Pátrúnacht
Is bealach ag Parlaimint na hEorpa í an phátrúnacht chun í féin a cheangal le himeacht trí thacaíocht mhorálta a thabhairt don imeacht sin. Deonófar an phátrúnacht sin do líon teoranta imeachtaí gach bliain.
-
Féadfaidh imeachtaí amhail comhdhálacha, díospóireachtaí, seimineáir, scoileanna samhraidh, etc. pátrúnacht na Parlaiminte a fháil, ar choinníoll go bhfuil gné shoiléir Eorpach ag baint leo, go háirithe trí aird a tharraingt ar ról agus rannchuidiú Pharlaimint na hEorpa nó an Aontais sa réimse lena mbaineann, agus go bhfuil for-rochtain shuntasach agus ardcháilíochta acu. Ina theannta sin, ní mór an dáta/na dátaí agus an áit a dheimhniú, agus tá an tréimhse teoranta. Ní mór go mbeadh na himeachtaí neamhbhrabúsach.
Tugtar aird ar leith ar a mhéad a ardaíonn an ócáid feasacht ar dhaonlathas parlaiminteach na hEorpa agus a chothaíonn saoránacht ghníomhach Eorpach, agus a dhéanann cearta bunúsacha, comhionannas inscne, neamh-idirdhealú agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn. Tugtar aird ar leith freisin ar imeachtaí a eagraíonn pobal na hóige, nó atá dírithe orthu.
Ní féidir pátrúnacht a dheonú d’imeachtaí de chineál tráchtála nó chun críche tráchtála a bhfuil sé mar aidhm leo brandaí nó aon chineál gníomhaíochta tráchtála a fhógairt nó a chur chun cinn, go díreach nó go hindíreach, d’imeachtaí de chineál páirtípholaitiúil, lena n-áirítear tiomsú airgid chun críoch polaitiúla agus gnáthghníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí inmheánacha ceardchumann nó páirtithe polaitiúla. Eisiatar imeachtaí agus/nó eagraithe a bhaineann an bonn ó bhunluachanna daonlathacha agus ó phrionsabail an Aontais Eorpaigh freisin.
Más rud é nach gcomhlíontar na coinníollacha incháilitheachta a thuilleadh le himeacht a bhfuil pátrúnacht deonaithe ag an bParlaimint ina leith faoi na rialacha, féadfaidh an tUachtarán an cinneadh chun pátrúnacht a dheonú a tharraingt siar tráth ar bith.
Ní fhágann an phátrúnacht aon oibleagáid airgeadais ar an bParlaimint ná ní thugann an phátrúnacht sin ceart don tairbhí úsáid a bhaint as áitreabh na hinstitiúide. Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir leis na coinníollacha lena rialaítear pátrúnacht Pharlaimint na hEorpa féach ar na Rialacha thíos.
-
Ní dhéanfar iarrataí ar phátrúnacht a fhaightear idir an 21 Nollaig 2024 agus an 5 Eanáir 2025 a chlárú go dtí an 6 Eanáir 2025.
Is féidir iarrataí ar phátrúnacht a chur isteach tríd an bhfoirm gréasáin tiomnaithe, tríd an bpost nó trí ríomhphost agus ní mór d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa iad a fháil dhá mhí ar a laghad roimh an imeacht atá beartaithe.
Ní mór iarratais tríd an bpost a bheith scríofa i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus ba cheart faisnéis faoin eagraí agus faoi theagmhálacha ábhartha a bheith iontu, cur síos mionsonraithe ar an imeacht, lena n-áirítear clár mionsonraithe agus na dátaí deimhnithe. Ní mór tuairisc ar na gníomhaíochtaí cumarsáide a bhaineann leis an imeacht a bheith ar áireamh iontu freisin.
Féach airteagal 3 de na rialacha a rialaíonn pátrúnacht maidir leis an bhfaisnéis ar fad atá le soláthar nó seiceáil an Sampla den fhoirm iarratais ar líne.
Ní mór na hiarratais sin a sheoladh chuig:
Uachtarán Pharlaimint na hEorpa
Rue Wiertz 60
1047 Bruxelles
An BheilgR-phost: president@ep.europa.eu
-
Ní mór do thairbhithe tacaíocht na Parlaiminte a lua go soiléir ina gcumarsáidí agus ina bpoiblíocht maidir leis an imeacht, trína lua go bhfuil an t-imeacht ‘faoi phátrúnacht Pharlaimint na hEorpa’ agus trí lógó na Parlaiminte atá deartha go sonrach le haghaidh pátrúnachta a úsáid.
Maidir le cumarsáidí a bhaineann leis an imeacht seo, lena n-áirítear aon ábhar ar an ngréasán, tugtar do d’aire gur cheart go mbeadh soiléiriú iontu maidir le ról Pharlaimint na hEorpa mar chomhpháirtí institiúideach a bhfuil tacaíocht mhorálta á tabhairt aici agus ról aon eintitis eile a d'fhéadfadh tacaíocht airgeadais a thabhairt.
Maidir le himeachtaí a fhaigheann pátrúnacht agus a tharlaíonn sa tréimhse 12 mhí roimh na toghcháin Eorpacha, beidh tagairt do na toghcháin Eorpacha agus do dháta na dtoghchán san ábhar cumarsáide ina dtaobh. Beidh na heilimintí físiúla ábhartha ann, i gcomhréir le treoirlínte grafaice na Parlaiminte.
Oifigigh idirchaidrimh sna Ballstáit
Tá Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa (EPLOnna) freagrach as cur chun feidhme áitiúil gníomhaíochtaí cumarsáide institiúideacha, teagmháil a dhéanamh le saoránaigh agus geallsealbhóirí, teagmhálacha leis na meáin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bhainistiú, agus tacaíocht a sholáthar d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa.
An Clár Trédhearcachta
Molann Parlaimint na hEorpa do na heagraíochtaí uile a ghabhann de ghníomhaíochtaí a chuimsítear leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir leis an gClár Trédhearcachta clárú sa chlár sin.
lechéile.eu
Is pobal uile-Eorpach é lechéile.eu a spreagann rannpháirtíocht sa daonlathas.
Tá daoine cosúil leatsa ag gníomhú chun go mbeidh todhchaí níos fearr againn san Aontas Eorpach. Trí bheith rannpháirteach sa phróiseas polaitiúil, nó tríd an tábhacht atá le vótáil a chur chun cinn – le chéile, is féidir linn an daonlathas a chur san áit is dual dó i gcroílár an Aontais Eorpaigh.