An raibh a fhios agat go mbíonn uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag tír éagsúil de chuid an Aontais gach sé mhí? Ó thús mhí Eanáir go mí an Mheithimh 2025, beidh an fhreagracht thábhachtach sin ag an bPolainn.
Go bunúsach, ciallaíonn sin go n-eagróidh an Pholainn cruinnithe cheannairí na dtíortha agus go molfaidh sí na hábhair inar mhaith léi go rachadh an tAontas chun cinn.
Tá seacht réimse tosaíochta leagtha síos ag an bPolainn faoin mana ‘An tSlándáil agus an Eoraip!’, is iad sin:
- An chosaint agus an tslándáil
- Daoine agus teorainneacha a chosaint
- Frithsheasmhacht i gcoinne na trasnaíochta eachtraí agus na bréagaisnéise
- Slándáil agus saoirse gnó a chinntiú
- Aistriú fuinnimh
- Talmhaíocht iomaíoch athléimneach
- Slándáil sláinte
Faigh tuilleadh eolais faoi Uachtaránacht na Polainne ar an Aontas Eorpach.
Chun tuilleadh aithne a chur ar an bPolainn, bain triail as an gcluiche:
Cabhraigh le do dhaltaí níos mó a fhoghlaim faoi thíortha an Aontais Eorpaigh ag baint úsáide as an léarscáil spraoiúil, idirghníomhach seo. Tóg turas...
- Aoisghrúpa
- 9 - 12 bhliain
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 20 Nollaig 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide