Conradh Liospóin
Is i Liospóin an 23 Iúil 2007 a seoladh an gComhdháil Idir-rialtasach den chéad uair, a bhí freagrach as an gConradh um Athchóiriú Eorpach a tharraingt suas. Is iad Elmar Brok, Enrique Barón Crespo agus Andrew Duff a rinne ionadaíocht ar Pharlaimint na hEorpa).
Rinneadh téacs an Chonartha a fhormheas ag cruinniú de na ceannairí stáit agus rialtais i Liospóin an 18-19 Deireadh Fómhair 2007. Síníodh Conradh Liospóin i láthair Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Hans-Gert Pöttering, an 13 Nollaig 2007, i ndiaidh d’uachtaráin Pharlaimint na hEorpa, an Choimisiúin agus na Comhairle Cairt um Chearta Bunúsacha AE a fhógairt sa Pharlaimint.
Athruithe móra ar Pharlaimint na hEorpa
Faoi Chonradh Liospóin, tá an ceart ag an bParlaimint Uachtarán an Choimisiúin a cheapadh, ar bhonn moladh ón gComhairle Eorpach ag féachaint do thorthaí na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa. Rinneadh an chomhchinnteoireacht a leathnú go dtí réimsí nua, agus is é an “gnáthnós imeachta reachtach” a thugtar ar an nós imeachta sin ar deireadh.
Taobh amuigh de chorr-eisceacht, déanann an Conradh Parlaimint na hEorpa, mar reachtóir, a chur ar bhonn cothrom leis an gComhairle i réimsí nárbh amhlaidh an cás ina leith roimhe sin, go sonrach ó thaobh buiséad AE a shocrú (tá lánphaireacht ag an bParlaimint), sa bheartas talmhaíochta agus i ngnóthaí baile.
Tháinig an Conradh i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009, i ndiaidh a dhaingnithe ag na 27 mBallstát uile.
- Arna shíniú in: Liospóin (An Phortaingéil) an 13 Nollaig 2007
- Teacht i bhfeidhm: 1 Nollaig 2009