6.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 370/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1648 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Samhain 2020

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (1), agus go háirithe Airteagal 8a(1) de,

Ag féachaint do na tograí ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis.

(2)

An 9 Lúnasa 2020, reáchtáladh toghcháin uachtaránachta sa Bhealarúis, ar toghcháin iad a bhfuarthas nach raibh siad i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus gur milleadh iad i ngeall ar an mbrú faoi chois a rinneadh ar iarrthóirí neamhspleácha agus ar an gcniogbheartaíocht bhrúidiúil a imríodh ar agóideoirí síochánta i ndiaidh na dtoghchán sin. An 11 Lúnasa 2020, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) dearbhú thar ceann an Aontais inar tugadh an mheasúnacht nach raibh na toghcháin saor ná cóir. Luadh freisin gurbh fhéidir bearta a dhéanamh i gcoinne na ndaoine a bhí freagrach as foréigean, gabhálacha gan údar agus as torthaí na dtoghchán a fhalsú.

(3)

An 2 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1387 (2) inar ainmníodh 40 duine a sainaithníodh a bheith freagrach as cos ar bolg agus imeaglú ar léirsitheoirí síochánta, baill an fhreasúra agus iriseoirí tar éis thoghcháin uachtaránachta 2020 sa Bhealarúis, agus as místiúradh Choimisiún Lárnach Toghchán maidir leis an bpróiseas toghchánach do na toghcháin sin.

(4)

An 24 Meán Fómhair 2020, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais, inar dúradh nach raibh aon dlisteanacht dhaonlathach ag roinnt leis an “insealbhú” mar a tugadh air ná leis an sainordú nua a d’éiligh Aleksandr LUKASHENKO. Athdhearbhaíodh go láidir sa ráiteas go raibh an tAontas ag súil nach ndéanfadh údaráis na Bealarúise tuilleadh cos ar bolg agus foréigin i gcoinne mhuintir na Bealarúise agus go ndéanfaidís gach duine atá á choinneáil, lena n‐áirítear príosúnaigh pholaitiúla, a scaoileadh saor láithreach, gan choinníoll.

(5)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa Bhealarúis, mar thoradh ar an gcos ar bolg leanúnach ar an tsochaí shibhialta agus ar ghníomhaithe sa fhreasúra, ba cheart Aleksandr LUKASHENKO agus 14 duine eile a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n‐eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)   IO L 134, 20.5.2006, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1387 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (IO L 319I, 2.10.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine seo a leanas le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006:

 

Ainmneacha

Tras-scríobh an litrithe Bealarúisise

Tras-scríobh an litrithe Rúisise

Ainmneacha

(litriú Bealarúisise)

Ainmneacha

(litriú Rúisise)

Faisnéis

aitheantais

Cúiseanna lena liostú

“45.

Aliaksandr Ryhoravich LUKASHENKA

Alexandr Grigorievich LUKASHENKO

Аляксандр Рыгоравiч ЛУКАШЭНКА

Александр Григорьевич ЛУКАШЕНКО

President of the Republic of Belarus (Uachtarán Phoblacht na Bealarúise)

Dáta breithe: 30.8.1954

Áit bhreithe: Kopys settlement, Vitebsk/Viciebsk Oblast, iar-USSR (Belarus sa lá atá inniu ann)

Inscne: fireann

Ina cháil mar Uachtarán na Bealarúise agus údarás aige ar chomhlachtaí Stáit, tá sé freagrach as cos ar bolg foréigneach a rinne orgáin an Stáit roimh thoghchán uachtaránachta 2020 agus ina dhiaidh, go háirithe maidir le hiarrthóirí lárnacha sa fhreasúra a bhriseadh as a bpost, gabhálacha treallacha agus drochíde ar léirsitheoirí síochánta mar aon le himeaglú agus foréigean ar iriseoirí.

46.

Viktar Aliaksandravich LUKASHENKA

Viktor Aleksandrovich LUKASHENKO

Вiктар Аляксандравiч ЛУКАШЭНКА

Виктор Александрович ЛУКАШЕНКО

Comhairleoir Slándála Náisiúnta don Uachtarán, Comhalta den Security Council

Dáta breithe: 28.11.1975

Áit bhreithe: Mogilev/Mahiliou (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

Inscne: fireann

Ina phost mar Chomhairleoir Slándála Náisiúnta don Uachtarán agus mar Chomhalta den Security Council, chomh maith lena shuíomh neamhfhoirmiúil faireacháin ar fhórsaí slándála na Bealarúise, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde, céasadh san áireamh, ar léirsitheoirí síochánta go háirithe mar chuid de, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

47.

Ihar Piatrovich SERGYAENKA

Igor Petrovich SERGEENKO

Iгар Пятровiч СЕРГЯЕНКА

Игорь Петрович СЕРГЕЕНКО

Ceann Foirne ar an Riarachán Uachtaránachta

Dáta breithe: 14.1.1963

Áit bhreithe: sráidbhaile Stolitsa in Vitebsk/Viciebsk Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

Inscne: fireann

Ina phost mar Cheann Foirne ar an Riarachán Uachtaránachta, tá dlúthbhaint aige leis an Uachtarán agus is é atá freagrach as cur chun feidhme na gcumhachtaí uachtaránachta a áirithiú i réimse na mbeartas intíre agus seachtrach. Mar sin tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka, lena n‐áirítear an feachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020.

48.

Ivan Stanislavavich TERTEL

Ivan Stanislavovich TERTEL

Iван Станiслававiч ТЭРТЭЛЬ

Иван Станиславович ТЕРТЕЛЬ

Cathaoirleach KGB, iar-Chathaoirleach ar an State Control Committee

Dáta breithe: 8.9.1966

Áit bhreithe: sráidbhaile Privalki/Privalka in Hrodna/Grodno Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

Inscne: fireann

Ina phost ceannaireachta mar Chathaoirleach ar an State Security Committee KGB agus sa phost a bhí aige mar Chathaoirleach ar an State Control Committee, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde, céasadh san áireamh, ar léirsitheoirí síochánta go háirithe mar chuid de, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

49.

Raman Ivanavich MELNIK

Roman Ivanovich MELNIK

Раман Iванавiч МЕЛЬНIК

Роман Иванович МЕЛЬНИК

Ceann an Main Directorate of Law and Order Protection and Prevention ag an Aireacht Gnóthaí Baile

Dáta breithe: 29.5.1964

Inscne: fireann

Ina phost ceannaireachta mar Cheann an Main Directorate of Law and Order Protection and Prevention ag an Aireacht Gnóthaí Baile, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde, céasadh san áireamh, ar léirsitheoirí síochánta go háirithe mar chuid de, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

50.

Ivan Danilavich NASKEVICH

Ivan Danilovich NOSKEVICH

Iван Данiлавiч НАСКЕВIЧ

Иван Данилович НОСКЕВИЧ

Cathaoirleach ar an Investigative Committee

Dáta breithe: 25.3.1970

Áit bhreithe: sráidbhaile Cierabličy in Brest Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

Inscne: fireann

Ina phost ceannaireachta mar Chathaoirleach ar an Investigative Committee, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an Coiste tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe le himscrúduithe arna seoladh i gcoinne na Coordination Council arna seoladh ag an bhfreasúra chun agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh an toghcháin sin agus léirsitheoirí síochánta.

51.

Aliaksey Aliaksandravich VOLKAU

Alexey Aleksandrovich VOLKOV

Аляксей Аляксандравiч ВОЛКАЎ

Алексей Александрович ВОЛКОВ

Iar-Chéad-Leas-Chathaoirleach an Investigative Committee, Cathaoirleach an State Committee for Forensic Expertise faoi láthair

Dáta breithe: 7.9.1973

Áit bhreithe: Minsk, (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

Inscne: fireann

Ina phost ceannaireachta mar Chéad-Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee a bhí aige, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an Coiste tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe le himscrúduithe arna seoladh i gcoinne na Coordination Council arna seoladh ag an bhfreasúra chun agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh an toghcháin sin agus léirsitheoirí síochánta.

52.

Siarhei Yakaulevich AZEMSHA

Sergei Yakovlevich AZEMSHA

Сяргей Якаўлевiч АЗЕМША

Яковлевич АЗЕМША

Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee

Dáta breithe: 17.7.1974

Áit bhreithe: Rechitsa, Gomel Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

Inscne: fireann

Ina phost ceannaireachta mar Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an Coiste tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe le himscrúduithe arna seoladh i gcoinne na Coordination Council arna seoladh ag an bhfreasúra chun agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh an toghcháin sin agus léirsitheoirí síochánta.

53.

Andrei Fiodaravich SMAL

Andrei Fyodorovich SMAL

Андрэй Фёдаравiч СМАЛЬ

Андрей Федорович СМАЛЬ

Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee

Dáta breithe: 1.8.1973

Áit bhreithe: Brest (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

Inscne: fireann

Agus ról ceannaireachta aige mar Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an Coiste tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe le himscrúduithe arna seoladh i gcoinne na Coordination Council arna seoladh ag an bhfreasúra chun agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh an toghcháin sin agus i gcoinne léirsitheoirí síochánta.

54.

Andrei Yurevich PAULIUCHENKA

Andrei Yurevich PAVLYUCHENKO

Андрэй Юр’евiч ПАЎЛЮЧЕНКА

Андрей Юрьевич ПАВЛЮЧЕНКО

Ceann an Operational-Analytical Center

Dáta breithe: 1.8.1971

Inscne: fireann

Agus ról ceannaireachta aige agus é mar cheann ar an Operational-Analytical Center, tá dlúthbhaint aige leis an Uachtarán agus tá sé freagrach as an gcos ar bolg ar an tsochaí shibhialta, go sonrach maidir leis an nasc le líonraí teileachumarsáide a bhriseadh mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta, ar léirsitheoirí síochánta agus ar iriseoirí.

55.

Ihar Ivanavich BUZOUSKI

Igor Ivanovich BUZOVSKI

Iгар Iванавiч БУЗОЎСКI

Игорь Иванович БУЗОВСКИЙ

Leas-Aire Faisnéise Dáta breithe: 10.7.1972

Áit bhreithe: sráidbhaile Koshelevo Grodno/Hrodna region (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

Inscne: fireann

Agus ról ceannaireachta aige mar Leas-Aire Faisnéise, tá sé freagrach as an gcos ar bolg ar an tsochaí shibhialta, go sonrach maidir le cinneadh na hAireachta Faisnéise deireadh a chur leis an rochtain ar shuíomhanna gréasáin neamhspleácha agus an rochtain idirlín sa Bhealarúis a theorannú tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta, ar léirsitheoirí síochánta agus ar iriseoirí.

56.

Natallia Mikalaeuna EISMANT

Natalia Nikolayevna EISMONT

Наталля Мiкалаеўна ЭЙСМАНТ

Наталья Николаевна ЭЙСМОНТ

Preas-Rúnaí Uachtarán na Bealarúise

Dáta breithe: 16.2.1984

Áit bhreithe: Minsk, (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

Sloinne roimh phósadh: Kirsanova (RU: Кирсанова) nó Selyun (RU Селюн)

Inscne: baineann

Ina cáil mar Phreas-Rúnaí Uachtarán na Bealarúise, tá dlúthbhaint aici leis an Uachtarán agus tá sí freagrach as gníomhaíochtaí meán an Uachtaráin a chomhordú, lena n‐áirítear ráitis a dhréachtú agus taispeántaí poiblí a eagrú. Mar sin tá sí ag tacú le réimeas Lukashenka, lena n‐áirítear an feachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fearas an Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020. Go háirithe, leis na ráitis phoiblí a rinne sí a chosain an tUachtarán agus a cháin gníomhaithe sa fhreasúra mar aon le léirsitheoirí síochánta, a rinneadh tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, chuidigh sí leis an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta sa Bhealarúis.

57.

Siarhei Yaugenavich ZUBKOU

Sergei Yevgenevich ZUBKOV

Сяргей Яўгенавiч ЗУБКОЎ

Сергей Евгеньевич ЗУБКОВ

Ceannasaí ar Alfa Unit

Dáta breithe: 21.8.1975

Inscne: fireann

Agus ról ceannaireachta aige ar fhórsaí Alfa Unit, tá sé freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a chuir na fórsaí sin ar bun tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n‐áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

58.

Andrei Aliakseevich RAUKOU

Andrei Alekseevich RAVKOV

Андрэй Аляксеевiч РАЎКОЎ

Андрей Алексеевич РАВКОВ

Iar-Státrúnaí ar an Security Council

Dáta breithe: 25.6.1967

Áit bhreithe: sráidbhaile Revyaki, Vitebsk/Viciebsk Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

Inscne: fireann

Agus é ina iar-Státrúnaí ar an Security Council, tá dlúthbhaint aige leis an Uachtarán agus tá sé freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a chuir fearas an Stáit ar bun tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n‐áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

59.

Pyotr Piatrovich MIKLASHEVICH

Petr Petrovich MIKLASHEVICH

Пётр Пятровiч МIКЛАШЭВIЧ

Петр Петрович МИКЛАШЕВИЧ

Cathaoirleach ar an Constitutional Court of the Republic of Belarus

Dáta breithe: 18.10.1954

Áit bhreithe: Minsk Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann)

Inscne: Fireann

Agus é ina Chathaoirleach ar Chúirt Bhunreachtúil Phoblacht na Bealarúise, tá sé freagrach as cinneadh na Cúirte Bunreachtúla a glacadh an 25 Lúnasa 2020, trínar dlisteanaíodh torthaí na dtoghchán calaoiseach. Ar an gcaoi sin, thacaigh agus d’éascaigh sé gníomhartha i bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe fhearas an Stáit i gcoinne léirsitheoirí síochánta agus iriseoirí agus tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta sa Bhealarúis.”.