Imeacht a eagrú ag Parlaimint na hEorpa in Strasbourg 

Seachas na seisiúin iomlánacha, tá áitreabh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg ar fáil d’eagraíochtaí neamhbhrabúis agus institiúideacha chun imeachtaí a bhfuil gné Eorpach nó chultúrtha ag baint leo a eagrú.

Is féidir le heagraíochtaí incháilithe imeacht a bheith acu, lena n-áirítear comhdhálacha, ar áitreabh na Parlaiminte agus an leas is fearr is féidir a bhaint as cúnamh riaracháin agus teicniúil, lena n-áirítear:

  • Seomraí:
    • 40 seomra comhdhála (30 go 350 suíochán)
    • seomra iomlánach (1,450 suíochán)
  • cúnamh chun imeachtaí a chomhordú
  • seirbhísí teicneolaíochta comhdhála agus saoráidí ateangaireachta
  • seirbhísí fáiltithe gairmiúla comhdhálacha chun fáilte a chur roimh do rannpháirtithe agus chun cabhrú leo
  • ardán clárúcháin rannpháirtithe
  • turais threoraithe ar Pharlaimint na hEorpa mar chuid de chlár na n-imeachtaí

Critéir incháilitheachta

Ar mhaith leat imeacht a eagrú ag Parlaimint na hEorpa in Strasbourg?

Seiceáil an bhfuil d’eagraíocht incháilithe!

    • Eagraíochtaí óige
    • eagraíochtaí na sochaí sibhialta
    • eagraíochtaí neamhrialtasacha
    • institiúidí poiblí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla san Aontas