is aerlíne stáit Iaránach é Iran Air atá faoi rialú Aireacht Bhonneagair na hIaráine, agus, dá bhrí sin, tá sé faoi cheannas cheannaireacht mhíleata-pholaitiúil na tíre.

Baineadh úsáid as arís agus arís eile chun aerárthaí gan foireann de dhéantús na hIaráine agus teicneolaíochtaí gaolmhara a aistriú chuig an Rúis, a úsáideadh i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Tá baint, dá bhrí sin, ag Iran Air le haerárthaí gan foireann de dhéantús na hIaráine agus teicneolaíochtaí gaolmhara a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

14.10.2024

13.

Basamad Electronic Pouya Engineering Co.

(ar a dtugtar freisin Dynamic Electronic Frequency Engineering Limited Liability Company)

بسامد الکترونیک پویا

(Litriú Fairsise)

Seoladh: No. 63 Unit 4, Shahrara, Patrice Lumumba St. Abshori St., Tehran, 144593491, an Iaráin

Cineál eintitis: Cuideachta faoi dhliteanas teoranta

Cláruimhir: 466887

Uimhir aitheantais náisiúnta: 14004684489

Daoine aonair comhlachaithe: Hossein Hatefi Ardakani (POF)

Eintitis chomhlachaithe: Kavan Electroncis Behrad LLC

Is gnólacht soláthair Iaránach é Basamad Electronic Pouya Engineering Co. Is cuid de líonra soláthair é a ndéanann Hossein Hatefi Ardakani atá liostaithe ag an Aontas maoirseacht air, Príomhfheidhmeannach Basamad Electronic Pouya Engineering Co. agus an scairshealbhóir is mó.

Is fear gnó Iaránach é Hossein Hatefi Ardakani a bhfuil baint aige, tríd an líonra soláthair a ndéanann sé maoirseacht air, le soláthar earraí aerárthaigh gan foireann d’Eagraíocht Taighde agus Féinsoláthair Jiohád Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC SSJO) atá liostaithe ag an Aontas, a sholáthraítear don Rúis ansin chun tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá baint ag Basamad Electronic Pouya Engineering Co. le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine agus tá baint aige le haerárthaí gan foireann de dhéantús na hIaráine a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

14.10.2024

14.

Iran Alumina Company (IAC)

(ar a dtugtar freisin I.A.C.; Iran Alumina Co.)

آلومینای ایران شرکت

(Litriú Fairsise)

Seoladh 1: 100, Somayyeh St., Tehran, an Iaráin (ceannoifig)

Seoladh 2: Kilometer 7 turnpike Sankhast, Jajarm, North Khorasan, an Iaráin (monarcha)

Príomhionad gnó: Cúige Khorasan, an Iaráin

Is é Iran Alumina Company (IAC) an t-aon táirgeoir ocsaíde alúmanaim (Al2O3) nó púdair alúmana san Iaráin, a úsáidtear i monarú tiomántán breosla sholadaigh a úsáidtear chun roicéid agus diúracáin a lainseáil. Oibríonn an tsaoráid thar ceann Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) chun breosla diúracán a tháirgeadh ó phúdar miotail. Is fochuideachta é IAC de chuideachta sealbhaíochta mianach agus miotail na hIaráine agus Eagraíocht Forbartha agus Athchóirithe Thionscail Mianadóireachta na hIaráine (IMIDRO), atá faoi rialú Aireacht Tionscail agus Mianach na hIaráine.

Dá bhrí sin, tá Iran Alumina Company (IAC) rannpháirteach i gclár diúracán na hIaráine.

14.10.2024

15.

Shahid Haj Ali Movahed Research Center

(ar a dtugtar freisin Shahid Movahed Industry; Shahid Mohaved Industries; SHIG Department 7500)

مرکز تحقیقات شهید حاج علی

موحد

(Farsi spelling)

Seoladh: c/o SHIG, Damavand Tehran Highway, PO Box 16595-159, Tehran, an Iaráin

Príomhionad gnó: Cúige Tehran, an Iaráin

Is fochuideachta é Shahid Haj Ali Movahed Research Center den Shahid Hemmat Industries Group (SHIG), atá liostaithe ag an Aontas, grúpa tionsclaíoch atá faoi réir Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO), atá liostaithe ag an Aontas, agus a thacaíonn le clár diúracán balaistíoch leacht-tiomána na hIaráine.

Bhí baint ag an Ionad le taighde, tástáil agus déantúsaíocht diúracán na hIaráine. Tá baint dhíreach ag an Ionad le forbairt diúracán, lena n-áirítear i gcomhthéacs an chomhair idir an Iaráin agus DPDC, óna bhfuair sé tacaíocht speisialaithe chun diúracáin fhadraoin a fhorbairt.

Dá bhrí sin, tá baint ag Shahid Haj Ali Movahed Research Center le clár diúracán na hIaráine.

14.10.2024

16.

Teyf Tadbir Engineering Company

(ar a dtugtar freisin Teyf Tadbir Arya Engineering Company; Teif Tadbir Arya; Teyf Tadbir Aria)

شرکت مهندسی تیف تدبیر

(Litriú Fairsise)

Seoladh: Unit 10, No. 1, End of Bahar, Kardan Street, Patrice Street, Tehran 144596443, an Iaráin

Cláruimhir: 427320 (an Iaráin)

Daoine aonair comhlachaithe: Hossein Hatefi Ardakani (POF)

Eintitis chomhlachaithe: Eagraíocht Taighde agus Féinsoláthair Jiohád Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC SSJO)

Is gnólacht soláthair de chuid na hIaráine é Teyf Tadbir Engineering Company. Is é Hossein Hatefi Ardakani, atá liostaithe ag an Aontas Eorpach, an POF atá aige, fear gnó Iaránach a dhéanann maoirseacht ar líonra soláthair trasnáisiúnta le haghaidh comhpháirteanna aerárthaí gan foireann. Feidhmíonn sé trína ghnólachtaí atá lonnaithe in Tehran, lena n-áirítear Teyf Tadbir Engineering Company agus Kavan Electronics LLC atá liostaithe ag an Aontas.

Trína líonra soláthair, Is cuideachta tá baint ag Hossein Hatefi Ardakani le soláthar earraí aerárthaí gan foireann d’Eagraíocht Taighde agus Féinsoláthair Jiohád Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí atá liostaithe ag an Aontas. Úsáidtear na hearraí sin in aerárthaí gan foireann shraith Shahed na hIaráine, a sholáthraíonn an Iaráin don Rúis chun tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá baint ag Teyf Tadbir Engineering Company le daoine nádúrtha agus dlítheanacha agus eintitis a bhfuil baint acu le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine agus le haerárthaí gan foireann de dhéantús na hIaráine a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

14.10.2024



( 1 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39)