Parlaimint na hEorpa
Déanann Parlaimint na hEorpa ionadaíocht ar 450 milliún duine atá ina gcónaí san Aontas Eorpach.
Tugtar AE ar an Aontas Eorpach.
Caitheann daoine san Aontas vóta do 720 Fheisire chun ionadaíocht a dhéanamh orthu sa Pharlaimint.
Tugtar FPEnna ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa.
Féachann na Feisirí ar phleananna do dhlíthe nua don Aontas.
Athraíonn na Feisirí dlíthe chun iad a dhéanamh níos fearr.
Bíonn na Feisirí ag faire ar an tslí a bhfuil an tAontas ag feidhmiú.
Na rudaí a dhéanann Parlaimint na hEorpa
Glacann an Pharlaimint dlíthe nua leis an gComhairle.
Déanann an Chomhairle ionadaíocht ar rialtais na dtíortha atá páirteach san Aontas.
Cinneann an Pharlaimint agus an Chomhairle buiséad an Aontais freisin.
Déanann an Pharlaimint seiceáil ar obair na n-eagraíochtaí uile atá páirteach i stiúradh AE.
Caitheann na Feisirí vóta ar chomhaontuithe trádála le tíortha lasmuigh den Aontas.
An tslí a bhfeidhmíonn Parlaimint na hEorpa
Grúpaí
Bíonn formhór na bhFeisirí ag obair i ngrúpaí polaitiúla.
Tá na grúpaí déanta suas d’Fheisirí ó thíortha agus páirtithe polaitiúla éagsúla.
Tá cuspóirí coiteanna ag na grúpaí.
Coistí
Tá 20 coiste buan ag an bParlaimint.
Oibríonn na Feisirí i gcoistí.
Molann an Coimisiún Eorpach dlíthe nua don Eoraip.
Pléann na coistí na moltaí sin chun iad a fheabhsú.
Caitheann na coistí vóta ar na moltaí sin.
Suíonna iomlánacha
Ina dhiaidh sin, caitheann an Pharlaimint iomlán vóta ar dhlíthe nua ag an suí iomlánach.
Tagann na Feisirí go léir le chéile ag an suí iomlánach.
Bíonn díospóireachtaí agus vótaí acu ar dhlíthe nua.
Toghann na Feisirí Uachtarán chun ionadaíocht a dhéanamh ar an bParlaimint.
Feidhmíonn an tUachtarán mar chathaoirleach ar an suí iomlánach freisin.
Toghtar an tUachtarán do théarma dhá bhliain go leith.
Caith do vóta
Is féidir leat vótáil do dhaoine a dhéanfaidh ionadaíocht ort sa Pharlaimint.
Bíonn toghcháin Eorpacha ar siúl i ngach tír san Aontas gach cúig bliana.
Fan ar an eolas
Tá oifig amháin ar a laghad ag an bParlaimint i ngach tír san Aontas.
Is féidir cuairt a thabhairt ar na hoifigí sin.
Tabhair cuairt ar Pharlaimint na hEorpa.
You can Is féidir cuairt a thabhairt ar an bParlaimint in Strasbourg agus sa Bhruiséil.