An bhfuil an dúspéis agat muintearas níos láidre leis an Aontas Eorpach a spreagadh i measc do chuid daltaí? An bhfuil smaointe agat chun topaicí a bhaineann leis an Aontas Eorpach, amhail an daonlathas nó ról institiúidí an Aontais, a chomhcheangal le do churaclam scoile?
Tá an clár Jean Monnet is déanaí de chuid Erasmus+ díreach seolta – deis iontach duit chun an maoiniú atá de dhíth ort a fháil chun do chuid smaointe a chur i gcrích!
Tá glao 2025 ar iarratais réidh le dul, agus tá gníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le scoileanna/múinteoirí san áireamh ann chun múineadh faoin Aontas ar scoil. Le haghaidh tuilleadh sonraí, naisc chuig an bhfoirm iarratais san áireamh, féach na naisc seo a leanas:
- Tionscnaimh foghlama Jean Monnet an Aontais Eorpaigh: is féidir le scoil iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú – deontais suas le €35,000 – chun teagasc faoin Aontas (bunscoileanna, meánscoileanna agus scoileanna gairmoideachais agus gairmoiliúna) i ngach tír atá páirteach sa chlár Erasmus+
- Líonraí Jean Monnet do scoileanna: 6 institiúid ar a laghad, atá bunaithe i 3 Bhallstát/thír atá rannpháirteach sa chlár ar a laghad (is féidir suas le 2 institiúid ardoideachais a bheith san áireamh).
Ag lorg smaointe?
Tá achoimrí tionscadal na nGníomhartha Jean Monnet i réimse oideachais agus oiliúna eile le fáil ar an tairseach maoiniúcháin agus tairiscintí. Féach leat sliocht as ceann de thionscnaimh Foghlama an Aontais 2024:
Is é is aidhm don tionscadal ‘Aux Portes de l’Union Européenne’ intinn oscailte a chur chun cinn ar fud an domhain as a n-eascróidh an comhrac i gcoinne an idirdhealaithe, cuimsiú a chothú agus muintearas an phobail Eorpaigh a neartú. Mar gheall ar dheacrachtaí sóisialta agus acadúla ár mac léinn, cheapamar go raibh sé tábhachtach na saincheisteanna Eorpacha a dhaingniú ina saol laethúil. Agus an méid sin á chur san áireamh againn, d’fhorbraíomar an tionscadal sin mar a bheadh cluiche ann. Cosúil le Harry Potter, déanfar ár scoil a roinnt ina ‘Tithe’. Ag tús gach scoilbhliana, sannfar tír Eorpach do gach rang. I rith na bliana, baileoidh gach rang pointí bunaithe ar an méid a bhainfidh na daltaí amach agus a gcuid dtionscnamh a bhaineann leis an tír atá acu. Ag an am céanna, is féidir pointí a chailleadh mar gheall ar iompar míchuí. Is é is aidhm don chur chuige spraíúil sin saincheisteanna Eorpacha a dhéanamh níos inláimhsithe agus na daltaí a spreagadh chun páirt a ghlacadh trí ligean dóibh éagsúlacht chultúrtha na hEorpa a fhiosrú agus a thuiscint ar bhealach spraíúil agus rannpháirteach.
Naisc úsáideacha:
Is féidir le Cúinne na foghlama cuidiú leat ábhar a aimsiú
Is féidir le ríomhnascadh cabhrú leat comhpháirtithe a aimsiú
Is féidir leis an bhfíseán seo cabhrú leat leis an bpróiseas iarratais
Má tá aon eolas uait faoin tionscnamh seo, déan teagmháil le:
EAC-JM-SCHOOLSec [dot] europa [dot] eu (EAC-JM-SCHOOLS[at]ec[dot]europa[dot]eu).
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 29 Samhain 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Type of content
- News