Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Amlíne agus an dul chun cinn maidir leis an euro digiteach

Cuireadh tús le céim ullmhúcháin an tionscadail i mí na Samhna 2023 agus tá an bhunchloch á leagan le haghaidh eisiúint fhéideartha an euro dhigitigh. Áirítear leis sin bailchríoch a chur ar leabhar rialacha scéim an euro dhigitigh agus soláthraithe a roghnú a d’fhéadfadh ardán digiteach agus bonneagar an euro dhigitigh a fhorbairt. Is éard atá i gceist leis an gcéim ullmhúcháin tástáil agus triail fhorleathan, chomh maith le malartuithe rialta leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara eile, chun a chinntiú go bhfreastalódh euro digiteach ar riachtanais úsáideoirí agus ar riachtanais an Eurochórais.

Déanaimid doiciméadú rialta ar dhul chun cinn an tionscadail i dtuarascálacha cuimsitheacha.

Dul chun cinn maidir le euro digiteach

Céim an ullmhúcháin

Timpeallacht íocaíochta na hEorpa a chomhtháthú agus a fheabhsú

Is é is aidhm don euro digiteach rochtain ar airgead poiblí a chur ar fáil a bheidh ábalta coinneáil suas leis an ré dhigiteach, rud a rachaidh chun tairbhe do thomhaltóirí, do cheannaithe agus do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta. Chinnteodh sé táillí cothroma do cheannaithe, thabharfadh sé ardphríobháideachas do thomhaltóirí agus thacódh sé le tírdhreach íocaíochtaí na hEorpa.

Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a mbeadh euro digiteach oiriúnach d’éiceachóras íocaíochtaí na hEorpa
Eispéireas saoráideach íocaíochta ar fud na hEorpa

Dhéanfadh leabhar rialacha scéim an euro dhigitigh íocaíochtaí níos éasca agus níos comhsheasmhaí ar fud an limistéir euro. Tá sé á fhorbairt chun aiseolas ó thomhaltóirí, miondíoltóirí agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta a chur san áireamh.

Léigh tuilleadh faoi leabhar rialacha an euro dhigitigh a fhorbairt
An euro digiteach a mhúnlú trí thaighde úsáideoirí

Tá taighde nua á dhéanamh againn chun tuiscint níos fearr a fháil ar a mbeadh ag teastáil ó dhaoine ón euro digiteach. Táimid i gcomhpháirtíocht le príomhpháirtithe leasmhara freisin chun modhanna íocaíochta nuálacha a thástáil agus cásanna úsáide.

Léigh faoinár dtaighde agus turgnamh úsáideoirí

Tuarascáil ar dhul chun cinn

Cén chaoi a bhfuil an dul chun cinn ar thionscadal an euro dhigitigh ag dul?

Léigh an tuarascáil ar dhul chun cinn ina hiomláine

Do na meáin

Déantar achoimre sa tuarascáil seo ar an dul chun cinn a rinneadh le linn chéim an ullmhúcháin idir mí na Bealtaine agus mí Dheireadh Fómhair 2024 agus leagtar amach inti na chéad chéimeanna eile.

Léigh an phreaseisiúint

Amlíne thionscadal an euro dhigitigh

I mí Dheireadh Fómhair 2020 d’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil maidir le euro digiteach ina scrúdaítear eisiúint fhéideartha airgeadra digiteach bainc ceannais – euro digiteach – ag an Eurochóras.

Naoi mí ina dhiaidh sin rinne Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh an cinneadh tionscadal an euro dhigitigh a sheoladh. Bhí céim imscrúdaithe an tionscadail ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2023 agus bhain sí le staidéar a dhéanamh ar roghanna dearaidh agus ar shamhlacha dáileacháin i ndlúthchomhar le páirtithe leasmhara amhail lucht ceaptha beartas an Aontais agus rannpháirtithe sa mhargadh. Ba iad na torthaí ba bhonn leis an gcinneadh an chéim ullmhúcháin a sheoladh, ar cuireadh tús léi i mí na Samhna 2023.

Féach agus íoslódáil amlíne ardleibhéil an tionscadail

Ní dhéanfar an cinneadh maidir leis an euro digiteach a eisiúint a mheas go dtí céim níos déanaí, a luaithe a bheidh próiseas reachtach an Aontais curtha i gcrích.

Gach leathanach sa rannóg seo