European Economic
and Social Committee
Rannóga agus Comhlachtaí Eile
Tá sé rannóg ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus déanann siad speisialtóireacht ar shainábhair is ábhartha do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh a bhaineann le réimsí amhail gnóthaí sóisialta agus eacnamaíocha, fuinneamh, an comhshaol, caidreamh seachtrach nó an margadh inmheánach. Glacann comhaltaí páirt i gceann amháin nó níos mó de na rannóga réamhráite de réir an réimse saineolais atá acu agus is sna rannóga sin a dhéantar formhór na hoibre is gá d'fhonn an bealach a réiteach do na tuairimí. Ina theannta sin tá Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) ag CESE, arb é is cúram dó cuidiú le hearnáil tionsclaíochta an Aontais Eorpaigh tionchar an domhandaithe a aithint roimh ré agus í féin a chur in oiriúint dó.
Ag seo rannóga/coimisiún CESE:
- An Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta (ECO)
- An Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas (INT)
- An Rannóg um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise (TEN)
- An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht (SOC)
- An Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol (NAT)
- An Rannóg um Chaidreamh Seachtrach (REX)
- An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)
Ina cheann sin, chuir CESE trí shain-fhaireachlann ar bun, atá dírithe ar na réimsí seo a leanas: an t-aistriú digiteach agus an margadh aonair, margadh an tsaothair (FMS) agus an fhorbairt inbhuanaithe (FFI) – mar aon leis an nGrúpa ad hoc um an Seimeastar Eorpach agus an Grúpa ad hoc um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta.
Cuireadh Grúpa Idirchaidrimh ar bun d’fhonn caidreamh a dhéanamh le heagraíochtaí agus líonraí na sochaí sibhialta san Eoraip agus d’fhonn monatóireacht a dhéanamh ar thionscnaimh chomhpháirteacha.