Mar a oibríonn an suí iomlánach
Agus iad mar bhuaicphointe ghníomhaíocht pholaitiúil Pharlaimint na hEorpa, is é atá sna seisiúin iomlánacha ná toradh na hoibre reachtaí a dhéantar ar bhonn coiste agus sna grúpaí polaitiúla.
Is é an seisiún iomlánach freisin an fóram ina nglacann ionadaithe shaoránaigh an Aontais Eorpaigh - Feisirí Pharlaimint na hEorpa nó FPEnna - páirt i gcinnteoireacht AE.
Pléann siad agus cuireann siad a seasamh in iúl maidir leis na ceisteanna atá i mbéal an phobail trí vóta a chaitheamh ar dhréachtghníomhartha reachtacha nó ar thopaic ar bith eile.
Ar feadh roinnt mhaith blianta, ní raibh sa Pharlaimint ach comhlacht comhairleach.
Ach ó thosaigh na chéad toghcháin trí vótáil chomhchoiteann dhíreach sa bhliain 1979 agus a bhuí le hobair ghníomhach a Feisirí, d'éirigh léi cumhachtaí níos mó a fháil agus stádas mar chomhreachtóir comhionann a ghlacadh chuici féin leis an gComhairle i bhformhór na réimsí ina bhfuil na cumhachtaí ag AE gníomhú.
Sa lá atá inniu ann, tá 720 Fheisire tofa ag Parlaimint na hEorpa ó 27 tír AE agus déanann sí a cuid díospóireachtaí iomlánacha i 24 theanga. Sna seisiúin iomlánach, leanann na Feisirí, oifigigh, ateangairí agus aistritheoirí nósanna imeachta an-bheacht chun a áirithiú go reáchtálfaí an seisiún ar an tslí is fearr is féidir.
Clár na mór sa suí iomlánach
Uachtarán Pharlaimint na hEorpa
Is faoi chathaoirleacht Uachtarán Pharlaimint na hEorpa a bhíonn na seisiúin iomlánacha. Tugann na 14 leas-Uachtarán cúnamh d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa sa chúram sin, agus is féidir leo an chathaoirleacht a ghlacadh chucu féin.
Cuireann an tUachtarán tús leis an suí uaireanta trí ómós nó trí óráid a thabhairt ar ábhar reatha. Le linn an tseisiúin, glaonn an tUachtarán ar na cainteoirí chun a áirithiú go seoltar na himeachtaí go cuí. Treoraíonn an tUachtarán an nós imeachta vótála, ag cur leasuithe agus rúin reachtacha faoi réir vóta agus ag fógairt na dtorthaí. Áirithíonn údarás an Uachtaráin go ngluaiseann an vótáil, ar féidir léi a bheith fada agus casta, ar aghaidh go tapa.
Grúpaí polaitiúla
Baineann an chuid is mó den 720 Fheisire le ceann de na grúpaí polaitiúla, a dhéanann ionadaíocht ar na treochtaí idé-eolaíocha go léir i bParlaimint na hEorpa. Tá roinnt Feisirí ann nach bhfuil cleamhnaithe le grúpa polaitiúil ar bith agus tugtar Feisirí "neamhcheangailte" orthu siúd.
Is iad na grúpaí polaitiúla a chinneann cad iad na saincheisteanna a phléifear sa suí iomlánach. Is féidir leo freisin leasuithe ar thuarascálacha coiste, atá le cur faoi réir vóta, a chur síos, nó rúin ar shaincheisteanna tábhachtacha a chur chun cinn. Agus gach rud á chomhordú ag na grúpaí polaitiúla, caitheann na Feisirí a vóta sna seisiúin iomlánacha. Ní féidir iachall a chur ar aon Fheisire, áfach, vótáil ar bhealach ar leith.
Comhairle an AE agus an Coimisiún Eorpach
Bíonn Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach páirteach sna suíonna chun comhoibriú idir na hinstitiúidí a éascú sa phróiseas cinnteoireachta.
Má iarrann an Pharlaimint amhlaidh, féadfar a iarraidh ar ionadaithe an dá institiúid dearbhuithe a dhéanamh nó cuntas a thabhairt ar a gcuid gníomhaíochtaí mar fhreagra ar cheisteanna a chuireann FPEnna orthu. Is féidir na díospóireachtaí a fhoirceannadh le vóta ar rún.
Obair sa suí iomlánach
Tagann an Pharlaimint le chéile in Strasbourg i seisiún iomlánach 12 uair sa bhliain do 'pháirtseisiún' a mhaireann ceithre lá (ó Luan go Déardaoin). Tionóltar páirtseisiúin bhreise sa Bhruiséil. Tá an páirtseisiún roinnte ina seisiúin laethúla.
Díríonn an gnó iomlánach den chuid is mó ar dhíospóireachtaí agus ar vótaí. Is gníomhartha de chuid Pharlaimint na hEorpa amháin iad na téacsanna a glacadh i ndearbhuithe iomlánacha. Baineann siad sin le catagóirí éagsúla ag brath ar an ábhar atá á bhreithniú agus ar an nós imeachta is infheidhme. I measc na dtéacsanna is comónta, tá:
- Tuarascála reachtacha: is téacsanna iad seo a scrúdaíonn an Pharlaimint faoi chuimsiú na nósanna imeachta reachtacha éagsúla Comhphobail: gnáthnós imeachta reachtacha, toiliú agus comhairliúchán. Is é an gnáthnós imeachta reachtach amháin a thugann ról comhionann don Pharlaimint mar reachtóir in éineacht leis an gComhairle. Bíonn níos mó tábhachtachta ó thaobh na reachtaíochta de ag tuarascálacha parlaiminteacha áirithe ná a chéile.
- Tuarascála faoin nós imeachta buiséadach: is í Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh údarás buiséadach an AE a chinneann ar bhonn bliantúil caiteachas agus ioncam an Aontais;
- Tuarascálacha agus rúin neamhreachtacha: déanann an Pharlaimint, ar a tionscnamh féin, iad seo a tharraingt suas laistigh den choiste parlaiminteach freagrach. Trí na téacsanna sin a ghlacadh, díríonn an Pharlaimint ar na hinstitiúidí agus na comhlachtaí Eorpacha eile, ar na rialtais áitiúla, nó go deimhin ar na tíortha neamh-AE agus eagraíochtaí, agus é d'aidhm aici aird a tharraingt ar ábhar ar leith. Cé nach bhfuil aon luach reachtach acu, tá na téacsanna seo bunriachtanach don Pharlaimint agus grinnscrúdú daonlathach á dhéanamh aici, chomh maith le nuair nach mór insitiúidí eile a choinneáil cuntasach. Ina theannta sin, baintear leas as na téacsanna chun brú polaitiúil a úsáid chun freagraí coincréiteacha a fháil ar an ábhar cuí.
Le linn an tseisiúin iomlánaigh, is féidir leis an bParlaimint cinneadh a dhéanamh a tuairim a chur in iúl faoi aon ábhar a mheasann sí atá tábhachtach. Is féidir léi iarraidh ar an gCoimisiún chomh maith togra iomchuí a chur isteach maidir le saincheisteanna a éilíonn, i dtuairim na Parlaiminte, go ndéanfaí gníomh reachtach Comhphobail a ghlacadh.
Áirítear sa suí freisin tréimhse a chuirtear i leataobh do cheisteanna ar théama faoi leith le hionadaithe ón gComhairle agus/nó an Coimisiún. Ina theannta, uair amháin in aghaidh na seachtaine iomlánaí, féadfar a iarraidh ar Uachtarán an Choimisiúin nó coimisinéirí faoi leith ceisteanna a fhreagairt ó FPEnna gan téama réamhshainithe acu, le linn sheisiún grinnscrúdaithe faoi leith.
I miontuairiscí gach suí tugtar na sonraí go cruinn ar imeachtaí agus ar ghnó an lae (doiciméid a chuirtear síos, vótaí, mínithe ar vótaí, ceapacháin, etc). Cuirtear torthaí na vótála i gceangal freisin leis na miontuairiscí.
Nós imeachta an tsuí iomlánaigh
Glacann líon mór daoine páirt sna seisiúin iomlánacha agus ní féidir iad a chumadh ar an láthair dá bharr. Ní mór a lán réamhullmhúchán a dhéanamh, a oiread agus is féidir. Is í Comhdháil na nUachtarán a dhéanann nós imeachta an tsuí iomlánaigh a tharraingt suas go sonraithe, áit ina dtagann ceannairí na ngrúpaí polaitiúla agus Uachtarán na Parlaiminte le chéile.
Fad agus atá sé seo ar siúl, is féidir le Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí (cathaoirligh na gcoistí parlaiminteacha seasmhacha agus sealadacha) moltaí a dhéanamh do Chomhdháil na nUachtarán maidir le hobair na gcoistí agus chun nós imeachta an tsuí iomlánaigh a dhréachtú.
Glactar clár oibre bliantúil na Parlaiminte gach bliain le linn seisiún iomlánach, bunaithe ar thogra a dhéanann Comhdháil na nUachtarán. Sonraíonn an clár oibre na seachtainí ina mbeidh cruinnithe coistí agus cruinnithe idir ghrúpaí polaitiúla ar siúl.
Ina theannta sin, taispeánann nós imeachta an tsuí iomlánaigh an mbeidh vóta á chaitheamh ar rún i ndiaidh na ndíospóireachtaí éagsúla a thiteann amach. Téacs neamhreachtach atá sa rún seo a shonraíonn seasamh na Parlaiminte ar ábhar faoi leith.
Bíonn an Pharlaimint de shíor ag dul i ngleic leis an dul chun cinn is déanaí ar aon cheist thábhachtach agus ní bhíonn moill uirthi an nós imeachta a athrú dá réir.
An suí iomlánach i mbun gníomhaíochta
Am le haghaidh plé a dhéanamh sula ndéanfar cinneadh
Bíonn tuarascáil pharlaiminteach a chuirtear faoi réir vóta sa suí iomlánach ina ábhar díospóireachta de ghnáth ina ndéanann an Coimisiún, ionadaithe na ngrúpaí polaitiúla agus na Feisirí aonair a ndearcaí a chur in iúl. Braitheann an t-am labhartha do gach FPE, a bhíonn an-ghairid go minic, ar líon na bhFeisirí a d'iarr cead cainte a bheith acu.
Murab ionann agus an vótáil sna seisiúin iomlánacha, a bhíonn ar siúl go tapa go minic, is féidir leis na díospóireachtaí maireachtáil ar feadh roinnt mhaith uaireanta, ag brath ar líon na bhFeisirí ar fhágtar an t-úrlár fúthu. Labhraíonn siad de ghnáth ina dteanga féin, agus déanann ateangairí na Parlaiminte ateangaireacht bheo go comhuaineach ar an méid a deir siad go dtí teangacha oifigiúla eile AE.
Is de réir na rialach seo a leanas a dhéantar am labhartha a leithdháileadh: déantar an chéad chodán den am labhartha a roinnt go cothrom i measc na ngrúpaí polaitiúla go léir, agus ansin codán eile a roinnt i measc na ngrúpaí i gcomhréir le líon iomlán a FPEnna. Ansin, roghnaíonn na grúpaí go hintéirneach cé fúthu a fhágfar an t-úrlár agus ar feadh cén méid ama.
Cuirtear na Feisirí Eorpacha ar mian leo labhairt ó lár an tseomra ar liosta na gcainteoirí in ord atá bunaithe ar mhéid uimhriúil a ngrúpa. Tugtar sliotán labhartha tosaíochta do rapóirtéirí (FPEnna ó na coistí atá freagrach nó coistí atá chun tosaigh maidir le topaic faoi leith) agus d’ionadaithe coistí eile a n-iarrtar tuairim uathu.
Tagann cuairteoirí oirirce go rialta chun aitheasc a thabhairt don Pharlaimint, lena n-airítear cinn stáit a gcuirtear fáilte rompu de ghnáth i suí foirmiúil.
Ag vótáil sa suí iomlánach
Is thart ar lár an lae de ghnáth a chaitear vótaí. Vótálann Feisirí ar ghníomhartha reachtacha agus ar rúin ach ar leasuithe aonaracha nó ar ailt i dtéacsanna.
Le linn na vótála ar thuarascáil pharlaiminteach nó ar rún, is féidir leis na Feisirí an téacs a chuirtear faoina mbráid a athrú trí leasuithe a ghlacadh, a d'fhéadfadh féachaint le hinneachar an téacs atá á bhreithniú a scriosadh, a athfhoirmliú, téacs a chur ina ionad nó cur leis an téacs. Vótálann na Feisirí ar dtús ar gach leasú ina gceann agus ina gceann agus ansin ar an téacs ar fad arna leasú.
De ghnáth vótálann na Feisirí trí lámh a chur in airde agus cinneann Uachtarán an tsuí na tromlaigh i ngach cás. Má tá an taispeáint lámh doiléir, iarrfaidh an tUachtarán vótáil leictreonach a bheith ann chun líon na vótaí ar gach taobh a dhearbhú.
Ní mór vótáil le glaoch rolla a ghlacadh má iarann grúpa polaitiúil nó ar a laghad 5% de na Feisirí ar fad é an tráthnóna roimh an vótáil. Sa chás sin, déantar an vóta a chaith gach Feisire a thaifeadadh agus a fhoilsiú in iarscríbhinn a ghabhann leis na miontuairiscí. Go contrártha, is féidir le 20% de na FPEnna ar fad vótáil trí bhallóid rúnda a iarraidh freisin.
Sa suí iomlánach, glacann Parlaimint na hEorpa cinntí de ghnáth trí thromlach de na vótaí a chaitear. Bíonn córam (an líon íosta Feisirí nach mór a bheith i láthair chun toradh vótála a bheith bailí) nuair atá trian de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint i láthair sa seomra tionóil. Má shuíonn an tUachtarán, ar iarraidh 39 Feisire ar a laghad, nach bhfuil córam i láthair, nó má bhíonn níos lú ná 39 Feisire i láthair sa seomra, féadfar an vótáil a thabhairt anonn go dtí an chéad seisiún eile.
Is féidir leis an gCoimisiún freagra a thabhairt ar thoradh vóta ar bith agus a chonclúidí a fhógairt. Ag deireadh an ama vótála, féadfaidh Feisirí a iarrann amhlaidh cead cainte a fháil arís chun míniú a thabhairt ar a vótá, a n-anailís a chur i láthair agus chun a réasúnaíocht nó réasúnaíocht a ngrúpa a mhíniú.
Is féidir seisiúin iomlánacha Pharlaimint na hEorpa a leanúint ar líne agus i bhfoirm taifead.