Inrochtaineacht Foirgneamh 

Tá Parlaimint na hEorpa tiomanta go daingean timpeallacht fhisiciúil inrochtana agus an neamhspleáchas is mó maidir le húsáid na bhfoirgneamh go léir a chur ar fáil do gach úsáideoir, bíodh siad ina bhFeisirí, ina mbaill foirne nó ina gcuairteoirí.

Na chéad chéimeanna

In 2010, dhaingnigh an tAontas Eorpach Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine  faoi Mhíchumas (UNCRPD). Ba é sin an pointe tosaigh de chlár uaillmhianach chun feabhas a chur ar inrochtaineacht fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa.

Rinne an Pharlaimint iniúchtaí inrochtaineachta idir 2015 agus 2019 ina foirgnimh uile. Léiríodh iontu leibhéal maith inrochtaineachta ar an iomlán le roinnt réimsí a bheadh fós le feabhsú chun úsáid neamhspleách na bhfoirgneamh a éascú.

Léiríodh gá freisin le caighdeán comhchuibhithe inrochtaineachta d'fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa chun a ráthú go gcaithfí go cothrom le gach úsáideoir idir áiteanna oibre éagsúla.

An chéad institiúid de chuid an Aontais ag a bhfuil beartas maidir le hinrochtaineacht fhisiciúil

In 2023, ghlac Parlaimint na hEorpa a beartas féin maidir le hinrochtaineacht fhisiciúil. Is í an chéad institiúid de chuid an Aontais í a bhfuil beartas cuimsitheach dea-shainithe forbartha aici sa réimse sin.

Is é príomhchuspóir an bheartais seo ná critéar inrochtaineachta aonair a shainiú a sháraíonn na difríochtaí sa reachtaíocht idir na Ballstáit agus a cheadaíonn cur chun feidhme comhchuibhithe ag áitribh uile na Parlaiminte.

Thairis sin, soláthraítear sraith beart leis chun cur chun feidhme an chomhchaighdeáin inrochtaineachta a éascú i ngach mórthionscadal athchóirithe foirgneamh, éadála agus tógála amach anseo ar bhealach inbhuanaithe comhleanúnach.

Le comhtháthú na ngnéithe inrochtaineachta i dtionscadail tógála a bheidh ann amach anseo ag an gcéim ullmhúcháin, beifear in ann na hacmhainní a phleanáil agus a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe fónta agus, ag an am céanna, costais nach bhfuil gá leo a sheachaint chun easnaimh i ndearadh foirgneamh a leigheas ag céim níos déanaí.