Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Féach an leagan Béarla den leathanach seo le do thoil chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha

Tá sé d’aidhm ag na réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha staid fhoriomlán an gheilleagair a thuar agus a thuiscint. Tá faisnéis iontu a bhaineann leis an bhfás eacnamaíoch, boilsciú, pá, dífhostaíocht agus trádáil.

Cruthaíonn baill foirne an Eurochórais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha ina gcumhdaítear an t‑ionchas don limistéar euro agus don gheilleagar domhanda. Úsáidtear na réamh‑mheastacháin seo chun cur le measúnú Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus ar rioscaí cobhsaíochta praghsanna.

Foilsítear iad ceithre huaire sa bhliain (i mí an Mhárta, mí an Mheithimh, mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag).

Meán Fómhair 2024
Sracfhéachaint

An t‑ionchas boilscithe

Meastar go n-ardóidh boilsciú sa cheathrú ráithe i mbliana sula bhfillfidh sé go dtí an sprioc faoi dheireadh na bliana 2025 de réir mar a mhaolaíonn brúnna costais agus de réir mar a bhíonn éifeacht ag tionchar na gcinntí beartais airgeadaíochta a rinneadh roimhe seo ar phraghsanna tomhaltóirí.

Léigh tuilleadh
An t‑ionchas olltáirgeachta intíre

Seans go bhfanfaidh fás eacnamaíoch lag sa ghearrtéarma ach ba chóir go gcabhródh ioncam teaghlaigh atá ag méadú, margadh saothair athléimneach, muinín níos mó agus éileamh eachtrach níos láidre tuilleadh leis, agus ní bheidh dálaí maoiniúcháin chomh srianta céanna.

Léigh tuilleadh

An tuarascáil iomlán

Tá measúnú mionsonraithe sa tuarascáil fhoriomlán ar an ionchas do gheilleagar an limistéir euro.

Léigh an tuarascáil ina hiomláine

Réamh-mheastacháin reatha agus réamh-mheastacháin roimhe seo

Déan comparáid idir ár réamh-mheastacháin bhoilscithe agus fáis eacnamaíoch roimhe seo. Is féidir réamh-mheastacháin roimhe seo don limistéar euro agus do thíortha sa limistéar euro a íoslódáil anseo.

Na réamh-mheastacháin uile uainn

Gach leathanach sa rannóg seo