12003TN13/09/B



Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0911 - 0912


B. CÁILÍOCHT AN UISCE

31991 L 0271: Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40), mar atá arna leasú le:

- 31998 L 0015: Treoir 98/15/CE ón gCoimisiún an 27.2.1998 (IO L 67, 7.3.1998, lch. 29).

De mhaolú ar Airteagail 3, 4 agus 5(2) de Threoir 91/271/CEE, ní bheidh feidhm iomlán go dtí an 31 Nollaig 2015 sa tSlóivéin ag na ceanglais do chórais bhailithe agus cóireáil fuíolluisce uirbigh i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- faoi cheann an 31 Nollaig 2008, beidh an Treoir comhlíonta i limistéir íogaire do cheirtleáin ar mó coibhéis a ndaonra ná 10000;

- faoi cheann an 31 Nollaig 2010, beidh an Treoir comhlíonta do cheirtleáin ar mó coibhéis a ndaonra ná 15000.

--------------------------------------------------