An treoir um thrédhearcacht maidir leis an margadh aonair
ACHOIMRE AR:
Treoir (AE) 2015/1535 – nós imeachta chun faisnéis maidir le rialacháin agus rialacha teicniúla ar sheirbhísí na sochaí faisnéise a chomhroinnt
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?
-
Éilítear ann ar údaráis náisiúnta an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas maidir le haon dréacht-rialacháin theicniúla maidir le táirgí agus seirbhísí na sochaí faisnéise sula nglacann siad iad mar dhlí náisiúnta. Ceadaítear roinnt eisceachtaí ann.
-
Tá sé mar aidhm leis cosc a chur ar chruthú bacainní nua trádála.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Ní mór do thíortha AE an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon dréacht-rialachán teicniúil atá beartaithe acu a thabhairt isteach.
-
Cuireann an Coimisiún tíortha eile AE ar an eolas láithreach tríd an gcóras faisnéise um rialacháin theicniúla (TRIS).
-
Cuirtear ré aithrí 3 mhí ar bun agus ní féidir le tír AE a dréacht-rialachán teicniúil beartaithe a ghlacadh i rith na tréimhse sin. Féadfar é sin a shíneadh go dtí 4, 6, 12 nó fiú amháin 18 mí, ag brath ar thosca an cháis.
-
I rith an ama sin déanann an Coimisiún agus tíortha eile AE imscrúdú ar an dréacht-rialachán beartaithe agus féadfaidh siad freagairt mar is cuí dó.
-
I gcásanna práinneacha, i ngeall ar thosca tromchúiseacha nach mbíonn coinne leo, féadfaidh tír AE rialachán teicniúil a ghlacadh gan an ré aithrí a urramú in aon chor (“nós imeachta práinne”).
-
Tugann an Coimisiún tuairisc gach 2 bhliain do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur chun feidhme na treorach.
-
Cruthaítear buanchoiste d’oifigigh náisiúnta sa reachtaíocht faoi chathaoirleacht an Choimisiúin.
-
Tagann an coiste le chéile faoi dhó sa bhliain ar a laghad. Cuireann sé comhairle ar an gCoimisiún faoi conas bacainní trádála a sheachaint agus déanann sé machnamh ar shaincheisteanna a eascraíonn as cur chun feidhme na treorach.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Rinneadh Treoir 98/34/CE a aisghairm le Treoir (AE) 2015/1535 agus cuireadh Treoir (AE) 2015/1535 ina ionad Threoir 98/34/CEón 7 Deireadh Fómhair 2015.
CÚLRA
Aidhm nós imeachta 2015/1535
GNÍOMH
Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta d’fhonn faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lgh. 1-15)
Nuashonraithe 27.01.2016