Inbhuanaitheacht i bParlaimint na hEorpa: conas a dhéanaimis ár lorg comhshaoil a laghdú? 

Tá gealltanas tugtha ag Parlaimint na hEorpa acmhainní a úsáid go freagrach agus a lorg comhshaoil a laghdú. Ó ídiú fuinnimh go hastaíochtaí carbóin, soghluaisteacht, uisce agus dramhaíl, tá dea-chleachtais bunaithe ag an bParlaimint chun a tionchar ar an gcomhshaol a laghdú agus chun cur le todhchaí níos inbhuanaithe.

Mar chuid den ghealltanas sin, tá an Pharlaimint cláraithe faoin Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) ó 2007 i leith, agus é mar aidhm aici a torthaí comhshaoil a fheabhsú go leanúnach.

Léigh tuilleadh faoi ghealltanais inbhuanaitheachta na Parlaiminte ina Beartas Comhshaoil nó faigh tuilleadh eolais faoi dheimhniú EMAS.

Na príomhrudaí atá bainte amach chun tionchar Pharlaimint na hEorpa ar an gcomhshaol a laghdú

Tá an-dul chun cinn déanta ag Parlaimint na hEorpa ó tugadh EMAS isteach ina trí ionad oibre.

  • -47%

  • 100%
  • -61%
  • -44%
  • astaíochtaí carbóin in aghaidh an FTE* in 2023 i gcomparáid le 2006
  • leictreachas glas ceannaithe
  • astaíochtaí carbóin in aghaidh an FTE* in 2023 i gcomparáid leis na deich mbliana roimhe
  • tomhaltais uisce in aghaidh an FTE* in 2023 i gcomparáid le 2012

* FTE: Coibhéisí Lánaimseartha (FTE) lena n-áirítear Feisirí, baill foirne, conraitheoirí seachtracha agus cuairteoirí na bhFeisirí, i ngach ionad oibre.

Tá tuilleadh príomhuimhreacha agus mionanailíse ar fheidhmíocht na Parlaiminte le fáil sa Ráiteas Comhshaoil is déanaí.

Éifeachtúlacht fuinnimh

Déanann Parlaimint na hEorpa a dícheall fuinneamh a úsáid ar an mbealach is éifeachtúla:

  • Faightear 100 % den leictreachas a cheannaítear ó fhoinsí glasa deimhnithe.
  • Is fuinneamh in-athnuaite é 473 MWh den fhuinneamh a úsáidtear, agus é á ghiniúint ar an láthair ó phainéil fhótavoltacha.

Cur chuige ciorclach

Tá roinnt beart curtha i bhfeidhm ag Parlaimint na hEorpa chun a hacmhainní a athúsáid ar bhealach inbhuanaithe:

Déantar trealamh TF úsáidte (amhail ríomhairí pearsanta, ríomhairí glúine, scáileáin) agus troscán a dheonú do charthanais lena n-athúsáid.

Laghdaíonn an Pharlaimint a cuid dramhaíola féin agus feabhsaíonn sí rátaí athchúrsála, trí bhoscaí bruscair cúig urrann dramhaíola a chur ar bun agus na sruthanna dramhaíola a chur in oiriúint do riachtanais náisiúnta éagsúla.

Tá bithghás á dhéanamh de bhithdhramhaíl na Parlaiminte ó 2013 i leith, ar féidir é a úsáid chun teas agus leictreachas a tháirgeadh.

In 2016, bhí an Pharlaimint ar an gcéad institiúid de chuid AE a chuir clár cuimsitheach um dheonú bia chun feidhme lena ndeonaítear barrachas bia do charthanais.

Soláthar poiblí inbhuanaithe

Is éard is soláthar poiblí ann an próiseas trína gceannaíonn an Pharlaimint earraí agus seirbhísí, ó sholáthairtí oifige a cheannach go conraitheoirí a fhostú.

Cuidíonn treoirlínte agus cúrsaí oiliúna le foireann na Parlaiminte táirgí agus seirbhísí a roghnú lena mbaineann tionchar íseal ar an gcomhshaol, dálaí córa saothair, foinsiú eiticiúil agus marthanacht fheabhsaithe.

Soghluaisteacht inbhuanaithe

I bParlaimint na hEorpa, spreagtar gach duine chun nósanna atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a ghlacadh, amhail modhanna inbhuanaithe comaitéireachta.

In 2023, chuaigh 30 % den fhoireann chun na hoibre ar rothar nó shiúil siad ann agus tá níos mó ná 2 100 láthair pháirceála rothar ar fáil i dtrí ionad oibre Pharlaimint na hEorpa. Tá Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil deimhnithe mar fhostóir atá fabhrach don rothaíocht.

Inbhuanaitheacht in oifigí idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa

Níl an sprioc maidir le feidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú teoranta do phríomhionaid oibre na Parlaiminte sa Bhruiséil, in Strasbourg agus i Lucsamburg. I ngach Ballstát, tá oifig idirchaidrimh de chuid Pharlaimint na hEorpa ann, a théann i rannpháirtíocht le heagraíochtaí agus le saoránaigh ar an leibhéal áitiúil.

Léigh tuilleadh faoin obair chun an tionchar a bhíonn ag oibríochtaí oifigí idirchaidrimh ar an gcomhshaol a laghdú i Ráiteas Comhshaoil Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a gcuireann Parlaimint na hEorpa inbhuanaitheacht i bhfeidhm ina hionaid oibre, téigh i dteagmháil le hAonad EMAS agus Inbhuanaitheachta ag emas@europarl.europa.eu.