Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Forléargas 

Córas polaitiúil

Is monarcacht bhunreachtúil í an Danmhairg. Tá córas parlaiminteach ionadaíoch aici agus príomh-aire ann, arb é an ceann rialtais é. Tá monarc aici, arb é an ceann stáit é, ach a bhfuil a chuid dualgas go hiomlán ionadaíoch agus deasghnách. Tá dhá thír fhéinrialaitheacha san Atlantach ag an ríocht freisin, ní ballstáit de chuid an Aontais é ceachtar acu: Oileáin Fharó agus an Ghraonlainn. 

An trádáil agus an geilleagar

Tá an Danmhairg sa cheathrú háit san Aontas Eorpach ó thaobh olltáirgeacht intíre iomlán (OTI) per capita de, is é sin €48,000, figiúr atá i bhfad os cionn mheán an Aontais (€37,600). Sin 2.2 % d’OTI an Aontais san iomlán.  

(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir ler OTI per capita agus OTI)   

(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir le heaspórtálacha agus impórtálacha)   

An Danmhairg san Aontas Eorpach  

Buiséid agus Maoiniú

Cén chaoi a mbaineann an Danmhairg tairbhe as buiséad an Aontais?

Is é buiséad an Aontais an uirlis lena chinntiú gur fórsa daonlathach síochánta rathúil iomaíoch í an Eoraip. Baineann an tAontas úsáid as a bhuiséad chun a thosaíochtaí agus a thionscadail mhóra a mhaoiniú, rudaí nach bhféadfadh an chuid is mó de thíortha an Aontais a mhaoiniú ina n-aonar.    

Is mó na buntáistí a bhaineann le ballraíocht an Aontais ná méid ranníocaíochtaí bhuiséad an Aontais, agus is iomaí sampla de sin atá ann. Baineann na Ballstáit uile tairbhe as a bheith rannpháirteach sa Mhargadh Aonair, as cur chuige comhroinnte i leith na ndúshlán coiteann a bhaineann leis an imirce, leis an sceimhlitheoireacht agus leis an athrú aeráide, agus as gnóthachain nithiúla amhail bonneagar iompair níos fearr, seirbhísí poiblí nuachóirithe agus digitithe agus cóir leighis cheannródaíoch.   

An méid atá le híoc ag gach tír san Aontas isteach i mbuiséad an Aontais, déantar é a ríomh ar bhealach cothrom. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.  

Ní tabhairt agus glacadh atá i gceist le buiséad an Aontais; is éard atá i gceist leis rannchuidiú le chéile chun háit níos fearr a dhéanamh den Eoraip agus den domhan do chách.    

Caiteachas bhuiséad an Aontais agus ioncam de réir tíre in aghaidh na bliana  

Tionscadail sa Danmhairg a fuair maoiniú ón Aontas   

Cuidíonn an t-airgead i mbuiséad an Aontais le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, e.g. chun bóithre a thógáil, maoiniú a thabhairt do thaighdeoirí agus an comhshaol a chosaint.   

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Danmhairg agus faoi chistí téarnaimh i do thír nó i do réigiún féin.