Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
  • Alt nuachta
  • 19 Meán Fómhair 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

Ceiliúraimis Lá Eorpach na dTeangacha ar an 26 Meán Fómhair!

new_languages_take_you_further.jpg
© European Union

Tá Lá Eorpach na dTeangacha á cheiliúradh ag an gCoimisiún Eorpach gach bliain ó bhí 2001 ann. Is tionscnamh iontach é a chuimsíonn an éagsúlacht ollmhór agus an iliomad cultúr atá san Eoraip. 

Agus beagnach 450 milliún saoránach den Aontas Eorpach agus 24 theanga oifigiúla de chuid an Aontais ann, tá sé tábhachtach meas a bheith againn ar an éagsúlacht atá san Eoraip. Sin an fáth a gcuireann Lá Eorpach na dTeangacha i gcuimhne dúinn gur cheart dúinn a bheith bródúil as ár n-oidhreacht fhairsing teanga agus chultúrtha.  

Eagraítear mionchúrsaí teanga i dteangacha éagsúla, tráthanna na gceist ar líne, ceardlanna aistriúcháin, aontaí teanga, taispeántais leabhar ar camchuairt agus go leor imeachtaí eile ar fud an Aontais an mhí seo. Bainigí triail astu!  

Sonraí

Dáta foilsithe
19 Meán Fómhair 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
  • Celebration