Buiséad: conas a bhaineann Parlaimint na hEorpa an leas is fearr as a maoiniú bliantúil
Is féidir leis an bParlaimint tacú le hobair an 705 bhall agus feidhmiú i 24 theanga éagsúla a bhuí lena buiséad bliantúil. Is ionann an buiséad sin agus an cuigiú cuid de chaiteachas riaracháin iomlán institiúidí AE, nó 1.2% de bhuiséad ginearálta AE ina iomláine. Is go díreach sna Ballstáit a dhéantar formhór mór mhaoiniú AE a infheistiú.
Conas a dhéantar cinneadh faoin mbuiséad
I mí Feabhra de ghnáth a chuirtear tús leis an nós imeachta chun buiséad a dhréachtú. Cuireann an tArd-Rúnaí togra i dtoll a chéile, ina sainmhínítear na tosaíochtaí agus na hacmhainní i gcomhair na chéad bhliana eile. Baineann an Biúró, atá comhdhéanta den Uachtarán agus de na 14 Leas-Uachtaráin, úsáid as sin mar bhunús chun glacadh le réamhdhréacht de na meastacháin, agus cuireann sé faoi bhráid an choiste um buiséid é.
Ceaptar comhalta amháin den choiste - ar a dtugtar rapóirtéir an bhuiséid - chun tuarascáil a dhréachtú lena léirítear tosaíochtaí oibre na Parlaiminte agus lena moltar an méid airgid ba cheart a chaitheamh orthu. Ar an gcéad dul síos caitheann an coiste um buiséid vóta ar an tuarascáil agus ansin caitheann gach Feisire vóta air le linn seisiún iomlánach, i mí Aibreáin go hiondúil. Ansin, déantar na meastacháin sin a ionchorprú i ndréachtbhuiséid AE i gcomhair na chéad bhliana eile, agus déanann na Feisirí é a leasú agus glacann siad leis le linn seisiún iomlánach i mí na Nollag ar a dhéanaí.