Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Clár chun forbairt breise ar Bheartas Muirí Comhtháite a chothú SEC(2010) 1097 final /* COM/2010/0494 final - COD 2010/0257 */
[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH | An Bhruiséil 29.9.2010 COIM(2010) 494 leagan deireanach 2010/0257 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Clár chun forbairt breise ar Bheartas Muirí Comhtháite a chothú SEC(2010) 1097 final MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN COMHTHÉACS AN TOGRA D’fhoilsigh an Coimisiún an Teachtaireacht i leith Beartais Mhuirí Chomhtháite don Aontas Eorpach an 10 Deireadh Fómhair 2007 - COIM(2007) 575 (‘Páipéar Gorm’). Tugadh tacaíocht sa Teachtaireacht sin don ghá chun cinnteoireacht chomhtháite, shoiléir agus chomhleanúnach a fhorbairt agus agus a chur chun feidhme i ndáil leis na haigéin, na farraigí, na réigiúin cois cósta agus an earnáil mhuirí. Is amhlaidh dá réir a chuirtear cur chuige tras-earnálach chun cinn don rialachas muirí sa Bheartas Muirí Comhtháite. Is ann a chothaítear sainaithint agus dúshaothrú na sineirgí idir gach aon bheartas de chuid an AE a bhaineann leis na haigéin, na mara, na réigiúin cois cósta agus an earnáil mhuirí, - eadhon na beartais chomhshaoil, iompair mhuirí, fuinnimh, taighde, tionsclaíochta, iascaigh agus réigiúnacha. Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta a ghabhann leis an Teachtaireacht um Beartas Muirí Comhtháite don Aontas - SEC(2007) 1278 roinnt gníomhaíochtaí arna mbeartú ag an gCoimisiún Eorpach mar an chéad chéim d’fhonn beartas muirí nua comhtháite don Aontas Eorpach a chur chun feidhme. Tar éis cuireadh a fháil ón gComhairle Eorpach an 14 Nollaig 2007, a thacaigh le Beartas Muirí Comhtháite an AE[1], ghlac an Coimisiún le Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn an 15 Deireadh Fómhair 2009 i leith Bheartas Muirí Comhtháite an AE.[2] Rinne an Coimisiún achoimre sa Tuarascáil ar Dhul chun Cinn sin ar na príomhéachtaí a bhain leis an mBeartas Muirí Comhtháite (BMC), agus leag sé amach treoir don chéad chéim cur chun feidhme eile ina leith.[3] Leag an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta béim ina cuid conclúidí ó 16 Samhain 2009 ar an tábhacht a bhain le cistiúchán chun tuilleadh forbartha agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an BMC, trí chuireadh a thabhairt don Choimisiún na tograí is gá a thíolacadh maidir le maoiniú gníomhaíochtaí beartais mhuirí chomhtháite laistigh den Pheirspictíocht Airgeadais dá bhfuil ann, d’fhonn iad a thabhairt i bhfeidhm faoin mbliain 2011. Tá tuilleadh forbartha agus cur chun feidhme ar an mBeartas Muirí Comhtháite mar a leag an Coimisiún amach agus mar a thacaigh an Chomhairle leis i mbaol toisc nach bhfuil dóthain acmhainní ann do chistiú na ngníomhaíochtaí riachtanacha thar an tréimhse atá fágtha (2011 - 2013) den Pheirspictíocht Airgeadais reatha. Táthar tar éis gníomhaíochtaí BMC a mhaoiniú go nuige seo ar bhonn Airteagal 49(6)(a) agus (b) den Rialachán Airgeadais, agus Airteagal 32 dá Rialacha Cur Chun Feidhme, ina ndéantar foráil do chistiú treoirscéimeanna agus tionscadal ullmhúcháin.[4] Ní féidir treoirscéimeanna agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin a bhaineann leis an mBeartas Muirí Comhtháite a mhaoiniú ach amháin go dtí deireadh na bliana 2010. Teastaíonn bonn taca airgeadais measartha leanúnach le cur ar chumas an AE an Beartas Muirí Comhtháite a chur chun feidhme agus a fhorbairt a thuilleadh agus chun coinneáil leis na cuspóirí uileghabhálacha arna leagan amach i bPáipéar Gorm ón gCoimisiún i nDeireadh Fómhair 2007, arna ndeimhniú sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn i nDeireadh Fómhair 2009, agus lenar tacaíodh i gconclúidí na Comhairle Gnóthaí Ginearálta an 16 Samhain 2009. Cuirfidh an maoiniú sin ar chumas an Choimisiúin, maille leis na Ballstáit agus na geallsealbhóirí, leanúint ar aghaidh leis an saothar a bhfuiltear tar éis tús a chur leis cheana féin trí ghníomhaíochtaí ullmhúcháin agus treoirscéimeanna, agus chun roghanna a fhorbairt a thuilleadh agus a dhéanamh táigiúil do chur chun feidhme an Bheartais Mhuirí Chomhtháite ar an gcaoi a leagtar amach sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn an 15 Deireadh Fómhair 2009. MEASTÓIREACHT EX ANTE Ní shainítear beartas nua ná ní shocraítear spriocanna nua leis an togra reachtaíochta seo. Níltear ag súil le haon iarmhairt fhorleathan ná le haon impleacht beartais nua ag an gcéim seo. Sin é an fáth nach bhfuil Measúnú Iarmharta ag gabháil leis an togra. Más dócha go mbainfidh tionchair mhóra nó impleachtaí beartais le haon bheart leantach, is amhlaidh a bheidh measúnuithe iarmharta sonracha ag gabháil leo. I gcomhréir le hAirteagal 27(4) den Rialachán Airgeadais agus le hAirteagal 21(1) de na rialacha cur chun feidhme ann, rinne an Coimisiún meastóireacht ex ante ar na gnéithe ba mhionsonraithe den Chlár maoiniúcháin atá molta. Tugtar forbhreathnú ar an gClár maoiniúcháin molta i measc nithe eile sa mheastóireacht ex ante sin a bheidh ag gabháil leis an togra reachtaíochta. Tugtar aird faoi leith inti don chomhthéacs polaitiúil, do shainmhíniú na faidhbe, do phríomhchuspóirí an Chláir, don luach breise a bhaineann le páirtíocht airgeadais an Chomhphobail agus do na príomhroghanna/príomh-mhalairtí beartais a bhfuil measúnú le déanamh orthu. Is iad seo a leanas na trí mhalairt beartais a aithníodh sa mheastóireacht ex ante: 1. Gníomhaíocht bhreise ar bith; 2. Ranníocaíocht airgeadais mheasartha ón AE, ag leibhéal réasúnta méadaithe i gcomparáid leis na tionscadail ullmhúcháin agus treoirthionscadail go dtí seo, chun tuilleadh iniúchta a dhéanamh ar roghanna agus chun an BMC an chur chun feidhme go rianúil de réir mar a thiocfaidh forbairt air; 3. Maoiniú iomlán. Rinneadh breithniú ar na trí eochair-rogha beartais sin i gcomhair na dtreoracha straitéiseacha BMC seo a leanas[5]: - Rialachas muirí comhtháite ar gach aon leibhéal; - Gníomhaíochtaí i ndáil leis na himchuacha farraige; - Uirlisí leathana chun Beartais Chomhtháite a Cheapadh; - Sainmhíniú ar na teorainneacha maidir le hinbhuaine gníomhaíochtaí daonna faoi chuimsiú na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí; - Cur chun cinn na gné idirnáisiúnta den BMC agus cheannaireacht na hEorpa sa réimse sin; - Fás eacnamaíoch, fostaíocht agus nuálaíocht inbhuanaithe; - Infheictheacht na hEorpa muirí a ardú; Rinneadh gach rogha beartais dá raibh ar fáil a mheasúnú in aghaidh na gcritéar seo a leanas: (i) éifeachtacht na rogha chun na cuspóirí a bhí ceaptha di agus na sochair dá réir a ghnóthú; (ii) féidearthacht na roghanna ceaptha; (iii) an impleacht do bhuiséad an AE ó thaobh costais de. Déantar na mórthorthaí a chur i gcomparáid lena chéile sa tábla thíos: MEASÚNÚ ROGHANNA | Éifeachtacht maidir leis na cuspóirí ceaptha agus na sochair dá réir a ghnóthú Ard (+++) Meánach (+/-) Íseal (---) | Féidearthacht Ard (+) Meánach (+/-) Íseal (-) | Impleacht do bhuiséad an AE ó thaobh costais de Dearfach (idir+agus+++) Diúltach (idir-agus---) | Measúnú Foriomlán Dearfach (idir+agus+++) Diúltach (idir-agus---) | Rogha 1 Gníomhaíocht shonrach ar bith | --- | + | Leithreasaí - Acmhainní Daonna - Caiteachas riaracháin - | - | Rogha 2 Ranníocaíocht airgeadais mheasartha ón AE | +++ | + | Leithreasaí + Acmhainní daonna + Caiteachas riaracháin + | + | Rogha 3 Maoiniú iomlán | +++ | - | Leithreasaí +++ Acmhainní Daonna ++ Caiteachas riaracháin ++ | - | Gníomhaíocht bhreise ar bith (Rogha 1): Is léir go bhfuil Rogha 1 indéanta agus nach mbeadh iarmhairt costais i gceist léi do bhuiséad an AE. Ar an láimh eile de, chiallódh gníomhaíocht bhreise ar bith, .i. gan gníomhartha agus gníomhaíochtaí don Bheartas Muirí Comhtháite a mhaoiniú don tréimhse 2011-2013, nach mbainfí amach na cuspóirí ginearálta agus sonracha a bhí ceaptha don Chlár. Bheifí le tuiscint ina dhiaidh sin nach gcomhlíonfadh an Coimisiún na cuspóirí beartais arna leagan amach i bPáipéar Gorm uaidh i nDeireadh Fómhair 2007, arna ndeimhniú sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn i nDeireadh Fómhair 2009, agus lenar tacaíodh i gconclúidí na Comhairle Gnóthaí Ginearálta an 16 Samhain 2009. Is leor an mhainneachtain sin chun Rogha 1 a chur as an áireamh. Ranníocaíocht airgeadais mheasartha ón AE (Rogha 2): Is amhlaidh iarmhairt a bheith aici seo ar bhuiséad an AE. Ar an láimh eile de is amhlaidh atá roinnt buntáistí ag baint le Rogha 2. Is rogha indéanta agus chostéifeachtach í, a chuirfeadh go mór le gnóthú na gcuspóirí a dtugtar achoimre orthu i roinn 2.3. Chuirfeadh sí ar chumas an AE leanúint ar aghaidh ag iniúchadh roghanna i gcomhair forbairt breise an BMC agus tús a chur le cur chun feidhme trí mheán gníomhaíochta nithiúla i roinnt réimsí. Chinnteofaí léi cur chun feidhme fónta tapa an Bheartais Mhuirí Chomhtháite idir an gearrthéarma agus an fadtéarma. Maoiniú iomlán (Rogha 3): Chuideodh an Rogha seo go mór leis an gCoimisiún chun na cuspóirí agus tosaíochtaí a bhí ceaptha don BMC a ghnóthú. Ar an láimh eile de is amhlaidh atá Rogha 3 dodhéanta ag an gcéim seo. Níl sí indéanta ó thaobh na polaitíochta de, toisc nach bhféadfaí méideanna i bhfad ní ba mhó a íoc amach thar na méideanna dá bhforáiltear cheana féin ag an gcéim seo d’fhorbairt an BMC. Is amhlaidh sin toisc nach bhfuil roghanna beartais nithiúla ag na Ballstáit ná ag an gCoimisiún cheana féin ar a bhféadfaí airgead breise a chaitheamh. Níl na hacmhainní daonna ag an gCoimisiún chun an maoiniú iomlán sin a bhainistiú ach an oiread. Ina theannta sin is amhlaidh nach mbeadh sé róstuama dul i mbun cur chun feidhme ceart gan na coincheapa a thástáil ar scála ní ba theoranta ar dtús. Dá réir sin, ag tabhairt san áireamh sriantaí roghanna 1 agus 3 agus leas láidir an Chomhphobail i ngnóthú cuspóirí an BMC idir an gearrthéarma agus an meántéarma, dhealrófaí gurbh í ranníocaíocht airgeadais mheasartha ón AE chun gníomhaíochtaí BMC a chistiú an réiteach cuí don Bheartas Muirí Comhtháite sa tréimhse idir na bliana 2011-2013. Eilimintí Dlí an Togra Bunús dlí Níl aon bhunús follasach dlí sa Chonradh ag Beartas Muirí Comhtháite an AE. Mar sin féin, cumhdaíonn sé go leor beartas earnálach de chuid an AE a bhfuil tionchar acu ar na farraigí agus cóstaí, amhail beartais iascaigh, saoirse, slándáil agus ceartas, iompar, tionsclaíocht, comhtháthú críochach, taighde, comhshaol, fuinneamh, agus turasóireacht. Sin é an fáth go bhfuil an gníomh reachtach atá beartaithe bunaithe ar Airteagal 43(2), Airteagal 74 agus 77(2), Airteagal 91(1) agus 100(2), Airteagal 173(3), Airteagal 175, Airteagal 188, Airteagal 192(1), Airteagal 194(2) agus Airteagal 195(2). Coimhdeacht agus Comhréireacht Ní mór dul i mbun aon ghníomhaíochta de chuid an AE ina ndírítear ar fhorbairt nó ar chur chun feidhme breise an Bheartais Mhuirí Chomhtháite, mar a cuireadh treise air sa Pháipéar Gorm ó Dheireadh Fómhair 2007 agus sa Phlean Gníomhaíochta a ghabh leis, agus prionsabal na coimhdeachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach á urramú go cuí. Tagann an réasúnaíocht do ghníomhaíocht ag leibhéal an AE i réimse an Bheartais Mhuirí Chomhtháite ó bhunbhrí thrasearnálach thrasnáisiúnta na ngníomhaíochtaí lena mbaineann agus ó shineirgí i measc na mbeartas earnálach. Is é an cuspóir atá leis straitéis chuimsitheach a fhorbairt don fhás agus inbhuaine i gcomhair na n-aigéan, na bhfarraigí, na réigiún cois cósta agus do ghnéithe trasghearrthacha na n-earnálacha muirí. Is cásanna sonracha gníomhaíochtaí a bhaineann le huirlisí beartais trasghearrthacha agus gníomhaíochtaí muirí trasearnálacha, agus le gné idirnáisiúnta an Bheartais Mhuirí Chomhtháite de bharr a ngnéithe trasteorann. Áirítear leis na huirlisí agus gníomhaíochtaí sin an timpeallacht chomónta do chomhroinnt na faisnéise i bhfearann muirí an AE, an phleanáil spásúil mhuirí, bainistiú comhtháite an chreasa cósta agus an líonra sonraí agus eolais mhuirí. Ní dhéanfadh gníomhaíocht ag leibhéal an Aontais a bheadh dírithe ar chur chun feidhme an Bheartais Mhuirí Chomhtháite difear diúltach do bhearta comhchosúla a ghlactar sna Ballstáit nó sna réigiúin. A mhalairt atá fíor, go ndéanfadh gníomhaíochtaí trasearnálacha a ghlacfaí ag leibhéil éagsúla den rialtas comhlánú agus feabhsú dá chéile. Ní bhainfear amach cumas iomlán don cheapadh beartais mhuirí barrfheabhsaithe mura mbíonn an cur chuige comhtháite fite fuaite trí gach leibhéal den rialtas.[6] Is amhlaidh dá réir ar dóichí go dtiocfadh sochair shoiléire ó ghníomhaíocht ag leibhéal an Aontais i réimse an Bheartais Mhuirí de bharr a scála agus a héifeachtaí, i gcomparáid le gníomhaíochtaí agus gníomhartha nach ndéanfaí ach amháin ag leibhéal na mBallstát agus na réigiún. Sna conclúidí uaithi ó 16 Samhain 2009 i leith Tuarascáil ar Dhul chun Cinn an BMC ó 15 Deireadh Fómhair is amhlaidh a thug an Chomhairle cuireadh do na Ballstáit agus don Choimisiún leanúint ar aghaidh lena gcuid gníomhaíochta agus an choimhdeacht agus an chomhréireacht á n-urramú go cuí, agus a d’fháiltigh roimh shaothar an Choimisiúin agus na mBallstát chomh maith le treoshuímh BMC na todhchaí. De réir Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus prionsabail na comhréireachta níor chóir go rachadh gníomhaíocht ón AE thar an méid is gá chun na cuspóirí a bhí leagtha amach dó a bhaint amach. Déanann an togra reatha i leith an BMC prionsabal na comhréireachta a urramú toisc nach dtéann gníomhaíocht an AE i réimse an Bheartais Mhuirí Chomhtháite thar an méid is gá chun na cuspóirí sonraithe a ghnóthú go sásúil. Fágtar an oiread raon feidhme agus is féidir don chinnteoireacht náisiúnta, agus léirítear urramú ann do shocruithe agus do chórais dlí náisiúnta seanbhunaithe. Chuirfeadh gníomhaíocht ag leibhéal an Aontais i leith Beartais Mhuirí Chomhtháite luach breise leis na bearta atá á nglacadh ag na Ballstáit cheana féin, agus sholáthrófaí leis breis acmhainní anuas orthu siúd atá á gcaitheamh ag na Ballstáit cheana féin. Is comhréireach iad na hacmhainní sin óir go gcuirfidís ar chumas na mBallstát, na réigiún agus na ngeallsealbhóirí réigiúnacha cuspóirí an Bheartais Mhuirí Chomhtháite a bhaint amach ar bhonn ní b’éifeachtaí.[7] Míniú Mionsonraithe ar Chuspóirí an Togra Teastaíonn Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le Clár a bhunú chun tacú le forbairt bhreise an Bheartais Mhuirí Chomhtháite. Is ionann cuspóir ginearálta an Chláir atá molta agus maoiniú leordhóthanach a sholáthar d’fhorbairt agus cur chun feidhme breise an Bheartais Mhuirí Chomhtháite. Bheadh an ghníomhaíocht sin bunaithe ar an bPáipéar Gorm ar ghlac an Coimisiún leis sa bhliain 2007, agus leanfadh sé sna sála ar na gníomhaíochtaí ullmhúcháin agus na treoirthionscadail a bheidh le seoladh idir Eanáir 2011 agus Nollaig 2013. Tá sé mar choinníoll sonrach in Airteagal 1 agus Airteagal 2 den togra, go mbeidh sé mar aidhm ag gníomhaíochtaí agus gníomhartha arna maoiniú faoin gClár atá molta cuidiú le gnóthú na gcuspóirí, na dtosaíochtaí agus na spriocanna seo a leanas, arna leagan amach sa Pháipéar Gorm ón mbliain 2007, arna ndeimhniú sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ón mbliain 2009 agus arna bhformhuiniú ag an gComhairle an 16 Samhain 2009: - tuilleadh forbartha agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an rialachas muirí comhtháite agus cur chuige comhtháite sna Ballstáit agus sna réigiúin cois cósta; - cur chun feidhme tapa fónta na straitéisí imchuach farraige comhtháite timpeall na hEorpa, agus iad curtha in oiriúint d’éilimh gach réigiún muirí; - tuilleadh forbartha agus cur chun feidhme ar uirlisí trasghearrtha don cheapadh beartais chomhtháite lena n-áirítear Líonra Breathnóireachta agus Sonraí Muirí Eorpach, comhtháthú an fhaireachais mhuirí trí Thimpeallacht Chomónta um Chomhroinnt na Faisnéise, Pleanáil Spásúil Mhuirí agus Bainistiú Comhtháite an Chreasa Chósta; - sainmhíniú breise a thabhairt i líon blianta ar na teorainneacha maidir le hinbhuaine na ngníomhaíochtaí daonna ag a mbíonn iarmhairt ar chomhshaol na mara, faoi chuimsiú na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí, ag tabhairt aird chuí dá n-iarmhairt charnach ar bhunús cur chuige an éiceachórais; - cur chun cinn na gné idirnáisiúnta den Bheartas Muirí Comhtháite trí chomhphlé, trí chomhoibriú agus trí chomhordú leis na tríú tíortha a fheabhsú agus a chothú, lena n-áirítear iad siúd atá buailte ar imchuach farraige Eorpach, nó gníomhairí sna tríú tíortha, chomh maith le comhpháirtithe agus eagrais idirnáisiúnta um Beartas Muirí Comhtháite, agus comhchuibheas a chinntiú leis na gníomhaíochtaí a forbraíodh sna beartais earnálacha; - aird athnuaite a chur ar an bhfás eacnamaíoch, ar fhostaíocht agus ar nuálaíocht inbhuanaithe; - infheictheacht na hEorpa Muirí a ardú, agus cur chun cinn agus éascú chomhroinnt na faisnéise, idirmhalartú an dea-chleachtais, dúshaothrú agus treisiú na sineirgí agus comhphlé leis na geallsealbhóirí um rialachas muirí agus um beartais earnálacha ag a mbíonn iarmhairt ar na haigéin, na farraigí agus na cóstaí, nó bunú comhghuaillíochtaí agus gréasán comhoibrithe tras-earnálach ag leibhéal cothrománach agus imchuach farraige. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Faoi réir an Rialacháin atá molta, tá an clúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir chun tacú le tuilleadh forbartha ar an mBeartas Muirí Comhtháite socraithe ag EUR 50 000 000 agus beidh feidhm leis idir 1 Eanáir 2011 agus 31 Nollaig 2013. Soláthraíonn an ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra forbhreathnú ar na himpleachtaí buiséadacha agus ath-imlonnú na n-acmhainní daonna agus riaracháin is gá. 2010/0257 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Clár chun forbairt breise ar Bheartas Muirí Comhtháite a chothú (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), Airteagal 74 agus 77(2), Airteagal 91(1) agus 100(2), Airteagal 173(3), Airteagal 175, Airteagal 188, Airteagal 192(1), Airteagal 194(2) agus Airteagal 195(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[8], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[9], Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: 4. Sloinntear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ar Bheartas Muirí Comhtháite (BMC) don Aontas Eorpach - COIM(2007) 575 an 10 Deireadh Fómhair 2007, gurb é príomhchuspóir an Bheartais Mhuirí Chomhtháite cinnteoireacht chomhtháite, shoiléir agus chomhleanúnach a fhorbairt agus a chur chun feidhme i ndáil leis na haigéin, na mara, na réigiúin cois cósta agus na hearnálacha muirí. 5. Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta a ghabhann leis an Teachtaireacht um Beartas Muirí Comhtháite don Aontas Eorpach - SEC(2007) 1278 roinnt gníomhaíochtaí arna mbeartú ag an gCoimisiún Eorpach mar an chéad chéim d’fhonn Beartas Muirí Comhtháite nua don Aontas Eorpach a chur chun feidhme. 6. Déantar achoimre sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le Beartas Muirí Comhtháite an AE an 15 Deireadh Fómhair 2009 ar na príomhéachtaí a bhain leis an mBeartas Muirí Comhtháite go nuige seo, agus leagadh amach treoir inti don chéad chéim cur chun feidhme eile ina leith. 7. Leag an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta béim ina cuid conclúidí ó 16 Samhain 2009 ar an tábhacht a bhain le cistiúchán chun tuilleadh forbartha agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an BMC trí chuireadh a thabhairt ‘don Choimisiún na tograí is gá a thíolacadh maidir le maoiniú gníomhaíochtaí beartais mhuirí chomhtháite laistigh den Pheirspictíocht Airgeadais dá bhfuil ann, d’fhonn iad a thabhairt i bhfeidhm faoin mbliain 2011’.[10] 8. Teastaíonn bonn taca airgeadais leanúnach ón Aontas le cur ar chumas an Aontais Eorpaigh a Bheartas Muirí Comhtháite a chur chun feidhme agus a fhorbairt a thuilleadh, ag cloí le Rún Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2008 i leith an Bheartais Mhuirí Chomhtháite[11] agus chun a chuspóirí uileghabhálacha arna leagan amach sa Pháipéar Gorm ón gCoimisiún i nDeireadh Fómhair 2007, arna ndeimhniú sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn i nDeireadh Fómhair 2009 agus arna bhformhuiniú i gconclúidí na Comhairle Gnóthaí Ginearálta an 16 Samhain 2009, a shaothrú. 9. Ba cheart do chistiú an Aontais a bheith ceaptha chun tacú le saothar taiscéalaíoch um ghníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu cuspóirí straitéiseacha an Bheartais Mhuirí Chomhtháite a chur chun cinn, lena n-áirítear an rialachas muirí comhtháite ag gach leibhéal, forbairt agus cur chun feidhme breise na straitéisí imchuach comhtháite arna sainoiriúint d’éilimh shonracha imchuach éagsúil na hEorpa, sainmhíniú teorainneacha na hinbhuaine do ghníomhaíochtaí daonna faoi chuimsiú na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí, atá mar an colún comhshaoil den Bheartas Muirí Comhtháite, ag tabhairt aird chuí dá n-iarmhairt charnach, ar bhunús cur chuige an éiceachórais, dlúthbhaint breise na ngeallsealbhóirí sna scéimeanna rialachais mhuirí chomhtháite, forbairt bhreise na n-uirlisí trasghearrtha don cheapadh beartais chomhtháite, cur chun cinn na gné idirnáisiúnta den Bheartas Muirí Comhtháite, agus fás eacnamaíoch, fostaíocht, nuálaíocht agus iomaíochas ar inbhuanaithe iad. 10. Ní chlúdaíonn ionstraimí eile an Aontais gach aon tosaíocht agus sprioc eile de chuid an Bheartais Mhuirí Chomhtháite, amhail an Ciste Comhtháthaithe, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Seachtú Clár Réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí léiriúcháin, an Ionstraim um Chúnamh Réamh-Aontachais (ICR) agus an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht; agus is amhlaidh dá réir is gá Clár a bhunú chun tacú le tuilleadh forbartha ar an mBeartas Muirí Comhtháite (dá dtagraítear ‘an Clár’ anseo feasta). 11. Ba cheart do chur chun feidhme an Chláir sna tríú tíortha rannchuidiú le cuspóirí forbartha na tíre is tairbhí agus ba cheart dóibh bheith comhsheasmhach le hionstraimí comhoibrithe eile an AE, lena n-áirítear cuspóirí agus tosaíochtaí na mbeartas ábhartha de chuid an AE. 12. Ba cheart an Clár a bheith comhlántach leis na hionstraimí airgeadais a chuireann na Ballstáit ar fáil i láthair na huaire agus amach anseo, ag leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta, chun cosaint agus úsáid inbhuanaithe na n-aigéan, na bhfarraigí agus na gcóstaí a chur chun cinn. 13. Ní foláir freisin na rialacha a leagan síos lena rialaítear clárú na mbeart, incháilitheacht an chaiteachais, leibhéal an chúnaimh theicniúil ón Aontas, na príomhchoinníollacha ar ar cheart go gcuirfí ar fáil é agus an buiséad foriomlán don Chlár. 14. Ba cheart an Clár a chur chun feidhme de réir Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle i leith an Rialacháin Airgeadais is infheidhmithe maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, dá dtagraítear anseo feasta mar ‘an Rialachán Airgeadais’[[12]] agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe do chur chun feidhme Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle i leith an Rialacháin Airgeadais is infheidhmithe do bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach [[13]]. 15. Ba cheart é a bheith indéanta caiteachas a bhaineann le monatóireacht, seiceálacha agus monatóireacht a chistiú, d’fhonn cuidiú leis an gCoimisiún monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. 16. Ba cheart na cláir oibre bhliantúla a bunaíodh do chur chun feidhme an Chláir a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ina leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún [[14]]. 17. Ní mór cosaint leasanna airgeadais an Aontais a chinntiú, i ndáil leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Rialachán seo, trí chur chun feidhme Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint [[15]], Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún d’fhonn cosaint a thabhairt do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile [[16]], agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OEFC) [[17]]. 18. Ba cheart meastóireacht rialta a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Rialachán seo le héifeachtacht mhaoiniú an Aontais féin a airithiú. 19. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ag feidhmiú ina n-aonar, agus dá bhrí sin, gur fearr, de bharr fairsinge agus iarmhairtí an Rialacháin seo, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Ábhar Bunaítear Clár leis an Rialachán seo chun tacú le bearta atá ceaptha le forbairt agus cur chun feidhme an Bheartais Mhuirí Chomhtháite a chur chun cinn a thuilleadh (dá dtagraítear anseo feasta mar “an Clár”). Airteagal 2 Cuspóirí Ginearálta Beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gClár: (a) forbairt agus cur chun feidhme an rialachais chomhtháite um ghnóthaí muirí agus cósta agus straitéisí comhtháite imchuach farraige a chothú; (b) rannchuidiú le forbairt uirlisí a laghdaíonn beartais earnálacha a bhaineann leis an bhfarraige nó leis an gcósta; (c) tacú le ceapadh beartais chomhleanúnach agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní muirí agus cósta agus an fás eacnamaíoch inbhuanaithe, an nuálaíocht agus an fhostaíocht sna hearnálacha muirí agus sna réigiúin cois cósta a chur chun cinn, i gcomhchuibheas le tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí beartais earnálaigh; (d) sainmhíniú breise a thabhairt ar theorainneacha inbhuaine na ngníomhaíochtaí daonna ag a mbíonn iarmhairt ar chomhshaol na mara, faoi chuimsiú na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí; (e) an comhoibriú agus an comhordú seachtrach a fheabhsú agus a threisiú i ndáil le cuspóirí an Bheartais Mhuirí Chomhtháite. Airteagal 3 Cuspóirí Sonracha 1. Beidh sé mar aidhm ag an gClár, laistigh de na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2(a) (b) (c) (d): (a) spreagadh a thabhairt do na Ballstáit nó do na réigiúin chun rialachas muirí comhtháite a thabhairt isteach; (b) comhphlé agus comhoibriú leis na geallsealbhóirí agus ina measc a spreagadh agus a threisiú i leith saincheisteanna tras-earnálacha i ndáil leis an mBeartas Muirí Comhtháite; (c) dúshaothrú sineirgí, comhroinnt na faisnéise agus idirmhalartú an dea-chleachtais um beartas muirí a éascú, lena n-áirítear na beartais rialachais agus earnálacha a bhfuil iarmhairt acu ar fharraigí réigiúnacha agus ar réigiúin cois cósta nó (d) bunú comhghuaillíochtaí agus gréasán tras-earnálacha um chomhoibriú a chur chun cinn, lena n-áirítear leasanna ón tionsclaíocht, ó gheallsealbhóirí taighde, ó na réigiúin, ó údaráis phoiblí agus ó eagrais neamhrialtasacha; (e) forbairt modhanna agus cur chuige comónta a éascú; 2. Beidh sé mar aidhm ag an gClár, laistigh den chuspóir a leagadh amach in Airteagal 2(b), forbairt a chothú i leith: (a) timpeallacht chomónta do chomhroinnt na faisnéise d’fhearann muirí an AE trína gcuirtear gníomhaíochtaí faireachais tras-earnálacha agus trasteorann chun cinn agus trína dtreisítear úsáid shábháilte shlán an spáis mhuirí, ag tabhairt san áireamh forbairtí ábhartha na mbeartas earnálach maidir le faireachas agus trína rannchuidítear, de réir mar is cuí, lena n-éabhlóid riachtanach. (b) pleanáil spásúil mhuirí agus bainistiú comhtháite an chreasa cósta, ar uirlis bhunúsach iad araon don bhainistiú bunaithe ar an éiceachóras agus d'fhorbairt inbhuanaithe na gceantar muirí agus na réigiún cois cósta; (c) bunachar sonraí agus eolais ardcháilíochta ar cuimsitheach agus inrochtana don phobal é, agus a éascaíonn comhroinnt, athúsáid agus scaipeadh na sonraí sin i measc grúpaí úsáideoirí éagsúla agus a áirithíonn léirshamhlú an eolais mhuirí trí uirlisí gréasán-bhunaithe; 3. Beidh sé mar aidhm ag an gClár, laistigh den chuspóir a leagadh amach in Airteagal 2(e) agus mar chomhlánú do na beartais earnálacha, an comhoibriú i gcomhair gníomhaíochta tras-earnálaí a fheabhsú le: (a) tríú tíortha lena n-áirítear iad siúd ar imeall imchuach farraige Eorpaigh, (b) gníomhaithe i dtríú tíortha, (c) comhpháirtithe agus eagrais idirnáisiúnta, go háirithe i ndáil le gealltanais idirnáisiúnta um athchóiriú éiceachórais agus comhaontuithe eile a bhaineann le hábhar, 4. Rachfar i mbun na gcuspóirí sonracha atá leagtha amach i mír 3 i gcomhréir leis na cuspóirí sonracha atá leagtha amach i míreanna 1 agus 2 agus i gcomhchuibheas le hionstraimí comhair an AE, ag tabhairt san áireamh cuspóirí na straitéisí forbartha náisiúnta agus réigiúnacha. Airteagal 4 Gníomhaíochtaí cáilithe Féadfar cúnamh airgeadais a sholáthar trí mheán an Chláir le haghaidh gníomhaíochtaí i gcomhréir leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2 agus in Airteagal 3, mar atá: (a) staidéir agus cláir chomhoibritheacha; (b) comhroinnt an eolais phoiblí agus an dea-chleachtais, spreagadh feasachta agus gníomhaíochtaí comhbhainteacha cumarsáide agus scaipthe, lena n-áirítear feachtais phoiblíochta, agus imeachtaí agus forbairt agus cothabháil na suíomhanna gréasáin; (c) comhdhálacha, seimineáir, ceardlanna, agus fóraim gheallsealbhóirí; (d) comhthiomsú, monatóireacht, léirshamhlú agus áirithiú na rochtana poiblí ar mhéid sonraí nach beag, dea-chleachtas agus bunachar sonraí um thionscadail réigiúnacha arna gcistiú ag an Aontas, lena n-áirítear de réir mar is cuí trí rúnaíocht a bunaíodh faoi chomhair ceann amháin de na cuspóirí sin nó níos mó; (e) gníomhaíochtaí a bhaineann le huirlisí tras-earnálacha, lena n-áirítear tionscadail thrialacha. Airteagal 5 An saghas idirghabhála airgeadais 1. Féadann cúnamh airgeadais an Aontais bheith sna foirmeacha dlíthiúla seo a leanas: (a) deontais; (b) conarthaí soláthair phoiblí; (c) socruithe riaracháin leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde. 2. Féadtar deontais le haghaidh gníomhaíochtaí agus deontais oibriúcháin araon a dheonú faoin gClár. Mura bhforáiltear a mhalairt i Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (dá dtagraítear “an Rialachán Airgeadais” anseo feasta), is amhlaidh a roghnófar tairbhithe na ndeontas nó na gconarthaí soláthair phoiblí tar éis glao ar thograí nó glao ar thairiscintí. Airteagal 6 Tairbhithe 1. Féadtar cúnamh airgeadais faoin gClár a dheonú do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, bídís faoi rialú an dlí phríobháidigh nó phoiblí, lena n-áirítear gníomhaireachtaí an Aontais. 2. Féadann an Clár a bheith tairbheach do thríú tíortha, do gheallsealbhóirí i dtríú tíortha, agus d’eagrais nó comhlachtaí idirnáisiúnta a théann i mbun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 2 agus in Airteagal 3. 3. Sonrófar an incháilitheacht le bheith páirteach i nós imeachta éigin sa ghlao ar thograí nó sa ghlao ar thairiscintí ábhartha. Airteagal 7 Nósanna imeachta cur chun feidhme 1. Is é an Coimisiún a chuirfidh an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. 2. Glacfaidh an Coimisiún, d’fhonn an Clár a chur chun feidhme, agus i gcomhréir leis na cuspóirí a leagadh amach in Airteagail 2 agus 3, cláir oibre bhliantúla i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13(2). 3. Leagfar amach go mionsonrach sa chlár oibre bliantúil an méid seo a leanas maidir le deontais: (a) na tosaíochtaí don bhliain, na cuspóirí atá le comhlíonadh agus na torthaí a ndéantar foráil dóibh leis na leithreasaí atá údaraithe don bhliain airgeadais. (b) teidil agus ábhar na ngníomhaíochta; (c) na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme; (d) na critéir roghnúcháin agus deonúcháin bhunriachtanacha a úsáidfear chun na tograí a roghnú; (e) má bhaineann le hábhar, na dálaí inar ceart deontas a dheonú gan glao ar thograí ar bhunús ceann amháin de na heisceachtaí atá leagtha amach in Airteagal 168 den Rialachán (CE, EURATOM) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún; (f) an t-uasbhuiséad agus an ráta is mó is féidir don chómhaoiniú in aghaidh na gníomhaíochta, agus na critéir lena gcloífear i gcomhair gach ráta más rud é go bhfuiltear ag súil le rátaí éagsúla; (g) an tráthchlár do na glaonna ar thograí. 4. Leagfar amach go mionsonrach sa chlár oibre bliantúil an méid seo a leanas maidir le conarthaí soláthair phoiblí: (a) teidil agus ábhar na ngníomhaíochtaí; (b) an t-uasbhuiséad in aghaidh na gníomhaíochta; (c) cuspóir na ngníomhaíochtaí; (d) na rialacha mionsonraithe cur chun feidhme; (e) an tréimhse ama tháscach do sheoladh na nósanna imeachta soláthair 5. Ní chlúdófar faoin gclár oibre bliantúil na gníomhaíochtaí faoi Airteagal 9. Airteagal 8 Acmhainní buiséadacha 1. Socrófar an t-imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir ag EUR 50 000 000 don tréimhse idir 1 Eanáir 2011 agus 31 Nollaig 2013. 2. Iontrálfar na hacmhainní buiséadacha a leithdháiltear don Chlár i leithreasaí bliantúla bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí atá ar fáil ar bhonn bliantúil laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais. Airteagal 9 Cúnamh Teicniúil 1. Féadann an t-imchlúdach airgeadais atá bunaithe faoi Airteagal 8 caiteachas éigeantach a chlúdach freisin maidir le haon ghníomhaíocht ullmhúcháin, monatóireacht, rialú, iniúchadh agus meastóireacht is gá go díreach d’fhonn an Rialachán a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil agus chun a chuid cuspóirí a ghnóthú. 2. Féadtar staidéir, cruinnithe saineolaithe, caiteachas ar uirlisí faisnéisíochta, córais agus líonraí agus aon chúnamh agus saineolas teicniúil, eolaíochta agus riaracháin eile a áireamh leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, de réir mar is gá ag an gCoimisiún do chur chun feidhme an Rialacháin seo. Airteagal 10 Monatóireacht 1. Is é tairbhí an chúnaimh airgeadais a chuirfidh tuarascálacha airgeadais agus teicniúla faoi bhráid an Choimisiúin i ndáil le dul chun cinn ar obair arna maoiniú ag an gClár. Tíolacfar tuarascáil chríochnaitheach laistigh de thrí mhí ón dáta a gcríochnófar an tionscadal. 2. Gan dochar do na hiniúchtaí arna ndéanamh ag an gCúirt Iniúchóirí i gcomhthadhaill leis na comhlachtaí nó rannóga iniúchta náisiúnta inniúla de bhun Airteagal 287 den Chonradh, ná d’aon imscrúdú arna dhéanamh de bhun Airteagal 322(1)(b) den Chonradh, is amhlaidh a dhéanfaidh oifigigh agus foireann eile ón gCoimisiún seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear seiceálacha samplacha agus bearta eile arna maoiniú faoin gClár, go háirithe chun comhlíonadh a sheiceáil le cuspóirí an Chláir agus le hincháilitheacht na ngníomhaíochtaí arna leagan amach in Airteagal 2, 3 agus 4 den Rialachán sin. 3. Forálfar sna conarthaí agus comhaontuithe mar thoradh ar an Rialachán seo go sonrach do mhaoirsiú agus rialú airgeadais ag an gCoimisiún, nó ag aon ionadaí a fhéadann an Coimisiún a údarú, agus d’iniúchtaí ag an gCúirt Iniúchóirí, ar an láthair más gá. 4. Coimeádfaidh tairbhí an chúnaimh airgeadais gach doiciméad tacaíochta a bhaineann leis an gcaiteachas ar aon tionscadal ar fáil don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana i ndiaidh na híocaíochta deireanaí a rinneadh i leith an tionscadail sin. 5. Más gá sin, ar bhonn thorthaí na dtuarascálacha agus na seiceálacha samplacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfaidh an Coimisiún coigeartú ar an scála nó ar na coinníollacha do chionroinnt an chúnaimh airgeadais a údaraíodh i dtosach chomh maith le coigeartú ar thráthchlár na n-íocaíochtaí. 6. Glacfaidh an Coimisiún gach céim eile is gá chun a fhíorú go ndéantar na gníomhaíochtaí a mhaoinítear go cuí agus de réir fhorálacha an Rialacháin seo agus an Rialacháin Airgeadais. Airteagal 11 Cosaint leasanna airgeadais an Chomhphobail 1. Áiritheoidh an Coimisiún go dtugtar cosaint do leasanna airgeadais an Chomhphobail nuair a chuirtear chun feidhme gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gClár seo: (a) trí bhearta coisctheacha i gcoinne na calaoise, na caimiléireachta agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile a chur i bhfeidhm, (b) trí sheiceálacha éifeachtacha, (c) trí athshlánú méideanna a íocadh go míchuí agus, (d) trí phionós éifeachtach comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm, má bhraitear neamhrialtachtaí. 2. Chun críche mhír 1, feidhmeoidh an Coimisiún i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999. 3. Déanfaidh an Coimisiún méid an chúnaimh airgeadais arna dheonú le haghaidh gníomhaíochta a laghdú, a chealú nó a athshlánú má aimsíonn sé neamhrialtachtaí, lena n-áirítear neamh-chomhlíonadh maidir le forálacha an Rialacháin seo nó leis an gcinneadh aonair nó leis an gconradh nó comhaontú trína ndeonaítear an cúnamh airgeadais áirithe, nó más rud é gur athraíodh an ghníomhaíocht, gan cead an Choimisiúin a lorg, agus go bhfuil an t-athrú ar neamhréir leis an gcineál gníomhaíochta atá ann nó lena coinníollacha cur chun feidhme. 4. Iarrfaidh an Coimisiún ar an tairbhí barúlacha a chur faoina bhráid laistigh de thréimhse shonrach murar cloíodh leis na teorainneacha ama nó mura bhfuil call ach le cuid éigin den chúnamh airgeadais leithdháilte leis an dul chun cinn i leith na gníomhaíochta. Mura dtabharfaidh an tairbhí freagra sásúil, féadfaidh an Coimisiún a mbeidh fágtha den chúnamh airgeadais a chealú agus féadfaidh sé a éileamh go n-aisíocfar na suimeanna a íocadh cheana. 5. Aisíocfar leis an gCoimisiún aon íocaíocht mhíchuí. Cuirfear ús le haon suim nach n-aisíoctar in am trátha faoi réir na gcoinníollacha arna leagan síos ag an Rialachán Airgeadais. 6. Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh ‘neamhrialtacht’ aon sárú ar fhoráil de dhlí an Aontais nó aon sárú ar oibleagáid chonartha ag éirí as gníomh nó neamhghníomh ag oibreoir eacnamaíochta, a dhéanann dochar, nó a dhéanfadh dochar, do bhuiséad ginearálta an Aontais nó do bhuiséid arna mbainistiú ag an Aontas, trí chaiteachas gan chúis. Airteagal 12 Meastóireacht Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta ex post a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2014. Airteagal 13 Coiste Comhairleach 1. Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ó Choiste Comhairleach chun na cláir oibre bhliantúla dá bhforáiltear in Airteagal 7(2) a bhunú. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. Airteagal 14 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. AINM AN TOGRA: Togra ón gCoimisiún i gcomhair Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár chun tacú le tuilleadh forbartha ar Bheartas Muirí Comhtháite 2. CREAT “ABM /ABB" (BAINISTIÚ/BUNÚ AN BHUISÉID DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTAÍ) Beartas Muirí 3. NA LÍNTE BUISÉID 3.1. 11 09 05 Clár chun forbairt bhreise ar Bheartas Muirí Comhtháite (BMC) a chothú 11 01 04 07 Clár chun forbairt breise ar Bheartas Muirí Comhtháite (BMC) a chothú - Caiteachas ar bhainistiú riaracháin 3.2. Fad thréimhse na gníomhaíochta agus na hiarmharta airgeadais: Ón 1 Eanáir 2011 go dtí 31 Nollaig 2013 3.3. Tréithe buiséadacha: Líne buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa pheirspictíocht airgeadais | 11 09 05 | Éigeantach/ Neamhéigeantach N/B | Difreáilte[18] | TÁ | NÍL | NÍL | Uimh. 2 | 11 01 04 07 | Éigeantach/ Neamhéigeantach N/B | Neamhdhifreáilte[19] | TÁ | NÍL | NÍL | Uimh. 2 | 4. ACHOIMRE AR NA h ACMHAINNÍ 4.1. Acmhainní Airgeadais 4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Saghas caiteachais | Uimh. coda | 2011 | 2012 | 2013 | Iomlán | Caiteachas oibríochtúil[20] | Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1 | a | 16.260 | 16.560 | 16.780 | 49.600 | Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | b | 7.355 | 14.443 | 17.512 | 39.310 | Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha[21] | Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4 | c | 0.100 | 0.100 | 0.200 | 0.400 | AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN | Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | a+c | 16.360 | 16.660 | 16.980 | 50.000 | Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | b+c | 7.455 | 14.543 | 17.712 | 39.710 | Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5 | d | 1.000 | 1.000 | 1.000 | 3.000 | Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6 | e | 0.155 | 0.157 | 0.160 | 0.472 | Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála | LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a+c+d+e | 17.515 | 17.817 | 18.140 | 53.472 | LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b+c+d+e | 8.610 | 15.700 | 18.872 | 43.182 | Táthar ag súil gur fiú EUR 10 290 san iomlán iad na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí a theastaíonn sna blianta 2014 agus 2015 a bhaineann le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí do chaiteachas oibriúcháin le linn na tréimhse 2011-2013. | Sonraí an Chómhaoinithe | Comhlacht cómhaoinithe | 2011 | 2012 | 2013 | 2014 | iomlán | f | LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú | a+c+d+e+f | 4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais. 4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam Níl impleachtai airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam 4.2. Acmhainní daonna FTE (lena n -áirítear oifigigh, foireann shealadach agus sheachtrach) – féach na sonraí faoi phointe 8.2.1. Riachtanais bhliantúla | 2011 | 2012 | 2013 | Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 9.4 | 9.4 | 9.4 | 5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ 5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Leanúint ar aghaidh leis an obair chun roghanna a mheas le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme breise an Bheartais Mhuirí Chomhtháite. 5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Ba cheart go mbeadh an buiséad a mholtar comhlántach leis na hionstraimí airgeadais atá ann agus a bheidh ann agus go dtreiseofaí iad leis. Ba cheart go mbeadh na hiarrachtaí faoin gClár seo comhlántach, de réir mar is cuí, le Beartais ábhartha an Aontais a bhaineann leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta agus réigiúnacha atá ann agus/nó le comhaontuithe le tíortha nach Ballstáit den AE iad atá gníomhach sna réigiúin faoi leith, agus ba cheart go gcruthófaí naisc nach beag trasna na dtionscnamh sin as, rud a uasmhéadóidh na sochair fhoriomlána a bheidh leo. Beidh na gníomhaíochtaí aonair comhlántach freisin leis an obair atá ar bun ar straitéisí macrairéigiúnacha na hEorpa. 5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí gaolmhara an togra i gcomhthéacs an chreata le haghaidh bainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM) Cf. Airteagal 2 agus Airteagal 3 den Rialachán. 5.4. Modhanna don Chur Chun Feidhme (táscach) Cuirfidh an Coimisiún na leithreasaí buiséadacha i gcomhair beart arna maoiniú faoin gClár seo chun feidhme iad ar bhonn láraithe de réir Airteagal 53(a) den Rialachán Airgeadais. Ní chuirtear modhanna eile cur chun feidhme as an áireamh áfach. 6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT 6.1. Córas Monatóireachta Is é an Coimisiún a bheidh i mbun chur chun feidhme teicniúil agus airgeadais na ngníomhaíochtaí arna maoiniú ag an gClár, ar bhunús na dtuarascálacha ar dhul chun cinn a chuireann an tairbhí faoi bhráid an Choimisiúin, agus freisin trí sheiceálacha monatóireachta ar an láthair. Tíolacfar tuarascáil chríochnaitheach laistigh de thrí mhí ón dáta a gcríochnófar an tionscadal. Tiocfaidh tionscadail agus gníomhaíochtaí eile arna maoiniú ag an gClár faoi réir iniúchtaí freisin, lena n-áirítear iniúchtaí a fhoinsítear le conraitheoirí allamuigh. 6.2. Meastóireacht 6.2.1. Meastóireacht exante Tugtar forbhreathnú sa Mheabhrán Míniúcháin a ghabhann leis an togra seo ar na heochair-thorthaí ón meastóireacht ex ante. 6.2.2. Bearta arna nglacadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex -post (ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas roimhe seo) Tionscnaíodh roinnt treoir-thionscadal agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin sa tréimhse idir 2008-2010 d’fhonn tograí a fhorbairt do ghníomhú an AE sa réimse sin. 6.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí Tiocfaidh an Clár ina iomláine faoi réir meastóireachta ex ante le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2014. I gcomhréir le hAirteagal 27(4) den Rialachán Airgeadais agus le hAirteagal 21(3) dá rialacha cur chun feidhme, is amhlaidh a tharlóidh an mheastóireacht um fhaireachas muirí comhtháite agus pleanáil spásúlachta muirí sa bhliain 2012, agus déanfar meastóireacht ar an tionscadal eolais mhuirí sa bhliain 2013. 7. Bearta frith -CHALAOISE Tagraíonn Airteagal 10 den Rialachán molta do Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint [22], Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún d’fhonn cosaint a thabhairt do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile[23], agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OEFC)[24]. 8. SONRAÍ NA n ACMHAINNÍ 8.1 Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) (Ba cheart Ceannteidil na gcuspóirí, na ngníomhaíochtaí agus na n-aschur a sholáthar) | Saghas aschuir | Meánchostas | 2011 | 2012 | 2013 | Aschur 1: Clár oibre buan do chomhordú an chomhoibrithe idir-réigiúnaigh i ndáil le measúnú, spriocanna a shocrú agus monatóireacht na n-uiscí mara, lena mbaineann OSPAR, Coinbhinsiún Barcelona, HELCOM agus Coinbhinsiún Bhúcairist. | 1 | 0.200 | 1 | 0.200 | 1 | 0.300 | 0.700 | Aschur 2: Ceardlann rialta ar an dul chun cinn i dtreo dea-stádais chomhshaoil na n-uiscí mara san Atlantach Thoir Thuaidh, sa Mheánmhuir, sa Mhuir Bhailt agus sa Mhuir Dhubh | 1 | 0.100 | 1 | 0.100 | 1 | 0.100 | 0.300 | Gníomhaíocht 2: Tacaíocht d’fhorbairt caighdeán modheolaíochta i ndáil le dea-stádas comhshaoil na mara faoi MSFD | 1 | 0.700 | 1 | 0.300 | 1 | 0.500 | 1.500 | Gníomhaíocht 3: Staidéar ar bhunús, ar mhéid agus ar bhearta féideartha i ndáil le bruscar mara, lena n-áirítear na fadhbanna atá ag teacht aníos leis an manglam plaisteach san fharraige, mar rannchuidiú chun aghaidh a thabhairt ar chás tras-earnálach faoi chuimsiú chur chuige an éiceachórais (nasc le tuairisceoir 10 in Iarscríbhinn I den MSFD | 1 | 0.400 | 1 | 0.500 | 1 | 0.600 | 1.500 | Gníomhaíocht 4: Tionscadal chun modheolaíochtaí na gníomhaíochta tacaíochta ag an gCoimisiún Eorpach a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) MSFD, do réigiúin a aithnítear mar thionscadal treorach mar a dteastaíonn gníomhaíocht phráinneach de bharr stádas na farraige a bheith chomh géibheannach sin. | 1 | 0.200 | 1 | 0.200 | 1 | 0.300 | 0.700 | Gníomhaíocht 5: Tionscadal ar údair imní comhshaoil san Artach faoi chuimsiú an chomhoibrithe um chosaint an Atlantaigh Thoir Thuaidh | 1 | 0.400 | 0.400 | 2011 | 2012 | 2013 | Oifigigh nó foireann shealadach[26] (11 01 01) | A*/AD | 4.00 | 4.00 | 4.00 | B*, C*/AST | 2.40 | 2.40 | 2.40 | Foireann arna maoiniú[27] ag Airteagal 11 01 02 | 3.00 | 3.00 | 3.00 | Foireann eile[28] arna maoiniú ag Airteagal 11 01 04/05 | IOMLÁN | 9.40 | 9.40 | 9.40 | 8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomhaíocht Scríobh na dtéarmaí tagartha do staidéir, ullmhú glaonna ar thograí i gcomhair deontas agus glaonna ar thairiscintí; margaíocht na ndeontas, fíordheimhniú ex ante, rialú ex post, eagrú cruinnithe, meastóireacht tograí agus tairiscintí, monatóireacht inseachadtaí, próiseáil íocaíochtaí 8.2.3. Foinsí na n -acmhainní daonna (reachtúla) ( Poist agus pearsanra seachtrach atá leithdháilte faoi láthair do bhainistiú an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh. Cumhdófar na héilimh ó acmhainní daonna faoin leithdháileadh a deonaíodh cheana féin do bhainistiú na gníomhaíochta seo agus/nó a ath-imlonnaíodh laistigh den AS . 8.2.4. Caiteachas eile Riaracháin a áirítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin) EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Líne buiséid (uimhir agus ceannteideal) | 2011 | 2012 | 2013 | iomlán | 1 Cúnamh teicniúil agus riaracháin (lena n-áirítear costais a bhaineann le foireann) | Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin[29] | Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile | - intra muros | - extra muros | 0.100 | 0.100 | 0.200 | 0.400 | Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán | 0.100 | 0.100 | 0.200 | 0.400 | 8.2.5 Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Saghas acmhainní daonna | 2011 | 2012 | 2013 | Oifigigh agus foireann shealadach (11 01 02 01) | 0.781 | 0.781 | 0.781 | Foireann arna maoiniú ag Airteagal 11 01 02 01 (SNI, foireann ar conradh, srl.) | 0.219 | 0.219 | 0.219 | Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 1.000 | 1.000 | 1.000 | Ríomh– Oifigigh, Gníomhairí sealadacha agus Foireann arna maoiniú faoi Airteagal 11 01 02 01 | Meastar costas airgeadais na n-acmhainní daonna ar bhonn na meánchostas arna soláthar ag an gCoimisiún le húsáid i gcomhair meastachán na n-acmhainní daonna: Oifigeach agus gníomhaire sealadach: EUR 122 000 in aghaidh na bliana Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht: EUR 73 000 in aghaidh na bliana Gníomhaire conarthach: EUR 64 000 in aghaidh na bliana | 8. 2. 6. Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) 2011 | 2012 | 2013 | IOMLÁN | 11 01 02 11 01 – Misin | 0.020 | 0.020 | 0.020 | 0.060 | 11 01 02 11 02 – Cruinnithe Sainghrúpa | 0.100 | 0.100 | 0.100 | 0.300 | 11 01 02 11 03 – Coiste Comhairleach le cabhrú leis an gCoimisiún chun na cláir oibre bhliantúla a bhunú dá bhforáiltear in Airteagal 7(2) den Rialachán lena mbunaítear Clár chun tacú le tuilleadh forbartha ar Bheartas Muirí Comhtháite, i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE (dhá chruinniú in aghaidh na bliana) | 0.035 | 0.037 | 0.040 | 0.112 | 11 01 02 11 04 – Staidéir & comhairliúcháin | 11 01 02 11 05 – Córais faisnéise | 2 Caiteachas Bainistíochta Iomlán Eile (XX 01 02 11) | 3 Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) | Iomlán an Chaiteachais riaracháin, cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0.155 | 0.157 | 0.160 | 0.472 | Déanfar na riachtanais le haghaidh leithreasaí riaracháin a chumhdach laistigh den leithdháileadh a deonaíodh cheana féin do bhainistiú na gníomhaíochta seo agus/nó a ath-imlonnaítear laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, arna chomhlánú de réir mar is gá ag aon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a dheonú don AS atá i gceannas faoi chuimsiú an nós imeachta don leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha Is é an Sainghrúpa Breathnóireachta agus Sonraí Muirí a bheidh ag maoirsiú na dtionscadal eolais mhuirí agus buailfidh siad le chéile ceithre huaire in aghaidh na bliana. Tá siad ag déanamh monatóireachta ar na gníomhaíochtaí ullmhúcháin cheana féin, agus bunaíodh an meastachán ar an taithí ón saothar sin. Rinneadh an caiteachas do chruinnithe an Choiste Chomhairligh a mheas ar bhonn rialacha an Choimisiúin i leith an chúitimh a íoctar le saineolaithe. | [1] Conclúidí Uachtaránachta na Comhairle Eorpaí an 14 Nollaig 2007 – Doic. 16616/1/07 REV 1. [2] COIM(2009) 540 an 15 Deireadh Fómhair 2009. [3] Cuireadh Doiciméad Inmheánach Oibre ón gCoimisiún - SEC (2009) 1343 leis an tuarascáil ar dhul chun cinn sin inar tuairiscíodh go mion ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo i leith na míreanna den Phlean Gníomhaíochta arna ghlacadh i nDeireadh Fómhair 2007. [4] Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1995/2006 ón gComhairle an 13 Nollaig 2006 lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 faoin Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (IO L 390/2006 an 30 Nollaig 2006), dá ngairtear ‘an Rialachán Airgeadais’ anseo feasta agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 478/2007 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2007 lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 an 23.12.2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe do chur chun feidhme Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle faoin Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach. [5] Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ón gCoimisiún faoi Bheartas Muirí Comhtháite an AE - COIM(2009) 540 leagan deireanach an 15.10.2009, lgh. 11-12 agus Plean Gníomhaíochta ón gCoimisiún a ghabhann leis an Teachtaireacht um Beartas Muirí Comhtháite don Aontas Eorpach - ARC(2007) 1278 an 10 Deireadh Fómhair 2007. [6] Teachtaireacht ón gCoimisiún “Treoirlínte um Chur chuige Comhtháite don Bheartas Muirí: I dtreo an dea-chleachtais um rialachas muirí comhtháite agus comhairliúchán le geallsealbhóirí’’- COIM(2008) 395 an 29.6.2008, lch. 4. [7] Cuir i gcás an faireachas muirí comhtháite, beidh idirghabháil an AE teoranta do chumasú na comh-inoibritheachta idir na sraitheanna faisnéise éagsúla de na córais atá ann, agus lena ligean dóibh bheith inúsáidte le héilimh réamhaitheanta gach pobal úsáideoirí a chumhdach ag leibhéal an AE, agus prionsabal na comhréireachta á urramú go huasta. Níor cheart go mbainfeadh treisiú na timpeallachta comónta um chomhroinnt na faisnéise in aon chor d’fhorbairt na gcóras faisnéise earnálach atá ann agus atá ar na bacáin, lena n-áirítear a bhforás, chomh fada agus a dhéantar foráil do chumasú na hinoibritheachta in idirmhalartú faisnéise le córais ábhartha eile. [8] IO C […], […], lch. […]. [9] IO C […], […], lch. […]. [10] Conclúidí Chomhairle CGGCE (Comhairle Gnóthaí Ginearálta agus Caidreamh Eachtrach) um Beartas Muirí Comhtháite - Doic. 15175/1/09, lch. 6. [11] Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2008 i leith Beartais Mhuirí Chomhtháite don Aontas Eorpach – P6_TA(2008)0213. [12] IO L 248, 16.9.2002, lch. 1–. [13] IO L 357, 31.12.2002, lch. 1. [14] IO L 184, 17.7.1999, lch 23. [15] IO L 312, 23.12.1995, lch 1. [16] IO L 292, 15.11.1996, lch 2. [17] IO L 136, 31.5.1999, lch 1. [18] Leithreasaí difreáilte [19] Leithreasaí neamhdhifreáilte dá dtagraítear mar LND ina dhiaidh seo. [20] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil 11 01 den Teideal 11 atá i gceist. [21] Caiteachas laistigh d'Airteagal 11 01 04 den Teideal 11 [22] IO L 312, 23.12.1995, lch 1. [23] IO L 292, 15.11.1996, lch 2. [24] IO L 136, 31.5.1999, lch 1. [25] Mar a thuairiscítear i Roinn 5.3 [26] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha [27] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha [28] Costas ar áireamh sa mhéid tagartha [29] Ba cheart tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtach sonrach le haghaidh na Gníomhaireachta/nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin lena mbaineann.