Tá ateangairí comhdhála ar thús cadhnaíochta san ilteangachas, agus iad ag obair chun a chinntiú nach gcuireann an teanga bac ar pháirt a ghlacadh sna cruinnithe ná ar iad a leanúint. Tuigeann ateangairí an méid atá á rá i dteanga amháin agus cuireann siad teachtaireacht an chainteora i láthair beagnach láithreach i dteanga eile, rud a chinntíonn gur féidir leis na hionadaithe tofa agus leis na saineolaithe is fearr ionadaíocht a dhéanamh do shaoránaigh na hEorpa sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg. Trí chumarsáid a chumasú agus trí idirphlé a éascú, feidhmíonn ateangairí mar nasc idir cultúir agus bíonn siad i gcroílár na bpróiseas cinnteoireachta. Is iad seirbhísí ateangaireachta an Aontais Eorpaigh na fostóirí is mó ar domhan i réimse na n-ateangairí comhdhála.
An méid a dhéanann ateangairí comhdhála
Is leis an bhfocal labhartha a bhíonn ateangairí comhdhála ag obair. Cabhraíonn siad le rannpháirtithe i gcruinnithe, comhdhálacha agus imeachtaí dlí ilteangacha idirnáisiúnta cumarsáid a dhéanamh le chéile, ní trí aistriúchán focal ar fhocal a dhéanamh ach trí smaointe an chainteora a chur in iúl. Coimeádann siad rúndacht agus neodracht iomlán maidir leis an méid a chloiseann agus a fheiceann siad.
Cuireann ateangairí comhdhála brí i bpolasaí an ilteangachais: mar sin de tá ról ríthábhachtach acu maidir le hinrochtaineacht agus trédhearcacht an Aontais a chinntiú.
A dteanga dhúchais féin, sin í an uirlis oibre is tábhachtaí atá acu. Sárchumas sa teanga sin agus eolas cuimsitheach ar a dteangacha oibre eile, intinn anailíseach, dea-scileanna cumarsáide, athléimneacht agus fiosracht i dtaobh an domhain, sin iad saintréithe an ateangaire ghairmiúil.
Conas a oibríonn siad
Ó lá go lá, is i 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh a oibríonn siad den chuid is mó, ach ó am go chéile cuireann siad ateangaireacht ar fáil i dteangacha eile chomh maith. Bíonn formhór na n-ateangairí comhdhála ag obair ó theangacha iasachta go dtí a dteanga dhúchais. Cé gur réamhriachtanas é tuiscint chríochnúil a bheith acu ar a dteangacha oibre, ní gá d’ateangairí comhdhála a bheith dátheangach.
In institiúidí an Aontais, bíonn ateangairí comhdhála ag obair i modhanna éagsúla ateangaireachta:
-
Ateangaireacht leantach
Ateangaireacht a dhéanamh tar éis don chainteoir a bheith críochnaithe, le cabhair ó fhoirm speisialta breactha nótaí. -
Ateangaireacht chomhuaineach
Ateangaireacht a dhéanamh i bhfíor-am le linn don chainteoir a bheith ag labhairt, ag baint úsáid as trealamh ateangaireachta comhdhála (i.e. botháin fhuaimdhíonacha, cluasáin agus micreafón). Is é sin an modh is coitianta a úsáidtear.-
Ateangaireacht chogarnach nó Chuchotage
Bíonn an t-ateangaire ina shuí nó ina sheasamh in aice leis an gcliant agus déanann sé ateangaireacht go comhuaineach díreach isteach ina chluas. -
Trealamh Ateangaireachta Iniompartha
Déanann an t-ateangaire ateangaireacht go comhuaineach gan é a bheith i mboth, le cabhair ó mhicreafóin agus cluasáin.
-
Obair a dhéanamh linn
Tá seirbhís ateangaireachta dá gcuid féin ag Parlaimint na hEorpa, ag an gCoimisiún Eorpach, agus ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, roghnaíonn na hinstitiúidí saorateangairí le chéile, agus eagraíonn an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) comórtais chun oifigigh bhuana a earcú.
Obair a dhéanamh sna hInstitiúidí Eorpacha
mar shaorateangaire comhdhála: iarratas a dhéanamh ar thriail chreidiúnúcháin idirinstitiúideach. Cuirfear na daoine a n-éiríonn leo sa triail le bunachar sonraí comhpháirteach an Aontais de shaorateangairí creidiúnaithe.
Féach: A bheith ag obair mar shaor-ateangaire leis an Aontas
-
mar oifigeach buan: eagraíonn EPSO comórtais d’ateangairí comhdhála.
De réir institiúide
Chun sonraí iomlána a fháil faoi na cineálacha éagsúla post atá ar fáil, féach na naisc thíos le haghaidh gach institiúide.
Cuireann Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta ateangaireacht ar fáil i gcruinnithe arna n-eagrú ag an gCoimisiún agus ag na hinstitiúidí eile dá bhfónann sí, agus is eagraí comhdhála í freisin do sheirbhísí an Choimisiúin.
Is ateangairí ó Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta a dhéanann freastal ar chruinnithe i gComhairle an Aontais Eorpaigh, i gCoiste na Réigiún, i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, sa Bhanc Eorpach Infheistíochta agus sna gníomhaireachtaí agus sna hoifigí sna Ballstáit.
-
Tréimhsí oiliúna – nach mbaineann leis an ateangaireacht go sonrach
Cuireann an Ard-Stiúrthóireacht um Lóistíocht agus um Ateangaireacht do Chomhdhálacha (AS LINC) ateangairí ar fáil do gach cruinniú de Pharlaimint na hEorpa, agus don Chúirt Iniúchóirí, Coiste na Réigiún, an tOmbudsman Eorpach, an tOifigeach Eorpach um Chosaint Sonraí, an Coimisiún Eorpach i Lucsamburg agus an tIonad Aistriúcháin.
Cuireann ateangairí Pharlaimint na hEorpa ateangaireacht ar fáil do chruinnithe uile Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil agus in Strasbourg, agus tionlacann siad toscaireachtaí chun comhdhálacha thar lear, cuairteanna nó misin breathnóireachta toghcháin.
Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, atá lonnaithe i Lucsamburg, a chinntíonn cur i bhfeidhm agus léirmhíniú aonfhoirmeach dhlí an Aontais Eorpaigh.
Cuireann a Stiúrthóireacht Ateangaireachta, atá mar chuid d’Ard-Stiúrthóireacht an Ilteangachais, ateangaireacht chomhuaineach ar fáil le linn éisteachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta.