28.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 188/1


RIALACHÁN (AE) 2021/847 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2021

lena mbunaítear an clár “Fiscalis” chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 114 agus 197 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le clár Fiscalis 2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus a chuireann an Coimisiún chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na tíortha comhlachaithe, chomh maith lena chláir réamhtheachtacha, rannchuidíodh go mór le comhar a éascú agus a fheabhsú idir údaráis chánach laistigh den Aontas. D’aithin údaráis chánach na dtíortha rannpháirteacha breisluach na gclár sin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha na mBallstát agus an cháiníocóra a chosaint. Ní féidir dul i ngleic leis na dúshláin do na chéad deich mbliana eile ach amháin má bhreathnaíonn na Ballstáit níos faide ná teorainneacha a gcríoch riaracháin féin agus má théann siad i ndlúthchomhar lena gcontrapháirtithe.

(2)

Le clár Fiscalis 2020, cuirtear creat Aontais ar fáil do na Ballstáit inar féidir gníomhaíochtaí comhair a fhorbairt. Tá an creat sin níos costéifeachtúla ná mar a bheadh i gcás ina gcuirfeadh gach Ballstát a chreata comhair aonair ar bun ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach. Is iomchuí a áirithiú, dá bhrí sin, go leanfar de chlár Fiscalis 2020 trí chlár nua a bhunú sa réimse céanna, clár Fiscalis (“an Clár”).

(3)

Trí chreat a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí, ar creat é lena dtugtar tacaíocht don mhargadh inmheánach, lena gcothaítear iomaíochas an Aontais agus lena gcosnaítear leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát, leis an gClár, ba cheart rannchuidiú leis an méid seo: tacú le beartas cánach agus tacú le dlí an Aontais maidir leis an gcánachas a chur chun feidhme; calaois chánach, imghabháil cánach, pleanáil ionsaitheach cánach agus neamhchánachas dúbailte a chosc agus a chomhrac; ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a chosc agus a laghdú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí in idirbhearta trasteorann; tacú le córais chánach atá níos cothroime agus níos éifeachtúla; lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach agus iomaíochas cóir san Aontas a chothú; tacú le cur chuige comhpháirteach ón Aontas i bhfóraim idirnáisiúnta; tacú le fothú acmhainneachta riaracháin na n-údarás cánach, lena n-áirítear trí nuachóiriú a dhéanamh ar theicnící tuairiscithe agus iniúchta; chomh maith le tacú le hoiliúint a chur ar fhoireann na n-údarás cánach i ndáil leis sin.

(4)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár, arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (4), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(5)

Chun an próiseas aontachais agus comhlachais a éascú do thríú tíortha, ba cheart an Clár a bheith oscailte do rannpháirtíocht tíortha aontacha agus tíortha is iarrthóirí, mar aon le hiarrthóirí ionchasacha agus tíortha comhpháirtíochta de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. D’fhéadfaí é a oscailt do thríú tíortha eile freisin, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontuithe sonracha idir an tAontas agus na tíortha sin lena gcumhdaítear a rannpháirtíocht in aon chlár de chuid an Aontais.

(6)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (an “Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gClár seo. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

(7)

Léiríodh go bhfuil na gníomhaíochtaí faoi chlár Fiscalis 2020 leordhóthanach agus gur cheart, dá bhrí sin, iad a choinneáil. Chun simplíocht agus solúbthacht bhreise a sholáthar agus an clár á chur i ngníomh agus, ar an dóigh sin, chun gurbh fhearr ab fhéidir a chuspóirí a bhaint amach, níor cheart na gníomhaíochtaí a shainiú ach amháin ó thaobh catagóirí foriomlána de, le liosta samplaí léiriúcháin de ghníomhaíochtaí nithiúla, amhail cruinnithe agus imeachtaí ad hoc comhchosúla, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, láithreacht in oifigí riaracháin agus rannpháirtíocht i bhfiosruithe riaracháin, comhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iniúchtaí comhpháirteacha, agus fothú acmhainneachta TF, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, rochtain atá ag údaráis chánach ar chláir idirnasctha. I gcás inarb iomchuí, ba cheart é a bheith mar aidhm le gníomhaíochtaí aghaidh a thabhairt ar thopaicí tosaíochta chun cuspóirí an Chláir a chomhlíonadh. Trí chomhar agus trí fhothú acmhainneachta, leis an gClár, ba cheart tacaíocht a thabhairt do ghlacadh agus úsáid éifeachtach na nuálaíochta agus an méid sin a chur chun cinn, ionas gurbh fhearr ab fhéidir na príomhthosaíochtaí cánachais a bhaint amach.

(8)

I bhfianaise soghluaisteacht mhéadaithe cáiníocóirí, líon na n-idirbheart trasteorann, idirnáisiúnú ionstraimí airgeadais agus an riosca níos mó a eascraíonn uaidh sin go dtarlódh calaois chánach, imghabháil cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach, a bhfuil i bhfad níos mó ná teorainneacha an Aontais i gceist leo uile, d’fhéadfadh sé gur le leas an Aontais nó na mBallstát a bheadh sé oiriúnaithe a dhéanamh ar chórais leictreonacha Eorpacha le haghaidh comhar le tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár agus eagraíochtaí idirnáisiúnta nó na córais sin a shíneadh leo. Go háirithe, le hoiriúnuithe agus síntí den sórt sin, bheifí in ann an t-ualach riaracháin agus na costais a sheachaint a bheadh i gceist le dhá chóras leictreonacha comhchosúla a fhorbairt, ceann chun faisnéis a mhalartú san Aontas agus ceann eile chun faisnéis a mhalartú go hidirnáisiúnta. Dá bhrí sin, nuair a bhíonn údar cuí leis i ngeall ar an leas sin, ba cheart oiriúnuithe agus síntí den sórt sin a bheith incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár.

(9)

I ngeall ar an tábhacht a bhaineann le domhandú agus an tábhacht a bhaineann le calaois chánach, imghabháil cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach a chomhrac, ba cheart leanúint de dheis rannpháirtíochta a thabhairt do shaineolaithe seachtracha leis an gClár de réir bhrí Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais. Ba cheart do shaineolaithe seachtracha den sórt sin a bheith ina n-ionadaithe ó údaráis rialtais, lena n-áirítear údaráis rialtais ó thríú tíortha neamhchomhlachaithe, lena n-áirítear tíortha is lú forbairt, den chuid is mó, mar aon le hionadaithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ó oibreoirí eacnamaíocha, ó cháiníocóirí agus ón tsochaí shibhialta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go dtuigfí le tír is lú forbairt tríú tír nó críoch nach den Aontas Eorpach iad atá incháilithe chun cúnamh oifigiúil um fhorbairt a fháil i gcomhréir leis an liosta ábhartha a chuireann an Coiste Cúnaimh Forbartha den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ar fáil go poiblí agus bunaithe ar shainmhíniú na Náisiún Aontaithe ar na tíortha is lú forbairt. Ba cheart roghnú na saineolaithe sna grúpaí saineolaithe a bheith bunaithe ar an gcinneadh ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2016 lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus oibriú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin. A mhéid a bhaineann le saineolaithe a cheaptar ina gcáil phearsanta chun feidhmiú go neamhspleách ar mhaithe le leas an phobail, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil na saineolaithe sin neamhchlaonta, nach bhfuil aon fhéidearthacht ann go mbeadh coinbhleachtaí leasa acu lena bhfreagrachtaí gairmiúla agus go bhfuil faisnéis ar fáil go poiblí maidir lena roghnú agus lena rannpháirtíocht.

(10)

I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin comhleanúnachas agus simpliú clár cistithe a áirithiú, a leagtar amach sa teachtaireacht uaidh an 19 Deireadh Fómhair 2010 maidir le hAthbhreithniú Bhuiséad AE, ba cheart acmhainní a roinnt le hionstraimí cistithe eile de chuid an Aontais más ionann na cuspóirí atá á saothrú leis na gníomhaíochtaí a bheartaítear faoin gClár agus cuspóirí na n-ionstraimí cistithe éagsúla, gan maoiniú dúbailte a chur san áireamh. Le gníomhaíochtaí faoin gClár, ba cheart comhleanúnachas a áirithiú ó thaobh úsáid acmhainní an Aontais de chun tacaíocht a thabhairt do bheartas cánach agus d’údaráis chánach.

(11)

D’fhonn go mbeadh costéifeachtúlacht ann, ba cheart, leis an gClár, leas a bhaint as sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le bearta eile de chuid an Aontais i réimsí gaolmhara, amhail an Clár Custaim arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/444 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), Clár Frith-Chalaoise an Aontais arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), Clár an Mhargaidh Aonair arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil arna bunú le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(12)

Meastar go n-úsáidfear an chuid is mó den bhuiséad faoin gClár le haghaidh gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta Teicneolaíochta Faisnéise (TF). Dá bhrí sin, i bhforálacha sonracha, ba cheart cur síos a dhéanamh ar na comhpháirteanna comhchoiteanna agus náisiúnta de na córais leictreonacha Eorpacha agus ba cheart idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Thairis sin, ba cheart raon feidhme na ngníomhaíochtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát a shainiú go soiléir. A mhéid is féidir é, ba cheart idir-inoibritheacht a bheith idir comhpháirteanna comhchoiteanna agus náisiúnta na gcóras leictreonach Eorpach, agus ba cheart sineirgí a bheith ann le córais leictreonacha eile de chláir ábhartha an Aontais.

(13)

I láthair na huaire, níl aon cheanglas ann maidir le Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais a tharraingt suas chun timpeallacht leictreonach atá comhleanúnach idir-inoibritheach a chruthú le haghaidh cánachas san Aontas. Chun a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF comhleanúnach agus comhordaithe, ba cheart foráil a dhéanamh sa Chlár maidir leis an gceanglas plean den sórt sin a tharraingt suas, arb é atá i gceist leis uirlis phleanála ar cheart í a bheith comhlíontach de réir na n-oibleagáidí a eascraíonn as gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais agus nár cheart í a bheith ag dul thar na hoibleagáidí sin.

(14)

Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme trí bhíthin cláir oibre. I bhfianaise gur de chineál meántéarma go fadtéarma iad na cuspóirí arna saothrú agus taithí a fuarthas le himeacht ama mar dhúshraith, ba cheart é a bheith indéanta roinnt blianta a chumhdach i gcláir oibre. Laghdófaí an t-ualach riaracháin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon le haistriú ó chláir oibre bhliantúla go cláir oibre ilbhliantúla, ar cheart iad a bheith ag cuimsiú tréimhse nach nó ná 3 bliana.

(15)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(16)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an talamh. Maidir leis na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh, ar cheart iad a dhéanamh ar dháta nach déanaí ná 4 bliana tar éis thús chur chun feidhme agus thabhairt chun críche an Chláir, faoi seach, ba cheart dóibh rannchuidiú le próiseas cinnteoireachta na gcéad chreataí airgeadais ilbhliantúla eile. Ba cheart leis na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh freisin aghaidh a thabhairt ar na constaicí atá fós i mbealach bhaint amach chuspóirí an Chláir agus moltaí a dhéanamh maidir leis an dea-chleachtas. Chomh maith leis na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh, mar chuid den chóras tuairiscithe feidhmíochta, ba cheart tuarascálacha ar an dul chun cinn a eisiúint chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta. Ba cheart achoimre a áireamh sna tuarascálacha sin, ar achoimre í ar na ceachtanna atá foghlamtha agus, i gcás inarb iomchuí, ar na constaicí a bhí ann, i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí an Chláir a tharla sa bhliain i dtrácht.

(17)

Ba cheart don Choimisiún seimineáir rialta d’údaráis chánach a eagrú ina bpléann ionadaithe ó Bhallstáit is tairbhithe saincheisteanna agus ina molann siad feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh a bhaineann le cuspóirí an Chláir, lena n-áirítear an malartú faisnéise idir na húdaráis chánach.

(18)

Chun freagairt go hiomchuí ar athruithe i dtosaíochtaí beartais cánach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar an liosta táscairí chun baint amach chuspóirí sonracha an Chláir a thomhas agus an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(19)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (14), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (15) agus (AE) 2017/1939 (16) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid Aontais chun comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus chun a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(20)

Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (18), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin ar bhonn ionstraimí dlí eile. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

(21)

Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo do sheiceálacha i dtaobh freagracht gníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(22)

Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a roghnófar faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostas rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar riosca an neamhchomhlíonta a mheastar a bheith ann. Ba cheart, leis an rogha sin, cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as maoiniú ar ráta comhréidh agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach bhfuil baint aige le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. Ba cheart na costais incháilithe a chinneadh trí thagairt do chineál na ngníomhaíochtaí incháilithe. Tá ríthábhacht ag baint le cumhdach na gcostas taistil, lóistín agus cothabhála le haghaidh rannpháirtithe i gcruinnithe agus in imeachtaí ad hoc comhchosúla agus le cumhdach na gcostas atá nasctha le heagrú imeachtaí, chun rannpháirtíocht saineolaithe náisiúnta agus údarás cánach i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha a áirithiú.

(23)

I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, ní incháilithe na costais a thabhófar roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun aon chur isteach a sheachaint ar thacaíocht ón Aontas, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, ba cheart é a bheith indéanta foráil a dhéanamh sa chinneadh maoiniúcháin, le linn tréimhse teoranta ama ag tús an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, agus i gcásanna cuí-réasúnaithe amháin, d’incháilitheacht gníomhaíochtaí agus costas ó thús na bliana airgeadais 2021, fiú más rud é gur cuireadh chun feidhme iad agus gur tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

(24)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(25)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 a aisghairm.

(26)

Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun go bhféadfar cur chun feidhme a thosú ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear an clár “Fiscalis” chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais (an “Clár”) don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Leis an Rialachán seo, leagtar síos cuspóirí an Chláir, buiséad an Chláir don tréimhse 2021-2027, na cineálacha cistithe ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “cánachas” ábhair, lena n-áirítear dearadh, riarachán, forfheidhmiú agus comhlíonadh, i ndáil leis na cánacha agus leis na dleachtanna seo a leanas:

(a)

cáin bhreisluacha dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE ón gComhairle (19);

(b)

dleachtanna máil ar alcól dá bhforáiltear i dTreoir 92/83/CEE ón gComhairle (20);

(c)

dleachtanna máil ar tháirgí tobac dá bhforáiltear i dTreoir 2011/64/AE ón gComhairle (21);

(d)

cánacha ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas dá bhforáiltear i dTreoir 2003/96/CE ón gComhairle (22);

(e)

cánacha agus dleachtanna eile dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2010/24/AE ón gComhairle (23) a mhéid atá siad ábhartha don mhargadh inmheánach agus do chomhar riaracháin idir Ballstáit;

(2)

ciallaíonn “údaráis chánach” údaráis phoiblí agus comhlachtaí eile atá freagrach as cánachas nó as gníomhaíochtaí a bhaineann le cáin;

(3)

ciallaíonn “córas leictreonach Eorpach” córas leictreonach atá riachtanach do chánachas agus do mhisin údarás cánach a fhorghníomhú.

Airteagal 3

Cuspóirí an chláir

1.   Is iad cuspóirí ginearálta an Chláir tacaíocht a thabhairt d’údaráis chánach agus do chánachas chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, iomaíochas an Aontais agus iomaíocht chóir san Aontas a chothú, leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, lena n-áirítear na leasanna sin a chosaint ar chalaois chánach, ar imghabháil cánach agus ar phleanáil ionsaitheach cánach, agus bailiú cánach a fheabhsú.

2.   Is iad cuspóirí sonracha an Chláir tacú le beartas cánach agus le dlí an Aontais maidir leis an gcánachas a chur chun feidhme, comhar idir údaráis chánach a chothú, lena n-áirítear faisnéis chánach a mhalartú, agus tacú le fothú acmhainneachta riaracháin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hinniúlacht an duine agus córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú.

Airteagal 4

Buiséad

1.   Is é EUR 269 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an chláir don tréimhse 2021-2027.

2.   Féadfar a chumhdach freisin, leis an méid dá dtagraítear i mír 1, speansais maidir le hullmhúchán, faireachán, rialú, iniúchóireacht, meastóireacht agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann le bainistiú an Chláir agus le meastóireacht a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí an Chláir. Ina theannta sin, féadfar a chumhdach leis speansais a bhaineann le staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, a fhad a bhaineann siad sin le cuspóirí an chláir, mar aon le speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is fócas dóibh próiseáil agus malartú faisnéise, lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leo i ndáil le bainistiú an Chláir.

Airteagal 5

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

Beidh an clár oscailte do rannpháirtíocht na dtríú tíortha seo a leanas:

(a)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann lena rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(b)

tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin, ar choinníoll go bhfuil leibhéal ard go leor comhfhogasaithe bainte amach ag na tíortha sin i dtaca le reachtaíocht agus modhanna riaracháin ábhartha an Aontais;

(c)

tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

(i)

go n-áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach sna cláir de chuid an Aontais agus na sochair don tríú tír sin;

(ii)

go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin.

(iii)

nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht chinnteoireachta don tríú tír i leith an Chláir;

(iv)

go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) den chéad mhír.

Airteagal 6

Cur chun feidhme agus cineálacha cistithe ón Aontas

1.   Is faoin mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár in aon cheann de na cineálacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe trí dheontais, duaiseanna, soláthar agus aisíocaíocht speansas taistil agus cothaithe arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha.

CAIBIDIL II

Incháilitheacht

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Ní bheidh ach gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach incháilithe chun cistiú a fháil.

2.   Ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, áireofar an méid seo a leanas:

(a)

cruinnithe agus imeachtaí ad hoc comhchosúla;

(b)

comhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe;

(c)

gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF, go háirithe forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach;

(d)

gníomhaíochtaí maidir le hinniúlacht an duine a fhothú agus gníomhaíochtaí fothú acmhainneachta eile;

(e)

gníomhaíochtaí tacaíochta agus gníomhaíochtaí eile, lena n-áirítear:

(i)

staidéir agus ábhar scríofa ábhartha eile a ullmhú;

(ii)

gníomhaíochtaí nuálaíochta, go háirithe cruthúnas coincheap, treoirthionscadail agus tionscnaimh fréamhshamhaltaithe;

(iii)

gníomhaíochtaí cumarsáide a forbraíodh i gcomhpháirt;

(iv)

aon ghníomhaíochtaí ábhartha eile dá bhforáiltear sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 13, ar gníomhaíochtaí iad atá riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach nó chun tacú leis na cuspóirí sin.

In Iarscríbhinn I, tá liosta neamh-uileghabhálach de chineálacha gníomhaíochtaí ábhartha a d’fhéadfadh a bheith i gceist dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) den chéad fhomhír.

In Iarscríbhinn III, tá liosta neamh-uileghabhálach de thopaicí tosaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí.

3.   Maidir le gníomhaíochtaí arb é atá i gceist leo oiriúnuithe do chomhpháirteanna comhchoiteanna de na córais leictreonacha Eorpacha nó síntí leo a fhorbairt agus a oibriú le haghaidh comhar le tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, beidh siad incháilithe le haghaidh cistiú nuair is chun leas an Aontais nó na mBallstát atá siad. Cuirfidh an Coimisiún na socruithe riaracháin is gá i bhfeidhm, lena bhféadfar foráil a dhéanamh go ndéanfaidh na tríú páirtithe lena mbaineann ranníocaíocht airgeadais do na gníomhaíochtaí sin.

4.   I gcás ina bhfuil baint ag gníomhaíocht fothaithe acmhainneachta TF dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo le forbairt agus oibriú córais leictreonaigh Eorpaigh, ní bheidh ach na costais a bhaineann leis na freagrachtaí arna dtabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 11(2) incháilithe le haghaidh cistiú faoin gClár. Is iad na Ballstáit a íocfaidh na costais a bhaineann leis na freagrachtaí a thugtar dóibh de bhun Airteagal 11(3).

Airteagal 8

Rannpháirtíocht saineolaithe seachtracha

1.   Aon uair inar tairbhiúil chun gníomhaíocht lena gcuirtear chun feidhme cuspóirí an Chláir a leagtar amach in Airteagal 3 a chur i gcrích, i gcás ionadaithe ó údaráis rialtais, lena n-áirítear iad siúd ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, lena n-áirítear ó thíortha is lú forbairt, agus, i gcás inarb ábhartha, ionadaithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí ábhartha eile, ionadaithe ó oibreoirí eacnamaíocha, ionadaithe ó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d’oibreoirí eacnamaíocha agus ionadaithe ón tsochaí shibhialta, féadfaidh siad páirt a ghlacadh mar shaineolaithe seachtracha i ngníomhaíocht den sórt sin.

2.   Beidh costais arna dtabhú ag na saineolaithe seachtracha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo incháilithe le haghaidh aisíocaíocht faoin gClár i gcomhréir le hAirteagal 238 den Rialachán Airgeadais.

3.   Roghnóidh an Coimisiún na saineolaithe seachtracha dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear as measc saineolaithe a mholann na Ballstáit, ar bhonn na scileanna, na taithí agus an eolais atá acu is ábhartha don ghníomhaíocht shonrach, ar bhonn ad hoc, bunaithe ar na riachtanais.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú, inter alia, ar neamhchlaontacht na saineolaithe seachtracha sin agus fiosróidh sé an bhfuil coinbhleacht leasa ann lena bhfreagrachtaí gairmiúla.

CAIBIDIL III

Deontais

Airteagal 9

Dámhachtain, comhlántacht agus cistiú comhcheangailte

1.   Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

2.   Gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici faoi chlár eile de chuid an Aontais, féadfaidh sí ranníocaíocht a fháil faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí éagsúla na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht maidir lena ranníocaíocht féin leis an ngníomhaíocht. Ní bheidh an cistiú carnach níos airde ná na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an ngníomhaíocht, agus féadfar an tacaíocht as cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

3.   I gcomhréir le pointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais, dámhfar deontais gan glao ar thograí i gcás inar údaráis chánach de chuid na mBallstát agus tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo iad na heintitis incháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán seo.

4.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a shonraítear sa chinneadh maoiniúcháin agus ar feadh tréimhse theoranta, féadfar a mheas gurb incháilithe ón 1 Eanáir 2021 gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Rialachán seo agus na costais bhunúsacha, fiú má cuireadh chun feidhme iad agus má tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

Airteagal 10

Ráta cómhaoiniúcháin

1.   De mhaolú ar Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais, féadfar suas le 100 % de chostais incháilithe gníomhaíochta a mhaoiniú leis an gClár.

2.   Sna cláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 13, leagfar amach an ráta cómhaoinithe is infheidhme i gcás ina n-éileofar go ndámhfar deontais de réir na ngníomhaíochtaí.

CAIBIDIL IV

Forálacha sonracha maidir le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta tf

Airteagal 11

Freagrachtaí

1.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, i gcomhpháirt le chéile, forbairt agus oibriú na gcóras leictreonach Eorpach a liostaítear sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais dá dtagraítear in Airteagal 12 (“MASP-T”), lena n-áirítear dearadh, sonraíocht, tástáil comhréireachta, úsáid, cothabháil, éabhlóid, slándáil, dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta na gcóras sin.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

forbairt agus oibriú na gcomhpháirteanna comhchoiteanna arna mbunú faoi MASP-T;

(b)

forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach a chomhordú go foriomlán d’fhonn iad a oibriú, a idirnascadh agus a fheabhsú go leanúnach agus a chur chun feidhme ar bhealach sioncronaithe;

(c)

comhordú córas leictreonach Eorpach ar leibhéal an Aontais d’fhonn iad a chur chun cinn agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta;

(d)

forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach a chomhordú a mhéid a bhaineann lena n-idirghníomhaíocht le tríú páirtithe, seachas gníomhaíochtaí atá ceaptha chun ceanglais náisiúnta a chomhlíonadh;

(e)

comhordú córas leictreonach Eorpach le gníomhaíochtaí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais a bhaineann le ríomhrialtas.

3.   Áiritheoidh gach Ballstát an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

forbairt agus oibriú na gcomhpháirteanna náisiúnta arna mbunú faoi MASP-T;

(b)

forbairt agus oibriú comhpháirteanna náisiúnta córas leictreonach Eorpach a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta;

(c)

córais leictreonacha Eorpacha a chomhordú le gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le ríomhrialtas ar an leibhéal náisiúnta;

(d)

soláthar rialta faisnéise don Choimisiún maidir leis na bearta atá déanta aige chun go mbeidh a n-údaráis agus a n-oibreoirí eacnamaíocha in ann lánúsáid a bhaint as córais leictreonacha Eorpacha;

(e)

cur chun feidhme córas leictreonach Eorpach ar an leibhéal náisiúnta.

Airteagal 12

Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais

1.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais (MASP-T) a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta. Déanfar MASP-T a ailíniú leis na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais. Liostófar ann gach cúram atá ábhartha chun córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú agus aicmeofar ann gach córas leictreonach Eorpach, nó cuid de chóras leictreonach Eorpach den sórt sin, mar a leanas:

(a)

comhpháirt chomhchoiteann, rud a chiallaíonn comhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha a fhorbraítear ar leibhéal an Aontais, atá ar fáil do gach Ballstát nó atá sainaitheanta mar chomhpháirt chomhchoiteann ag an gCoimisiún ar chúiseanna éifeachtúlachta, slándála agus cuíchóirithe;

(b)

comhpháirt náisiúnta, rud a chiallaíonn comhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha a fhorbraítear ar an leibhéal náisiúnta, atá ar fáil sa Bhallstát a chruthaigh í nó a rannchuidigh lena cruthú comhpháirteach; nó

(c)

meascán de na comhpháirteanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).

2.   Ina theannta sin, cumhdófar in MASP-T gníomhaíochtaí nuálaíochta agus treoirghníomhaíochtaí, mar aon leis na modheolaíochtaí agus uirlisí tacaíochta a bhaineann leis na córais leictreonacha Eorpacha.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi gach cúram a shanntar dóibh faoi MASP-T a bheith curtha i gcrích. Tuairisceoidh siad go rialta don Choimisiún freisin maidir leis an dul chun cinn a dhéanfaidh siad lena gcúraimí.

4.   Tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar an dul chun cinn faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme MASP-T sa tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin. Beidh na tuarascálacha bliantúla sin bunaithe ar fhormáid réamhshocraithe.

5.   Tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil chomhdhlúite a tharraingt suas ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla dá dtagraítear i mír 4, ina ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme MASP-T, agus déanfaidh sé an tuarascáil sin a phoibliú.

CAIBIDIL V

Clársceidealú, faireachán, meastóireacht agus rialú

Airteagal 13

Clár oibre

1.   Is trí chláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 110(2) den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme.

2.   Glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre ilbhliantúla trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

Airteagal 14

Faireachán agus tuairisciú

1.   Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chiste maidir le gnóthú na gcuspóirí sonracha a leagtar síos in Airteagal 3(2).

2.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir maidir le gnóthú a chuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 17, chun Iarscríbhinn II a leasú d’fhonn na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá sin, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais.

Airteagal 15

Meastóireacht

1.   Déanfar meastóireachtaí ar an gClár sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta ar bhealach tráthúil. Déanfaidh an Coimisiún na meastóireachtaí sin a chur ar fáil go poiblí.

2.   A luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach ar an gClár.

3.   I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

4.   Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh, lena n-áirítear a bharúlacha féin, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 16

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

CAIBIDIL VI

An tarmligean a fheidhmiú agus an nós imeachta coiste

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste dá ngairfear “an Coiste um Chlár Fiscalis” cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VII

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

Airteagal 19

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Chláir agus leis na torthaí a baineadh amach. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorporáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

CAIBIDIL VIII

Forálacha idirthréimseacha agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 20

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 21

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí sin, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013, ar Rialachán é a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na costais theicniúla agus cúnaimh riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 a áirithiú.

3.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na costais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.P. ZACARIAS


(1)   IO C 62, 15.2.2019, lch. 118.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 10 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 25).

(4)   IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2021/444 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2021 lena mbunaítear an Clár Custaim chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 (IO L 87, 15.3.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2021/785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Frith-Chalaoise an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 (IO L 172, 17.5.2021, lch. 110).

(8)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(10)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, p. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(13)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(15)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(16)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(17)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(18)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(19)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(20)  Treoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 316, 31.10.1992, lch. 21).

(21)  Treoir 2011/64/AE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011 maidir le struchtúr agus rátaí na ndleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe (IO L 176, 5.7.2011, lch. 24).

(22)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).

(23)  Treoir 2010/24/AE ón gComhairle an 16 Márta 2010 maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a ghnóthú, (IO L 84, 31.3.2010, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA NEAMH-UILEGHABHÁLACH DE CHINEÁLACHA GNÍOMHAÍOCHTAÍ A D’FHÉADFADH A BHEITH I GCEIST DÁ DTAGRAÍTEAR I BPOINTÍ (A), (B) AGUS (D) DEN CHÉAD FHOMHÍR D’AIRTEAGAL 7(2)

Féadfaidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(2) a bheith sna cineálacha seo a leanas, i measc nithe eile.

(1)

a mhéid a bhaineann le cruinnithe agus imeachtaí ad hoc comhchosúla:

seimineáir agus ceardlanna ar a bhfreastalaíonn rannpháirtithe ó gach tír rannpháirteach de ghnáth, ina ndéantar cur i láthair agus ina ndéanann rannpháirtithe dianphlé faoi ábhar ar leith agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis;

turais oibre a eagraítear chun cur ar a gcumas d’oifigigh saineolas nó tuiscint i ndáil le beartas cánach a fháil nó a mhéadú;

láithreacht in oifigí riaracháin agus rannpháirtíocht i bhfiosrúcháin riaracháin;

(2)

a mhéid a bhaineann le comhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe:

grúpaí tionscadail atá comhdhéanta de ghnáth de líon teoranta tíortha rannpháirteacha agus atá oibríochtúil ar feadh tréimhse theoranta ama chun críche cuspóir atá réamhshainithe, a bhfuil toradh mionsainithe ag gabháil leis, lena n-áirítear comhordú nó tagarmharcáil, a shaothrú;

tascfhórsaí, eadhon cineálacha struchtúrtha comhair de chineál buan nó neamhbhuan agus a chomhthiomsaíonn saineolas chun tascanna i réimsí sonracha a dhéanamh nó chun gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh, agus seirbhísí comhoibrithe ar líne, cúnamh riaracháin agus saoráidí bonneagair agus trealaimh mar thaca leis sin, b’fhéidir;

rialú iltaobhach nó comhuaineach, arb é atá i gceist leis seiceáil chomhordaithe a dhéanamh ar an staid chánach i leith duine inchánach amháin nó níos mó lena mbaineann, ar seiceáil í a eagraíonn dhá thír rannpháirteach nó níos mó, lena n-áirítear dhá Bhallstát ar a laghad, a bhfuil leasanna coiteanna nó comhlántacha acu;

iniúchtaí comhpháirteacha, arb é atá i gceist leo fiosruithe riaracháin a dhéanamh maidir leis an staid chánach i leith duine inchánach amháin nó níos mó lena mbaineann arna déanamh ag foireann iniúchóireachta amháin atá comhdhéanta de dhá thír rannpháirteacha nó níos mó, lena n-áirítear dhá Bhallstát ar a laghad, a bhfuil leasanna coiteanna nó comhlántacha acu;

aon chineál comhair riaracháin eile a bunaíodh le Rialacháin (AE) Uimh. 904/2010 (1) nó (AE) Uimh. 389/2012 (2) ón gComhairle nó le Treoracha 2010/24/AE nó 2011/16/AE (3) ón gComhairle;

(3)

a mhéid a bhaineann le hinniúlacht an duine a fhothú agus le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta eile:

oiliúint chomhchoiteann nó forbairt na ríomhfhoghlama chun tacú leis na scileanna gairmiúla riachtanacha agus leis an eolas gairmiúil riachtanach i ndáil le cúrsaí cánach;

tacaíocht theicniúil, a bhfuil sé mar aidhm léi nósanna imeachta riaracháin a fheabhsú, feabhas a chur ar acmhainneacht riaracháin, agus feidhmiú agus oibríochtaí na riarachán cánach a fheabhsú trí dhea-chleachtais a thionscnamh agus a chomhroinnt.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin, agus maidir le calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).

(3)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

TÁSCAIRÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 14(1)

Chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2), úsáidfear na táscairí seo a leanas.

A.   Fothú Acmhainneachta (acmhainneacht riaracháin, an duine agus TF)

(1)

an tInnéacs maidir le Dlí agus Beartais an Aontais a Chur i bhFeidhm agus a Chur Chun Feidhme (líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár arna n-eagrú i gcomhthéacs chur i bhfeidhm agus chur chun feidhme dhlí agus bheartas an Aontais a bhaineann leis an gcánachas agus líon na moltaí arna n-eisiúint i ndiaidh na ngníomhaíochtaí sin);

(2)

an tInnéacs Foghlama (líon na modúl r-foghlama arna n-úsáid, líon na n-oifigeach ar cuireadh oiliúint orthu agus an scór cáilíochta atá tugtha ag rannpháirtithe);

(3)

infhaighteacht córas leictreonach Eorpach (ó thaobh céatadán oibre de);

(4)

infhaighteacht an Líonra Cumarsáide Choitinn (ó thaobh céatadán oibre de);

(5)

innéacs nósanna imeachta TF simplithe le haghaidh na n-údarás cánach agus na n-oibreoirí eacnamaíocha (líon na n-oibreoirí eacnamaíocha cláraithe, líon na n-iarratas agus líon na gcomhairliúchán sna córais leictreonacha éagsúla arna gcistiú leis an gClár);

B.   Comhroinnt eolais agus líonrú

(6)

Innéacs Láidreacht an Chomhoibrithe (méid an líonraithe arna dhéanamh, líon na gcruinnithe aghaidh ar aghaidh agus líon na ngrúpaí comhoibrithe ar líne);

(7)

an tInnéacs Dea-chleachtas agus Treoirlínte (líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár arna n-eagrú sa réimse seo, agus céatadán na n-údarás cánach a bhain leas as cleachtas oibre nó as treoirlíne arna fhorbairt nó arna forbairt agus tacaíocht á fáil ón gClár).

IARSCRÍBHINN III

LIOSTA NEAMH-UILEGHABHÁLACH DE THOPAICÍ TOSAÍOCHTA A D’FHÉADFADH A BHEITH ANN LE HAGHAIDH GNÍOMHAÍOCHTAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7

I gcomhréir le cuspóirí sonracha ginearálta an Chláir, féadfar díriú, leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7, i measc topaicí eile, ar na topaicí tosaíochta seo a leanas:

(1)

tacú le cur chun feidhme dhlí an Aontais a bhaineann leis an gcánachas, lena n-áirítear oiliúint a chur ar fhoireann i ndáil leis sin, agus cuidiú le bealaí féideartha a shainaithint chun feabhas a chur ar an gcomhar riaracháin idir na húdaráis chánach, lena n-áirítear cúnamh chun éilimh a bhaineann le cánacha a aisghabháil;

(2)

tacú le malartú éifeachtach faisnéise, lena n-áirítear iarrataí ó ghrúpaí, formáidí caighdeánacha TF a fhorbairt, an rochtain atá ag údaráis chánach ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, agus feabhas a chur ar úsáid na faisnéise a fhaightear;

(3)

tacú le sásraí an chomhair riaracháin a oibriú go héifeachtach agus leis an dea-chleachtas a mhalartú idir údaráis chánach, lena n-áirítear an dea-chleachtas maidir le héilimh a bhaineann le cánacha a aisghabháil;

(4)

tacú le digitiú agus nuashonrú na modheolaíochtaí atá ag na húdaráis chánach;

(5)

tacú le malartú an dea-chleachtais chun calaois cánach breisluacha a chomhrac.