19.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 482/6


Iarraidh ar réamhrialú ó Hof van beroep te Brussel (an Bheilg) a taisceadh an 19 Meán Fómhair 2022 – IAB Europe v Gegevensbeschermingsautoriteit; Páirtithe eile: TR agus páirtithe eile

(Cás C-604/22)

(2022/C 482/09)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Hof van beroep te Brussel

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: IAB Europe

Cosantóir: Gegevensbeschermingsautoriteit

Páirtithe eile: TR, UV, SP, Fundacja Panoptykon, Stichting Bits of Freedom, Ligue des Droits Humains VZW

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

(a)

An gcaithfear Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2015 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi gurb ionann teaghrán carachtar lena ngabhtar roghanna úsáideora idirlín ar mhodh struchtúrtha agus meaisín-inléite, i ndáil le próiseáil a shonraí pearsanta, agus sonraí pearsanta de réir bhrí na forála sin ó thaobh (1) eagraíocht earnála a chuireann caighdeán ar fáil dá comhaltaí lena bhforordaítear conas an teaghrán carachtar sin a ghiniúint, a stóráil agus/nó a leithdháileadh go praiticiúil agus go teicniúil agus (2) na bpáirtithe a chuir an caighdeán sin chun feidhme ar a suímh ghréasáin nó ar a n-aipeanna agus ag a bhfuil rochtain, dá bhrí sin, ar an teaghrán carachtar sin?

(b)

An ndéanann sé difríocht chuige sin dá gciallódh cur chun feidhme an chaighdeáin sin go bhfuil an teaghrán carachtar sin ar fáil in éineacht le seoladh IP?

(c)

An mbeadh freagra difriúil ar Cheisteanna 1(a) agus (b) i gcás nach raibh rochtain dhlíthiúil ag an eagraíocht earnála féin a leag síos an caighdeán ar na sonraí pearsanta arna bpróiseáil faoin gcaighdeán sin ag a comhaltaí?

2.

(a)

An gcaithfear Airteagail 4(7) agus 24(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2015 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi nach mór eagraíocht earnála a leagann síos caighdeáin a aicmiú mar rialaitheoir i gcás ina gcuireann sí caighdeán bainistíochta toilithe ar fáil dá comhaltaí ina bhfuil, in éineacht le creat teicniúil ceangailteach, rialacha ina leagtar síos go sonrach na socruithe nach mór úsáid a bhaint astu chun na sonraí maidir le toiliú sin, ar sonraí pearsanta iad, a stóráil agus a scaipeadh?

(b)

An mbeadh freagra difriúil ar Cheist 2(a) i gcás nach raibh rochtain dhlíthiúil ag an eagraíocht earnála sin, í féin, ar na sonraí pearsanta arna bpróiseáil faoin gcaighdeán sin ag a comhaltaí?

(c)

Más gá an eagraíocht earnála a leagann síos caighdeáin a aicmiú mar rialaitheoir nó mar chomhrialaitheoir i leith phróiseáil na roghanna d’úsáideoirí idirlín, an gcuimsítear go huathoibríoch sa (chomh)fhreagracht sin atá ar an eagraíocht earnála a leagann síos caighdeáin an phróiseáil arna dhéanamh ina dhiaidh sin ag tríú páirtithe, a bhfuil roghanna na n-úsáideoirí idirlín curtha ar fáil dóibh, amhail fógraíocht dhírithe ar líne arna dhéanamh ag foilsitheoirí agus díoltóirí?


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 (IO 2016 L 119, lch. 1).